Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1464

    Rialachán (AE) 2023/1464 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formaildéad agus le scaoilteoirí formaildéid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/4687

    IO L 180, 17.7.2023, p. 12–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1464/oj

    17.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 180/12


    RIALACHÁN (AE) 2023/1464 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Iúil 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formaildéad agus le scaoilteoirí formaildéid

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is gás atá an-imoibríoch faoi dhálaí teochta comhthimpeallaí agus brú atmaisféaraigh é formaildéad. I gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) aicmítear é mar charcanaigin de chatagóir 1B, só-ghineach de chatagóir 2, géarthocsain de chatagóir 3, creimneach don chraiceann de chatagóir 1B agus íogróir craicinn de chatagóir 1.

    (2)

    Is ceimiceán d’ardtoirt táirgeachta ag a bhfuil réimse leathan úsáidí é formaildéad. Táirgtear é go hinginiúil i ndaoine agus in ainmhithe freisin agus is idirmheánach meitibileach fíor-riachtanach é i ngach cill. Thairis sin, 98 % den fhormaildéad a mhonaraítear nó a allmhairítear san Aontas, úsáidtear é mar idirmheánach ceimiceach i dtáirgeadh roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad, teirmeaplaisteach agus ceimiceán eile a úsáidtear a thuilleadh i raon leathan feidhmeanna. Úsáidtear roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad i dtáirgeadh réimse leathan earraí, earraí a d’fhéadfadh formaildéad a scaoileadh dá thoradh sin. Is i monaraíocht painéal adhmadbhunaithe a úsáidtear roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad go príomha, sa chaoi go bhfeidhmíonn siad mar oibreán nascach le haghaidh cáithníní adhmaid. Úsáidtear na roisíní sin freisin i dtáirgeadh táirgí adhmadbhunaithe eile amhail troscán agus urlárlach, agus le haghaidh ballapháipéar, cúr, páirteanna i gcomhair feithiclí bóthair agus aerárthaí, táirgí teicstíle agus leathair.

    (3)

    An 20 Nollaig 2017 (3), de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) sainchomhad a ullmhú a chloíonn le ceanglais Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin (dá ngairtear ‘sainchomhad Iarscríbhinn XV’ anseo feasta), chun measúnú a dhéanamh ar an riosca do shláinte an duine de bharr formaildéid agus substaintí scaoilte formaildéid a bheith i meascáin agus in earraí lena n-úsáid ag tomhaltóirí.

    (4)

    An 11 Márta 2019, chuir an Ghníomhaireacht (ar a dtabharfar ‘Aighnitheoir an tSainchomhaid’ i gcomhthéacs sainchomhad a chur isteach) sainchomhad Iarscríbhinn XV (4) isteach, sainchomhad inar léiríodh nach leormhaith i ngach cás an rialú a dhéantar ar an riosca do shláinte an duine ó fhormaildéad a scaoiltear ó earraí tomhaltais i dtimpeallachtaí laistigh, agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

    (5)

    Rinne Aighnitheoir an tSainchomhaid measúnú ar ghuais formaildéid trí éifeachtaí na substainte ar roinnt críochphointí a mheas, agus tháinig sé ar an gconclúid gurb é an riosca ó ionanálú as a dtagann greannú céadfach an éifeacht is íogaire ar an duine. I sainchomhad Iarscríbhinn XV rinneadh measúnú ar na rioscaí ó fhormaildéad a ionanálú a bhaineann le nochtadh tomhaltóirí i gcomparáid le Treoirlíne na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) le haghaidh Cháilíocht an Aeir Laistigh maidir le formaildéad (meántiúchán 30 nóiméad bunaithe ar ghreannú céadfach i ndaoine) (5). Déantar foráil sa Treoirlíne maidir le luach gearrthéarmach (0,1 mg/m3) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú scamhóg a chosc, maille le héifeachtaí fadtéarmacha sláinte, lena n-áirítear ailse shrónfharaingeach. D’úsáid Aighnitheoir an tSainchomhaid an luach sin mar an leibhéal nár cheart do dhaoine a bheith nochta os a chionn (leibhéal néamhéifeachta díorthaithe (‘DNEL’)) agus chun an teorann astaíochta beartaithe de 0,124 mg/m3 a ríomh.

