This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023BP1863
Resolution (EU) 2023/1863 of the European Parliament of 10 May 2023 with observations forming an integral part of the decision on discharge in respect of the implementation of the budget of the European Asylum Support Office (now the European Union Agency for Asylum – EUAA) for the financial year 2021
Rún (AE) 2023/1863 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA anois) don bhliain airgeadais 2021
Rún (AE) 2023/1863 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA anois) don bhliain airgeadais 2021
IO L 242, 29.9.2023, p. 244–249
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/244 |
RÚN (AE) 2023/1863 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA anois) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2023), |
A. |
de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na hOifige Tacaíochta Eorpaí um Chúrsaí Tearmainn (an ‘Oifig’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 152 743 528, a léiríonn méadú 8,5 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go príomha, a thagann buiséad na hOifige; á mheabhrú gur leagadh béim ar ról méadaitheach na hOifige i gcomhshocrú nua an Choimisiúin maidir le himirce agus tearmann, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar lorg oibríochtúil na hOifige le blianta beaga anuas; |
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na hOifige don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na hOifige iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
1. |
Ag tabhairt dá haire de thoradh iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 go raibh ráta curtha chun feidhme 96,67 % ann, arb ionann é agus 1,53 % de mhéadú i gcomparáid le 2020 (95,14 %); ag tabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag 90,91 %, arb ionann é agus méadú 10 % i gcomparáid le 2020 (80,91 %); ag moladh na mbeart a chuir an Oifig i bhfeidhm chun réiteach a fháil ar shaincheist na n-íocaíochtaí déanacha seanbhunaithe, le ráta ard (96,5 %) d’íocaíochtaí a rinneadh in am in 2021; |
2. |
Ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an Chúirt íocaíochtaí, a rinne an Oifig in 2021, de mhéid iomlán EUR 362 204 a bheith neamhrialta toisc go raibh baint acu le hearráidí soláthair i nósanna imeachta a rinneadh in 2016 agus in 2020 maidir le háitribh ar cíos sa Róimh agus in Lesbos; ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an Oifig, trína bhfuiltear ag súil le bogadh go háitribh nua in Lesbos agus sa Róimh sa chéad ráithe nó sa dara ráithe de 2023; á iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin; |
Feidhmíocht
3. |
Ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Oifig bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí a mheasúnú; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme chlár oibre bliantúil 2021 na hOifige, agus 78 % dá táscairí bliantúla agus 85 % dá táscairí ilbhliantúla á mbaint amach nó á sárú, in ainneoin na ndúshlán leanúnach i ngeall ar phaindéim dhomhanda COVID-19; |
4. |
Ag moladh na hOifige as cur lena cúnamh teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit agus as a hullmhacht chun freagairt go tapa don ghéarchéim dhaonnúil san Afganastáin, don líon méadaithe iarrthóirí tearmainn a thrasnaíonn an teorainn ón mBealarúis agus do na dúshláin a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur shínigh an Oifig leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an mBeilg pleananna oibríochtúla nua in 2021, gur bunaíodh ardán saineolaithe maidir le conairí sábháilte d’Afganastánaigh, gur cuireadh dlús le tacaíocht do na Ballstáit chun Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (2) (an ‘Treoir um Chosaint Shealadach’) a chur chun feidhme agus go raibh roinnt d’fhoireann na hOifige i láthair sa Mholdóiv chun tacú le haistrithe deonacha chuig na Ballstáit trí fhaisnéis a chur ar fáil ar an talamh; |
5. |
Ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Oifig gur chuir an Oifig dlús suntasach leis na hullmhúcháin dá sainordú nua in 2021, d’fhonn Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a ghlacadh go críochnaitheach; ag iarraidh ar an Oifig tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme fhorálacha nua an Rialacháin sin maidir leis an bhFóram Comhchomhairleach, an t-oifigeach um chearta bunúsacha, an díorma cúltaca um thearmann de 500 saineolaí ó na Ballstáit, oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha, an sásra faireacháin agus an sásra gearán; |
6. |
Ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Oifig go láidir ar an leibhéal déthaobhach le gníomhaireachtaí eile ceartais agus gnóthaí baile agus go bhfuil socruithe oibre sínithe aici leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le eu-LISA, agus pleananna comhair le eu-LISA, lenar féidir comhthionscadail a ailíniú agus faisnéis a chomhroinnt ar bhealach córasach; ag spreagadh na hOifige sineirgí a fhorbairt tuilleadh agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú; |
Beartas foirne
7. |
Ag cur sonrú i gcothromaíocht inscne na hOifige le naonúr fear (69 %) agus ceathrar ban (31 %) ina lucht bainistíochta sinsearaí, le 20 fhear (67 %) agus deichniúr ban (33 %) ar a bord bainistíochta agus le 176 fhear (39 %) agus 272 bhean (61 %) don fhoireann ar an iomlán; á mheabhrú gur ar ionadaithe náisiúnta na mBallstát atá an fhreagracht comhaltaí an bhoird bainistíochta a cheapadh; ag iarraidh an athuair ar an Oifig agus ar na Ballstáit cothromaíocht inscne a urramú agus comhaltaí den bhainistíocht shinsearach nó den bhord bainistíochta á n-ainmniú agus á gceapadh; |
8. |
Á thabhairt dá haire go raibh 78,96 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2021, (92,35 % lena n-áirítear 21 phost a tairgeadh), agus 317 ngníomhaire sealadacha ceaptha as 366 ghníomhaire sealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 366 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 100 gníomhaire ar conradh agus 6 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Oifig in 2021, agus gur údaraíodh 123 phost agus 11 phost faoi seach; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh 58 bpost gníomhairí ar conradh gearrthéarmacha breise (bliain amháin) in 2020 agus gur líonadh iad de réir a chéile in 2021 le haghaidh oibríochtaí na hIodáile agus na Cipire, agus go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leo de réir a chéile in 2022; á chur in iúl gur geal léi ráta áitíochta na hOifige atá ag méadú de réir a chéile; ag cur béim, áfach, ar ráta láimhdeachais foirne 6,55 % in 2021, os cionn na sprice bunaithe (< 5 %); |
9. |
Á chur in iúl gur cúis mhór imní di nóta uimh. 3.7.1 na hOifige dá cuntais chríochnaitheacha do 2021, ina nochtar go bhféadfadh an easpa acmhainní daonna in 2022 teorainn a chur leis an gcumas cuid de chúraimí shainordú nua na hOifige a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur leag an Oifig béim ar an ngá atá le 68 bpost breise, thar thréimhse trí bliana, ina plean bunaíochta chun ceanglais an tsainordaithe nua a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe, chomh maith leis na poist sin a bhaineann leis na géarchéimeanna éagsúla sa réimse ina bhfeidhmíonn an Oifig; á iarraidh ar an gCoimisiún léiriú níos fearr a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla na hOifige agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na pleananna bunaíochta a bheidh ann amach anseo; |
10. |
Á mheabhrú gur cúis bhuartha di cinneadh na Cúirte go raibh 16 phost bainistíochta fholmha ag an Oifig in 2020, agus go raibh 10 gcinn díobh sin glactha ar bhonn gníomhach ar feadh níos mó ná bliain amháin, rud a fhágann go raibh siad ag teacht salach ar Rialacháin Foirne an Aontais, a chuireann teorainn le fad na gceapachán bainistíochta sealadaí go bliain amháin; ag cur sonrú i bhfreagra na hOifige maidir leis na cúiseanna nár tugadh tús áite d’earcú bainisteoirí in 2021; ag tabhairt dá haire gur áiríodh ar na cúiseanna sin teorainneacha praiticiúla a tháinig as paindéim COVID-19, géarchéimeanna nua imirce agus tearmainn, dhá atheagrú struchtúracha ar an Oifig agus an gá atá le leanúnachas gnó a áirithiú, agus béim á leagan ar phoist neamhbhainistithe eile a líonadh; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil