Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0626

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 209/2022 an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (An ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/626]

    IO L 85, 23.3.2023, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/626/oj

    23.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 85/16


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 209/2022

    an 8 Iúil 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (An ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/626]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/725 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10zi (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/534 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘10zj.

    32022 D 0724: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 28).

    10zk.

    32022 D 0725: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/725 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 31).

    10zl.

    32022 D 0726: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 34).’

    Airteagal 2

    Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11zi (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/534 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘11zj.

    32022 D 0724: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 28).

    11zk.

    32022 D 0725: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/725 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 31).

    11zl.

    32022 D 0726: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 134, 11.5.2022, lch. 34).’

    Airteagal 3

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/724, (AE) 2022/725 agus (AE) 2022/726 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Iúil 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

    Airteagal 5

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján Andri STEFÁNSSON


    (1)   IO L 134, 11.5.2022, lch. 28.

    (2)   IO L 134, 11.5.2022, lch. 31.

    (3)   IO L 134, 11.5.2022, lch. 34.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top