    (6)

    Ar bhonn na litríochta atá ar fáil agus thoradh an mheastacháin ar nochtadh, ba é tuairim Aighnitheoir an tSainchomhaid go ndéantar rialú leormhaith ar na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le scaoileadh formaildéid ó mheascáin lena n-úsáid ag tomhaltóirí.

    (7)

    Dá bhrí sin, mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid toirmeasc a chur ar fhormaildéad agus substaintí scaoilte formaildéid in earraí a bhíonn ina gcúis le nochtadh tomhaltóirí a chur ar an margadh i gcás ina mbíonn tiúchain os cionn 0,124 mg/m3 in aer seomra tástála mar thoradh ar na scaoiltí formaildéid. Thairis sin, shonraigh Aighnitheoir an tSainchomhaid, i gcás inar úsáideadh formaildéad nó substaintí scaoilte formaildéid d’aon ghnó le linn táirgeadh feithiclí bóthair agus aerárthaí, nár cheart na feithiclí bóthair agus na haerárthaí sin a chur ar an margadh más níos airde ná 0,1 mg/m3 an tiúchan formaildéid a thomhaistear laistigh díobh agus más féidir tomhaltóirí a nochtadh d’fhormaildéad sna feithiclí agus sna haerárthaí sin (6).

    (8)

    Le moladh bunaidh Aighnitheoir an tSainchomhaid, bunaíodh EN 717-1 mar an modh caighdeánach chun na hastaíochtaí le haghaidh formaildéad a scaoiltear ó phainéal adhmadbhunaithe a thomhas i seomra tástála. Chun a shoiléiriú gur féidir modhanna tástála oiriúnacha eile a úsáid freisin agus chun earraí eile seachas painéal adhmadbhunaithe a chumhdach, chuir Aighnitheoir an tSainchomhaid tuairisc níos leithne ar choinníollacha agus modhanna in ionad na tagartha do chaighdeán EN 717-1 ina mholadh. D’fhéadfadh dálaí comhthimpeallacha tionchar a bheith acu ar astaíochtaí formaildéid ó earraí agus, dá bhrí sin, liostaíodh paraiméadair thástála ábhartha i sainchomhad Iarscríbhinn XV freisin.

    (9)

    An 13 Márta 2020 ghlac Coiste um Measúnú Riosca (‘RAC’) na Gníomhaireachta a thuairim. Ina thuairim, mheas RAC nach dtugann luach threoirlíne EDS cosaint leordhóthanach don phobal i gcoitinne agus tháinig sé ar an gconclúid go háirithe nach féidir éifeachtaí gearrthéarmacha greannaithe chéadfaigh i ndaoine a úsáid chun éifeachtaí fadtéarmacha, amhail ailse, a thuar. Ina ionad sin, shocraigh RAC DNEL 0,05 mg/m3 arna dhíothú ó shonraí maidir le héifeachtaí ainsealacha in ainmhithe don bhealach ionanálaithe agus tháinig sé ar an gconclúid gur gá teorainnluach 0,05 mg/m3 a bheith ann maidir le formaildéad a astaítear ó earraí agus le formaildéad laistigh d’fheithiclí bóthair chun an riosca a rialú.

    (10)

    Chinn RAC gur leormhaith an rialú a dhéantar ar an riosca do phaisinéirí ó fhormaildéad in aerárthaí.

    (11)

    Mhol RAC idirthréimhse 24 mhí idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an tsriain atá beartaithe, murab ionann agus an tréimhse 12 mhí a mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid, toisc gur mheas sé gur gá níos mó ama a bheith ann chun modhanna caighdeánacha anailíse a fhorbairt i ngach earnáil lena mbaineann. Ba é tuairim RAC gurb é an srian atá beartaithe, arna mhodhnú ag RAC, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint do shláinte an duine a eascraíonn as nochtadh tomhaltóirí d’fhormaildéad, ó thaobh a éifeachtachta chun an riosca a laghdú, a phraiticiúlacht agus na caoi a bhféadfar faireachán a dhéanamh air.

    (12)

    An 17 Meán Fómhair 2020, ghlac Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (‘SEAC’) na Gníomhaireachta a thuairim, maidir leis an srian atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid agus na modhnuithe atá beartaithe ag RAC.