dhá phost i bplean bunaíochta na hOifige ag bainisteoirí gníomhacha, staid a bhféadfadh neamhéifeachtúlachtaí agus ceannaireacht agus leanúnachas straitéiseach a bheith á lagú a bheith mar thoradh air; ag cur sonrú breise sa ráiteas ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige (ED) le linn na héisteachta i bParlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2022, ina raibh 7 mbainisteoir ar an dáta sin, lena n-áirítear 3 chomhalta shinsearacha bainistíochta fós i bpoist ad interim, a raibh beirt acu níos mó ná bliain amháin ina bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, de réir na bhfreagraí ón Oifig, go raibh dhá phost ardbhainistíochta á n-earcú faoi dheireadh 2022, cé go rabhthas ag súil go bhfoilseofaí an tríú post sna míonna ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuarascálacha anaithnide ó bhaill foirne na hOifige ina líomhnaítear go raibh líon na bpost bainistíochta sinsearaí ad interim a bhí ag feidhmiú le breis agus bliain amháin níos airde ná dhá bhliain; á iarraidh ar an Oifig soiléireacht a sholáthar maidir leis an ábhar sin, lena n-áirítear don Pharlaimint, mar go mbaineann sé le trédhearcacht agus cuntasacht na hOifige ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn an stiúrthóir feidhmiúcháin, an 18 Eanáir 2023, gan athnuachan a dhéanamh ar na poist shealadacha bhainistíochta a chuaigh in éag tar éis bliain amháin agus gur scoir sé na poist sin a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhse is faide ná bliain; á iarraidh an athuair ar an Oifig go ndéanfadh sé, i gcomhréir iomlán leis na ceanglais dlí is infheidhme, na nósanna imeachta earcaíochta a sheoladh nó a thabhairt chun críche gan mhoill, ar nósanna imeachta iad atá riachtanach chun a poist bhainistíochta go léir a líonadh agus chun an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; |
11. |
Á mheabhrú gur ceann de na cúiseanna is bun leis an spleáchas ar fhoireann eatramhach an mhoill ar ghlacadh agus ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2303, ós rud é nár lig an comhaontú don Oifig síneadh a chur leis na conarthaí sin go dtí go dtiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm; á thabhairt dá haire agus é ina chúis aiféala di go raibh easpa forléargas tromchúiseach ar an gCoimisiún agus na poist seo á gceapadh agus á leithdháileadh ar an Oifig; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach ag an staid ar chumais earcaíochta na hOifige agus ar chumas na hOifige tacaíocht leormhaith a thabhairt do na Ballstáit, ar deireadh, chun aimhleasa iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar nósanna imeachta fada agus dálaí neamhleora glactha; á thabhairt chun suntais freisin go raibh daoine sna poist sin ar bhonn gníomhach ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin, rud a thagann salach ar na Rialachán Foirne agus a chuireann leanúnachas straitéiseach na hOifige i mbaol freisin; |
12. |
Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuair comhaltaí Choiste um Rialú Buiséadach (CONT) na Parlaiminte, an 14 Meán Fómhair 2022, ríomhphost anaithnid ina raibh líomhaintí maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an bhfoireann arb iad foireann ardbhainistíochta iomláine na hOifige ba chúis leo; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di a thromchúisí atá na líomhaintí thuasluaite lena n-áirítear éilimh maidir le hearcaíocht neamhdhleathach, theimhneach nó pháirteach agus ardú céime a thabhairt do chomhaltaí sinsearacha den bhainistíocht, líomhaintí maidir le ciapadh nó míbhainistiú cistí a bhaineann le misin fhoireann na hOifige; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar na líomhaintí sin, gur sheol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú an 24 Samhain 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuair roinnt Comhaltaí CONT gearán anaithnid eile an 23 Eanáir 2023 mar aon le líomhaintí breise; ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an stiúrthóir feidhmiúcháin gur thacaigh sí go hiomlán le tionscnamh an imscrúdaithe ag OLAF agus gur gheall sí, le linn chruinniú CONT an 30 Samhain 2022, cúnamh a thabhairt do na húdaráis ar gach bealach a d’fhéadfadh a bheith ann; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus faoi chéimeanna an imscrúdaithe; |
