Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003T003

    Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - CUID A hAON: NA PRIONSABAIL - Airteagal 3

    IO L 236, 23.9.2003, p. 33–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2003/act_1/art_3/sign

    12003T003



    Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0033 - 0034


    Airteagal 3

    1. Forálacha acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh leis an bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (dá ngairtear "Prótacal Schengen" anseo feasta), agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Ionstraim seo, mar aon le haon ionstraimí breise den sórt sin a fhéadfar a ghlacadh roimh dháta an aontachais, beidh siad ina gceangal ar na Ballstáit nua agus beidh feidhm acu iontu ó dháta an aontachais.

    2. Na forálacha sin de acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile nach dtagraítear dóibh i mír 1, agus iad ina gceangal ar na Ballstáit nua, ní bheidh feidhm acu i mBallstát nua ach de bhun cinnidh ón gComhairle chuige sin tar éis fíorú, i gcomhréir leis na forálacha infheidhme de nósanna imeachta Schengen, go bhfuil na coinníollacha riachtanacha comhallta sa Bhallstát nua sin agus agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

    Glacfaidh an Chomhairle a cinneadh ag gníomhú di le haontoilíocht a comhaltaí a ionadaíonn Rialtais na mBallstát a bhfuil na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo curtha in éifeacht cheana ina leith agus an ionadaí do Rialtas an Bhallstáit a bhfuil na forálacha sin le cur in éifeacht ina leith. Glacfaidh na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn Rialtais na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt i gcinneadh den sórt sin a mhéad a bhaineann sé le forálacha acquis Schengen agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile ina bhfuil na Ballstáit sin rannpháirteach.

    3. Beidh na Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an gComhairle faoi Airteagal 6 de Phrótacal Schengen ina gceangal ar na Ballstáit nua ó dháta an aontachais.

    4. Gabhann na Ballstáit nua orthu féin i leith na gcoinbhinsiún nó na n-ionstraimí sin sa réimse ceartais agus gnóthaí baile atá doscartha ó ghnóthú chuspóirí Chonradh AE:

    - aontú dóibh siúd atá oscailte le haghaidh a sínithe ag na Ballstáit láithreacha faoi cheann dháta an aontachais, agus dóibh siúd atá tarraingthe suas ag an gComhairle i gcomhréir le Teideal VI de Chonradh AE agus atá molta do na Ballstáit lena nglacadh;

    - socruithe riaracháin agus eile a thabhairt isteach, ar nós a bhfuil glactha faoi cheann dháta an aontachais ag na Ballstáit láithreacha nó ag an gComhairle, chun comhar praiticiúil a éascú idir institiúidí agus eagraíochtaí de chuid na mBallstát a oibríonn sa réimse ceartais agus gnóthaí baile.

    --------------------------------------------------

    Top