    (13)

    Ina thuairim, d’aithin SEAC go bhfuil costais sna deicheanna milliún euro i gceist le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid, costais a bhaineann le táirgeadh, sampláil, tástáil agus forfheidhmiú. Ba é tuairim SEAC, áfach, go bhfuil coinne leis go mbeidh na costais sin teoranta i gcás na n-earnálacha lena mbaineann, toisc go gcomhlíonann formhór na n-earraí, lena n-áirítear feithiclí bóthair, a chuirtear ar an margadh san Aontas faoi láthair an teorainnluach atá beartaithe cheana féin. Tháinig SEAC ar an gconclúid freisin go dtiocfadh buntáistí an tsriain atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid as srian a chur le hearraí a astaíonn ardtiúchan formaildéid a chur ar an margadh, allmhairí san áireamh. Mar thoradh ar an srian, laghdófaí éifeachtaí díobhálacha sláinte a bhaineann le greannú na súl agus na n-aerbhealaí uachtaracha agus le hailse shrónfharaingeach, go príomha do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí nua.

    (14)

    Mheas SEAC go bhféadfadh na buntáistí a bhaineann le srian a chur le hastú formaildéid ó earraí tomhaltais i dtimpeallachtaí laistigh agus laistigh d’fheithiclí bóthair, mar a bheartaítear, a bhaint amach agus costais theoranta ann don tsochaí. Dá bhrí sin, tháinig SEAC ar an gconclúid gurb é moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint do shláinte an duine, i dtéarmaí a bhuntáistí socheacnamaíocha agus a chostais shocheacnamaíocha, má áirítear maoluithe áirithe agus má ghlactar leis na coinníollacha tástála atá beartaithe.

    (15)

    Chun go mbeidh a ndóthain ama ag páirtithe leasmhara an srian a chur chun feidhme, mhol SEAC cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 24 mhí le haghaidh gach earnála. I gcás trucailí agus busanna, áfach, mhol SEAC tréimhse 36 mhí mar gheall gur gá modhanna caighdeánacha anailíse a fhorbairt chun tiúchain formaildéid a thomhas laistigh de na feithiclí sin.

    (16)

    Ina theannta sin, chinn SEAC go bhfuil costais shuntasacha socheacnamaíocha sna deicheanna billiún euro i gceist leis an srian atá beartaithe, arna mhodhnú ag RAC, costais a bhaineann le hinfheistíocht i dtaighde agus forbairt, teicneolaíochtaí nua, costais táirgthe níos airde, costais samplála agus tástála, chomh maith le caillteanais post. Thairis sin, d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith aige ar na hearnálacha athchúrsála agus ar an ngeilleagar ciorclach. D’aithin SEAC freisin go bhfuil roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil ann le haghaidh feidhmeanna áirithe chun an srian atá beartaithe ag RAC a bhaint amach; ach go dteastaíonn athruithe teicneolaíochta forleathana ina leith agus, i gcásanna áirithe, úsáid roghanna malartacha nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna.

    (17)

    D’aithin SEAC go bhfuil buntáistí breise féideartha maidir le nochtadh laghduithe ag gabháil le moladh RAC, buntáistí a d’fhéadfadh laghdú níos mó ar ghreannú súl agus na n-aerbhealaí uachtaracha agus ar ailse shrónfharaingeach a bheith de thoradh orthu i gcomparáid le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid. Ní dhearna RAC an laghdú riosca a bhaineann leis an teorainnluach a ísliú a chainníochtú, áfach; agus dá bhrí sin, ní fios go fóill méid na mbuntáistí breise don tsláinte. Thairis sin, mar chuid dá mheasúnú, rinne SEAC anailís lenar ríomh sé, i bhfianaise na n-ardchostas socheacnamaíoch, go mbeadh ar líon na gcásanna ailse srónfharaingí i measc phobal an Aontais atá ina gcónaí i dteaghaisí nua a bheith 200 uair níos airde ná líon na gcásanna breathnaithe iarbhír, chun go mbainfeadh moladh RAC pointe cóimheá amach. Agus an anailís mheá ar mheá sin, an fhaisnéis a fuarthas ón tionscal le linn na gcomhairliúchán, agus an easpa sonraí nó faisnéise lena bhféadfaí buntáistí breise don tsláinte a chainníochtú, á gcur san áireamh, tháinig SEAC ar an gconclúid gur cosúil nach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca arna shainaithint i dtéarmaí buntáistí socheacnamaíocha agus costais shocheacnamaíocha é an srian atá bunaithe ar an teorainnluach atá beartaithe ag RAC.

