EUR-Lex Πρόσβαση στο δίκαιο της Ευρωπαϊκής Ένωσης

Επιστροφή στην αρχική σελίδα του EUR-Lex

Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex

Έγγραφο 52023BP1869

Rún (AE) 2023/1869 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, σ. 261 έως 265 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1869/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/261


RÚN (AE) 2023/1869 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 ón gCúirt Iniúchóirí,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0146/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2021 EUR 168 115 000, arb ionann é agus méadú 169,03 % i gcomparáid le 2020, mar gheall ar na gníomhaíochtaí nua a sannadh don Lárionad le seoladh an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA); de bhrí go n-eascraíonn thart ar 98,74 % de bhuiséad an Lárionaid ó bhuiséad an Aontais;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhú réasúnta di go bhfuil cuntais bhliantúla an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad, le linn na bliana airgeadais 2021, ráta cur chun feidhme buiséid 99,35 % maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, arb ionann é agus méadú 2,58 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 64,08 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 11,18 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

2.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh cur chun feidhme Straitéis 2021–2027 an Lárionaid mall mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na hoibleagáidí nua a forchuireadh ar an Lárionad i gcomhthéacs bhunú HERA; á iarraidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá a dheonú don Lárionad chun cuspóirí Straitéis 2021–2027 a chomhlíonadh agus chun sainordú an Lárionaid a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán athbhreithnithe (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

Feidhmíocht

3.

Ag moladh obair leanúnach an Larionaid ar phaindéim COVID-19, agus, go háirithe, fheabhsú na bpróiseas a bhaineann le himeachtaí sláinte poiblí, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim agus tagarmharcáil idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh cur chun feidhme roinnt de na haschuir i bplean éigeandála sláinte poiblí an Lárionaid a chur siar;

4.

Ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Lárionad 74 % de na haschuir a bhí beartaithe ina Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2021–2023; ag tabhairt dá haire nach raibh 16 % d’aschuir bheartaithe an Lárionaid tosaithe fós ag deireadh 2021 nó go raibh moill orthu; ag tabhairt dá haire gurbh é an t-ualach oibre ard a bhaineann le paindéim COVID-19 sa Lárionad, sna Ballstáit agus/nó in eagraíochtaí comhpháirtíochta ba chúis leis an gcuid is mó de na moilleanna maidir le haschuir bheartaithe 2021 a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag an Lárionad in 2021 le go leor gníomhaíochtaí a bhaineann le COVID-19, amhail faireachas eipidéimeolaíoch a bhaineann le COVID-19 a dhéanamh, agus foilsiú treorach eolaíche chun tacú le cinnteoireacht i réimse na sláinte poiblí, i measc nithe eile;

5.

Ag cur sonrú in iarrachtaí an Lárionaid i ndáil le hullmhú an struchtúir do HERA, agus san iarraidh ar an Lárionad tacú leis na Ballstáit a n-acmhainneachtaí agus a gcumais seicheamhaithe géanóim iomláin a bhunú agus/nó a leathnú trí dheontais;

6.

Ag tabhairt dá haire go leanann an Lárionad de chóras faireachais Eorpach táscaire-bhunaithe nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme in EpiPulse agus é mar aidhm leis COVID-19 agus gach galar agus riocht sláinte eile a chumhdach de réir a chéile faoi fhaireachas an Aontais; á iarraidh ar an Lárionad an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go leanúnach maidir le forbairt an chórais sin;

7.

Ag tabhairt dá haire gur reáchtáil an Lárionad a thríú cruinniú straitéise comhpháirtí lena phríomh-gheallsealbhóirí in 2021, agus gur roghnaíodh na téamaí don phlé bunaithe ar an tríú meastóireacht sheachtrach i measc nithe eile;

8.

Á chur in iúl gur geal léi comhoibriú an Lárionaid le gníomhaireachtaí eile an Aontais, amhail an comhar leis an Údarás Leigheasra Eorpach (EMA) chun ardán nua um fhaireachán vacsaíní a bhunú; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad síneadh leis an sprioc atá aige slándáil sláinte san Aontas a mhéadú chun comhar agus comhordú idir an Lárionad agus comhpháirtithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas a neartú;

9.

