Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0550

    Moladh (AE) 2023/550 ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 maidir le Cláir Tacaíochta Náisiúnta don Phleanáil maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1524)

    C/2023/1524

    IO L 73, 10.3.2023, p. 23–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/550/oj

    10.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 73/23


    MOLADH (AE) 2023/550 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Márta 2023

    maidir le Cláir Tacaíochta Náisiúnta don Phleanáil maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1524)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1) leagtar síos an cuspóir geilleagar aeráidneodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050. Iarrtar sa Chomhaontú laghdú 90 % ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar. Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (2), cuireadh bearta chun cinn chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear bearta chun soghluaisteacht uirbeach atá inbhuanaithe cliste sábháilte agus sláintiúil a chur chun cinn.

    (2)

    Sa Teachtaireacht maidir le Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí (3) tugtar tús áite do réitigh iompair níos inbhuanaithe – iompar comhchoiteann agus poiblí, soghluaisteacht chomhroinnte, an siúl agus an rothaíocht – agus é d’aidhm aige a n-úsáid a mhéadú ar mhaithe le soghluaisteacht ó dhoras go doras atá níos fearr agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus, ag an am céanna, chun rannchuidiú le sláinte agus folláine na saoránach.

    (3)

    Rannchuidíonn an tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe le sraith beartas Eorpach atá dírithe ar shoghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn (4), ar cháilíocht an aeir agus ar an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, agus ag an am céanna comhthairbhí a chruthú do shláinte agus d’fholláine na saoránach. Pleanáil éifeachtach maidir le soghluaisteacht uirbeach, is rud é sin a chuideoidh le beartais Eorpacha agus náisiúnta sa réimse sin a chur chun cinn go díreach ar an leibhéal áitiúil. Mar a léiríodh sa Teachtaireacht maidir leis an bhFís Fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais (5) agus Plean Gniomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an Tuath a ghabhann leis, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an tsoghluaisteacht uirbeach, pheirea-uirbeach agus tuaithe a chomhtháthú ar bhealach níos fearr chun réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe a chur chun cinn.

    (4)

    Leis an bpacáiste soghluaisteachta uirbí ó 2013 (6) tugadh isteach Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) mar chreat do chathracha agus do bhailte chun freagairtí ar dhúshláin bheartais a bhaineann leis an tsoghluaisteacht uirbeach a phleanáil agus a chur chun feidhme sa limistéar uirbeach feidhmiúil iomlán. Ó shin i leith, tá an Coimisiún ag spreagadh glacadh forleathan SUMPanna mar bhunchloch bheartas soghluaisteachta uirbí na hEorpa. Bhain údaráis áitiúla, pleanálaithe agus páirtithe leasmhara úsáid fhorleathan as an gcoincheap agus as na treoirlínte Eorpacha maidir le SUMPanna. Is léir gur uirlis éifeachtach láidir sholúbtha é ar féidir le cathracha brath air chun bearta soghluaisteachta uirbí a phleanáil.

    (5)

    I dTuarascáil Speisialta 06/2020: Sustainable Urban Mobility in the EU [An tSoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe san Aontas Eorpach] (7), chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtábhacht gurb iad na Ballstáit agus a gcathracha atá freagrach as beartais soghluaisteachta uirbí a bhainistiú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Chinn an Chúirt nach raibh bearta soghluaisteachta uirbí áitiúla comhsheasmhach i gcónaí le cuspóirí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe. Le cláir thacaíochta an Phlean Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMP) rannchuideofar le naisc idir coincheap SUMP agus pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe áitiúla a fheabhsú.

    (6)

    Sa Rialachán athbhreithnithe maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt (8) moltar go ndéanfaidh nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T SUMP a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis agus sonraí ábhartha soghluaisteachta uirbí a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Maidir le ceanglais i dtaca le bailiú sonraí agus tuairisciú, leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme ina dhiaidh sin liosta na dtáscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus a modheolaíocht ríofa. Tar éis ghlacadh an ghnímh sin, is iad na ceanglais sin an t-aon cheanglas ceangailteach SUMP a bheidh ann ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh cláir thacaíochta náisiúnta SUMP saineolas ar fáil do nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T chun cabhrú leo na ceanglais sin a chomhlíonadh.

    (7)

    Tá dúshláin roimh chathracha maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn a mbearta soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe trí tháscairí a úsáid. Tá gá le hacmhainní riaracháin agus airgeadais chun sonraí a bhailiú agus is minic a bhíonn deacrachtaí ag cathracha rochtain a fháil ar shonraí atá ar fáil atá i seilbh údarás náisiúnta agus réigiúnach agus comhlachtaí eile. Ba cheart do na Ballstáit bailiú, comhroinnt agus úsáid sonraí a éascú trí lárphointí rochtana agus spásanna sonraí díláraithe. Cabhróidh sé sin le cathracha feabhas a chur ar a gcórais faireacháin sna blianta amach romhainn.

    (8)

    Tá coimre d’ábhair threoraíochta neamhcheangailteacha SUMP (9) agus d’ábhair thagartha, ábhair a forbraíodh mar chuid de thionscadail chomhchistithe an Aontais, ar fáil freisin do gach cathair chun tacú leo a gcuid SUMPanna féin a ullmhú agus a chur chun feidhme. Iarrtar ar chathracha an fhoinse faisnéise seo a úsáid de réir mar is iomchuí dá gcuid riachtanas féin. Ba cheart do ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht uirbeach (10) cuidiú leis an gcoimre de threoraíocht neamhcheangailteach SUMP a chomhlánú agus a chuíchóiriú.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit tacú le cathracha chun SUMPanna a ullmhú chun cuidiú leo feabhas a chur ar cháilíocht a gcuid SUMPanna agus na pleananna sin a ailíniú níos fearr le creat an Aontais.

    (10)

    Ar deireadh thiar, is iad na cathracha a bhíonn freagrach as a gcuid SUMPanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus as na bearta iontu a chur chun feidhme.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    1.   CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME

    1.1.   Réamhrá

    Leis an bPacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013, tugadh isteach coincheap SUMPanna (11) mar bhunchloch do chreat do bhailte, do chathracha agus do réigiúin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le beartas soghluaisteachta uirbí. Ní mór coincheap SUMP a thabhairt cothrom le dáta chun straitéisí nua an Aontais a léiriú agus chun tosaíochtaí beartais nua a chomhtháthú. Leagtar amach coincheap SUMP san Iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh reatha.