13. |
Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas curtha i bhfeidhm ag an Oifig maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Oifig feachtais ardaithe feasachta maidir leis na saincheisteanna sin agus gur ainmníodh comhairleoirí rúnda in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Oifig ceithre ghearán maidir le ciapadh síceolaíoch líomhnaithe, ar tarraingíodh siar ceann amháin acu; ag tabhairt dá haire go raibh na trí ghearán eile faoi réir réamh-mheasúnú a rinneadh le tacaíocht ó ghnólacht dlí sheachtraigh, inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuarthas aon fhianaise prima facie ar chiapadh agus, dá bhrí sin, nár measadh go raibh gá le tuilleadh beart ón Oifig; ag iarraidh ar an Oifig tíopeolaíocht na gcásanna agus na critéir ar a gcinneann sí tacaíocht a iarraidh ó ghnólacht dlí sheachtraigh a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh, ós rud é go bhfuil a haonad seirbhísí dlí féin ag an Oifig; |
14. |
Ag tabhairt dá haire gur saincheist fós é líon neamhleor na saineolaithe arna leithdháileadh ag na Ballstáit in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Oifig aghaidh ar riachtanais imlonnaithe sna Ballstáit uile lena mbaineann trí shaineolaithe seachtracha íoctha agus gníomhairí conarthacha oibríochtúla gearrthéarmacha; ag iarraidh an athuair ar na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le saineolaithe náisiúnta a chomhlíonadh ionas nach mbeidh ar an Oifig brath ar chonraitheoirí seachtracha; |
15. |
Ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur mór aici, maidir le folláine na foirne, go bhfuil bearta inmheánacha curtha i bhfeidhm ag an Oifig amhail seimineáir agus cúrsaí, seirbhísí tacaíochta síceolaíochta agus sóisialta, foinsí le leideanna chun feabhas a chur ar fholláine mheabhrach agus fhisiciúil le linn teilea-obair, agus cúrsaí teanga don fhoireann agus do chéilí chun críocha lánpháirtíochta; |
Soláthar
16. |
Ag tabhairt dá haire gur sheol an Oifig 83 nós imeachta in 2021, i gcomparáid le 65 nós imeachta in 2020, ar nósanna imeachta idirbheartaíochta le hiarrthóir amháin iad 42,17 % díobh agus gur glaonna oscailte iad 31,33 % díobh; |
17. |
Ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil an Oifig ar cheann de ghníomhaireachtaí an Aontais a úsáideann uirlisí ríomhsholáthair an Choimisiúin, go háirithe ríomhfhógraí, ríomhthairiscint agus ríomhaighneacht tairiscintí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar gach próiseas inmheánach soláthair a dhigitiú go hiomlán trí úsáid a bhaint as ERDMS agus gan páipéar a úsáid; ag moladh don Oifig leanúint dá hiarrachtaí chun a nósanna imeachta soláthair phoiblí a dhigitiú trí chur chun feidhme agus úsáid na hUirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí (PPMT) a mheas; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht
18. |
Ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na hOifige ar an údarás um urscaoileadh maidir le dearbhuithe leasanna, go síníonn gach ball foirne dearbhú leasanna ar dhul isteach sa tseirbhís; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear dearbhú leasanna an stiúrthóra feidhmiúcháin ar shuíomh gréasáin na hOifige; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta ar shuíomh gréasáin na hOifige; ag iarraidh ar an Oifig CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí uile na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; |
19. |
