EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D1734

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 159/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1734]

IO L 227, 14.9.2023, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1734/oj

14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/21


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 159/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1734]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h) i bpointe 16e (Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘(i)

In Airteagal 115, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, léifear an ceathrú mír mar seo a leanas:

‘De mhaolú ar mhír 2, áiritheoidh Stáit CSTE go gcuirfear i bhfeidhm na bearta slándála dá dtagraítear in Airteagail 65, 66, 67 agus 97 laistigh de 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 159/2020 ó Chomhchoiste LEE an 23 Deireadh Fómhair 2020.’ ’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 16ea (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún):

‘16eb.

32018 R 0389: Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (IO L 69, 13.3.2018, lch. 23).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 69, 13.3.2018, lch. 23.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 291, 10.11.2022, lch. 50.


Top