    Bunaithe ar choincheap SUMP, cuireann treoirlínte SUMP comhairle ar chathracha maidir le próiseas chun a gcuid SUMPanna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

    Le deich mbliana anuas, tá an coincheap curtha chun cinn ag an gCoimisiún agus tá sé in úsáid go forleathan ag go leor cathracha ar fud an Aontais ar bhonn deonach chun a n-aistriú chuig soghluaisteacht uirbeach atá tarraingteach cuimsitheach inbhuanaithe a phleanáil.

    Cathracha a chuireann coincheap SUMP i bhfeidhm, is léir dóibh gur uirlis éifeachtach chuimsitheach agus sholúbtha é, a théann thar theorainneacha riaracháin na gcathracha chun “limistéar uirbeach feidhmiúil” a chumhdach, agus naisc chúlchríche agus sreafaí comaitéara agus naisc uirbeacha-thuaithe á gcur san áireamh.

    I nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí (12) cuireadh in iúl gur creat pleanála fadtéarmach comhsheasmhach iad SUMPanna a bhfuil baint ag na páirtithe ábhartha uile leis. Léiríodh athléimneacht an choincheapa go háirithe le linn phaindéim COVID-19, ós rud é go raibh go leor cathracha a raibh SUMP acu in ann a mbeartais soghluaisteachta a oiriúnú go tapa agus go héifeachtúil. Ina dhiaidh sin, bhí siad in ann athruithe a dhéanamh ar a gcórais soghluaisteachta ar bhealach níos éasca ná na cathracha nach raibh pleananna inchomparáide acu. In a lán cásanna, rinneadh cur síos cheana féin ar nósanna imeachta éigeandála agus athléimneachta sna SUMPanna a bhí ann cheana.

    Mar sin féin, sainaithníodh sa mheastóireacht ar Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí 2013 gur easnamh mór a bhí i nglacadh míchothrom SUMPanna ar fud na mBallstát. Níl SUMP fós ag go leor bailte agus cathracha agus tá éagsúlacht shuntasach ann maidir le caighdeán na SUMPanna atá ann. Tá éagothroime soiléire ann freisin idir na Ballstáit maidir le cumhdach foriomlán cathracha le SUMPanna.

    Dá bhrí sin, is dírithe chuig na Ballstáit atá an Moladh seo.

    1.2.   An gá le gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát

    Bunaithe ar an taithí fhairsing a fuarthas agus coincheap SUMP á úsáid ó 2013 i leith, is léir ón meastóireacht a rinneadh ar Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí 2013 gur saincheisteanna i gcónaí iad an acmhainneacht agus an saineolas, go háirithe i gcathracha beaga agus meánmhéide, chomh maith leis an easpa rannpháirtíochta agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta.

    Léiríonn sé sin go bhfuil gá ginearálta ann comhsheasmhacht le coincheap SUMP a áirithiú agus comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanann cathracha agus limistéir uirbeacha chun a bpleananna soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

    Mar a thugtar le fios i gCreat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí, is gá rialachas agus úinéireacht a neartú ar an leibhéal náisiúnta, chun creat tacaíochta a bhunú d’fhonn SUMPanna a ailíniú ar bhealach níos dlúithe leis an gcoincheap SUMP, agus imthosca áitiúla, cleachtais phleanála agus socruithe institiúideacha á gcur san áireamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

    1.3.   Nasc chuig TEN-T

    Leis an togra le haghaidh Rialachán TEN-T athbhreithnithe (13) áiritear ról na gcathrach mar nóid ríthábhachtacha le haghaidh iompair atá inbhuanaithe sábháilte, éifeachtach agus ilnóideach ar fud na Eorpa agus níos faide i gcéin. Chun feidhmiú éifeachtach ghréasán TEN-T a chumasú, mhol an Coimisiún go n-áiritheoidh na Ballstáit maidir le nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T go nglacfaidh siad SUMP agus go mbaileoidh siad sonraí ábhartha soghluaisteachta uirbí faoin 31 Nollaig 2025.

    Ba cheart do nóid uirbeacha tionchar na mbeart soghluaisteachta uirbí éagsúla ar shreafaí tráchta, idir phaisinéirí agus lasta, feadh ghréasán TEN-T a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta a áirithiú go mbeidh idirthuras rianúil ann trí nóid uirbeacha, timpeall ar nóid uirbeacha nó idirnascadh rianúil ann laistigh de na nóid uirbeacha, go háirithe le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart do bhearta cuidiú le brú tráchta a mhaolú, sciar an iompair phoiblí agus modhanna gníomhacha iompair a mhéadú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus deireadh a chur le scrogaill tráchta a dhéanann difear do shreabha tráchta ar ghréasán TEN-T.

    Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Moladh seo freisin tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit agus do chathracha maidir le conas is féidir leo ullmhú do chomhlíonadh na gceanglas atá beartaithe maidir le nóid uirbeacha.

    Tá an moladh seo gan dochar do Rialachán athbhreithnithe TEN-T a ghlacadh amach anseo, rialachán a bheidh bunaithe ar an togra thuasluaite agus aon oibleagáid maidir le SUMP atá sa mholadh sin.

    1.4.   Comhordú ar an leibhéal áitiúil le haghaidh sineirgí idir cineálacha cur chuige na pleanála earnála agus spásúlachta

    Chun SUMPanna a fhorbairt, tá gá le cur chuige comhtháite lena dtugtar aghaidh ar dhá ghné: an tsoghluaisteacht uirbeach a chomhtháthú i bpleanáil gréasáin le haghaidh córas iompair (“cur chuige gréasáin”) agus comhtháthú le straitéis trasearnála le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe (“cur chuige áitbhunaithe”).

    Tá an t-iompar ina chuid ríthábhachtach de chur chuige éifeachtúil agus éifeachtach i leith cur chuige pleanála spásúlachta comhtháite ar an leibhéal uirbeach/áitiúil. Dá bhrí sin, ba cheart SUMPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le pleananna soghluaisteachta áitiúla agus réigiúnacha, le pleananna spásúlachta agus le pleananna earnála ábhartha. Chomh maith le SUMPanna a ailíniú níos fearr le cuspóirí beartais earnála, laghdaíonn sé sin an t-ualach riaracháin ar údaráis áitiúla freisin.

