Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0619

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 202/2022 an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/619]

    IO L 85, 23.3.2023, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/619/oj

    23.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 85/3


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 202/2022

    an 8 Iúil 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/619]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán (AE) 2022/175 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair bhfuil sé beartaithe iad a phórú ón mBreatain Mhór isteach i dTuaisceart Éireann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/214 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/181 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí áirithe d’ainmhithe uisceacha idir na Ballstáit nó idir codanna díobh faoi réir bearta náisiúnta agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le stádas galair na hÉireann i ndáil le víreas heirpéis oisre-1μνar (OsHV-1μνar) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE.

    (5)

    Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13o (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1:

     

    ‘, arna leasú le:

    32022 D 0181: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/181 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 (IO L 29, 10.2.2022, lch. 40).’

    2.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1:

    ‘-

    32022 R 0214: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/214 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2022 (IO L 37, 18.2.2022, lch. 16).’

    3.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12 (Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 7.1:

    ‘-

    32022 R 0175: Rialachán (AE) 2022/175 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 (IO L 29, 10.2.2022, lch. 1).’

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2022/175 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/214 agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/181 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Iúil 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján Andri STEFÁNSSON


    (1)   IO L 29, 10.2.2022, lch. 1.

    (2)   IO L 37, 18.2.2022, lch. 16.

    (3)   IO L 29, 10.2.2022, lch. 40.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top