EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0442

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/442 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2023 lena dtionscnaítear athbhreithniú “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

C/2023/1306

IO L 64, 1.3.2023, p. 12–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/442/oj

1.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/442 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Feabhra 2023

lena dtionscnaítear athbhreithniú “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”) (1), agus go háirithe Airteagail 11(4) agus 14(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   IARRAIDH

(1)

An 26 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú “onnmhaireora nua” faoi Airteagal 11(4) den “bhun-Rialachán”. Rinneadh an iarraidh a nuashonrú an 14 Deireadh Fómhair 2022.

(2)

Chuir Xinjiang Xinlianxin Energy Chemical Co., Ltd. (“an t-iarratasóir”), ar táirgeoir onnmhairiúcháin mealaimín i nDaon-Phoblacht na Síne é, an iarraidh isteach.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ

(3)

Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú mealaimín, ar táirge é a thagann faoi chód CN 2933 61 00 faoi láthair agus ar de thionscnamh na Síne é.

(4)

Is púdar criostalach bán é mealaimín a fhaightear ó úiré. Tá sé in úsáid go príomha i lannáin, púdair mhúnlaithe, painéil adhmadbhunaithe agus roisíní brataithe.

3.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 457/2011 ón gCoimisiún (2) arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 ón gComhairle (3) atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair. Forchuireadh an dleacht i bhfoirm íosphraghas allmhairiúcháin (“MIP”) le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus i bhfoirm dleachta seasta in aghaidh an tona le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin eile.

(6)

An 1 Iúil 2022, thionscain an Coimisiún imscrúdú athbhreithnithe éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí mealaimín de thionscnamh na Síne tar éis iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán (4).

4.   AN FORAS LEIS AN ATHBHREITHNIÚ

(7)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach nár onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar ar bunaíodh na bearta frithdhumpála (an 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2009).

(8)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach nach bhfuil sé gaolmhar le haon táirgeoir onnmhairiúcháin a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú agus ar táirgeoirí iad atá faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm.

(9)

Ar deireadh, sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach gur thosaigh sé ag onnmhairiú an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe ar ar bunaíodh na bearta frith-dhumpála.

5.   NÓS IMEACHTA

5.1.   Tionscnamh

(10)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise a bhí ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le hathbhreithniú “onnmhaireora nua” de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, d’fhonn corrlach dumpála aonair a chinneadh le haghaidh an iarratasóra. Má dhéantar amach gurb ann do dhumpáil, cinnfidh an Coimisiún leibhéal na dleachta ar faoina réir ba cheart allmhairí an táirge faoi athbhreithniú a chur, ar táirge é a tháirgeann an t-iarratasóir.

(11)

I gcomhréir le hAirteagail 11(3) agus 11(4) den bhun-Rialachán, cinnfear an gnáthluach le haghaidh an iarratasóra ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos in Airteagal 2(1) go (6a) den bhun-Rialachán toisc gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga is deireanaí ar na bearta tar éis an 20 Nollaig 2017.

(12)

Táirgeoirí an Aontais arb eol iad a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas iad faoin iarraidh ar athbhreithniú an 2 Nollaig 2022 agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur isteach go dtí an 15 Nollaig 2022.

(13)

Cuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe freisin gur foilsíodh Fógra (5) i bhfianaise ráig COVID-19 faoi iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an nós imeachta seo.

5.2.   Aisghairm na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí

(14)

De bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm a mhéid a bhaineann le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar táirge é tháirgeann an t-iarratasóir. An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú gurb ann do dhumpáil i ndáil leis an iarratasóir. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nach féidir, ag an bpointe seo, meastachán iontaofa a thabhairt maidir le méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, gan dochar d’Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Dá dtarraingeofaí siar an iarraidh agus dá gcuirfí deireadh leis an athbhreithniú, beidh méid an dliteanais i leith na n-allmhairí cláraithe bunaithe ar an an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis “na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile eile” arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171, faoi réir thoradh an imscrúdaithe ar an athbhreithniú éaga a luaitear in aithris (6).

5.3.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(15)

Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”). Forchoimeádann an Coimisiún an ceart, áfach, scrúdú a dhéanamh freisin an bhféadfadh sé gur tharla idirbhearta i dtréimhse ina dhiaidh sin, agus féadfaidh sé tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a leasú de réir mar is iomchuí i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe.

5.4.   Imscrúdú a dhéanamh ar an iarratasóir

(16)

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir ar fáil don iarratasóir sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara, agus cuireadh an ceistneoir ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála freisin https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2657. Ní mór don iarratasóir an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.5.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

(17)

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.6.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

(18)

Féadfaidh na páirtithe leasmhara uile éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina dhiaidh sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theachtaireacht chuig na páirtithe.

5.7.   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(19)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do na páirtithe, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear go sainráite a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(20)

Cuirfear an lipéad “Íogair” ar na haighneachtaí i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ar cheistneoirí comhlánaithe agus ar chomhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar ina leith gur i modh rúin a chaithfí leo (6). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

(21)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán achoimrí a lipéadófar “Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(22)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(23)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara na haighneachtaí agus na hiarrataí a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin.

(24)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

(25)

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(26)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó ríomhphost, seachas i gcás a n-iarrfaidh siad na doiciméid uile a fháil ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh Ríomhphoist: TRADE-R791-MELAMINE@ec.europa.eu

6.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(27)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bíodh siad deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(28)

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(29)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

7.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(30)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(31)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(32)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(33)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.

8.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(34)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

9.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(35)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (7).

(36)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 faoi Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 chun a chinneadh ar cheart dleacht frithdhumpála aonair a fhorchur ar allmhairí mealaimín, ar táirge é a thagann faoi chód CN 2933 61 00 faoi láthair, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é, agus ar táirge é a tháirgeann Xinjiang Xinlianxin Energy Chemical Co., Ltd. lena onnmhairiú chuig an Aontas (cód TARIC breise 899B).

Airteagal 2

An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Glacfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagail 11(4) agus 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

1.   Ní mór do pháirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in aithne laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Chun a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus na freagraí ar an gceistneoir nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 457/2011 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 124, 13.5.2011, lch. 2).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 170, 1.7.2017, lch. 62).

(4)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 252, 1.7.2022, lch. 6).

(5)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(6)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top