    Ba cheart do na Ballstáit comhoiriúnacht spriocanna beartais earnála agus pleanáil soghluaisteachta uirbí agus comhleanúnachas eatarthu a áirithiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    tacú le cathracha beartais uirbeacha áitiúla, straitéisí áitiúla agus doiciméid phleanála áitiúla a dhéanamh de spriocanna Eorpacha agus náisiúnta, amhail SUMPanna, Pleananna Lóistíochta Uirbí Inbhuanaithe, Pleananna Gníomhaíochta don Fhuinneamh Inbhuanaithe agus don Aeráid, Conarthaí Aeráide, agus Comhaontuithe Glasa Cathrach;

    aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar shainiúlachtaí na gcathracha agus na limistéar uirbeach i straitéisí agus i ndoiciméid phleanála náisiúnta nó réigiúnacha uileghabhálacha, amhail pleananna maidir le hiompair náisiúnta agus réigiúnacha, creataí beartais náisiúnta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid, pleananna náisiúnta maidir le fuinneamh agus aeráid, beartais sláinte poiblí; straitéisí forbartha uirbí inbhuanaithe;

    aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar shainiúlachtaí na gcathracha agus na limistéar uirbeach i ngníomhaíochtaí náisiúnta maidir le gealltanais Eorpacha agus idirnáisiúnta, amhail an Seimeastar Eorpach agus pleananna oibre maidir le Conair Chroíghréasáin TEN-T.

    2.   Clár tacaíochta náisiúnta SUMP

    2.1.   Cuspóirí

    Iarrann an Coimisiún ar gach Ballstát clár tacaíochta náisiúnta SUMP a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar thacú le cathracha, ar rialachas a neartú agus ar chomhordú náisiúnta a mhéadú, ar bheartais soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a phleanáil agus a nglacadh a áirithiú, agus ar chomhordú a fheabhsú idir réigiún, cathracha agus bailte, agus idir ceantair uirbeacha agus thuaithe.

    2.2.   Raon feidhme an chláir

    I gcláir thacaíochta náisiúnta SUMP, ba cheart go n-áireofaí bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    treoraíocht náisiúnta a fhorbairt maidir le pleanáil soghluaisteachta uirbí bunaithe ar choincheap nuashonraithe SUMP, a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh reatha ón gCoimisiún, agus Treoirlínte SUMP (14) á gcur san áireamh, lena dtugtar aghaidh ar shoghluaisteacht paisinéirí, ar iompar lastais agus ar lóistíocht ar bhealach comhtháite;

    cúnamh teicniúil agus tacaíocht shaineolach a chur ar fáil;

    cur chuige náisiúnta a fhorbairt chun SUMPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme ar fud cathracha, i gcomhar le limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe timpeall ar an cathair, lena gcumhdaítear an limistéar uirbeach feidhmeach iomlán (an chathair agus a chrios comaitéireachta);

    líonra náisiúnta na réigiún, na gcathracha agus na mbailte a bheochan chun an phiarfhoghlaim a chothú agus chun an dea-chleachtas a roinnt, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus limistéir iargúlta eile, limistéir oileánda, fhorimeallacha agus limistéir inar tearc an daonra;

    clár oiliúna do chathracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear fothú acmhainní;

    tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chathracha chun acmhainneacht riaracháin a earcú agus a choinneáil agus chun saineolaithe a earcú go sealadach;

    feachtais chumarsáide agus gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le SUMPanna a eagrú agus a chomhordú;

    feasacht a mhúscailt maidir leis an bhfaisnéis agus leis an treoraíocht a fhoilsítear ar thairseach na Faireachlainne Eorpaí um Shoghluaisteacht Uirbeach (15);

    athbhreithniú a dhéanamh ar conas cáilíocht SUMPanna a fheabhsú agus comhairle a thabhairt ina leith i gcomhréir le coincheap SUMP; éascóidh sé sin forbairt SUMPanna i gcás ina mbeidh sí sin ina coinníoll le haghaidh maoiniú poiblí nó príobháideach;

    scagadh a dhéanamh ar an gcreat reachtach náisiúnta le haghaidh bacainní ar fhorbairt SUMPanna éifeachtacha i gcathracha

    cuidiú leis na húdaráis ábhartha feabhas a chur ar an gcomhordú maidir le soláthar bonneagair iompair agus seirbhísí sa limistéar uirbeach feidhmiúil;

    cuidiú leis na húdaráis áitiúla an comhordú idir SUMPanna agus an phleanáil spásúlachta a chomhtháthú agus a fheabhsú, agus feabhas a chur ar ailíniú agus ar shineirgí le Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus um Ghníomhú ar son na hAeráide, le Pleananna Lóistíochta Uirbí Inbhuanaithe agus le pleananna ábhartha eile;

    faireachán ar chur chun feidhme SUMP a threisiú, trí shásraí a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a thomhas maidir le spriocanna agus cuspóirí SUMPanna a bhaint amach;

    táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a ríomh, ag leanúint mhodheolaíocht an Choimisiúin (16), bailiú sonraí a chomhordú agus tacú leis agus rochtain ar shonraí náisiúnta, réigiúnacha nó príobháideacha, chomh maith le comhroinnt agus úsáid na sonraí sin a éascú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun táscairí soghluaisteachta uirbí a ríomh;

    faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais earnála a bhaint amach, lena n-áirítear dícharbónú agus sábháilteacht ar bhóithre; tacú le cathracha chun sásraí bailithe sonraí imdhealaithe a fhorbairt, lena n-áirítear de réir inscne;

    na codanna a bhaineann le cathracha agus le pleananna náisiúnta de thairseach na Faireachlainne Eorpaí um Shoghluaisteacht Uirbeach a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

    tacú le cur chun feidhme gnéithe soghluaisteachta uirbí den Misean maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste.

    Ba cheart raon feidhme an chláir tacaíochta a chinneadh i gcomhar leis na cathracha agus na réigiúin agus ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh air bunaithe ar a riachtanais agus ar an aiseolas a fhaightear uathu.

    2.3.   Maoiniú agus dearbhú cáilíochta

    Is creat éifeachtach iad SUMPanna chun infheistíochtaí soghluaisteachta uirbí, idir phoiblí agus phríobháideach, a phleanáil agus a chur i gcrich.

    Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun eolas a thabhairt maidir le deiseanna cistiúcháin agus tacú leo, chun cáilíocht SUMPanna a fheabhsú agus chun iad a ailíniú níos dlúithe le coincheap SUMP.

    Tá réimse leathan uirlisí cistiúcháin agus maoinithe Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha ann ar féidir leo tacú le próisis SUMP, amhail na huirlisí seo a leanas:

    Saoráid um Chónascadh na hEorpa;

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, lena n-áirítear Interreg agus URBACT;

    an clár Fís Eorpach, lena n-áirítear na Misin agus gníomhaíochtaí CIVITAS;

    an Clár InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus REPowerEU;

    an Clár don Eoraip Dhigiteach;

    an tAistriú Cóir;

    an Ciste don Nuálaíocht;

    an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do Bhallstáit an Aontais;

    scéimeanna náisiúnta;

    maoiniú príobháideach (e.g. bannaí glasa).

