Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H1468

    Moladh (AE) 2023/1468 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 maidir le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear i limistéir phoiblí (lasmuigh den eitlíocht)

    C/2023/3039

    IO L 180, 17.7.2023, p. 43–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/1468/oj

    17.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 180/43


    MOLADH (AE) 2023/1468 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Bealtaine 2023

    maidir le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear i limistéir phoiblí (lasmuigh den eitlíocht)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Seachas i réimse na heitlíochta sibhialta, ní fhoráiltear i ndlí an Aontais, faoi láthair, do cheanglais feidhmíochta chomhchuibhithe le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear mar mhodh braite i limistéir phoiblí. Tá na ceanglais sin éagsúil ó Bhallstáit go chéile, agus tá leibhéil mhíchothroma chosanta ar bhagairtí slándála ann don phobal i gcoitinne dá mbarr, sin agus leibhéil nach bhfuil ard go leor i gcónaí. Féadfaidh sceimhlitheoirí agus coirpigh eile leas a bhaint as na leochaileachtaí a eascraíonn as sin, lena n-áirítear chun ionsaithe a dhéanamh nó chun dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla eile sna Ballstáit ag a bhfuil leibhéal níos ísle cosanta i limistéir phoiblí.

    (2)

    I limistéir phoiblí go príomha a tharla ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar fud an Aontais le blianta beaga anuas, agus na hionsaithe sin dírithe ar an bpobal i gcoitinne. Chun rannchuidiú le leibhéal cosanta sách ard ar bhagairtí slándála i limistéir phoiblí ar fud an Aontais, is ar leibhéal an Aontais ba cheart ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a leagan amach.

    (3)

    An trealamh braite, lena n-áirítear trealamh braite miotail, a úsáidtear i réimse na heitlíochta sibhialta, tá sé faoi réir na gceanglas mionsonraithe a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún (1). Tá na ceanglais sin dea-shainithe agus tugtar ardleibhéal cosanta leo i réimse na heitlíochta slándála sibhialta. Dá bhrí sin, níor cheart an réimse sin a chumhdach faoin Moladh seo. Anuas air sin, ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shoiléiriú nár cheart don Mholadh seo difear a dhéanamh do ghníomhartha de chuid dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe sábháilteachta de threalamh braite miotail.

    (4)

    I gClár Oibre an Aontais Eorpaigh don fhrithsceimhlitheoireacht (2), gheall an Coimisiún Eorpach go dtacódh sé le forbairt ceanglas AE deonach le haghaidh teicneolaíocht bhraite chun a áirithiú go mbraithfidh siad na bagairtí is gá a bhrath, agus soghluaisteacht daoine á coinneáil ar bun an tráth céanna. Chun an gealltanas sin a chomhlíonadh, chuir an Coimisiún an Mheitheal Theicniúil um cheanglais feidhmíochta bhraite ar bun, meitheal ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstát, monaróirí agus oifigigh ó roinnt seirbhísí de chuid an Choimisiúin, agus d’iarr sé uirthi cuidiú le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail ar leibhéal an Aontais a fhorbairt. An Moladh seo, agus go háirithe na ceanglais dheonacha ann a bhaineann le doiciméadacht faoin táirge agus feidhmiú braite miotail, tá sé bunaithe ar an obair ullmhúcháin a rinne an mheitheal sin.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha a úsáid i soláthar poiblí trealaimh bhraite miotail atá beartaithe a úsáid i limistéir phoiblí.

    (6)

    Níor cheart é a bheith de cheangal ar na ballstáit trealamh braite miotail áirithe a sholáthar nó a úsáid i limistéir phoiblí. Na cinntí maidir leis an trealamh braite miotail a bheadh le soláthar nó le húsáid i limistéir phoiblí ar leith, ba cheart do na Ballstáit, agus na Ballstáit amháin, leanúint de na cinntí sin a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha a úsáid i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí soláthair na mBallstáit chun rannchuidiú le hardleibhéal feidhmíochta braite a bhaint amach ag an trealamh braite miotail a úsáideann na Ballstáit i limistéir phoiblí ar fud an Aontais.

