Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0371

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/371 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht Sonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (“Pannon” (STFC))

    C/2023/1125

    IO L 51, 20.2.2023, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/371/oj

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 51/31


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/371 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Feabhra 2023

    lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht Sonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (“Pannon” (STFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Pannon”, a chuir an Ungáir ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (2)

    D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (3)

    Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Pannon” (STFC).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  IO C 401, 18.10.2022, lch. 10.


    Top