    Thairis sin, an Pobal Eolais agus Nuálaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Uirbeach atá ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, cuireann an Pobal sin tacaíocht ar fáil do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha i gcur chun feidhme a gcuid SUMPanna.

    2.4.   Bainistiú na gclár SUMP ar an leibhéal náisiúnta

    Ba cheart do na Ballstáit oifig um bainistiú na gclár náisiúnta SUMP a ainmniú mar phointe fócasach le haghaidh saincheisteanna SUMP a bhaineann le cathracha agus le limistéir uirbeacha. Ba cheart na hoifigí sin a bhunú i gcomhar le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

    Ba cheart an saineolas teicniúil ábhartha agus na hacmhainní dlíthiúla, airgeadais agus daonna ábhartha a bheith ag na hoifigí chun an clár tacaíochta náisiúnta SUMP a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

    Ba cheart na hoifigí sin a bheith neodrach trédhearcach agus ba cheart dóibh réigiúin, cathracha agus ceantair thuaithe a tharraingt isteach ina gcuid oibre. Ba cheart grúpa saineolaithe comhairle a thabhairt dóibh, grúpa ina bhfuil ionadaithe ó aireachtaí, ó réigiúin, cathracha agus ceantair thuaithe ábhartha agus ón saol acadúil, mar aon le páirtithe leasmhara eile i réimse na soghluaisteachta uirbí.

    D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag an sainghrúpa sin maidir le clár tacaíochta náisiúnta SUMP a dhearadh agus a mheasúnú, treoirdhoiciméid náisiúnta SUMP a fhormhuiniú, sin agus bheith ina fhóram saineolaithe neamhspleách chun a chinntiú go gcuirtear treoraíocht Eorpach agus náisiúnta i ndáil le SUMP chun feidhme i gceart. Ba cheart do na Ballstáit cur leis na scéimeanna tacaíochta do chathracha atá ann cheana. Scéimeanna atá ann cheana agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal fonáisiúnta agus réigiúnach, ba cheart do na hoifigí um bainistiú na gclár na scéimeanna sin a thabhairt le chéile chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, lena n-áirítear na srianta sonracha a bhaineann le ceantair iargúlta agus fhorimeallacha agus leis na réigiúin is forimeallaí.

    D’fhéadfadh na hoifigí a bheith lonnaithe in aireacht, gníomhaireacht nó sainchomhlacht, ag brath ar chóras riaracháin an Bhallstáit. D’fhéadfadh oifigí réigiúnacha comhlánú a dhéanamh ar na hoifigí náisiúnta, go háirithe sna Ballstáit is mó nó i mBallstáit chónaidhme.

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is iad na cathracha is ceart a bheith freagrach as a gcuid SUMPanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

    2.5.   Idirghníomhaíocht na n-oifigí um bainistiú na gclár náisiúnta leis an gCoimisiún Eorpach

    Na hoifigí um bainistiú na gclár náisiúnta, ba cheart dóibh gníomhú mar phríomhphointe teagmhála na mBallstát leis an gCoimisiún le haghaidh malartuithe agus comhordú maidir le seirbhísí tacaíochta SUMP.

    Tá tacú le cur chun feidhme SUMP ar cheann de phríomhchúraimí an tsainghrúpa maidir le soghluaisteacht uirbeach, grúpa a bunaíodh i ndiaidh ghlacadh Chreat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí, grúpa ina dtagann ionadaithe ó na Ballstáit, ó réigiúin agus ó chathracha mar aon le páirtithe leasmhara eile le chéile chun beartas soghluaisteachta uirbí an Aontais a phlé, lena n-áirítear i ndáil le SUMPanna. Dá bhrí sin, ba cheart do na hoifigí um bainistiú na gclár náisiúnta comhordú go dlúth le hionadaithe a mBallstát sa ghrúpa saineolaithe agus rannchuidiú go gníomhach leis an ngrúpa.

    2.6.   An Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí

    Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi ghníomhaíochtaí a dhéantar i bhfianaise an Mholta seo. Ba cheart an fhaisnéis a tharchur den chéad uair bliain amháin tar éis ghlacadh an Mholta seo.

    Ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis a tharchuirfear:

    an clár tacaíochta náisiúnta SUMP;

    sonraí teagmhála na hoifige um bainistiú na gclár náisiúnta SUMP;

    plean oibre na hoifige um bainistiú na gclár tacaíochta náisiúnta SUMP;

    achoimre ar na tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme an phlean oibre (lena n-áirítear dul chun cinn cainníochtaithe i ndáil le heochairtháscairí feidhmíochta, príomh-gharspriocanna agus saincheisteanna féideartha a sainaithníodh mar aon le gníomhaíochtaí maolaithe atá beartaithe) agus na ceachtanna a foghlaimíodh.

    3.   Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  COM(2019) 640 final.

    (2)  COM(2020) 789 final.

    (3)  COM(2021) 811 final.

    (4)  Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 188, 12.7.2019, lch. 116).

    (5)  COM(2021) 345 final

    (6)  COM (2013) 913 final.

    (7)  Special report 06/2020 [Tuarascáil speisialta 06/2020]: Sustainable Urban Mobility in the EU [An tSoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe san Aontas Eorpach]:: No substantial improvement is possible without Member States’ commitment [Ní féidir aon fheabhsú suntasach a dhéanamh gan gealltanas na mBallstát]

    (8)  COM(2021) 812 final.

    (9)  Is é atá i dtreoraíocht SUMP Treoirlínte SUMP maidir le SUMP agus ábhar tagartha breise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus tá siad ár fáil ar thairseach na Faireachlainne um Shoghluaisteacht Uirbeach, ELTIS; https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides.

    (10)  Cinneadh C(2022) 5320 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht uirbeach; An Grúpa Saineolaithe maidir le Soghluaisteacht Uirbeach.

    (11)  Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013Together towards competitive and resource-efficient urban mobility [Le chéile chun soghluaisteacht atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach], COM(2013) 913 final.

    (12)  COM(2021) 811 final.

    (13)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, COM(2021) 812 final.

    (14)  Treoirlínte SUMP chun SUMPanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme, atá ar fáil ar thairseach ELTIS, Faireachlann Eorpach um shoghluaisteacht uirbeach; https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines.

