EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0370

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/370 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta, teorainneacha ama maidir le hiarrataí ó na Ballstáit ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, agus cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT maidir leo

C/2022/9111

IO L 51, 20.2.2023, p. 25–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/370/oj

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 51/25


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/370 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta, teorainneacha ama maidir le hiarrataí ó na Ballstáit ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, agus cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT maidir leo

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 122 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos na bunrialacha lena rialaítear pleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear rialacha maidir le leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh agus a fhormheas a leagtar amach in Airteagal 119 den Rialachán sin a thíolacadh.

(2)

Ionas gur féidir leis na Ballstáit iarrataí ar leasuithe ar a bPleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, is gá na nósanna imeachta agus na teorainneacha ama maidir leis na hiarrataí ar leasuithe a thíolacadh a leagan amach.

(3)

Chun gur féidir leis an gCoimisiún measúnú ceart a dhéanamh ar an iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT, ba cheart faisnéis áirithe a bheith san iarraidh, sa bhreis ar an bhfaisnéis a leagtar síos in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le gach athrú ar an bPlean Straitéiseach CBT, faisnéis áirithe ina mínítear na cúiseanna atá leis an athrú agus ina mínítear a inneachar agus na héifeachtaí a mheastar a bheidh ann.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh an iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT iomlán agus go ndéanfar í a tharchur i gceart chuig an gCoimisiún, ba cheart do na Ballstáit í a chur isteach tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021” dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún (2).

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach ar an iarraidh ar leasú arna thíolacadh lena formheas ag an gCoimisiún, agus go háirithe ar an bplean airgeadais leasaithe, agus chun an riosca ar earráidí a sheachaint de dheasca leaganacha iolracha den Phlean Straitéiseach CBT a bhfuil measúnú comhthreomhar á dhéanamh orthu, ba cheart don Bhallstát iarraidh amháin ar leasú a chur isteach tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021” ag aon am amháin. Níor cheart don Bhallstát iarraidh nua ar leasú a thíolacadh go dtí go mbeidh an iarraidh roimhe sin tarraingthe siar aige nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát faoina chinneadh maidir leis an iarraidh ar leasú a tíolacadh roimhe sin. Tá gá leis sin go háirithe chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na tairbhithe maidir leis an leagan is infheidhme den Phlean Straitéiseach CBT agus nascadh ceart na n-íocaíochtaí agus leis an bplean airgeadais leasaithe nua is infheidhme.

(6)

Is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi na hathruithe a bhaineann le hidirghabhálacha faoi Theideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115, dá dtagraítear in Airteagal 119(9) den Rialachán sin, agus maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 120 den Rialachán sin.

(7)

Is gá teorainneacha ama a leagan síos maidir le hiarrataí a chur isteach ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus a bhaineann le cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán sin chun próiseáil thráthúil agus teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh incháilitheacht an chaiteachais.

(8)

Thairis sin, is gá tréimhse ama a leagan síos chun iarrataí ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a bhaineann le haistriú leithdháiltí airgeadais áirithe a thíolacadh, chun teacht i bhfeidhm tráthúil na leithdháiltí airgeadais le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus CETFT a áirithiú.

(9)

Chun a áirithiú go ndéanfar próiseáil éifeachtúil ar iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart do na Ballstáit na hiarrataí ar leasú a ullmhú chun an líon iarrataí ar leasuithe a chuirtear isteach i ngach bliain féilire a laghdú, mar shampla trí roinnt athruithe ar na Pleananna Straitéiseacha CBT a chur le chéile in aon iarraidh amháin ar leasú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, cearta feirmeoirí a chosaint agus feidhmiú rianúil éifeachtúil gach idirghabhála a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a n-iarrataí ar leasú a chur isteach ionas go mbeidh dóthain ama ann chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú orthu agus chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 119(8) de Rialachán (AE) 2021/2115.