    (7)

    Ba cheart a leagan amach leis na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha roinnt caighdeán a fhreagraíonn do chineálacha difriúla úsáide an trealaimh bhraite miotail a chumhdaítear. Baineann an caighdeán is ísle leis an trealamh a bhfuil íogaireacht níos lú ag baint leis atá beartaithe le húsáid san olliompar nó i limistéir mhóra tionóil, áit ina bhfuil gá le hairm atá thar a bheith contúirteach a bhrath ach ina bhfuil tréchur ard daoine agus a gcuid ítimí agus rátaí rabhaidh núise ísle ag teastáil. Baineann an caighdeán is airde le trealamh a bhfuil íogaireacht níos mó ag baint leis atá beartaithe le húsáid in áit a bhfuil gá leis na spriocanna is lú a bhrath fiú amháin, agus áit ar féidir freastal ar ráta tréchuir íseal.

    (8)

    Níor cheart an tuiscint a bhaint as na ceanglais feidhmíochta dheonacha AE go bhfuil siad le cur in ionad caighdeáin feidhmíochta náisiúnta le haghaidh trealamh braite miotail, i gcás inarb ann do chaighdeáin náisiúnta den chineál sin. Go háirithe, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit i gcónaí ceanglais feidhmíochta níos déine a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir leis an trealamh braite miotail a úsáidtear chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí.

    (9)

    Leis an Moladh seo ba cheart dreasacht indíreach a thabhairt do mhonaróirí na ceanglais a chomhlíonadh agus trealamh braite miotail á tháirgeadh amach anseo. Dá bhrí sin, sa dhoiciméad soláthair le haghaidh an trealaimh braite miotail a bheadh le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí, ba cheart do na Ballstáit a cheangal go n-áiritheodh na tairgeoirí sa tairiscint an doiciméadacht faoin táirge agus an dearbhú comhréireachta bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin chun comhréireacht an trealaimh braite miotail leis na ceanglais feidhmíochta dheonacha sa Mholadh seo a léiriú.

    (10)

    Féadfaidh úsáid trealamh braite miotail i limistéir phoiblí dúshláin a chruthú ó thaobh na gceart maidir le príobháideachais agus sonraí pearsanta a chosaint. Maidir le gach gníomhaíocht a bhaineann le húsáid den sórt sin, lena n-áirítear soláthar agus oibriú an trealaimh agus aon ghníomhaíocht phróiseála ina dhiaidh sin, tá sé ríthábhachtach srian a chur leis an gcunóracht a mhéid is féidir agus, i gcás ar bith, gníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (11)

    Agus na forbairtí teicneolaíocha ábhartha i réimse bhrath na mbagairtí slándála go háirithe á gcur san áireamh, ba cheart na ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a bheith faoi réir athbhreithnithe agus coigeartuithe i gcás inar gá. Dá bhrí sin, le cúnamh ón meitheal theicniúil um cheanglais feidhmíochta bhraite, leanfaidh an Coimisiún forbairtí teicneolaíocha agus forbairtí ábhartha eile go dlúth agus déanfaidh sé measúnú tráthrialta ar an ngá le coigeartuithe ar an Moladh seo.

    (12)

    Ar mhaithe le héifeachtacht agus trédhearcacht agus, go háirithe, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na bagairtí slándála a shainaithnítear a luaithe is féidir, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo agus chun tuarascáil faoina mbearta cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse ama réasúnta.

    (13)

    Ar bhonn na dtuarascálacha sin agus aon fhaisnéis ábhartha eile, tar éis tréimhse ama oiriúnach, ba cheart measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ar éifeacht a thabhairt don Mholadh seo, d’fhonn, inter alia, measúnú a dhéanamh an gá gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhfuil brí cheangailteach leo a thabhairt isteach ar an ábhar seo,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    1.

    Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘trealamh braite miotail’ gairis ar brathadóirí miotail láimhe nó brathadóirí miotail siúl tríd iad atá ceaptha chun a bhrath an bhfuil miotail nó ítimí ar dhaoine mar chuid de rialuithe slándála fisiceacha chun réada ar díol spéise iad a bhrath a d’fhéadfaí a úsáid chun bagairtí slándála a dhéanamh, amhail gairis phléascacha, airm thine agus réada a bhfuil faobhar orthu;

    (b)

    ciallaíonn ‘ceanglais feidhmíochta braite miotail’ na sonraíochtaí teicniúla is gá do threalamh braite miotail a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis na torthaí atá le baint amach agus é á oibriú;

    (c)

    ciallaíonn ‘doiciméadacht faoin táirge’ an doiciméadacht a sholáthraítear ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach nó an dá rud, doiciméadacht ina bhfuil faisnéis faoi na ceanglais feidhmíochta braite miotail;

    (d)

    ciallaíonn ‘limistéir phoiblí’ aon áit fhisiciúil ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, gan beann ar choinníollacha áirithe maidir le rochtain a bheith i bhfeidhm;

    (e)

    ciallaíonn ‘féindearbhú comhréireachta’ dearbhú comhréireachta leis na ceanglais feidhmíochta braite miotail a eisíonn an monaróir bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin;

    2.