    (15)  https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides

    (16)  https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/clean-transport-urban-transport/sumi_en


    IARSCRÍBHINN

    Coincheap cothrom le dáta le haghaidh pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe

    1.   RÉAMHRÁ

    Plean straitéiseach atá deartha chun na riachtanais soghluaisteachta a chomhlíonadh atá ar dhaoine agus ar ghnólachtaí i gcathracha agus ina limistéir máguaird le haghaidh cáilíocht saoil níos fearr is ea plean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (PSUI). Is creat aonair é chun dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna soghluaisteachta uirbí ar fad le haghaidh an limistéir uirbigh fheidhmiúil iomláin. Soláthraíonn PSUI cur chuige atá cuimsitheach, solúbtha, athléimneach agus faoi stiúir físe trí bheith ina phlean soghluaisteachta fadtéarmach ina bhfuil pacáistí beart a thugann aghaidh ar chuspóirí agus spriocanna gearrthéarmacha ar féidir dlús a chur lena mbaint amach mar fhreagairt ar riachtanais athraitheacha.

    Ó bhí 2013 ann tá an Coimisiún ag spreagadh glacadh forleathan PSUInna mar bhunchloch a bheartais soghluaisteachta uirbí. Léirítear leis sin acmhainneacht PSUI cuidiú le bailte, cathracha agus réigiúin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna ina n-athrú i dtreo na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus cáilíocht saoil níos fearr a áirithiú. D’iarr an Pacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013 (1) ar na húdaráis áitiúla PSUInna a chur i gcroílár a gcur chuige maidir le saincheisteanna soghluaisteachta uirbí. Foilsíodh treoirlínte gaolmhara AE chun tacú leis na húdaráis áitiúla le linn an phróisis PSUI.

    Le blianta beaga anuas, forbraíodh méid ollmhór comhairle agus treoraíochta leis an bpobal pleanála soghluaisteachta uirbí, agus cuireadh tacar doiciméad treoraíochta comhlántach maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le PSUInna ar fáil ina dhiaidh sin do chathracha agus páirtithe leasmhara i bhFaireachlann an Aontais Eorpaigh um Shoghluaisteacht Uirbeach (2). Tá uirlis féinmheasúnaithe ann freisin chun cuidiú le cathracha láidreachtaí agus laigí a gcuid PSUInna a thuiscint (3).

    Tháinig coincheap bunaidh PSUI (4) chun cinn sa Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013 agus bhí ocht bpríomhphrionsabal threoracha ann. Sa choincheap PSUI atá ann faoi láthair coinnítear iad agus tugtar cothrom le dáta na rudaí is gá a thabhairt cothrom le dáta.

    1.1.   Comhthéacs

    I gcomhréir le Cairt Leipzig Nua (5), Is gá do chathracha straitéisí forbartha uirbí atá comhtháite agus inbhuanaithe a bhunú agus a gcur chun feidhme a áirithiú don chathair ina hiomláine, idir a limistéir fheidhmiúla agus a comharsanachtaí.

    Dá bhrí sin, tá an phleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe ríthábhachtach le haghaidh na soghluaisteachta éifeachtaí inbhuanaithe i gcathracha, na nóid uirbeacha TEN-T san áireamh, agus tá tábhacht léi freisin le haghaidh fheidhmiú foriomlán an ghréasáin agus chun teagmhas agus athléimneacht a áirithiú i gcás mórdhúshlán.

    Tá sé beartaithe go gcomhlíonfaidh nóid uirbeacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann le PSUI in Iarscríbhinn V a ghabhann le togra an Choimisiún le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T (6). Tá an coincheap sin gan dochar d’aon oibleagáid cheangailteach le haghaidh nóid uirbeacha a bhaineann le glacadh PSUInna agus a n-ábhar a leagfar síos i Rialachán athbhreithnithe TEN-T a bheidh ann amach anseo. Agus é ag tógáil ar na ceanglais bheartaithe sin, soláthraíonn an coincheap sin tuilleadh faisnéise agus leagann sé amach na comhpháirteanna molta is gá chun PSUI a fhorbairt, bíodh cathair ina nóid uirbeach nó na bíodh.

    1.2.   Cúiseanna leis an gcoincheap PSUI a thabhairt cothrom le dáta

    Agus na mórfhorbairtí a tharla le cúpla bliain anuas agus an taithí phraiticiúil a fuarthas le deich mbliana anuas ón gcoincheap a chur chun feidhme á gcur san áireamh, tá deis ann anois é a thabhairt cothrom le dáta, ionas gur féidir le PSUInna rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le cuspóirí agus gealltanais iompair, aeráide, sláinte agus sochaí an Aontais atá ag éirí níos uaillmhianaí a bhaint amach.

    Na línte beartais atá ann faoi láthair, leagtar amach iad, go háirithe, sa Chomhaontú Glas don Eoraip (7), sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (8), agus sa Chreat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach (9). Sa phacáiste “Oiriúnach do 55” (10) agus sa phacáiste um an tSoghluaisteacht Éifeachtúil Ghlas agus i bpacáiste REPowerEU (11), chuir an Coimisiún tograí reachtacha ábhartha chun cinn le déanaí. An rud is tábhachtaí fós, is gá don choincheap PSUI gnéithe aeráide agus fuinnimh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, agus aghaidh á tabhairt ar an tsábháilteacht, ar an gcuimsitheacht agus ar an inrochtaineacht, agus ar na gnéithe iompair lasta agus lóistíochta den iompar áitiúil.

    Go sonrach, sa Chreat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach deirtear gur cheart don choincheap PSUI uasghrádaithe é a shoiléiriú gurb é an tosaíocht tús áite a thabhairt do réitigh inbhuanaithe lena n-áirítear an t-iompar gníomhach, an t-iompar comhchoiteann agus an t-iompar poiblí agus an tsoghluaisteacht chomhroinnte (lena n-áirítear le haghaidh naisc uirbeacha-thuaithe), agus gnéithe athléimneachta mar aon le pleananna don lóistíocht uirbeach inbhuanaithe, agus iad bunaithe ar fheithiclí agus ar réitigh astaíochtaí nialasacha, á gcomhtháthú go hiomlán. Ba cheart é a chomhlánú a thuilleadh, agus an gá le táscairí agus ceanglais shonracha maidir le PSUInna le haghaidh na nód uirbeach TEN-T (12) a réamh-mheas.

