EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D1746

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 171/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1746]

IO L 227, 14.9.2023, p. 39–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1746/oj

14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/39


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 171/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1746]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann leis an réamhbheart maidir le taighde cosanta.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I mír 13(a) d'Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top