    Ba cheart do na Ballstáit a cheangal sa dhoiciméad soláthair le haghaidh trealamh braite miotail atá le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí, seachas i réimse na heitlíochta, go n-áiritheodh an tairgeoir sa tairiscint an doiciméadacht faoin táirge a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

    3.

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann an trealamh braite miotail a sholáthraíonn siad chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí na ceanglais feidhmíochta braite miotail a leagtar amach i Roinn 3 den Iarscríbhinn, seachas nuair atá trealamh den sórt sin á sholáthar le húsáid i réimse na heitlíochta sibhialta.

    4.

    Ba cheart do na Ballstáit a cheangal sa dhoiciméad soláthair le haghaidh trealamh braite miotail atá le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí go n-áiritheodh an tairgeoir sa tairiscint dearbhú comhréireachta leis na ceanglais feidhmíochta, dearbhú a eisíonn an monaróir, bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin.

    5.

    Faoin 10 Bealtaine 2024, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo.

    6.

    Faoin 10 Bealtaine 2024, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir lena mbearta cur chun feidhme.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Ylva JOHANSSON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008.

    (2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: Réamh-mheas, Cosc, Cosaint agus Freagairt, (COM(2020) 795 final).

    (3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (‘An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

    (4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89)


    IARSCRÍBHINN

    Ceanglais maidir le doiciméadacht faoin táirge agus feidhmíocht trealaimh bhraite miotail

    Roinn 1: Sainmhínithe

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘feiste leighis sho-ionphlandaithe ghníomhach’ (FLSIG) feistí leighis a chumhachtaítear le leictreachas is féidir a ionphlandú, a chaitheamh, nó an dá rud, agus a úsáideann ciorcadra leictreonach go hiondúil, le haghaidh fhaireachán fiseolaíoch an duine nó chun cóir leighis nó teiripe a chur ar fáil, amhail drugaí nó spreagadh leictreach;

    (2)

    ciallaíonn ‘coincheap na n-oibríochtaí’ (CONOPS) doiciméad ina dtugtar tuairisc ar shaintréithe an trealaimh agus ar an nós imeachta nó na nósanna imeachta chun an trealamh a oibriú i gceart;

    (3)

    ciallaíonn ‘plána brathadóra’ plána (dromchla déthoiseach) samhailteach a théann trí lár limistéar braiteora an bhrathadóra miotail láimhe nó an gheata miotalbhraite atá comhthreomhar le plána eilimint braite an bhrathadóra miotail láimhe nó le tairseach an gheata miotalbhraite, agus a dhéroinneann an limistéar braiteora ina dhá leath shiméadracha.

    (4)

    ciallaíonn ‘nós imeachta dífheistithe’ nós imeachta lena rialaítear an cleachtas inar gá na rudaí a iompraíonn daoine leo, lena n-áirítear réada móra amhail sparáin, málaí, málaí droma agus cineálacha eile bagáiste, agus réada beaga araon amhail uaireadóirí, spéaclaí, criosanna agus seodra, a bhaint agus a iniúchadh ar leithligh, mar shampla trí x-ghathanna;

    (5)

    ciallaíonn ‘brathadóir miotail láimhe (HHMD)’ píosa trealaimh braite miotail iniompartha atá ceaptha a bheith i ngreim láimhe an duine atá á oibriú, in aon lámh amháin go hiondúil;

    (6)

    ciallaíonn ‘gaireas pléascach seiftithe (IED)’ buama nó gaireas pléasctha comhchosúil a dhéantar nó a úsáidtear ar bhealaí atá éagsúil ón ngáthghníomhaíocht mhíleata;

    (7)

    ciallaíonn ‘plána tomhais’ plána (dromchla déthoiseach) samhailteach ar a ndéantar an brathadóir miotail láimhe nó an geata miotalbhraite a thástáil, plána atá comhthreomhar le plána an bhrathadóra agus a ndéantar tagairt dó ó phlána an bhrathadóra;