(10)

Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit i gcás éigeandálaí de dheasca tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus bearta éigeandála eile agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna sonracha eile, agus an tráth céanna, chun na hiarrataí ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a phróiseáil go héifeachtach tráthúil gan ualach riaracháin míchuí, is gá cásanna eile a shainiú nach bhfuil feidhm ag an líon uasta iarrataí ar leasú a leagtar síos in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leo. Ba cheart a áireamh sna cásanna sin athruithe gan choinne ar chreat dlíthiúil an Aontais, oibleagáidí dlíthiúla, agus i gcás inar gá, saoradh uathoibríoch, agus athruithe mar gheall ar bhearta eisceachtúla i gcoinne suaití margaidh, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí, chomh maith le modhnuithe ar ionstraimí airgeadais a oibríonn i dtimpeallacht dhinimiciúil margaidh i gcás ina bhféadfadh sé go mbeadh gá le hathruithe rialta chun iad a chur chun feidhme i gceart.

(11)

Is gá teorainn ama a sholáthar maidir le hiarrataí ar leasú a bhaineann le saoradh uathoibríoch a thíolacadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus in Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (4).

(12)

Ag féachaint d’Airteagal 104(1), an dara fomhír, agus Airteagal 106 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le teorainneacha ama le haghaidh iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus cásanna eile d’iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT nach n-áirítear sa líon uasta iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2023, chun cothrom na Féinne agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na Ballstáit, d’fheirmeoirí agus do na páirtithe leasmhara lena mbaineann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leis an Rialachán seo forlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh;

(b)

teorannacha ama maidir le hiarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh;

(c)

cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leo.

Airteagal 2

Rialacha maidir leis an nós imeachta i dtaca le hiarrataí ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh agus maidir le fógraí faoi leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115

1.   I dteannta na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, sonrófar san iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT cineál leasaithe amháin nó roinnt cineálacha leasuithe, ar cheann de na cineálacha leasuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo iad agus, i gcás gach athrú atá beartaithe ar an bPlean Straitéiseach CBT, beidh an fhaisnéis seo a leanas inti:

(a)

na cúiseanna a thugann údar leis an athrú;

(b)

na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag an athrú;

(c)

tionchar an athraithe ar spriocanna agus ar tháscairí;

(d)

tionchar an athraithe ar an bplean maoiniúcháin.

2.   Féadfaidh athrú beartaithe amháin nó roinnt athruithe beartaithe ar an bPlean Straitéiseach CBT a bheith san iarraidh ar leasú ar an bPlean CBT.

3.   Déanfar an iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021” dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún. Déanfaidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a ionchódú sa roinn faoi seach den chóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021” le haghaidh gach athrú atá beartaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit aon iarraidh amháin ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a chur isteach ag aon am amháin. Ní fhéadfaidh Ballstát iarraidh nua ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh go dtí go mbeidh an iarraidh roimhe sin tarraingthe siar ag an mBallstát nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát faoina chinneadh maidir leis an iarraidh roimhe sin ar leasú dá dtagraítear in Airteagal 119(4) de Rialachán (AE) 2021/2115.

5.   I gcás ina ndéanann Ballstát iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a tharraingt siar, ní féidir iarraidh nua ar leasú a thíolacadh go dtí go ndearbhaíonn an Coimisiún gur tarraingíodh siar an iarraidh roimhe sin tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021”.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na hathruithe a bhaineann le hidirghabhálacha faoi Theideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115, dá dtagraítear in Airteagal 119(9) den Rialachán sin, tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021”. Beidh an méid seo a leanas san fhógra sin:

(a)

ábhar na n-athruithe;

(b)

réasúnú lena ndeimhnítear nach ndéanann an t-athrú difear do na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(c)

dáta theacht i bhfeidhm an athraithe sa Bhallstát.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115 tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021”. Más rud é, mar thoradh ar an measúnú a leagtar síos san Airteagal sin, go ndéanann an Ballstát iarraidh ar leasú ar a Phlean Straitéiseach CBT a thíolacadh, soláthróidh sé, mar chuid de réasúnú na hiarrata sin ar leasú, tagairt don fhógra agus míniú maidir leis na naisc idir toradh an mheasúnaithe agus na hathruithe atá beartaithe ar an bPlean Straitéiseach CBT.