    Ar deireadh, is gá d’uirlisí pleanála i réimsí na soghluaisteachta, an fhuinnimh, na hinbhuanaitheachta agus na húsáide talún comhlánú níos mó a dhéanamh ar a chéile. Ar an gcaoi sin, cruthóidh an coincheap athbhreithnithe naisc níos dlúithe freisin idir PSUInna agus pleananna uirbeacha ábhartha eile a chumhdaíonn fuinneamh agus an aeráid, go háirithe Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide.

    2.   COINCHEAP LE HAGHAIDH PSUINNA

    Cuireann an coincheap seo i láthair cur chuige molta maidir le PSUInna le haghaidh limistéir uirbeacha gan beann ar a méid. Ba cheart PSUI a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail threoracha seo a leanas.

    2.1.   Spriocanna agus cuspóirí soiléire intomhaiste

    Tá sé de phríomhaidhm ag PSUI an limistéar uirbeach feidhmiúil (13) a bhfuil sé beartaithe dó a dhéanamh níos inrochtana agus soghluaisteacht íseal-astaíochtaí atá sábháilte, inbhuanaithe agus d’ardcháilíocht a sholáthar go dtí an limistéar sin, tríd an limistéar sin agus sa limistéar sin. Go háirithe, ba cheart dó tacú leis an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus le cur chun feidhme córais iompair uirbigh lena rannchuidítear le feidhmíocht fhoriomlán níos fearr an ghréasáin iompair, go háirithe trí bhonneagar a fhorbairt le haghaidh cúrsaíocht rianúil feithiclí astaíochtaí nialasacha chomh maith le moil ilmhodhacha paisinéirí chun naisc an chéad mhíle agus naisc an mhíle dheireanaigh a éascú, agus críochfoirt ilmhodhacha lasta a fhreastalaíonn ar limistéir uirbeacha.

    Dá bhrí sin, ba cheart spriocanna agus cuspóirí sonracha a bheith in PSUI chun tacú le forbairt córais iompair uirbigh:

    atá sábháilte, inrochtana, inacmhainne agus cuimsitheach do gach úsáideora, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus a chuireann san áireamh gné na hinscne agus an t-athrú déimeagrafach;

    a fhreastalaíonn ar riachtanais soghluaisteachta gach úsáideora, lena n-áirítear an rothaíocht agus an choisíocht, an lóistíocht uirbeach, trácht fadraoin lasta agus paisinéirí ar ghréasán TEN-T, chomh maith le trácht ó limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe thart ar chathair, agus an limistéar uirbeach feidhmiúil iomlán (an chathair agus a crios comaitéireachta) á chumhdach;

    a chomhlíonann ceanglais inbhuanaitheachta, cosanta aeráide agus athléimneachta, agus cothromaíocht á baint amach idir an gá le hinmharthanacht eacnamaíoch, cothromas sóisialta agus cosaint na sláinte agus an chomhshaoil a áirithiú;

    a chuireann barr feabhais ar éifeachtúlacht córas soghluaisteachta uirbí, agus an éifeachtúlacht costais á cur san áireamh, mar aon le seachtrachtaí iompair modhanna éagsúla a bhaineann, go háirithe, le brú tráchta, truailleáin aeir agus torainn, astaíochtaí CO2, básanna agus gortuithe tráchta, agus a dtionchar ar an mbithéagsúlacht;

    a rannchuidíonn leis an timpeallacht uirbeach a dhéanamh níos tarraingtí, lena n-áirítear trí chomhroinnt níos fearr spáis phoiblí;

    a mhéadaíonn an cháilíocht saoil agus a théann chun tairbhe don tsláinte phoiblí, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (14) á gcur san áireamh, agus a áirithíonn go bhfuil bonneagar agus seirbhísí iompair uirbigh sábháilte, slán agus compordach do chách, lena n-áirítear do ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí agus do mhná;

    a chuireann feabhas ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil tráchta, go háirithe d’úsáideoirí gníomhacha agus soghonta bóithre (e.g. coisithe, rothaithe, daoine scothaosta, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe), agus ar sheirbhísí agus ar spásanna poiblí, ag féachaint le Fís Nialais (15) a bhaint amach sa tsábháilteacht ar bhóithre uirbeacha i gcomhréir le Dearbhú Vaileite (16);

    a laghdaíonn gach foinse den truailliú iompair, amhail aer, torann, cáithnín agus micreaphlaistigh, chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar, agus a chuireann feabhas ar a éifeachtúlacht fuinnimh, agus an aidhm aige soghluaisteacht uirbeach astaíochtaí nialasacha a bhaint amach i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (17), an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (18) agus an Dlí Aeráide Eorpaigh, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, Pleananna um Cháilíocht an Aeir agus Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide áitiúla á gcur san áireamh;

    a rannchuidíonn le nascacht agus feidhmíocht fhoriomlán níos fearr an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T), agus chóras iompar na hEorpa ina iomláine, do phaisinéirí agus d’earraí araon.

    2.2.   Fís fhadtéarmach agus plean soiléir cur chun feidhme

    Cuireann PSUI i láthair, nó tá sé nasctha le, straitéis fhadtéarmach le haghaidh fhorbairt an limistéir uirbigh fheidhmiúil amach anseo agus, sa chomhthéacs seo, le haghaidh forbairt bonneagair iompair agus seirbhísí soghluaisteachta ilmhodhaí amach anseo. Áirítear ann freisin plean seachadta maidir le cur chun feidhme gearrthéarmach na straitéise. Ba cheart é a ionchorprú i gcur chuige comhtháite i leith na forbartha uirbí inbhuanaithe agus a nascadh le húsáid talún, pleanáil spáis agus pleanáil beartais earnálaigh (e.g. i dtaca leis an aeráid agus fuinneamh) ábhartha.

    Dá bhrí sin, ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith i PSUI:

    tráthchlár agus plean buiséid, agus foinsí an chistithe is gá sainaitheanta i gceart; go hidéalach, ba cheart tréimhse 3-10 mbliana a bheith i gceist leis an bplean seachadta;

    freagrachtaí agus acmhainní atá sainithe go soiléir, lena n-áirítear na hacmhainní sainaitheanta is gá le haghaidh gach gníomhaí.