Á chur in iúl gur geal léi go leanann an Lárionad de dhea-chleachtais a chomhroinnt agus go mbíonn sé ag obair go rialta le gníomhaireachtaí eile an Aontais, go háirithe an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, EMA agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí; ag aithint, thairis sin, go bhfuil an Lárionad rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna n-eagrú ag gníomhaireachtaí eile an Aontais; ag moladh don Lárionad comhar breise agus comhar níos fairsinge a lorg go gníomhach le heagraíochtaí agus comhlachais ábhartha, le comhlachtaí inniúla náisiúnta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus dúbláil na dtreoirlínte atá ann cheana féin á seachaint ag an am céanna;

Beartas foirne

10.

Ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95,2 % ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 198 ngníomhaire shealadacha as 208 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 180 post údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 112 ghníomhaire ar conradh agus 5 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Lárionad in 2021;

11.

Ag tabhairt dá haire agus é ina cúis imní di, maidir le héagothroime inscne laistigh d’ardbhainistíocht an Lárionaid, gur fir is ea ceathrar (66,67 %) den seisear; ag tabhairt dá haire, maidir leis an dáileadh i leith cothromaíocht inscne san fhoireann i gcoitinne sa Lárionad, gur mná is ea 170 (62,73 %) as 271; á iarraidh ar an Lárionad bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal d’ordlathas an Lárionaid a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc bhainistíocht agus fhoireann an Lárionaid;

12.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Lárionad maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc; á chur in iúl gur geal léi, i dteannta an leathanaigh gréasáin inlíon maidir le ‘Timpeallacht Oibre Urramach’, gur chuir an Lárionad ‘Clár Fáilte’ ar líne ar fáil do bhaill foirne nua agus do bhaill foirne atá ann cheana„ ina mínítear an beartas agus na sainmhínithe ar chiapadh agus conas é a thuairisciú; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon chás ciaptha a thuairisciú, a thabhairt chun críche go hinmheánach ná a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh tionscadal maidir le meas san ionad oibre in 2021;

13.

Ag tabhairt dá haire gur cuireadh 73 phost bhreise ar fáil don Lárionad a earcófar le linn na tréimhse 2021 go 2024 (i gcomparáid le 46 phost le haghaidh 2021) mar gheall ar an ngéarchéim shláintíoch fhada agus ar thionchar an deontais mhóir ó HERA a fuair an Lárionad in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuiltear ag súil, mar thoradh air sin, go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an 20 post do ghníomhairí ar conradh a sannadh don Lárionad in 2020 faoi 2023;

14.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a áirithiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

Ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad 257 conradh ar an iomlán i gcrích in 2021, agus gur cumhdaíodh 21 gcreatchonradh, 14 chonradh dhíreacha agus 131 chonradh shonracha; ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad 27 gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta, 24 dheontas gníomhaíochta d’údaráis náisiúnta sláinte poiblí, agus 40 comhaontú deontais sonrach a thabhairt chun críche in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Lárionad tar éis dul isteach i 20 conradh idirinstitiúideach agus idirghníomhaireachta, a thagann as nósanna imeachta soláthair a dhéanann eintitis eile agus faoinar féidir leis an Lárionad táirgí nó seirbhísí a cheannach;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16.

Ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus sceithirí a chosaint; á chur in iúl gur mór aici an measúnú nithiúil trí chéim ar coinbhleachtaí féideartha a bheith ann, amhail dearbhuithe leasa a bhailiú, athbhreithniú agus measúnú ar aon choinbhleacht sainaitheanta agus cinneadh maidir le gníomhaíocht iomchuí chun neamhspleáchas an Lárionaid a áirithiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir na bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach, nár tuairiscíodh aon choinbhleacht leasa iarbhír dá Choiste Athbhreithnithe um Dhearbhuithe Leasa in 2021;

17.

Ag tabhairt dá haire go raibh an Lárionad i mbun a nós imeachta inmheánach maidir le coinbhleachtaí leasa don fhoireann a chur chun feidhme in 2021, agus go gcomhoibríonn an t-oifigeach um chomhlíonadh agus acmhainní daonna chun an nós imeachta sin a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Lárionad tuairisciú maidir leis na forbairtí ina leith sin;

18.

Á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an Lárionad a shásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frith-éillithe a bhunú;

19.