Airteagal 3

Teorannacha ama maidir le hiarrataí ar leasú ar Phlean Straitéiseacha CBT a thíolacadh

1.   Cuirfear an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 ar fionraí ón dáta a dtabharfar fógra don Bhallstát maidir le barúlacha an Choimisiúin maidir leis an iarraidh ar leasú go dtí an dáta a bheidh leagan nua den Phlean Straitéiseach CBT tíolactha tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha “SFC2021”, plean inar thug an Ballstát aghaidh iomlán ar bharúlacha uile an Choimisiúin.

2.   Iarrataí ar leasú a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad faoin 30 Meán Fómhair 2028 ar a dhéanaí.

3.   Iarrataí ar leasú a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad faoin 30 Meán Fómhair 2029 ar a dhéanaí.

4.   Iarrataí ar leasú a bhaineann le haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 17(5), Airteagal 88(7) agus Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Bealtaine 2025.

Airteagal 4

Cásanna eile d’iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT

1.   Ní áireofar iarrataí ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT sa líon uasta iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 má bhaineann siad leis na cásanna seo a leanas:

(a)

athruithe de bharr bearta éigeandála is gá chun aghaidh a thabhairt ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide a aithníonn an t-údarás poiblí náisiúnta go foirmiúil mar thubaiste nó mar theagmhais mar sin, nó modhnuithe mar gheall ar athrú suntasach tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit;

(b)

athruithe is gá tar éis athruithe ar reachtaíocht an Aontais, seachas na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115 nó athruithe is gá tar éis cinntí ó Chúirteanna an Aontais Eorpaigh;

(c)

athruithe tar éis bearta eisceachtúla arna nglacadh de bhun Airteagail 219, 220 nó 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(d)

athruithe is gá mar gheall ar thabhairt isteach ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó mar gheall ar mhodhnuithe orthu;

(e)

athruithe mar gheall ar shaoradh uathoibríoch i bPleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2116; nó

(f)

athruithe a bhaineann le hidirghabhálacha faoi Theideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115 dá dtagraítear in Airteagal 119(9) den Rialachán sin.

2.   Déanfar an iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a thíolacadh faoin 30 Meitheamh de gach bliain féilire.

3.   Maidir le hiarraidh ar leasú lena gcomhcheanglaítear athruithe sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus athruithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT, áireofar an iarraidh sin sa líon uasta iarrataí ar leasú a leagtar síos in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise (IO L 458, 22.12.2021, lch. 463).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


IARSCRÍBHINN

Cineálacha leasuithe ar Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

1.

Athbhreithniú ar na haschuir atá beartaithe nó socrú/athbhreithniú na gcomhéifeachtaí laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2021/2115;

2.

Athruithe a bhaineann leis an gcoinníollacht dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2021/2115;

3.

Aistriú a bhaineann leis an gcéimlaghdaitheacht agus leis an uasteorannú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2021/2115;

4.

Athruithe a bhaineann le hidirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115;

5.

Leithdháileadh méid atá le ranníoc le InvestEU dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2021/2115;

6.

Athruithe tar éis athbhreithniú ar chinntí chun leithdháiltí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcomhair idirghabhálacha in earnálacha áirithe, dá dtagraítear in Airteagal 88(7) de Rialachán (AE) 2021/2115;

7.

Aistriú de bharr na solúbthachta idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí CETFT, dá dtagraítear in Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/2115;

8.

Athruithe a bhaineann le cineálacha idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí díreacha a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115;

9.

Eilimintí atá in easnamh a chur isteach i bPlean Straitéiseach CBT formheasta dá dtagraítear in Airteagal 118(5) de Rialachán (AE) 2021/2115;

10.

Athruithe a bhaineann le hidirghabhálacha le haghaidh forbairt tuaithe a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115 seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 119(9) den Rialachán sin;

11.

Athruithe mar gheall ar athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115;

12.

Athruithe a bhaineann le heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo;

13.

Athruithe a bhaineann le heilimintí eile de Phleananna Straitéiseacha CBT seachas iad siúd a leagtar síos i bpointí 1 go 12.


Top