Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1419

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1419 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2023/4631

    IO L 174, 7.7.2023, p. 3–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1419/oj

    7.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 174/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1419 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Iúil 2023

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú

    (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Foireann mionchupaí (4 chupa) déanta as cnámhphoirceallán mín, ar a bhfuil glónra fíneáilte, agus iad maisithe le huimhreacha i gclóghrafaíocht ealaíonta.

    Níl cluasa ar na cupaí. Tá sé thart ar le 6 cm ar airde agus tá sé thart ar 5,5 cm orthu ar trastomhas.

    Is féidir na cupaí a úsáid mar earraí boird nó mar mhaisiú (le haghaidh bláthanna nó coinnle, mar shampla).

    6911 10 00

    Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 6911 agus 6911 10 00 .

    I bhfianaise shaintréithe oibiachtúla an mhionchupa, is earra boird atá ann. Mar gheall ar a chuma agus a úsáid bheartaithe, comhlíontar leis raon feidhme cheannteideal 6911 , lena gcumhdaítear earraí boird, earraí cistine, earraí teaghlaigh eile agus earraí ionlainne, déanta as poirceallán nó cré shíneach.

    Eisiatar é a aicmiú faoi cheannteideal 6913 mar earraí ornáideacha toisc go gcumhdaítear leis an gceannteideal sin earraí boird agus earraí tís eile i gcás, agus sa chás sin amháin, inar léir gur lú úsáideacht na n-earraí ná a gcarachtar ornáideach. Is chun críoch úsáideachta, go bunúsach, a dearadh an mionchupa, is de thábhacht thánaisteach an maisiú atá air agus ní chuireann sin as dá úsáideacht. Dá bharr sin, déantar freastal leo ar chríoch úsáideach ar an gcaoi chéanna a ndéantar le cupaí nach bhfuil maisithe (féach na Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 6913 , mír (B)).

    Dá bhrí sin, ní mór an fhoireann mionchupaí a aicmiú faoi chód AC 6911 10 00 mar earra boird agus mar earra cistine, déanta as poirceallán nó cré shíneach.


    Top