This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1345
Council Decision (EU) 2023/1345 of 26 June 2023 on the position to be taken on behalf of the European Union within the ACP-EU Committee of Ambassadors as regards the amendment of Decision No 3/2019 of the ACP-EU Committee of Ambassadors to adopt transitional measures pursuant to Article 95(4) of the ACP-EU Partnership Agreement
Cinneadh (AE) 2023/1345 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE
Cinneadh (AE) 2023/1345 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE
ST/10680/2023/INIT
IO L 168, 3.7.2023, p. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 168/34 |
CINNEADH (AE) 2023/1345 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1) (‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’), síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE (2) (‘an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha’), tá feidhm le bheith ag an gcomhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2023. |
(2) |
De bhun Airteagal 95(4), an chéad fhomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua (‘an Comhaontú nua’) i mí Mheán Fómhair 2018. Ní bheidh an Comhaontú nua réidh le cur i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2023, dáta éaga an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, is gá an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE. |
(3) |
Le hAirteagal 95(4), an dara fomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, déantar foráil maidir le Comhairle na nAirí ACC-AE aon bhearta idirthréimhseacha a ghlacadh a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm. |
(4) |
De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, an 23 Bealtaine 2019 tharmlig Comhairle Airí ACC-AE na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE (3). Is faoi Choiste Ambasadóirí ACC-AE atá sé, dá bhrí sin, na bearta idirthréimhseacha a leasú de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas. |
(6) |
Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm chun leanúnachas a choinneáil ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, níl na bearta idirthréimhseacha leasaithe ceaptha chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú, faoi mar a fhoráiltear maidir leis sin in Airteagal 95(3) de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023, nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua idir an tAontas agus Stáit ACC i bhfeidhm nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, cibé acu is túisce.
2. Cuirfear forálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE i bhfeidhm i gcomhréir le cuspóir agus aidhm Airteagal 95(4) de.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).
(2) Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2] (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).
(3) Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle Airí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).