Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0548

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/548 ón gCoimisiún an 6 Márta 2023 gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “UL Hydrogen Peroxide Family 1” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1372) (Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

    C/2023/1372

    IO L 73, 10.3.2023, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/548/oj

    10.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 73/17


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/548 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Márta 2023

    gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “UL Hydrogen Peroxide Family 1” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1372)

    (Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 27 Eanáir 2017, chuir Unilever Europe BV iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar “UL Hydrogen Peroxide Family 1” de chineál táirge 2, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Gearmáine meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-MS029571-20 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

    (2)

    Is í sárocsaíd hidrigine an tsubstaint ghníomhach in “UL Hydrogen Peroxide Family 1”, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 2.

    (3)

    An 20 Nollaig 2021, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil maidir le measúnú agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta.

    (4)

    An 25 Deireadh Fómhair 2021, thug an t-údarás inniúil meastóireachta an deis do Unilever Europe BV barúlacha i scríbhinn a thabhairt faoin tuarascáil maidir le measúnú agus faoi chonclúidí na meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. An 23 Samhain 2021, sheol Unilever Europe BV a bharúlacha chuig an údarás inniúil meastóireachta. Le linn phróiseas foirmithe tuairimíochta na Gníomhaireachta i ndáil leis an tuarascáil sin maidir le measúnú, thug an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil cothrom le dáta agus, an 13 Bealtaine 2022, tugadh an deis do Unilever Europe BV barúlacha a thabhairt faoin tuarascáil maidir le measúnú a tugadh cothrom le dáta agus an dréacht-tuairim ón nGníomhaireacht sular ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta an tuairim chríochnaitheach an 15 Meitheamh 2022. Níor thug Unilever Europe BV aon bharúil an tráth sin.

    (5)

    An 5 Iúil 2022 chuir an Ghníomhaireacht a tuairim (2) faoi bhráid an Choimisiúin maidir le “UL Hydrogen Peroxide Family 1” i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (6)

    Is é conclúid na tuairime gur fine táirgí bithicídeacha atá in “UL Hydrogen Peroxide Family 1” de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ach nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii), (b)(iv) agus (d), den Rialachán sin.

    (7)

    De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, sainaithníodh riosca do-ghlactha d’úsáideoirí gairmiúla agus neamhghairmiúla ó theagmháil ionanálaithe thánaisteach, agus níl bearta chun an riosca sainaitheanta a mhaolú ar fáil ná infheidhme. Sainaithníodh rioscaí comhshaoil do-ghlactha do na hurranna dríodair agus ithreach chomh maith, mar gheall go bhfuarthas an tsubstaint arb údar imní í aimín geire hidriginithe PEG-2 sna táirgí. Tugadh le fios sa tuairim ón nGníomhaireacht freisin gur sainaithníodh bearnaí sonraí maidir le críochphointí áirithe, agus nach rabhthas in ann teacht ar chonclúid maidir le hairíonna fisiciúla agus ceimiceacha na dtáirgí agus nach rabhthas in ann teacht ar chonclúid an bhféadfaí a chinneadh go bhfuil siad inghlactha chun críocha úsáid agus stóráil iomchuí an táirge.

    (8)

    Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh “UL Hydrogen Peroxide Family 1”.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ní dheonaítear údarú Aontais do Unilever Europe BV maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha “UL Hydrogen Peroxide Family 1” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

    Airteagal 2

    Is chuig Unilever Europe BV, Weena 455, 3013AL Rotterdam, an Ísiltír a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 6 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  ECHA opinion on the Union authorisation of the biocidal product family ‘UL Hydrogen Peroxide Family 1’ [Tuairim ó ECHA maidir leis an údarú Aontais don fhine táirgí bithicídeacha ‘UL Hydrogen Peroxide Family 1’], ECHA/BPC/344/2022, arna glacadh an 15 Meitheamh 2022, https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation.


    Top