This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0556
Decision No 2020/05 Of The Regional Steering Committee Of The Transport Community on the rules on the reimbursement of expenses incurred by persons from outside the Permanent Secretariat of the Transport Community who are invited to attend meetings in an expert capacity [2023/556]
Cinneadh Uimh. 2020/05 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe [2023/556]
Cinneadh Uimh. 2020/05 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe [2023/556]
PUB/2022/530
IO L 73, 10.3.2023, p. 40–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
10.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 73/40 |
CINNEADH Uimh. 2020/05 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe [2023/556]
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, glactar leis na rialacha maidir le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe.
Leagtar na rialacha sin amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Sairéavó an 29 Iúil 2020,
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
IARSCRÍBHINN
MAIDIR LEIS NA RIALACHA I dTACA LE hAISÍOC SPEANSAS A THABHAIGH DAOINE ÓN TAOBH AMUIGH DE BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR A nIARRTAR ORTHU FREASTAL AR CHRUINNITHE I gCÁIL SAINEOLAITHE
Airteagal 1
1. Baineann na rialacha seo leis na daoine seo a leanas, ar a dtabharfar “saineolaithe seachtracha” anseo feasta:
(a) |
aon duine ón taobh amuigh den Chomhphobal Iompair a n-iarrtar air tuairim ghairmiúil shonrach a thabhairt os comhair coiste nó meithle, beag beann ar shuíomh an chruinnithe; |
(b) |
aon duine atá freagrach as duine faoi mhíchumas a áirítear faoi phointe (a) a thionlacan. |
2. D'fhéadfadh saineolaithe seachtracha a bheith ina saineolaithe san earnáil phríobháideach nó ina saineolaithe rialtais:
(a) |
is ionann saineolaithe san earnáil phríobháideach agus daoine aonair a sheasann don tsochaí shibhialta nó a oibríonn d'eagraíocht phríobháideach agus ar tugadh cuireadh dóibh a gcuid saineolais phearsanta a roinnt leis an gComhphobal Iompair nó ionadaíocht a dhéanamh ar a n-eagraíocht i réimse sonrach, ach gan leas tíre ar leith a chosaint; |
(b) |
Is ionann saineolaithe rialtais agus daoine aonair ar tugadh cuireadh dóibh mar ionadaithe ar údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Páirtí de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa nó ar cheap údarás acu sin iad sa cháilíocht sin. |
Airteagal 2
Ní bheidh an Bhuanrúnaíocht faoi dhliteanas i leith aon damáiste ábhartha, neamhábhartha nó fisiceach a bhaineann do shaineolaithe seachtracha nó do dhaoine atá freagrach as saineolaí seachtrach faoi mhíchumas a thionlacan le linn a thurais chuig áit an chruinnithe nó le linn dó fanacht ann, mura bhfuil an dochar sin inchurtha go díreach i leith na Buanrúnaíochta.
Go sonrach, ní bheidh an Comhphobal Iompair faoi dhliteanas i leith aon timpiste a bhaineann do shaineolaithe seachtracha a úsáideann a modh iompair féin chun taisteal chuig an gcruinniú.
Airteagal 3
1. Beidh na saineolaithe seachtracha ar fad i dteideal aisíocaíochta as a speansais taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí don fhad slí atá i gceist. Go ginearálta, taisteal traenach den dara grád a bheidh i gceist i gcás turais níos lú ná 400 km (bealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.
2. Déanfaidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta (an “Stiúrthóir”) iarracht go háirithe a chinntiú go n-eagrófar cruinnithe ar mhodh a chuirfidh ar chumas saineolaithe seachtracha leas a bhaint as na rátaí taistil is barainní. Déanfaidh an Stiúrthóir grinnscrúdú faoi leith ar aon iarraidh ar aisíocaíocht ina bhfuil eitiltí thar a bheith costasach i gceist. Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir aon seiceáil is gá a dhéanamh agus aon chruthúnas a iarraidh ar an saineolaí seachtrach chun na críche sin. Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir freisin, má tá údar leis de réir dealraimh, an aisíocaíocht a theorannú go dtí na rátaí a bhíonn i bhfeidhm de ghnáth ar an ngnáth-thuras ó áit oibre nó ó áit bhaile an tsaineolaí seachtraigh chuig áit an chruinnithe.
3. Aisíocfar na speansais taistil ach doiciméid tacaíochta a chur ar fáil: ticéid agus sonraisc nó, i gcás áirithintí ar líne, asphrionta na háirithinte leictreonaí agus cártaí bordála an turais amach. Ní mór grád an taistil, am an taistil agus an méid a íocadh a bheith le feiceáil ar na doiciméid a chuirfear ar fáil.
4. Aisíocfar an costas taistil i ngluaisteán príobháideach ar an ráta céanna le ticéad traenach den dara grád.
5. Mura bhfreastalaíonn traein ar an mbealach, aisíocfar an costas taistil i ngluaisteán príobháideach ar ráta EUR 0.22 in aghaidh an km.
6. Ní aisíocfar táillí tacsaí.
Airteagal 4
1. Íoctar an liúntas cothaithe laethúil (“LCL”) in aghaidh gach lae den chruinniú mar ráta comhréidh chun an caiteachas ar fad a chumhdach ag áit an chruinnithe, lena n-áirítear béilí agus iompar áitiúil (bus, tram, meitreo, tacsaí, páirceáil, dolaí mótarbhealaigh, etc.) mar shampla, chomh maith le hárachas taistil agus timpiste.