    (18)

    Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú i dtaca le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid agus cuireadh a mholtaí maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorfheidhmiú san áireamh; is ceart a thabhairt faoi deara nár mheas an Fóram na modhnuithe a mhol RAC, toisc gur cuireadh i láthair iad i ndiaidh an chomhairliúcháin leis an bhFóram.

    (19)

    An 23 Feabhra 2021 chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC faoi bhráid an Choimisiúin (7). I dtuairimí RAC agus SEAC thángthas ar an gconclúid go bhfuil riosca ann do shláinte tomhaltóirí nach rialaítear go leormhaith agus gur gá aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais mar gheall ar astaíochtaí formaildéid ó earraí isteach san aer laistigh agus ó fheithiclí bóthair isteach ina spás laistigh.

    (20)

    Cé go dtagraítear do thomhaltóirí sa srian atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid agus i dtuairimí RAC agus SEAC, tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar aghaidh leis an measúnú atá mar bhonn agus mar thaca ag an moladh ar an riosca don phobal a d’fhéadfadh a bheith nochta d’fhormaildéad san aer laistigh seachas oibrithe, agus lena n-áirítear daoine nach tomhaltóirí díreacha iad. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh don phobal i gcoitinne mar an daonra a ndíríonn an srian air.

    (21)

    Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus tuairimí RAC agus SEAC á gcur san áireamh, measann an Coimisiún riosca do-ghlactha do shláinte an duine a bheith ann de thoradh formaildéad a scaoiltear ó earraí, agus gurb é srian lena mbunaítear teorainn astaíochta le haghaidh earraí a astaíonn formaildéad chun nochtadh an phobail i gcoitinne d’fhormaildéad trí ionanálú a laghdú an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca.

    (22)

    Is substaint a fhaightear go nádúrtha in orgánaigh bheo é formaildéad. Thairis sin, féadfar formaildéad a scaoileadh trí dhianscaoileadh substaintí a fhaightear go nádúrtha sna hábhair a úsáidtear chun earra a tháirgeadh, amhail ó dhíghrádú lignine i ndlúthadhmad. Aontaíonn an Coimisiún le hAighnitheoir an tSainchomhaid gur cheart a dhíolmhú ó raon feidhme an tsriain seo earraí nach n-astaíonn formaildéad ach mar gheall go bhfaightear é go nádúrtha, nó mar gheall go bhfaightear substaintí scaoilte formaildéid go nádúrtha, sna hábhair óna dtáirgtear na hearraí.

    (23)

    Aontaíonn an Coimisiún le hAighnitheoir an tSainchomhaid go gcuireann an teorainnluach 0,124 mg/m3 atá beartaithe cosc ar earraí a astaíonn méideanna arda formaildéid a bheith curtha ar an margadh san Aontas agus gur iomchuí é chun an nochtadh d’fhormaildéad i dtimpeallachtaí laistigh a shrianadh. Mar sin féin, measann an Coimisiún nach mór é an laghdú riosca a bhaintear amach trí luach Threoirlíne EDS a bhaint amach mar gheall ar na teorainneacha astaíochtaí deonacha agus náisiúnta atá ann cheana féin agus mar gheall go bhfuil coinne leis go gcomhlíonann formhór na n-earraí a chuirtear ar an margadh faoi láthair an teorainnluach 0,124 mg/m3 cheana féin. Thairis sin, níor leor luach threoirlíne EDS a bhaint amach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca arna shainaithint, agus tuairim RAC á cur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, comhlíonann formhór na dtiúchan laistigh i bhfeithiclí bóthair atá ann faoi láthair an teorainnluach 0,1 mg/m3 atá beartaithe.