Á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Oifig chun bainistiú a dhéanamh ar a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a thabhairt cothrom le dáta; ag tabhairt dá haire go mbeidh an beartas sin bunaithe ar thrí cholún: cinneadh ón mbord bainistíochta a mbeidh feidhm aige maidir le comhaltaí boird agus le heagraíochtaí agus comhaltaí den Fhóram Comhchomhairleach, cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin ina mbeidh treoir maidir le gníomhaíochtaí iarfhostaíochta agus treoir eiticiúil agus a mbeidh feidhm aige maidir le baill foirne, saineolaithe ar conradh agus tairgeoirí ar conradh agus tairbhithe deontas, agus cinneadh eile ón stiúrthóir feidhmiúcháin lena gcomhtháthófar prionsabail an Chóid Eorpaigh um Dhea-Iompar Riaracháin de chuid an Ombudsman agus prionsabail na seirbhíse poiblí; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hOifige na moltaí ó thuarascáil na Cúirte maidir le saincheist an ‘dorais imrothlaigh’ a chur san áireamh freisin; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le glacadh na gcinntí sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndearnadh aon chásanna coinbhleachta leasa a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2021; |
20. |
Ag tabhairt dá haire gur fhéach an Oifig le feasacht foirne a ardú maidir leis an nós imeachta agus na bealaí tiomnaithe sceithireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eagraigh an Oifig ceithre sheisiún oiliúna in 2021 maidir le heitic agus ionracas, ar fhreastail 33 rannpháirtí orthu agus 2 sheisiún oiliúna maidir le meas agus dínit, ar fhreastail 24 rannpháirtí orthu; á thabhairt chun suntais, áfach, maidir le nochtadh na líomhaintí mí-iompair, a rinneadh i gcoinne na foirne bainistíochta sinsearaí agus a tarchuireadh chuig an údarás um urscaoileadh i mí Mheán Fómhair 2022, nach ndeachaigh na daoine aonair a thionscain an nós imeachta sin trí chainéil shábháilte sceithireachta thiomnaithe arna soláthar ag an Oifig; |
21. |
Á chur in iúl gur oth léi nár nuashonraigh an Oifig a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc mar a mhol an Chúirt in 2020; |
Rialú inmheánach
22. |
Ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig measúnú ar a córas rialaithe inmheánaigh in 2021, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na rialuithe foriomlána atá i bhfeidhm ag obair mar a bhí beartaithe agus go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail uile éifeachtach nó go hiomlán éifeachtach, cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; ag tabhairt aird bhreise ar an staid mar atá ag an Oifig maidir le 81 ghníomhaíocht cheartaitheach a sainaithníodh, a bhfuil 30 (37 %) díobh beartaithe, 38 (47 %) fós ar siúl agus 13 (16 %) curtha chun feidhme; ag moladh gur cuireadh 92 % de na gníomhaíochtaí chun feidhme go tráthúil in 2021; ag tabhairt dá haire go ndearnadh plean gníomhaíochta na hOifige a eascraíonn as a straitéis frithchalaoise do 2020–2022 a chur chun feidhme go hiomlán in 2021; |
23. |
Á chur in iúl gur geal léi gur thug an Oifig aghaidh ar bharúil leanúnach na Cúirte maidir le rialuithe airgeadais ex-post a bhunú; ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig rialuithe airgeadais ex-post a chur chun feidhme in 2021 i roinnt réimsí, do na blianta airgeadais 2020 agus 2021, ar bhonn straitéis rioscabhunaithe; á chur in iúl gur geal léi an tuairisciú ón Oifig go bhfuil barúlacha, moltaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha na tuarascála deiridh formhuinithe go hiomlán ag bainistíocht na hOifige agus go bhfuil siad comhroinnte leis an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) agus leis an gCúirt; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach maidir leis sin; |
24. |
Ag tabhairt dá haire go ndearna IAS iniúchadh in 2021 ar rialachas agus bainistiú tionscadal TF na hOifige, agus nár sainaithníodh aon saincheisteanna tábhachtacha nó criticiúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an iniúchadh sin agus leis an iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus eitic na hOifige a rinne IAS in 2020, go bhfuil roinnt moltaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha fós ar oscailt; ag iarraidh ar an Oifig dlús a chur lena hiarrachtaí na gníomhaíochtaí sin a dhúnadh agus leanúint den dea-chleachtas maidir lena plean gníomhaíochta ceartaitheach maidir le rialú inmheánach a nuashonrú agus a fhoilsiú go rialta; |
25. |
Ag tabhairt dá haire, tar éis tuarascáil a fháil ó OLAF ag deireadh 2018, a cumhdaíodh go forleathan sa tuarascáil ar urscaoileadh do 2018, gur thionscain an Oifig trí nós imeachta araíonachta in 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil na trí nós imeachta araíonachta go léir tugtha chun críche; á iarraidh ar an Oifig tuilleadh sonraí maidir le toradh na nósanna imeachta sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; |