Ag tarraingt aird ar an bhfiosrúchán straitéiseach a sheol an tOmbudsman Eorpach, agus a chríochnaigh sé in 2021, maidir leis an gcaoi a ndearna an Lárionad faisnéis a bhailiú agus a chur in iúl le linn phaindéim COVID-19, agus béim á leagan ar luathchéim na géarchéime; á chur in iúl gur oth léi torthaí an Ombudsman Eorpaigh nach raibh bearta leordhóthanacha ar fáil ag an Lárionad chun an fhaisnéis riachtanach go léir a fháil ó na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá glactha ag an Lárionad chun bearta a chur i bhfeidhm chun é a dhéanamh níos éasca don phobal súil a choinneáil ar fhorbairt a chomhairle eolaíoch agus na sonraí is bunús lena mheasúnuithe eolaíocha a fheiceáil; á iarraidh ar an Lárionad trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le staidéir eolaíocha a fhoilsiú agus feabhas a chur ar a acmhainneacht cumarsáide seachtraí a mhéid a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne trína áirithiú go mbeidh an phríomhfhaisnéis uile, go háirithe faisnéis a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí, ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais agus go mbeidh rochtain éasca ag saoránaigh an Aontais uirthi;

Rialú inmheánach

20.

Ag tabhairt dá haire go bhfuair an Lárionad an tuarascáil chríochnaitheach d’iniúchadh na Seirbhíseí um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le bainistiú acmhainní daonna agus eitic sa Lárionad in 2020 i mí Eanáir 2021; ag tabhairt dá haire go raibh ceithre mholadh mar thoradh ar an iniúchadh, go raibh dhá cheann acu an-tábhachtach agus go raibh dhá cheann acu tábhachtach, agus gur chuir an Lárionad moladh amháin chun feidhme agus go raibh cur chun feidhme na dtrí moladh eile beartaithe do dheireadh 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna IAS athbhreithniú teoranta in 2021 ar chur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh nua, agus go ndearnadh ceithre mholadh san iniúchadh, agus iad uile aicmithe a bheith tábhachtach; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

21.

Ag tabhairt dá haire gur léirigh féinmheasúnú 2021 an Lárionaid maidir le cur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh go bhfuil an córas rialaithe inmheánaigh ann agus ag feidhmiú, ach nár mhór feabhsuithe a dhéanamh; ag cur sonrú, go háirithe, i gcuspóir an Lárionaid beartas cumarsáide inmheánaí a fhorbairt bunaithe ar bheartas cumarsáide foriomlán an Lárionaid 2021-2027, lena n-áirítear cumarsáid maidir le cuspóirí agus freagrachtaí an rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an Lárionad na forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Lárionaid a áirithiú; ag cur béim láidir ar an ngá córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí coinbhleachtaí féideartha leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

23.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil áitreabh an Lárionaid deimhnithe mar ‘fhoirgneamh glas’ agus, thairis sin, go bhfuair sé an deimhniú comhshaoil ‘BREEAM Very Good in use’ [An-mhaith in úsáid] in 2020; á chur in iúl gur geal léi gurb ionann leictreachas an Lárionaid agus 100 % a sholáthraítear le fuinneamh hidreachumhachtaithe; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad bailchríoch ar an gcéad chéim de chur chun feidhme a chórais bainistíochta comhshaoil bunaithe ar an Scéim Eorpach um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

24.

Á chur in iúl gur geal léi go raibh an Lárionad in ann sonraí eipidéimeolaíocha COVID-19 a aisghabháil agus a scaipeadh ar fud an domhain le linn na tréimhse ó 2020 go 2022 trí chuardach gréasáin a uathoibriú; á chur in iúl gur geal léi an comhoibriú laistigh den Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus treoirthionscadal a ullmhú;

25.

Ag tabhairt dá haire gur lean cibearchoirpigh agus haiceálaithe cúise ar aghaidh ag ionsaí an Lárionaid in 2021, agus, mar fhreagairt air sin, gur chuir an Lárionad bearta cibearshlándála breise chun feidhme, amhail Microsoft Defender, uirlisí fóiréinseacha le haghaidh anailís dhomhain, córas bainistíochta slándála faisnéise agus bainistiú na rochtana pribhléidí/na céannachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cibearshlándála cruthaithe ag an Lárionad agus go bhfuil méadú tagtha freisin ar a fhoireann slándála TF agus ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh an t-ionad i mbun údarás slándála a bhunú; á iarraidh ar an Lárionad cloí leis na moltaí a rinne an Chúirt i dtuarascáil speisialta uaithi maidir le Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (EUIBAnna) (3), ina n-iarrann an Chúirt ar EUIBAnna creat bainistíochta riosca maidir le slándáil TF a bheith acu lena gcumhdófar a mbonneagar TF ina iomláine agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh, agus oiliúint chórasach feasachta a sholáthar do gach ball foirne, lena n-áirítear an bhainistíocht; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an beartas cibearshlándála a glacadh le déanaí lena gcumhdaítear gach gné a bhaineann le riachtanais agus mianta gnó, le scileanna agus feasacht daoine agus le slándáil theicniúil; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

26.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á iarraidh ar an Lárionad aistriú chuig bainistiú doiciméad agus chuig próisis inmheánacha gan pháipéar i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

27.