    (24)

    Ar bhonn chonclúidí SEAC maidir leis an measúnú socheacnamaíoch, aithníonn an Coimisiún freisin go mbainfeadh tionchair mhóra shocheacnamaíocha don Aontas leis an teorainnluach 0,05 mg/m3, mar a mhol RAC; agus, i gcásanna sonracha, go n-éilítear leis an teorainnluach sin athrú go roghanna malartacha nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna ag a mbíonn éifeachtaí diúltacha ar an earnála athchúrsála agus ar an ngeilleagar ciorclach, go háirithe i bhfianaise nach ndearnadh measúnú ar na buntáistí breise don tsláinte a bhaineann leis an teorainn sin i gcomparáid leis an teorainn a mholann Aighnitheoir an tSainchomhaid.

    (25)

    Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar oiriúnacht na dteorainnluachanna idirmheánacha 0,080 mg/m3 agus 0,062 mg/m3 ar a ndearna SEAC measúnú i bpáirt ar bhonn ionchur ó pháirtithe leasmhara sna comhairliúcháin. Ba é conclúid an Choimisiúin gurbh fhearr an chosaint do shláinte an duine a bheadh ann le glacadh na dteorainnluachanna idirmheánacha sin, go háirithe i gcás daoine leochaileacha, i gcomparáid leis an teorainn a mholann Aighnitheoir an tSainhcomhaid, agus an tráth céanna gurbh ísle an t-ualach socheacnamaíoch agus gurb lú dúshláin eacnamaíocha a bhainfeadh leo ná mar a bhainfeadh leis an teorainn a mholann RAC, go háirithe dá n-úsáidfí iad in éineacht le hidirthréimhsí leordhóthanacha agus maoluithe sonracha.

    (26)

    Aithníonn an Coimisiún an méadú as cuimse ar chostais i gcás ina n-íslítear an teorainnluach, agus aithníonn sé go mbeadh na céadta milliún euro ar a laghad i gceist leis na costais chomhcheangailte mheasta don tionscal i gcás an teorainnluacha 0,080 mg/m3, i gcomparáid leis na billiúin euro i gcás an teorainnluacha 0,062 mg/m3. Tá tuilleadh anailíse déanta ag an gCoimisiún ar anailís mheá ar mheá SEAC, anailís ina ríomhtar go mbeadh ar líon na gcásanna ailse srónfharaingí i measc phobal an Aontais atá ina gcónaí i dteaghaisí nua a bheith 70 uair níos airde ná líon na gcásanna breathnaithe iarbhír, chun go mbainfeadh an teorainnluach 0,062 mg/m3 pointe cóimheá amach, agus go mbeadh orthu a bheith 30 uair níos airde i gcás an teorainnluacha 0,080 mg/m3. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur substaint charcanaigineach é formaildéad freisin, substaint a gcuirfeadh an teorainnluach 0,062 mg/m3 ina leith buntáistí níos fearr don tsláinte ar fáil do phobal an Aontais. Cé go n-aithníonn an Coimisiún gur suntasach iad na difríochtaí costas idir an dá luach, tá sé den tuairim, i bhfianaise na mbuntáistí breise a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha amhail leanaí, go bhfuil údar cuí leis na costais níos airde don teorainnluach níos ísle le haghaidh na n-earraí is mó a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir laistigh.

    (27)

    Ina thuairim, cuireann an Coimisiún san áireamh gurb iad na príomhfhoinsí astaíochta formaildéid san aer laistigh, go háirithe i dteaghaisí nuathógtha, painéil adhmadbhunaithe agus earraí a dhéantar de phainéil adhmadbhunaithe nó earraí eile adhmadbhunaithe, chomh maith le troscán ina bhfuil adhmad nó ábhair eile, ina n-úsáidtear formaildéad seachas formaildéad a fhaightear go nádúrtha le linn a dtáirgthe. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur iomchuí teorainnluach astaíochta níos ísle a bheith ann le haghaidh na n-earraí sin agus na dtáirgí sin a dhéantar de bhreis agus earra amháin (‘táirgí casta’) arb iad na foinsí is mó formaildéid san aer laistigh agus déanann sé foráil maidir le cosaint mhéadaithe don phobal i gcoitinne, agus na costais shocheacnamaíocha á dteorannú le haghaidh na n-earnálacha sin nach gcuireann leis na hastaíochtaí an oiread céanna.

    (28)

    Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí teorainn níos ísle a bhunú le haghaidh formaildéid laistigh d’fheithiclí bóthair a mbíonn an pobal i gcoitinne iontu chun cosaint leormhaith a áirithiú, go háirithe i gcás daoine leochaileacha agus sna cásanna is measa.