    2.3.   Measúnú ar an bhfeidhmíocht faoi láthair agus ar an bhfeidhmíocht amach anseo

    Ba cheart PSUI a bhunú ar mheasúnú cúramach ar fheidhmíocht an chórais iompair uirbigh faoi láthair agus amach anseo agus córas faireacháin cuimsitheach ag tacú leis, córas lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

    anailís stádais, cás bunlíne agus deiridh, ag tosú le hathbhreithniú cuimsitheach ar an gcás faoi láthair agus le bunlíne a bhunú ar féidir an dul chun cinn amach anseo a thomhas dá réir; ba cheart measúnú ar thionchar na mbeart atá beartaithe a bheith ann freisin;

    cuspóirí agus spriocanna sonracha: ba cheart do PSUI cuspóirí feidhmíochta sonracha agus réalaíocha a shainaithint a bheidh nasctha leis an anailís stádais agus a bheidh uaillmhianach i dtéarmaí sprioc agus cuspóirí ginearálta PSUI. Ba cheart dó spriocanna intomhaiste a shocrú chomh maith i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar mheasúnú réalaíoch ar an mbunlíne agus ar na hacmhainní atá ar fáil agus lena léirítear na cuspóirí sonrach;

    táscairí feidhmíochta, bunaithe ar na Táscairí Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (19) más féidir, chun tuairisc a thabhairt ar stádas reatha an chórais iompair uirbigh agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a shocraítear.

    2.4.   Forbairt chomhtháite gach modha iompar agus tosaíocht á tabhairt do na modhanna is inbhuanaithe

    Le PSUI, ba cheart iompar ilmhodhach a chur chun cinn trí na modhanna éagsúla a chomhtháthú agus trí bhearta arb é is aidhm dóibh soghluaisteacht rianúil agus inbhuanaithe a éascú. Ba cheart a áireamh ann gníomhaíochtaí chun cion módach na bhfoirmeacha iompair is inbhuanaithe a mhéadú amhail iompar poiblí, soghluaisteacht ghníomhach, soghluaisteacht chomhroinnte (20), lóistíocht uirbeach astaíochtaí nialasacha agus, de réir mar is iomchuí, iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar muir.

    Ba cheart a áireamh ann freisin gníomhaíochtaí chun an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, go háirithe maidir leis an bhflít uirbeach a ghlasú, chun an brú tráchta a laghdú agus feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar na bóithre, go háirithe i gcás úsáideoirí soghonta bóithre.

    Leis an bplean cuirtear chun cinn tacar comhtháite beart teicniúil, beart bog, beart bonneagair, agus beart bunaithe ar bheartais chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht agus ar an éifeachtúlacht costais maidir leis na spriocanna a shonraítear agus na cuspóirí sonracha.

    Dá bhrí sin, ba cheart na rudaí seo a leanas a chumhdach i PSUI:

    seirbhísí iompair phoiblí agus iompair chomhchoitinn chomh maith leis an tsoghluaisteacht chomhroinnte, agus straitéis tiomanta ann arb é is aidhm di feabhas a chur ar cháilíocht, cumhdach, slándáil, comhtháthú agus inrochtaineacht na seirbhísí sin;

    iompar gan inneall, agus plean ann an choisíocht, an rothaíocht agus an mhicrea-shoghluaisteacht a dhéanamh níos tarraingtí, níos sábháilte agus níos sláine, ag féachaint le gréasán cuimsitheach ardcháilíochta a bhaint amach;

    an t-ilmhódúlacht, chun na modhanna éagsúla iompair do phaisinéirí agus d’earraí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr;

    an tsábháilteacht ar bhóithre uirbeacha, ag féachaint le Fís Nialais a bhaint amach i ndáil le básanna agus gortuithe tromchúiseacha, go háirithe i gcás úsáideoirí soghonta bóithre lena n-áirítear coisithe agus rothaithe.

    an brú tráchta a laghdú agus barr feabhais a chur ar úsáid bonneagair agus sin nasctha le bearta um bainistiú páirceála, lena n-áirítear barr feabhais a chur ar bhonneagar luchtaithe agus fiosrú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le spás bóithre agus uirbeach a ath-leithroinnt ar mhodhanna gan inneall nó ar úsáidí neamh-iompair;

    lóistíocht uirbeach lena n-áirítear seachadtaí baile agus bainistiú flíteanna feithiclí tráchtála (e.g. tacsaithe), agus bearta ann chun feabhas ar chur ar an éifeachtúlacht agus seachtrachtaí á laghdú, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin, torann agus brú tráchta (ba cheart PSUI agus aon phlean sonrach lóistíochta uirbí inbhuanaithe a bheith ailínithe le chéile ar bhealach comhtháite);

    pleananna bainistíochta soghluaisteachta, agus gníomhaíochtaí iontu atá dírithe ar athrú a dhéanamh i dtreo patrúin soghluaisteachta níos inbhuanaithe do chomaitéirí, tomhaltóirí agus mic léinn (lena n-áirítear iad siúd a thagann ó na limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe máguaird) i réimsí amhail an fhostaíocht, an t-oideachas, an tsláinte, an miondíol agus an turasóireacht/imeachtaí;

    digiteáil, lena n-áirítear córais chliste iompair (CCI), amhail seirbhísí digiteacha soghluaisteachta ilmhodhaí a éascaíonn an cumas rochtain a fháil ar fhaisnéis, áirithint a dhéanamh, íoc as turas agus teacht ar thicéid do na modhanna ar fad, agus bailiú sonraí (mar shampla, ó oibreoirí príobháideacha, mórshonraí, intleacht shaorga, leathchúplaí digiteacha, idirlíon na rudaí nithiúla etc.), chun tacú leis na bearta a áirítear in PSUI a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh orthu.

    2.5.   Cur chuige comhtháite maidir le soghluaisteacht paisinéirí agus iompar agus lóistíocht lasta uirbeach

    Ba cheart lóistíocht uirbeach, mar aon le naisc le hiompar lasta fadraoin, a áireamh agus a chomhtháthú ina n-iomláine in PSUI chun cur chuige córasach i leith gach gné de shoghluaisteacht chathrach a áirithiú agus cuspóir na lóistíochta uirbí agus sheachadtaí an mhíle dheireanaigh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha lóistíochta uirbí i bplean lóistíochta uirbí inbhuanaithe a bheadh tiomanta agus ailínithe.

    Le haghaidh na limistéar uirbeach ábhartha, ba cheart a chur san áireamh mar is cuí in PSUI an tionchar a bheadh ag bearta uirbeacha éagsúla ar shreabha tráchta paisinéirí agus lasta agus ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) agus é mar aidhm leis sin idirthuras trí nóid uirbeacha, seachaint nóid uirbeacha, nó idirnascadh tríothu agus timpeall orthu go rianúil a áirithiú, lena n-áirítear ag feithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart a áireamh leis sin go háirithe gníomhaíochtaí chun brú tráchta a mhaolú, feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus scrogaill a dhéanann difear do shreabha tráchta ar TEN-T a bhaint.

