EUR-Lex Hozzáférés az európai uniós joghoz

Vissza az EUR-Lex kezdőlapjára

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 32023R0440

Rialachán (AE) 2023/440 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le carbaiméir a úsáid i bhforbhianna (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1288

IO L 64, 1.3.2023., 4—8. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

A dokumentum hatályossági állapota Hatályos

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/440/oj

1.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/4


RIALACHÁN (AE) 2023/440 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Feabhra 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le carbaiméir a úsáid i bhforbhianna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 liosta de chuid an Aontais de na breiseáin bia atá formheasta lena n-úsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia, lena n-áirítear dathanna agus milseoirí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar na liostaí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(4)

An 22 Aibreán 2020, cuireadh isteach iarratas ar údarú chun carbaiméir a úsáid mar ghníomhaí toirtithe agus cobhsaitheoir i bhforbhianna soladacha agus mar chobhsaitheoir agus tiúsóir i bhforbhianna leachtacha. Cuireadh an t-iarratas sin ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia meastóireacht ar shábháilteacht polaiméirí trasnasctha d’aigéad polaicrileach (carbaiméir) nuair a úsáidtear iad mar bhreiseán bia (4) agus tháinig sé ar an gconclúid nach ábhar imní é ó thaobh na sábháilteachta de ar uasleibhéal úsáide 30 000 mg/kg agus i bhforbhianna soladacha ar an ngnáthleibhéal úsáide 200 000 mg/kg.

(6)

Tá carbaiméir ceaptha lena húsáid i bhforbhianna soladacha sa chaoi go scaoilfear na cothaithigh astu go rialta agus ar feadh tréimhse fhada, rud a fhágann gur féidir táibléid níos lú a úsáid a bhfuil sé níos éasca ag an tomhaltóir iad a shlogadh. I bhforbhianna leachtacha, tá carbaiméir ceaptha lena húsáid in ullmhóidí le raon leathan sreibhe agus airíonna sreabheolaíocha atá cobhsaí le leibhéal polaiméire níos ísle.

(7)

Dá bhrí sin is iomchuí an breiseán bia “carbaiméir” (E 1210) a údarú mar ghníomhaí toirtithe agus cobhsaitheoir i bhforbhianna soladacha agus mar chobhsaitheoir agus tiúsóir i bhforbhianna leachtacha.

(8)

Ba cheart sonraíochtaí carbaiméire (E 1210) a chur le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 toisc go bhfuil sí á cur ar liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí na mbreiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(8):6693.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:

(a)

i gCuid B, pointe 3 “Breiseáin bia seachas dathanna agus milseoirí”, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh bhreiseán bia E 1209:

“E 1210

Carbaiméir”;

(b)

Leasaítear Cuid E mar a leanas:

(1)

i gcatagóir bia 17.1. “Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála le haghaidh bhreiseán bia E 1209:

 

“E 1210

Carbaiméir

200 000 ”;

 

 

(2)

i gcatagóir bia 17.2. “Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála le haghaidh bhreiseán bia E 969:

 

“E 1210

Carbaiméir

30 000 ”.

 

 


IARSCRÍBHINN II

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 1209:

 

E 1210 CARBAIMÉIR

Comhchiallaigh

carbaiméir, carbocsapolaimeitiléin; homapolaiméir charbaiméire

Sainmhíniú

Polaiméirí le hardmhais mhóilíneach a fhaightear trí pholaiméiriú aigéid aicriligh agus trasnascadh le peinteiritríotól aillile. Sintéisítear na polaiméirí in aicéatáit eitile trí úsáid a bhaint as sárocsaíd chun polaiméiriú saorfhréimhe a thionscnamh.

Uimh. CAS

9007-20-9 (CAS príomhúil), 9003-01-4 (CAS tánaisteach)

Ainm ceimiceach

Homapolaiméir charbaiméire, trasnasctha le peinteiritríotól aillile

Foirmle cheimiceach

-(CH2-CH) m -(XM) p

COOH

m: an líon aonad monaiméirí; XM: trasnascóir, p: an líon aonad trasnascóirí, agus m>>p

Meánmheáchan an mheáchain mhóilínigh

 

Measúnacht

Cion aigéid charbocsailigh nach lú ná 56 % agus nach mó ná 68 % (ar an tsubstaint thriomaithe)

Tuairisc

Púdar nó gráiníní tais-scópacha clúmhach, iad bán nó beagnach bán

Aitheantas

 

Speictriméadracht infridhearg fhrithchaiteach iomlán chaolaithe

Speictriméadracht athshondais mhaighnéadaigh núicléach phrótóin

Saintréith na comhdhúile

Slaodacht (slaodmhéadracht Brookfield, 20 imrothluithe in aghaidh an nóiméid), 25 °C

Cineál B

Cineál A

Cineál A

29 400 -39 400 mPa.s

4 000 -11 000 mPa.s

Foirm fhisiceach

púdar

púdar

gráinníní

Criathrú trí mhogall 40, % 425 μm

-

-

95 ar a laghad

Criathrú trí mhogall 100, % 150 μm

-

-

10 ar a mhéad

Intuaslagthacht

Dothuaslagtha in uisce. Atann sí in uisce agus déanann sí hidreaghlóthacha in easráin uisce.

Íonacht

 

Monaiméirí iarmharacha

Aigéad aicrileach nach mó ná 100 mg/kg

Trasnascóír iarmharach

peinteiritríotól trí-aillile agus agus teatraillile nach mó ná 1 000  mg/kg

Tuaslagóir iarmharach

Aicéatáit eitile nach mó ná 0,5 % w/w

2-eitilheacsánól

nach mó ná 100 mg/kg

2-eitilheicsiolaicéatáit

nach mó ná 100 mg/kg

An codán meáchain mhóilínigh níos ísle < 1 000 Da

Nach mó ná 0,75 % w/w

Caillteanas mar gheall ar thriomú

Nach mó ná 2 %

Luaith shulfáitithe

Nach mó ná 2,5 %”


Az oldal tetejére