    (29)

    Dá bhrí sin, is é tuairim an Coimisiún gurb é an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca formaildéid san aer laistigh, agus laistigh d’fheithiclí bóthair, srian lena mbunaítear an teorainnluach 0,062 mg/m3 le haghaidh troscáin agus earraí adhmadbhunaithe, arna chur i bhfeidhm ar an táirge casta ina iomláine, agus ar an taobh istigh d’fheithiclí bóthair; agus an teorainnluach 0,080 mg/m3 le haghaidh gach earra eile. Thairis sin, measann an Coimisiún gur cheart an tiúchan formaildéid a astaítear ó earraí isteach san aer laistigh a thomhas faoi choinníollacha tagartha sonracha chun cur chun feidhme comhchuibhithe an tsriain sin a áirithiú. I gcásanna áirithe, ba cheart a bheith in ann coinníollacha tástála eile a úsáid freisin ar choinníoll go gcuirfí comhchoibhneas atá bailí ó thaobh na heolaíochta de i bhfeidhm ar thorthaí na tástála.

    (30)

    Chun na tionchair dhiúltacha a mhaolú agus na costais le haghaidh na n-earnálacha lena mbaineann a laghdú, agus chun a ndóthain ama a thabhairt do pháirtithe leasmhara an srian a chur chun feidhme, measann an Coimisiún gur iomchuí cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 36 mhí le haghaidh gach earnála. Maidir le feithiclí bóthair, áfach, meastar gur iomchuí é a chur siar go ceann 48 mí mar gheall ar an am fada forbartha agus margaíochta le haghaidh na bhfeithiclí sin, na ceanglais arda ábhar san earnáil mótarfheithiclí agus na slabhraí soláthair casta ina bhfuil déantúsóirí buntrealaimh san áireamh, mar aon leis an am a theastaíonn chun an modh caighdeánach anailíse a chur chun feidhme maidir le hastaíochtaí a thomhas i gcás trucailí agus busanna (8).

    (31)

    Maidir le hearraí atá le húsáid lasmuigh amháin faoi dhálaí intuartha, tá coinne leis go dtarlaíonn nochtadh tomhaltóirí lasmuigh de bhalla seachtrach foirgneamh, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an tsriain. Maidir le hearraí i ndéantúis nach n-úsáidtear ach lasmuigh den bhlaosc foirgnimh agus den bhac gala agus nach n-astaíonn formaildéad isteach san aer laistigh, ba cheart iad a eisiamh freisin ó raon feidhme an tsriain, toisc nach gcuireann siad leis an nochtadh d’fhormaildéad san aer laistigh.

    (32)

    Earraí nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an tsriain, a fhad agus nach bhfuil na húsáidí sin ina gcúis le nochtadh an phobail i gcoitinne. Thairis sin, rialaítear nochtadh oibrithe tionsclaíocha agus gairmiúla d’fhormaildéad cheana le Treoir 98/24/CE ón gComhairle (9), agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (33)

    Tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí formaildéid ó earraí le himeacht ama mar gheall ar ‘easghású’ formaildéid iarmharaigh. Dá bhrí sin, níor cheart earraí athláimhe a áireamh i raon feidhme an tsriain. Thairis sin, mhol an Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú maolú le haghaidh earraí athláimhe freisin, toisc go bhféadfadh sé a bheith deacair an srian a fhorfheidhmiú maidir le hearraí athláimhe.

    (34)

    Tá na táirgí seo a leanas faoi réir rialacha an Aontais i ndáil le teorainnluachanna maidir le formaildéad cheana féin agus dá bhrí sin, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an tsriain: earraí faoi raon feidhme iontráil 72 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, earraí ar táirgí bithicídeacha iad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), feistí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus trealamh cosanta pearsanta faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    (35)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (14), bunaítear teorainnluach le haghaidh formaildéid maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia. Cé nach socraítear teorainn shonrach formaildéid le haghaidh ábhair agus earraí eile a bhíonn i dteagmháil le bia i ndlí an Aontais, ní mór do tháirgeoirí a bheith in ann a sábháilteacht a léiriú do na húdaráis inniúla. Tá sé d’aidhm leis na ceanglais maidir le hábhair teagmhála bia sláinte an duine a chosaint trí aghaidh a thabhairt ar ascnamh féideartha substaintí go bia. Mar gheall gur beag seans go dtarlóidh scaoileadh suntasach formaildéid ó earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia, de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), isteach sa timpeallacht chomhthimpeallach de thoradh na gceanglas sin, measann an Coimisiún nár cheart na hearraí sin a áireamh i raon feidhme an tsriain.