    2.6.   Cur chuige rannpháirteach agus comhordú le tionscnaimh ábhartha eile

    Ba cheart forbairt agus cur chun feidhme PSUI a bheith bunaithe ar chur chuige comhtháite rannpháirteach ina mbeidh ardleibhéal comhair, comhordaithe agus comhairliúcháin idir na leibhéil éagsúla rialtais agus na húdaráis ábhartha. Ba cheart an pobal i gcoitinne, ionadaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eacnamaíocha a bheith rannpháirteach freisin.

    Chuige sin, ba cheart do na húdaráis pleanála áitiúla struchtúir agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm.

    Ba cheart na rudaí seo a leanas, go háirithe, a bheith san áireamh sa phróiseas sin:

    rannpháirtíocht chuí gníomhaithe ábhartha sa limistéar uirbeach feidhmiúil, amhail cónaitheoirí, ionadaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gníomhaithe eacnamaíocha, sa phlean a fhorbairt agus a chur chun feidhme ón tús agus le linn an phróisis chun ardleibhéal glactha agus tacaíochta a áirithiú;

    comhairliúchán idir-rannach agus comhar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais, straitéisí agus bearta áitiúla agus réigiúnacha a áirithiú, go háirithe iad siúd a bhaineann le húsáid talún agus pleanáil spáis; Pleananna um Ghlasú Uirbeach (21), fuinneamh; sláinte; oideachas; seirbhísí sóisialta; forfheidhmiú an dlí agus póilíneacht;

    dlúthchomhar leis na húdaráis ábhartha atá freagrach as bonneagar agus seirbhísí iompair a chur ar fáil sa limistéar uirbeach feidhmiúil (limistéir uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe chomharsanachta) agus ar leibhéil éagsúla riaracháin agus rialtais.

    2.7.   Faireachán, athbhreithniú, tuairisciú agus dearbhú cáilíochta

    Ba cheart a áireamh in PSUI cuspóirí, spriocanna agus táscairí a bheidh mar bhonn taca ag feidhmíocht na gcóras iompair uirbigh faoi láthair agus amach anseo, ar a laghad maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, brú tráchta, básanna ar na bóithre agus gortuithe tromchúiseacha, cion módach agus rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta, mar aon le sonraí maidir le truailliú aeir agus truailliú torainn i gcathracha. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme PSUI trí úsáid a bhaint as na táscairí feidhmíochta sin.

    Go háirithe, ba cheart do na húdaráis áitiúla sásraí a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí a PSUI a bhaint amach agus gníomh ceartaitheach tráthúil a dhéanamh nuair is gá. Ba cheart do na Ballstáit tacú le cathracha maidir leis an gcúram sin agus cáilíocht PSUI agus comhlíonadh cheanglas an choincheapa PSUI aige a áirithiú, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cláir thacaíochta náisiúnta PSUI.

    Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh le táscairí toraidh roghnaithe (22) ar an dul chun cinn maidir le haidhm agus cuspóirí sonracha PSUI agus na spriocanna ann a bhaint amach. Ba cheart gníomh iomchuí a dhéanamh chun rochtain thráthúil ar shonraí agus staidrimh ábhartha a áirithiú. Ba cheart tuarascáil faireacháin a bheith mar bhonn d’athbhreithniú ar chur chun feidhme PSUI.

    Chun tacú leis an bhfaireachán, ba cheart úsáid na dtuartha a spreagadh chun riachtanais agus dúshláin amach anseo a réamh-mheas. Féadfar tacú le tuartha den chineál sin le huirlisí digiteacha amhail cúplaí digiteacha uirbeacha.

    2.8.   Treoraíocht agus tacaíocht ar an leibhéal Eorpach

    Leanfaidh an Coimisiún Eorpach d’fhaisnéis maidir le PSUInna a sholáthar tríd an tSeirbhís Eorpach Faisnéise faoin Iompar Áitiúil – an Fhaireachlann Eorpach um Shoghluaisteacht (23). Áirítear san fhaisnéis sin Treoirlínte PSUI a bhaineann le próiseas agus ábhar tagartha maidir le gnéithe sonracha de PSUInna (24).

    Cuideoidh grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach (25), arna bhunú tar éis ghlacadh an Chreata Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach, leis an ábhar sin a chomhlánú agus a chuíchóiriú.


    (1)  COM(2013) 913 final

    (2)  https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines

    (3)  https://www.eltis.org/resources/tools/sump-self-assessment-tool

    (4)  Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Together towards competitive and resource-efficient urban mobility [Le chéile chun soghluaisteacht atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach] (https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar%3A82155e82-67ca-11e3-a7e4-01aa75ed71a1.0011.02/DOC_4&format=PDF).

    (5)  https://ec.europa.eu/regional_policy/sources/docgener/brochure/new_leipzig_charter/new_leipzig_charter_en.pdf

    (6)  COM(2021) 812/2

    (7)  COM(2019) 640 final.

    (8)  COM(2020) 789 final.

    (9)  COM(2020) 811 final.

    (10)  COM(2021) 550 final.

    (11)  COM(2022) 230 final.

    (12)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, COM(2021) 812 final.

    (13)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Functional_urban_area#:~:text=Short%20definition%3A%20a%20functional%20urban,city%20(OECD%2C%202012)

    (14)  https://www.undp.org/sustainable-development-goals

    (15)  https://ec.europa.eu/transport/themes/strategies/news/2019-06-19-vision-zero_en

    (16)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9994-2017-INIT/en/pdf

    (17)  COM(2020) 789 final.

    (18)  https://environment.ec.europa.eu/strategy/zero-pollution-action-plan_en

    (19)  https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/clean-transport-urban-transport/sumi_en

    (20)  Sa doiciméad seo tagraíonn soghluaisteacht chomhroinnte d’úsáid chomhroinnte modhanna iompair, amhail comhroinnt feithiclí ar cíos (e.g. rothair, scútair, gluaisteáin), comhroinnt síbe/gluaisteán (i.e. spás comhroinnte laistigh d’fheithicil) chomh maith le seirbhísí iompar ar éileamh (e.g. seirbhísí taistil ar ordú amhail tacsaithe).

    (21)  https://environment.ec.europa.eu/topics/urban-environment/urban-greening-platform_en

    (22)  Amhail na táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transport/themes/urban/urban_mobility/sumi_en.

    (23)  https://www.eltis.org/mobility-plans

    (24)  https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides; https://www.eltis.org/mobility-plans/practitioner-briefings

    (25)  Grúpa E03863 (https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupID=3863).


    Top