Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1346

Cinneadh (AE) 2023/1346 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

ST/10052/2023/INIT

IO L 168, 3.7.2023, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1346/oj

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/36


CINNEADH (AE) 2023/1346 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na hIodáile,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 6 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1834 (3), lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Nicola ZINGARETTI a cheapadh.

(4)

Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Gaetano ARMAO a cheapadh agus tar éis do Christian SOLINAS éirí as oifig.

(5)

Mhol Rialtas na hIodáile Roberta ANGELILLI, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Vicepresidente, Assessore e Consigliere della Regione Lazio (Leas-Uachtarán, Aire Réigiúnach Réigiún Lazio agus comhalta den Chomhairle Réigiúnach), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol Rialtas na hIodáile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Luca Rosario Luigi SAMMARTINO, Vicepresidente, Assessore e Consigliere della Regione Siciliana (Leas-Uachtarán, Aire Réigiúnach Réigiún na Sicile agus Comhalta den Chomhairle Réigiúnach), agus Renato SCHIFANI, Presidente e Consigliere della Regione Siciliana (Uachtarán Réigiún na Sicile agus Comhalta den Chomhairle Reigiúnach),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Roberta ANGELILLI, Vicepresidente, Assessore e Consigliere della Regione Lazio (Leas-Uachtarán, Aire Réigiúnach Réigiún Lazio agus Comhalta den Chomhairle Reigiúnach),

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Luca Rosario Luigi SAMMARTINO, Vicepresidente, Assessore e Consigliere della Regione Siciliana (Leas-Uachtarán, Aire Réigiúnach Réigiún na Sicile agus Comhalta den Chomhairle Réigiúnach),

Renato SCHIFANI, Presidente e Consigliere della Regione Siciliana (Uachtarán Réigiún na Sicile agus Comhalta den Chomhairle Réigiúnach).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/1834 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún (IO L 372, 20.10.2021, lch. 11).


Top