This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1965
Decision (EU) 2023/1965 of the European Parliament of 10 May 2023 on discharge in respect of the implementation of the budget of the Single European Sky ATM Research 3 Joint Undertaking (before 30 November 2021 the SESAR Joint Undertaking) for the financial year 2021
Cinneadh (AE) 2023/1965 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021
Cinneadh (AE) 2023/1965 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021
IO L 242, 29.9.2023, p. 547–548
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/547 |
CINNEADH (AE) 2023/1965 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0114/2023), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) (4) a fhorbairt, agus go háirithe Airteagal 4b de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhail rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2023), |
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.