Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E087

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL V - AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
CAIBIDIL 5 - COMHAR PÓILÍNEACHTA
Airteagal 87 (sean-Airteagal 30 CAE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 83–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_87/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/83


Airteagal 87

(sean-Airteagal 30 CAE)

1.   Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b)

tacaíocht d'oiliúint foirne, agus comhar i leith malartú foirne, i leith trealaimh agus i leith an taighde ar bhrath na coireachta;

(c)

teicníochtaí comhchoiteanna imscrúdaithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coireachta eagraithe a bhrath.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le comhar oibríochtúil idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naoi mBallstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar na dréachtbhearta a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é.

Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na ndréachtbheart lena mbaineann, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sonrach dá bhforáiltear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le gníomhartha arb éard atá iontu forbairt ar acquis Schengen.


Top