Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0407

    Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/6382/2023/INIT

    IO L 56I, 23.2.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/407/oj

    23.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 56/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/407 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Feabhra 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, de bhun conclúidí ón gComhairle a ghlacadh inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na hollsáruithe córasacha a dhéantar go forleathan agus go leanúnach ar chearta an duine sa tSiria.

    (2)

    I bhfianaise na staide sa tSiria atá ag dul in olcas agus na sáruithe córasacha a dhéantar go forleathan ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear airm cheimiceacha a úsáid in aghaidh an phobail shibhialta, lean an Chomhairle d’ainmneacha a chur le liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

    (3)

    Mar gheall ar an gcrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha agus mhéadaigh fulaingt mhuintir na Siria.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas réidh le tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil a áirithiú ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, a áirithiú go gcuirfear cabhair ar fáil go tapa.

    (5)

    Bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl siad ceaptha a bheith ina gconstaic ná ina mbac ar sholáthar na cabhrach daonnúla do dhaoine atá i ngátar. Níl srian ar an trádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria — lena n-áirítear in earnálacha an bhia agus na gcógas — mar gheall ar na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i bhfianaise na staide sa tSiria. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm chun go bhféadfar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria, agus chun na gcríoch sin amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

    (6)

    Chun freagairt don phráinn a bhaineann leis an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria, atá níos measa anois de dheasca an chreatha talún, agus d’fhonn seachadadh pras na cabhrach a éascú, is iomchuí díolúine a thabhairt isteach maidir le reo na n-acmhainní de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus eintiteas ainmnithe, agus maidir le srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus d’eintitis ainmnithe, ar mhaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus catagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla, agus é sin ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí.

    (7)

    Tagann na leasuithe a áirítear sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 16a de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

    “Airteagal 16a

    1.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 14(1) agus (2) go dtí an 25 Lúnasa 2023 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur a fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb é ceann ar bith de na heagraíochtaí seo a leanas a thugann an cúnamh sin nó a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

    (a)

    na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

    (b)

    eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (c)

    eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

    (d)

    eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha do Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

    (e)

    comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann cistiú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit chun a áirithiú go dtugtar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine don phobal sibhialta sa tSiria;

    (f)

    i gcás nach gcumhdaítear iad le míreanna (a) go (d), eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus ar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais leo, comhaontú a ngníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais ar a bhonn;

    (g)

    eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

    (h)

    gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát; nó

    (i)

    fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (h) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 14(2) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha arna gcur ar fáil ag comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann cistiú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria i gcás ina mbeidh soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin i gcomhréir le hAirteagal 6a(1).

    3.   I gcásanna nach gcumhdaítear le míreanna 1 agus 2, agus de mhaolú ar Airteagal 14(2), féadfaidh údarás inniúil na mBallstát, a shainaithnítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi na téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann sé a bheith iomchuí, ar choinníoll go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria, agus chun na gcríoch sin amháin.

    4.   I gcásanna nach gcumhdaítear le míreanna 1 agus 2 agus de mhaolú ar Airteagal 14(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstát, a shainaithnítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, faoi na téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann sé a bheith iomchuí, ar choinníoll go gcomhlíontar an méid seo a leanas:

    (a)

    tá gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria, agus chun na gcríoch sin amháin; agus

    (b)

    scaoiltear na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chuig na Náisiúin Aontaithe chun an cúnamh a sheachadadh sa tSiria nó chun seachadadh an chúnaimh sa tSiria a éascú i gcomhréir le Plean Freagartha Daonnúla na Siria nó le haon phlean a thiocfaidh ina dhiaidh agus a chomhordóidh na Náisiúin Aontaithe.

    5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ó aon údarú a dheonú.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisgheartar Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 016, 19.1.2012, lch. 1).


    Top