Ag moladh don Lárionad oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta, mar phríomhghné i gcreat éifeachtach cibearshlándála laistigh den Lárionad;

Leanúnachas gnó feadh na géarchéime COVID-19

28.

Á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Lárionaid dáta tosaigh Chlár Comhaltachta an Lárionaid do Chohórt 2021 a choinneáil, lena gcuirtear go díreach leis an acmhainneacht freagartha a neartú chun dul i ngleic le bagairtí trasteorann, trí mhodúil uile-líne a sholáthar;

29.

Á chur in iúl gur geal léi go raibh baint mhór ag an Lárionad i rith 2021 leis an obair chun srian a chur le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag príomhghníomhaíochtaí an Lárionaid le linn na tréimhse sin le tacú le straitéisí vacsaínithe agus pleananna imlonnaithe vacsaíní, le cur i bhfeidhm na faisnéise faireachais agus eipidéime, le léargais iompraíochta ar ghlacadh le vacsaíní agus lena nglacadh, leis an measúnú ar rioscaí agus ar imní agus le mol réamhaisnéise COVID-19 a bhunú; á chur i bhfios go láidir, go ndearna agus gur fhoilsigh an Lárionad 22 mhearmheasúnú riosca/ráige agus gur fhreagair sé breis agus 600 iarraidh ó gheallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur lean an Lárionad de na coimrí beartais seachtainiúla maidir le COVID-19 a tháirgeadh agus de léarscáileanna a fhoilsiú chun tacú leis an Moladh ón gComhairle i ndáil le cur chuige comhordaithe i leith bearta taistil in AE;

30.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chuir an Lárionad bailchríoch ar chur chun feidhme na moltaí ó ‘An t-athbhreithniú seachtrach straitéiseach agus feidhmíochta ar fhreagairt ECDC ar COVID-19’ a rinne an Lárionad in 2020;

Barúlacha eile

31.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 (4) uaithi, nach ndéanann an Lárionad measúnú cuimsitheach ar a úsáidí atá a threoraíocht agus ar an tionchar atá ag an treoraíocht sin agus á iarraidh ar an Lárionad aiseolas rialta a fháil óna gheallsealbhóirí chun an bhearna sin a líonadh;

32.

Á chur in iúl gur geal léi gur lean an Lárionad d’ardleibhéal airde a thabhairt ar na meáin, ar na meáin shóisialta agus trína shuíomhanna gréasáin in 2021, i ndáil le héabhlóid nádúrtha phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh os cionn 18 milliún amharc leathanaigh ag suíomh gréasáin an Lárionaid in 2021, laghdú i gcomparáid le 32 mhilliún in 2020; ag tabhairt dá haire gur láimhseáil foireann preasa agus meáin an Lárionaid 963 iarraidh ó na meáin, le hais thart ar 1 917 an bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Lárionad faoi deara méadú 18 % ar líon na leantóirí ar Twitter agus méadú 44 % ar líon an lucht leanúna agus na leantóirí ar Facebook; ag moladh don Lárionad leanúint den treocht sin agus machnamh a dhéanamh ar na cleachtais is fearr a chomhroinnt i measc gníomhaireachtaí eile an Aontais chun scaipeadh a gcuid gníomhaíochtaí a uasmhéadú i measc an phobail i gcoitinne;

33.

Á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach an Lárionaid sa Ghníomhaíocht Chomhpháirteach TERROR lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí in ullmhacht sláinte na mBallstát agus chun an fhreagairt ar ionsaithe sceimhlitheoireachta bitheolaíocha agus ceimiceacha a neartú; á iarraidh ar an Lárionad a thiomantas maidir le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála a mhéadú tuilleadh;

34.

Á iarraidh ar an Lárionad leanúint dá shineirgí (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), dá chomhar agus dá mhalartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile an Aontais a fhorbairt d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

35.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (5) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 39.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 05/2022 ‘Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh: Níl an leibhéal ullmhachta go ginearálta i gcomhréir le méid na mbagairtí’, lch. 44.

(4)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 ‘Saorghluaiseacht san Aontas Eorpach le linn phaindéim COVID-19: Grinnscrúdú teoranta ar rialuithe teorann inmheánaí, agus gníomhaíochtaí neamh-chomhordaithe ó Bhallstáit’, lch. 41.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


Επάνω