Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0723

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/723 ón gCoimisiún an 30 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    C/2023/2356

    IO L 94, 3.4.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/723/oj

    3.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 94/20


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/723 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Márta 2023

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus le toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil.

    (2)

    An 27 Márta 2023, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine nádúrtha amháin a bhaint den liosta daoine agus eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo sócmhainní maidir leo.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thar ceann an Uachtaráin

    Ard-Stiúrthóir

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht

    Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


    (1)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, scriostar an iontráil seo a leanas:

    “32. AINM: Amir Hamudi Hassan Al-Sa’di

    DÁTA BREITHE/ÁIT BHREITHE: an 5 Aibreán 1938, Bagdad

    NÁISIÚNTACHT: An Iaráic

    BUNÚS RÚN 1483 Ó CHOMHAIRLE SLÁNDÁLA NA NÁISIÚN AONTAITHE:

    Comhairleoir Eolaíochta an Uachtaráin;

    Leas-Ionadaí Sinsearach, Eagraíocht an Tionsclaithe Mhíleata, 1988 go 1991;

    Iar-Uachtarán, an Cór Teicniúil do Thionscadail Speisialta;

    Pasanna: Uimh. 33301/862

    Víosa eisithe: an 17 Deireadh Fómhair 1997

    In éag: an 1 Deireadh Fómhair 2005

    M0003264580

    Víosa eisithe: Neamhaithnid

    In éag: Neamhaithnid

    H0100009

    Víosa eisithe: Bealtaine 2001

    In éag: Neamhaithnid”


    Top