    (36)

    Mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid, RAC agus SEAC maolú le haghaidh bréagáin a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), maolú lena socraítear teorainn 0,1 mg/m3 le haghaidh astaíochtaí formaildéid maidir le bréagáin adhmaid roisín-nasctha do leanaí níos óige ná 3 bliana d’aois. Measann an Coimisiún nach iomchuí an maolú sin, áfach, toisc nár cheart leanaí a chosaint ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna leis an gcaoi a gcosnaítear aon chuid eile den phobal. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach le haghaidh astaíochtaí formaildéid isteach san aer laistigh maidir le bréagáin do leanaí de gach aois.

    (37)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

    (38)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/formaldehyde_cion_reqst_axvdossier_en.pdf/11d4a99a-7210-839a-921d-1a9a4129e93e

    (4)  https://echa.europa.eu/registry-of-restriction-intentions/-/dislist/details/0b0236e182439477

    (5)  EDS 2010-WHO Guidelines for Indoor Air quality: Selected Pollutants. An Ghinéiv. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, lch. 103.

    (6)  ECHA (2020). Background Document to the Opinion on the Annex XV report proposing restrictions on formaldehyde and formaldehyde releasers [Doiciméad Cúlra leis an Tuairim ar thuarascáil Iarscríbhinn XV ina moltar srianta ar fhormaildéad agus scaoilteoirí formaildéid]

    (7)  Eagrán tiomsaithe thuairim RAC (arna glacadh an 12 Márta 2020) agus thuairim SEAC (arna ghlacadh an 17 Meán Fómhair 2020) arna ullmhú ag rúnaíocht ECHA

    https://echa.europa.eu/documents/10162/f10b57af-6075-bb34-2b30-4e0651d0b52f

    (8)  12219-10: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 10: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modhanna chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh —Trucailí agus busanna.

    (9)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

    (10)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghinigh ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

    (11)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (13)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

    (14)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).

    (15)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

    (16)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

    ‘77.

    Formaildéad

    Uimh. CAS 50-00-0

    Uimh. CE 200-001-8

    agus substaintí scaoilte formaildéid

    1.

    Tar éis an 6 Lúnasa 2026 ní chuirfear ar an margadh iad in earraí, más é, faoi na coinníollacha tástála a shonraítear i bhFoscríbhinn 14, gur airde ná na teorainnluachanna seo a leanas an tiúchan formaildéid a scaoiltear ó na hearraí sin:

    (a)

    0,062 mg/m3 le haghaidh troscáin agus earraí adhmadbhunaithe;

    (b)

    0,080 mg/m3 le haghaidh earraí seachas troscán agus earraí adhmadbhunaithe.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na rudaí seo a leanas:

    (a)

    earraí ina bhfaightear formaildéad nó substaintí scaoilte formaildéid go nádúrtha amháin sna hábhair óna dtáirgtear na hearraí;

    (b)

    earraí atá le húsáid lasmuigh amháin faoi dhálaí intuartha;

    (c)

    earraí i ndéantúis nach n-úsáidtear ach lasmuigh den bhlaosc foirgnimh agus den bhac gala agus nach n-astaíonn formaildéad isteach san aer laistigh;

    (d)

    earraí nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla seachas má bhíonn formaildéad a scaoiltear uathu ina chúis le nochtadh an phobail i gcoitinne faoi dhálaí úsáide intuartha;

    (e)

    earraí a bhfuil feidhm ag an srian a leagtar síos in iontráil 72 maidir leo;

    (f)

    earraí ar táirgí bithicídeacha iad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*1);

    (g)

    feistí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745;

    (h)

    trealamh cosanta pearsanta faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/425;

    (i)

    earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia, go díreach nó go hindíreach, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004;

    (j)

    earraí athláimhe.

    2.

