This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D1611
Decision No 1/2023 of the Specialised Committee on Fisheries established by Article 8(1)(q) of the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part, of 24 July 2023 as regards the mechanism for voluntary in-year transfers of fishing opportunities [2023/1611]
Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Speisialaithe um Iascach a bunaíodh de bhun Airteagal 8(1)(q) den Chomaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 24 Iúil 2023 a mhéid a bhaineann leis an sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil [2023/1611]
Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Speisialaithe um Iascach a bunaíodh de bhun Airteagal 8(1)(q) den Chomaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 24 Iúil 2023 a mhéid a bhaineann leis an sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil [2023/1611]
PUB/2023/1055
IO L 198, 8.8.2023, p. 39–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
8.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/39 |
CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓNgCOISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH A BUNAÍODH DE BHUN AIRTEAGAL 8(1)(Q) DEN CHOMAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR ANtAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH D’FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,
an 24 Iúil 2023
a mhéid a bhaineann leis an sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil [2023/1611]
AN COISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den Pháirt eile (‘an Comhaontú’) (1), agus go háirithe Airteagal 508(1)(m) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 498(8) den Chomhaontú go mbunóidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas (gach ceann acu ina Pháirtí, le chéile ‘na Páirtithe’) sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil idir na Páirtithe. |
(2) |
Le hAirteagal 508 den Chomhaontú leagtar amach, ar bhealach neamh-uileghabhálach, feidhmeanna agus cumhachtaí an Choiste Speisialaithe um Iascach. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 508(1)(m) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach sásra a fhorbairt chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil idir na Páirtithe, dá dtagraítear in Airteagal 498(8). Foráiltear le hAirteagal 508(2)(b) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach bearta a ghlacadh, lena n-áirítear cinntí agus moltaí i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 508(1)(m) den Chomhaontú. |
(4) |
Mar a leagtar amach sna taifid i scríbhinn ar chomhairliúcháin iascaigh idir na Páirtithe le haghaidh 2021 agus 2022, d’oibrigh na Páirtithe sásra eatramhach chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil le haghaidh 2021 agus 2022 faoi seach go dtí go mbunófar an sásra dá dtagraítear in Airteagal 498(8). |
(5) |
Le linn an tríú cruinniú den Choiste Speisialaithe um Iascach an 27 Aibreán 2022, d’fhormheas na Páirtithe prionsabail maidir le hoibriú an tsásra dá dtagraítear in Airteagal 498(8). |
(6) |
Mar a leagtar amach sa taifead i scríbhinn ar na comhairliúcháin iascaigh idir na Páirtithe le haghaidh 2023, cuireadh síneadh leis an sásra eatramhach le haghaidh 2021 agus 2022 chuig deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023 go dtí go mbunófar an sásra dá dtagraítear in Airteagal 498(8). |
(7) |
Is iomchuí go ndéanfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach cinneadh maidir le mionsonraí na meicníochta le haghaidh deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 498(8), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunaítear leis seo an sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 498(8) den Chomhaontú.
Airteagal 2
Beidh an sásra bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
1. |
Sásra chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil idir na Páirtithe a bheidh ann. |
2. |
Feidhmeoidh an sásra go bliantúil trí shraith babhtaí aonair rialta idir na Páirtithe idir an 1 Aibreán agus an 31 Eanáir den bhliain ina dhiaidh sin, agus bearna 4 seachtaine idir babhtaí de ghnáth. Comhaontóidh na Páirtithe sceideal le haghaidh na mbabhtaí sin roimh ré, lena n-áirítear dátaí faoina ndéanfaidh na Páirtithe, más mian leo araon aistrithe a mholadh, liostaí na n-aistrithe atá beartaithe a mhalartú. |
3. |
Áireofar sna tograí maidir le malartú aonair na haitheantóirí stoic agus na tonnáistí a bheartaíonn na Páirtithe a aistriú i ngach treo (chuig an Ríocht Aontaithe agus chuig Ballstát den Aontas). |
4. |
Déanfar tograí comhionanna atá ar liostaí malartaithe an dá Pháirtí a chur i gcrích. |
5. |
Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra go tréimhsiúil, tríd an gCoiste Speisialaithe um Iascach. |
Airteagal 3
Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an sásra a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis ar fhógra réasúnach a thabhairt don Pháirtí eile.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 24 Iúil 2023.
Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Iascach
Na Comhchathaoirligh
GEC Maria CARBALLEIRA FERNANDEZ
Mike DOWELL