    (8)

    ciallaíonn ‘ráta rabhaidh núise (NAR)’ an ráta bréagrabhaidh, is é sin, an ráta rabhaidh ar ítimí miotail neafaiseacha a ríomhadh thar an líon daoine a chuaigh trí limistéar braite geata miotalbhraite;

    (9)

    ciallaíonn ‘ráta tréchuir’ an t-uaslíon daoine agus a n-ítimí ar féidir scagadh a dhéanamh orthu in aghaidh an aonaid ama, uair an chloig go hiondúil, agus an brathadóir fós a bheith in ann rabhadh a thabhairt maidir le haon réad miotail atá den mhéid chuí de réir an chaighdeáin slándála atá leagtha síos;

    (10)

    ciallaíonn ‘réad tástála’ réad a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh ar fheidhmíocht brathadóra miotail láimhe nó geata miotalbhraite, lena n-insamhlaítear na hairíonna leictreamaighnéadacha atá ag gabháil le réad ar díol spéise é a d’fhéadfaí a bheith ina bhagairt slándála, amhail arm nó aon ítim is féidir a úsáid chun gairis slándála a neodrú;

    (11)

    ciallaíonn ‘caighdeán slándála’ caighdeán lena sainmhínítear an tacar bagairtí slándála is gá a bhrath, agus tá na spriocanna bagartha tagartha ionadaíoch ar an tacar;

    (12)

    ciallaíonn ‘geata miotalbhraite (WTMD)’ píosa trealaimh braite miotail seasta, atá suite go buan go hiondúil i suíomh ar leith agus atá tógtha i bhfoirm áirse;

    (13)

    ciallaíonn ‘trasnaíocht mheicniúil’ an éifeacht ar fheidhmíocht trealaimh braite miotail mar thoradh ar struchtúir nó réada miotail cóngaracha atá seasta nó a bhogann;

    (14)

    ciallaíonn ‘Caighdeán NIJ 0601.02’ Caighdeán 0601.02 na hInstitiúide Náisiúnta Dlí agus Cirt arna fhoilsiú in Walk-Through Metal Detectors for Use in Concealed Weapon and Contraband Detection - NIJ Standard 0601.02 le Nicholas G. Paulter Jr., Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, Oifig na gClár Dlí agus Cirt, an Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt, 2003;

    (15)

    ciallaíonn ‘Caighdeán NIJ 0602.02’ Caighdeán 0602.02 na hInstitiúide Náisiúnta Dlí agus Cirt arna fhoilsiú in Hand-Held Metal Detectors for Use in Concealed Weapon and Contraband Detection - NIJ Standard 0602.02 le Nicholas G. Paulter Jr., Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, Oifig na gClár Dlí agus Cirt, an Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt, 2003;

    Roinn 2: Doiciméadacht faoin Táirge

    Ba cheart don doiciméadacht faoin táirge na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh, ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le brathadóirí miotail láimhe (HHMD) agus geataí miotalbhraite (WTMD) mura sonraítear a mhalairt:

    2.1   Toisí fisiceacha an trealaimh bhraite miotail

    Ba cheart toise foriomlán an HHMD a shloinneadh mar fhad (F) x leithead (L) x airde (A) i milliméadair (mm).

    Ba cheart toise foriomlán phasáiste inmheánach an WTMD agus toise foriomlán seachtrach an WTMD a shloinneadh mar fhad (F) x leithead (L) x airde (A) i milliméadair (mm).

    2.2   Meáchan an trealaimh bhraite miotail

    Ba cheart meáchan foriomlán an HHMD (lena n-áirítear an ceallra) agus an WTMD a shloinneadh i ngraim (g) agus i gcileagraim (kg) faoi seach.

    2.3   Soláthar cumhachta

    I gcás inarb infheidhme, ba cheart a áireamh sa tásc ar sholáthar cumhachta faisnéis faoi voltas srutha ailtéarnaigh (VAC), minicíocht (Hz), sruth in aimpéir (A), agus cumhacht i vatanna (W).

    Ba cheart an lamháltas a shloinneadh i bpointí céatadáin (%).

    2.4   Ceallra

    Ba cheart a chur in iúl má áirítear soláthar cumhachta cúltaca (i.e. ceallra) don WTMD. Má áirítear, ba cheart saolré an cheallra a shloinneadh in uaireanta (h).

