Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0553

    Cinneadh Uimh. 2019/3 Ó Choiste Stiúrth Réigiúnach An Chomhphobail Iompair [2023/553] an 5 Meitheamh 2019 a bhaineann le:rialacha a ghlacadh maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair;Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair a ghlacadh;fógraí folúntais a ghlacadh do Stiúrthóir agus do Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

    PUB/2022/611

    IO L 73, 10.3.2023, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/553/oj

    10.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 73/37


    CINNEADH Uimh. 2019/3 Ó CHOISTE STIÚRTH RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR [2023/553]

    an 5 Meitheamh 2019

    a bhaineann le:

    rialacha a ghlacadh maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair;

    Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair a ghlacadh;

    fógraí folúntais a ghlacadh do Stiúrthóir agus do Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

    TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

    Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    Leis seo, glactar na rialacha maidir le hearcú, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1 den Chinneadh seo.

    Airteagal 2

    Leis seo, glactar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Chinneadh seo.

    Airteagal 3

    Glactar na fógraí folúntais do Stiúrthóir agus do Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair atá i gceangal leis an gcinneadh seo.

    Arna dhéanamh i dTiorána, an 5 Meitheamh 2019.

    Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

    An tUachtarán


    Top