An digitiú agus an t-aistriú glas
26. |
Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) i bhfeidhm ag an Oifig, lena n-áirítear caighdeáin slándála faisnéise agus treoir oibre maidir le nósanna imeachta maidir le láimhseáil teagmhas cibearshlándála; á chur in iúl gur geal léi na bearta cibearshlándála a rinneadh in 2021, amhail ionad oibríochtaí slándála TFC a bhunú agus na rialuithe rochtana ilfhachtóra ar phunann na hOifige; |
27. |
Ag moladh na hOifige as an dul chun cinn suntasach atá déanta aici ionsar dhigitiú agus uathoibriú na gcúraimí maidir le próisis airgeadais, córas ollíocaíochta do shaineolaithe a imscartar, foireann nua a earcú agus a ionduchtú, uasghráduithe ar an bhfeidhm gan pháipéar chun feabhas a chur ar fhaireachán, ar obair leantach agus ar rialú caiteachais, ar stóráil leictreonach doiciméad agus ar chomhairliúchán duillíní pá ar líne; ag tabhairt dá haire go bhfuil ceithre mhodúl breise SYSPER curtha chun feidhme ag an Oifig in 2021; |
28. |
Ag cur sonrú i mbearta reatha na hOifige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail seirbhís bus tointeála dá foireann a oibriú, scéimeanna roinnte gluaisteán agus páirceáil rothar a éascú nó duillíní ródaithe fisiciúla a laghdú trí shreafaí oibre gan pháipéar; ag iarraidh ar an Oifig obair leantach a dhéanamh ar an machnamh a rinneadh le blianta beaga anuas maidir lena straitéis chomhshaoil a fhorbairt, le bearta a bhfuil tionchar níos láidre agus fadtéarmach acu ar an gcomhshaol; ag moladh don Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun deimhniú EMAS a fháil; |
Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19
29. |
Á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean leanúnachais gnó na hOifige an 31 Márta 2021, agus ar an gcaoi sin gur dúnadh barúil na Cúirte ó 2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig an bord leanúnachais gnó in ionad fhoireann freagartha COVID-19 in 2021, inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna tábhachtacha leanúnachais gnó sa dara seimeastar den bhliain; ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag paindéim COVID-19, agus ag an bhfíoras gur aistríodh nós imeachta roghnúcháin iomlán na hOifige ar líne, ar eagraíocht na hOifige, lena n-áirítear ar a hearnáil earcaíochta, a raibh riaráiste uirthi ón mbliain roimhe sin agus moilleanna ar nósanna imeachta leanúnacha; |
30. |
Ag spreagadh na hoifige na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná go pearsanta sa todhchaí a eagrú ar bhealach níos fearr; á mheabhrú, i misin aimsithe fíoras, gur aistríodh an fócas chuig modhanna eile chun faisnéis faoin tír thionscnaimh a bhailiú agus chun teagmháil a choinneáil le foinsí; ag tabhairt dá haire go ndearnadh é sin trí chianbhailiú sonraí agus trí úsáid a bhaint as uirlisí agus teicnící faisnéise foinse oscailte; |
Barúlacha eile
31. |
Ag moladh na hOifige as na hiarrachtaí a rinneadh a hinfheictheacht phoiblí a mhéadú in 2021 trí fheachtais chumarsáide éagsúla, lena n-áirítear feachtas maidir le hathrú na hOifige go Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus céannacht chorparáideach nua na hOifige, cruinnithe a thionólann an Fóram Comhchomhairleach, chomh maith le comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhairliúcháin leo in ábhair a bhaineann le hoiliúint, gníomhaíochtaí téamacha agus príomhdhoiciméid na hOifige; |
32. |
Á chur in iúl gur geal léi an Treoir nua nuashonraithe le haghaidh Taighde ar Fhaisnéis faoin Tír Thionscnaimh maidir le staid daoine LADTIA, a foilsíodh i mí na Samhna 2021 agus a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt do dhlíodóirí, do sholáthraithe cúnaimh dlí agus do bhreithiúna atá ag obair sa nós imeachta tearmainn; |
33. |
Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 141, 29.3.2022, lch. 172.
(2) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(3) Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.