    Ba cheart táscaire leibhéil ísil ceallra a bheith ar an HHMD. Ba cheart saolré an cheallra a shloinneadh in uaireanta (h);

    2.5   Rátáil IP

    Ba cheart an rátáil Cosanta Iontrála (IP) de réir EN 60529 a thuairisciú.

    2.6   Timpeallacht oibriúcháin

    Ba cheart an teocht oibriúcháin a shloinneadh i gcéimeanna Celsius (°C).

    Ba cheart an teocht stórála a shloinneadh i gcéimeanna Celsius (°C).

    Ba cheart an taise a shloinneadh i raon i bpointí céatadáin (neamh-chomhdhlúthúcháin).

    Ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis na bearta is gá chun trasnaíocht leictreamaighnéadach dhíobhálach a sheachaint, amhail an fad idir aonaid i méadair (m) atá molta.

    2.7   Rabhaí limistéir/suímh (do WTMD)

    Ba cheart faisnéis maidir leis an líon limistéar braite agus a suíomh faoi thairseach an WTMD a sholáthar mar chuid den doiciméadacht faoin táirge.

    2.8   Ceanglais maidir le marcáil CE

    Ba cheart faisnéis a bheith sa doiciméadacht faoin táirge a léiríonn go gcomhlíonann an trealamh braite miotail na ceanglais AE maidir le marcáil CE. Tá sé de fhreagracht ar mhonaróirí a chinneadh cé na rialacha is infheidhme dá dtáirgí féin. Ar na forálacha ábhartha, tá, mar shampla:

    (a)

    Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1);

    (b)

    Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (2);

    (c)

    Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (3);

    (d)

    Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (4).

    2.9   Ceanglais sábháilteachta ghinearálta

    Ba cheart faisnéis a bheith sa doiciméadacht faoin táirge a léiríonn go gcomhlíontar na caighdeáin agus na noirm thagartha agus lena n-áirithítear gur féidir an trealamh braite miotail a úsáid go sábháilte, do na daoine a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu agus do na daoine atá ag oibriú an trealaimh araon. Áirítear na cinn seo a leanas ar na caighdeáin agus na noirm thagartha sin, sa leagan formheasta is déanaí díobh:

    (a)

    Caighdeáin le haghaidh feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha (FLSIG)

    EN 50527-1: Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh na n-oibrithe a bhfuil feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha ar iompar acu do réimsí leictreamaighnéadacha – Cuid 1: Ginearálta

    EN 50527-2-x: Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh na n-oibrithe a bhfuil feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha ar iompar acu do réimsí leictreamaighnéadacha

    Cuid 2.1: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil séadairí cairdiacha acu

    Cuid 2.2: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil dífhibrileoirí cardaithiontaire (ICDanna) acu

    Cuid 2.3: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil néaraspreagthóirí so-ionphlandaithe acu

    EN ISO 14708-X: Ionphlanduithe don mháinliacht – Feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha

    Cuid 2: Séadairí cairdiacha

    Cuid 3: Néaraspreagthóirí so-ionphlandaithe

    Cuid 4: Caidéil insilte sho-ionphlandaithe

    Cuid 5: Feistí tacaíochta imshruthaithe

    Cuid 6: Ceanglais ar leith maidir le feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha atá ceaptha chun an taicineamhrithimeacht a chóireáil (lena n-áirítear dífhibrileoirí so-ionphlandaithe)

    Cuid 7: Ceanglais ar leith maidir le córais ionphlandaithe cochla agus stoic inchinne fuaime

    (b)

    Caighdeáin maidir le nochtadh an duine:

    EN 50364: Caighdeán táirge maidir le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha ó fheistí a oibríonn sa raon minicíochta 0 Hz go dtí 300 GHz, a úsáidtear san Fhaireachas Leictreonach Earraí (EAS), sa tSainaithint Radaimhinicíochta (RFID) agus in úsáidí gaolmhara

    Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go dtí 300 GHz)

    Treoir 2013/35/AE maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha);

    2.10   Coincheap na n-oibríochtaí

    Ba cheart coincheap na n-oibríochtaí (CONOPS) a sholáthar mar chuid den doiciméadacht faoin táirge. Má bhaineann CONOPS difriúla le caighdeáin slándála difriúla, ba cheart an méid sin a chur in iúl go soiléir.