    Tar éis an 6 Lúnasa 2027 ní chuirfear ar an margadh iad i bhfeithiclí bóthair, más é, faoi na coinníollacha tástála a shonraítear i bhFoscríbhinn 14, gur airde ná 0,062 mg/m3 an tiúchan formaildéid laistigh de na feithiclí sin.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

    (a)

    feithiclí bóthair nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla seachas má bhíonn an tiúchan formaildéid laistigh de na feithiclí sin ina chúis le nochtadh an phobail i gcoitinne faoi dhálaí úsáide intuartha;

    (b)

    feithiclí athláimhe.

    (2)

    cuirtear isteach Foscríbhinn 14 seo a leanas:

    ‘Foscríbhinn 14

    1.   An formaildéad a scaoiltear isteach san aer laistigh ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhómhír, d’iontráil 77 a thomhas

    An formaildéad a scaoiltear ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, d’iontráil 77, tomhaisfear é in aer seomra tástála faoi na coinníollacha tagartha carnacha seo a leanas:

    (a)

    (23 ± 0,5) 0C a bheidh i dteocht an tseomra tástála;

    (b)

    (45 ± 3) 0C a bheidh i mbogthaise choibhneasta an tseomra tástála;

    (c)

    (1 ± 0,02) m2/m3 a bheidh sa lódfhachtóir, arna sloinneadh mar an cóimheas idir dromchla iomlán an triailphíosa agus toirt an tseomra tástála. Baineann an lódfhachtóir sin le tástáil a dhéanamh ar phainéil adhmadbhunaithe; i gcás ábhar nó táirgí eile, más léir nach bhfuil an lódfhachtóir sin réalaíoch faoi dhálaí úsáide intuartha, féadfar lódfachtóirí i gcomhréir le Roinn 4.2.2. de EN 16516 (*2) a úsáid;

    (d)

    (1 ± 0,05) h-1 a bheidh i ráta malartaithe aeir an tseomra tástála;

    (e)

    nós imeachta anailíse iomchuí a úsáidfear chun an tiúchan formaildéid sa seomra tástála a thomhas;

    (f)

    modh iomchuí a úsáidfear chun na triailphíosaí a shampláil;

    (g)

    faoi dhó ar a laghad le linn an lae a thomhaisfear an tiúchan formaildéid in aer an tseomra tástála agus eatramh ama 3 uair an chloig ar a laghad idir dhá shampláil i ndiaidh a chéile; athdhéanfar an tomhas go dtí go mbeidh sonraí leordhóthanacha ar fáil chun an tiúchan foistine a chinneadh;

    (h)

    ní faide ná 28 lá a bheidh fad na tástála agus beidh sé fada go leor chun an tiúchan foistine a chinneadh;

    (i)

    is é an tiúchan foistine formaildéid a thomhaisfear sa seomra tástála a úsáidfear chun comhlíonadh an teorainnluacha formaildéid a scaoiltear ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, d’iontráil 77. a fhíorú.

    Mura bhfuil sonraí ó mhodh tástála a úsáideann na coinníollacha tagartha a shonraítear thuas ar fáil nó mura bhfuil siad oiriúnach chun an formaildéad a scaoiltear ó earra sonrach a thomhas, féadfar sonraí a fhaightear ó mhodh tástála a úsáideann coinníollacha neamhthagartha a úsáid, i gcás ina bhfuil comhchoibhneas atá bailí ó thaobh na heolaíochta de idir torthaí an mhodha tástála a úsáidtear agus na coinníollacha tagartha.

    2.   An tiúchan formaildéid laistigh d’fheithiclí dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhómhír, d’iontráil 77 a thomhas

    I gcás feithiclí bóthair, lena n-áirítear trucailí agus busanna, tomhaisfear an tiúchan formaildéid i mód comhthimpeallach i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in ISO 12219-1 (*3) nó ISO 12219-10 (*4), agus is é an tiúchan a thomhaisfear a úsáidfear chun comhlíonadh an teorainnluacha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, d’iontráil 77 a fhíorú.


    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).’;

    (*2)  EN 16516: Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh

    (*3)  ISO 12219-1: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 1: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modh chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh.

    (*4)  ISO 12219-10: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 10: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modhanna chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh — Trucailí agus busanna.


    Top