2. Is ionann LCL agus EUR 92.00.
3. Má tá 100 km nó níos lú idir an áit imeachta a luaitear sa chuireadh agus áit an chruinnithe, laghdófar LCL de 50 %.
4. Saineolaithe seachtracha a mbeidh orthu oíche amháin nó níos mó a chaitheamh ag áit an chruinnithe mar gheall nach réitíonn amanna na gcruinnithe le hamanna na n-eitiltí nó na dtraenacha (1), beidh siad i dteideal liúntais lóistín. Is ionann an liúntas sin agus EUR 100.00 in aghaidh na hoíche. Ní fhéadfaidh líon na n-oícheanta a bheith níos mó ná líon na laethanta cruinnithe + 1.
5. Féadfar liúntas lóistín breise agus LCL a íoc, go heisceachtúil, más amhlaidh go bhfaigheadh an saineolaí seachtrach laghdú ar an gcostas iompair arbh fhiú níos mó ná luach na liúntas sin é trí shíneadh ama a chur leis an bhfanacht.
6. Féadfar LCL agus/nó an liúntas lóistín a mhéadú de 50 % trí chinneadh réasúnaithe ón Stiúrthóir do shaineolaithe seachtracha ardleibhéil.
Airteagal 5
Nuair is léir nach leor na liúntais dá bhforáiltear in Airteagal 4, agus na speansais a thabhóidh saineolaithe faoi mhíchumas de dheasca a míchumais nó aon duine a bheidh á dtionlacan á gcur san áireamh, aisíocfar na speansais sin ar iarraidh ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.
Airteagal 6
1. Mura sonrófar a mhalairt sa litir chuiridh agus san iarraidh ar chruinniú a eagrú, beidh saineolaithe ón earnáil phríobháideach i dteideal LCL in aghaidh gach lae den chruinniú agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas lóistín freisin, ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n-onóir nach bhfaighidh siad liúntas nó liúntais den chineál céanna ó institiúid eile don chuairt chéanna. Áiritheoidh an Stiúrthóir go bhfuil na litreacha cuiridh agus an iarraidh ar an gcruinniú a eagrú ag teacht lena chéile.
2. Gheobhaidh saineolaithe rialtais LCL in aghaidh gach lae den chruinniú agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas lóistín freisin, ar choinníoll go ndéantar foráil dó sin i rialacha nós imeachta ábhartha an choiste nó na meithle agus ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n-onóir nach bhfaighidh siad liúntais den chineál céanna óna gcóras riaracháin féin don chuairt chéanna.
3. Féadfaidh an Stiúrthóir aisíoc speansas a thabhaigh saineolaithe seachtracha mar gheall ar threoracha speisialta a fuair siad i scríbhinn a údarú trí chinneadh réasúnaithe nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.
4. Déanfar gach aisíocaíocht ar chostais taistil, LCLanna agus liúntais lóistín chuig cuntas bainc aonair in aghaidh an tsaineolaí sheachtraigh.
5. Déanfar na haisíocaíochtaí ar chostais saineolaithe rialtais a chur i gcuntas in ainm an rialtais, in ainm aireachta de chuid an rialtais nó in ainm comhlachta phoiblí, in éagmais maolaithe ón rialtas, ó aireacht de chuid an rialtais nó ó chomhlacht poiblí.
Airteagal 7
1. Is é uaslíon na saineolaithe seachtracha a cheadófar in aghaidh an chruinnithe, bídís sin i dteideal aisíocaíocht speansas nó ná bídís, ná saineolaí amháin in aghaidh Páirtí Oirdheisceart na hEorpa agus in aghaidh an Bhallstáit AE a fuair cuireadh mar shaineolaí rialtais, agus an líon céanna saineolaithe ón earnáil phríobháideach.
2. Féadfaidh an Stiúrthóir imeacht ón riail a leagtar amach i mír 1, trí chinneadh réasúnaithe, i gcás cruinnithe comhpháirteacha de chuid roinnt coistí nó meithleacha.
Airteagal 8
1. Dréachtófar an t-ordú íocaíochta ar bhonn na hiarrata ar aisíocaíocht, arna chomhlíonadh agus arna shíniú mar is cuí ag an saineolaí seachtrach agus ag rúnaí an chruinnithe atá freagrach as láithreacht an tsaineolaí a dheimhniú.
2. Cuirfidh na saineolaithe seachtracha na doiciméid ar fáil do rúnaí an chruinnithe is gá chun lena n-aisíoc, le litir, facs nó ríomhphost ar a mbeidh postmharc nó dar dáta 30 lá féilire ar a mhéad tar éis lá deiridh an chruinnithe.
3. Aisíocfaidh an Bhuanrúnaíocht speansais na saineolaithe seachtracha laistigh de 30 lá féilire.
4. Mura féidir leis an saineolaí seachtrach údar cuí a thabhairt a nglacann an Stiúrthóir leis le cinneadh réasúnaithe, saorfar an Comhphobal Iompair ó aon dualgas speansais taistil a aisíoc nó aon liúntas a íoc i gcás nár comhlíonadh mír 2.
Airteagal 9
1. Aisíocfar speansais taistil in euro i gcás inarb iomchuí, ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ar lá an chruinnithe.
2. Aisíocfar LCL agus, i gcás inarb iomchuí, an liúntas lóistín, in euro ag an ráta comhréidh is infheidhme ar lá an chruinnithe.
Airteagal 10
Beidh feidhm ag na rialacha sin ón lá tar éis a nglactha.
(1) Go ginearálta, ní féidir a éileamh ar shaineolaithe seachtracha:
— |
a n-ionad oibre nó a mbaile nó áit an chruinnite a fhágáil roimh 7 am (stáisiún nó modh iompair eile) nó 8 am (aerfort); |
— |
áit an chruinnithe a bhaint amach tar éis 9 pm (aerfort) nó 10 pm (stáisiún nó modh iompair eile). |