    Roinn 3: Ceanglais feidhmíochta maidir le brath miotail

    Ba cheart don trealamh braite miotail na ceanglais feidhmíochta maidir le brath miotail seo a leanas a chomhlíonadh:

    3.1   Caighdeáin slándála

    Ba cheart an trealamh braite miotail a shocrú i ndáil leis na caighdeáin slándála iomchuí as na cúig chaighdeán seo a leanas:

    3.1.1   Caighdeán 1 (do WTMD)

    Tá an caighdeán seo ceaptha le húsáid i gcás inar gá airm chontúirteacha a bhrath ach ina bhfuil gá le tréchur ard agus rátaí ísle i leith rabhaidh núise. I measc na n-úsáidí tá an t-olliompar agus limistéir mhóra tionóil.

    I measc na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo ba cheart na cinn seo a leanas a áireamh: raidhfilí uathoibríocha, meaisínghunnaí agus IEDanna brúbhruthaire, amhail raidhfilí ionsaithe (bíodh piléarlann iontu nó ná bíodh), AK47, Beretta M12, Colt AR-15, feireadh buama píopa (80 x 300) mm, agus IED brúbhruthaire cruach dosmálta agus alúmanaim ceithre lítear, agus réada den mhéid chéanna.

    Ba cheart réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-mhór ar díol spéise iad a úsáid don chatagóir seo. Níor cheart go mbeadh nósanna imeachta dífheistithe ag teastáil agus d’fhéadfaí cásanna taistil, málaí nó málaí droma a iompar.

    3.1.2   Caighdeán 2 (do WTMD)

    Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gunnaí láimhe meánmhéide (e.g. Glock 17) agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

    Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-mhór ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear gunnaí láimhe lánmhéide mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 4.6, leibhéal slándála 2, triailphíosa AM7, de chaighdeán na hInstitiúide Náisiúnta um Fhorfheidhmiú Dlí agus Ceartas Cóiriúil (NILECJ) maidir le ‘geata miotalbhraite atá le húsáid chun airm a bhrath,’ (NILECJ-STD-0601.00).

    Níor cheart go mbeadh nósanna imeachta dífheistithe ag teastáil agus d’fhéadfaí málaí beaga nó málaí droma a iompar.

    3.1.3   Caighdeán 3

    Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gunnaí láimhe beaga, idir airm thine dhlútha agus airm thine phóca, agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

    Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada meánmhéide ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear gunnaí láimhe a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 5.1 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

    Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú seachas sparáin, uaireadóirí, criosanna, bróga agus seodra beaga.

    3.1.4   Caighdeán 4

    Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba ceart ceana ar faide ná 7.5 cm a lanna agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

    Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada beaga ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear sceana ar faide ná 7.5 cm a lanna a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 5.2 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

    Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú seachas uaireadóirí beaga, agus criosanna beaga.

    3.1.5   Caighdeán 5

    Na hítimí bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gur airm beaga atá iontu agus ba cheart a áireamh leo, mar shampla, sceana cruach dosmálta, eochracha glais lámh, béalmhír scriúire, urchar de chalabra beag agus réada den mhéid chéanna.

    Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-bheag ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear airm bheaga i bhfolach ar dhuine a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc air i roinn 5.3 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

    Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú.

    3.2   Íogaireacht bhraite

    Ba cheart don trealamh braite miotail réada ar díol spéise iad a bhrath a d’fhéadfaí a úsáid chun bagairtí slándála a dhéanamh, réada atá ar iompar ag duine nó i mála a chaitear, a iompraítear, nó a tharraingítear, gan beann ar a dtreoshuíomh, a gconair agus idirthuras, nó a luas gluaiste.

    D’fhéadfadh íogaireacht bhraite an trealaimh sin a bheith éagsúil ag brath ar an gcaighdeán a chomhlíonann an trealamh a dtugtar tuairisc air i roinn 3.1 den Iarscríbhinn seo. Le caighdeán 1 éilítear trealamh leis an íogaireacht is lú, ach le caighdeán 5 éilítear trealamh leis an íogaireacht is mó.

