Pasirinkite eksperimentines funkcijas, kurias norite išbandyti

Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“

Dokumentas 32023D1303

    Cinneadh (CBES) 2023/1303 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

    ST/9436/2023/INIT

    IO L 161, 27.6.2023, p. 64—65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Dokumento teisinis statusas Galioja

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1303/oj

    27.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 161/64


    CINNEADH (CBES) 2023/1303 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Samhain 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES (1) lena mbunaítear Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah).

    (2)

    An 27 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1017 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh léi go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (3)

    An 28 Feabhra 2023, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar EU BAM Rafah agus ar EUPOL COPPS, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart síneadh a chur leis an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2025, i bhfoirm dhá shíneadh, bliain an ceann.

    (4)

    Agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, ba cheart, ag an gcéim seo, síneadh bliana a chur le EU BAM Rafah, go dtí an 30 Meitheamh 2024.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir.

    (6)

    Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    ‘Is é EUR 2 360 000,00 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.’;

    (2)

    in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    ‘Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2024.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES an 25 Samhain 2005 lena mbunaítear Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 327, 14.12.2005, lch. 28).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/1017 an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh léi go dtí an 30 Meitheamh 2023 (IO L 170, 28.6.2022, lch. 74).


    Į viršų