Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0629

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 212/2022 an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/629]

    IO L 85, 23.3.2023, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/629/oj

    23.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 85/21


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 212/2022

    an 8 Iúil 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/629]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1145 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seiceálacha ar árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i Montainéagró agus sa Ríocht Aontaithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 8f (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1358 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘8g.

    32021 D 1145: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1145 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seiceálacha ar árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth i Montainéagró agus sa Ríocht Aontaithe (IO L 247, 13.7.2021, lch. 100).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1145 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Iúil 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján Andri STEFÁNSSON


    (1)   IO L 247, 13.7.2021, lch. 100.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top