    3.2.1   Treoshuíomh agus luas gluaiste (do HHMD)

    Ba cheart don HHMD an réad tástála a bhrath atá ionadaíoch ar chaighdeán slándála ar leith suite sa phlána tomhais iomchuí nó sna plánaí tomhais iomchuí do gach treoshuíomh a cheadaítear tríd an mbrathadóir a bhogadh ar luas idir 0.05 agus 2.0 m/s, mar a thugtar tuairisc air i gCaighdeán NIJ–0602.02.

    3.2.2   Treoshuíomh, conair agus luas gluaiste (do WTMD)

    Tugtar tuairisc ar an tacar íosta treoshuíomhanna ortagánacha ba cheart a úsáid chun íogaireacht WTMD a thástáil san fhoilseachán ó ASTM International dar teideal ‘Standard Practice for Performance Evaluation of In-Plant Walk-Through Metal Detectors’ [Gnáthchleachtas chun Measúnú a dhéanamh ar Fheidhmíocht Geataí Miotalbhraite i nGléasra] C1309 – 97 (2021).

    Ba cheart don WTMD an réad tástála a bhrath atá ionadaíoch ar chaighdeán slándála ar leith ag suíomhanna conaire áirithe mar a thugtar tuairisc air i gCaighdeán NIJ–0601.02.

    Na suíomhanna go léir nach dtéann an réad tástála go hiomlán leis an tairseach brathadóra nó atá ina gcúis le haon chuid den réad tástála airde uasta na limistéar braite a shárú, mar gheall ar a mhéid agus a threoshuíomh, ba cheart na suíomhanna sin a scipeáil.

    Ba cheart an gnáthluas coisithe (0.5 m/s – 1.3 m/s) a úsáid mar mheánluas iompair an réada tástála agus tástáil á déanamh air.

    3.3   In-atrialltacht

    Ba cheart in-atrialltacht bhraite a áirithiú le córas cáilíochta an mhonaróra agus trí aonaid éagsúla trealaimh bhraite miotail a thástáil i bhfo-thacar suíomhanna.

    3.4   Idirdhealú miotail (de WTMD)

    Ba cheart a cheangal le ceanglais idirdhealaithe miotail do WTMD go dtugann an WTMD rabhadh maidir le réad iomchuí agus ní maidir le réad neamhurchóideach. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an idirdhealú trí thástáil a dhéanamh ar an WTMD i bhfíorthimpeallacht ach a mbeidh na feidhmíochtaí braite bailíochtaithe don chaighdeán slándála sonrach. Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe iomchuí a bheith ag teastáil de réir an chaighdeáin slándála faoi mheastóireacht. Chun measúnú a dhéanamh ar an idirdhealú, ba cheart an cóimheas rabhadh/idirthurais iomlána ar líon daoine a théann tríd an WTMD a chomhaireamh. Ba cheart ar a laghad míle duine a bheith ag teastáil don suirbhé staidrimh sin.

    3.5   Ráta rabhaidh tréchuir agus rabhaidh núise (do WTMD)

    Ba cheart gur ísle ná 2 shoicind a bheadh am scagtha an WTMD. Ba cheart an ráta rabhaidh núise a bheith faoi bhun 5 % de réir na nósanna imeachta dífheistithe a dtugtar tuairisc orthu i roinn 3.1 den Iarscríbhinn seo.

    3.6   Trasnaíocht mheicniúil

    Níor cheart don bhrathadóir rabhadh a thabhairt nuair a dhéantar é a choigeartú chun an réad tástála den mhéid chuí a aimsiú.

    3.7   Trasnaíocht ó roinnt réada miotail (do WTDM)

    Do WTMD, má tá réada miotail ann seachas na spriocanna bagartha a dtugtar tuairisc orthu sa chaighdeán slándála roghnaithe, níor cheart dó sin cur isteach ar bhrath ítime bagartha agus é ag dul tríd an tairseach.

    3.8   Rabhaidh shochloiste agus amhairc

    Ba cheart rabhadh sochloiste agus amhairc a bheith ag gabháil leis an trealamh braite miotail. Ba cheart an rabhadh sochloiste a bheith le brath ag raon 1 mhéadar i gcás HHMD agus ag raon 2 mhéadar i gcás WTMD. Ba cheart do tháscaire amhairc a léiriú go bhfuil an HHDM ar obair agus maidir leis an WTMD ba cheart dó neart an chomhartha a bhraitear a léiriú.


    (1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

    (2)  IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.

    (3)  IO L 96, 29.3.2014, lch. 79.

    (4)  IO L 96, 29.3.2014, lch. 357.


    Top