Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023Q0214(01)

    Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta

    IO L 44, 14.2.2023, p. 8–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2023/214/oj

    14.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 44/8


    LEASUITHE AR RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

    Déanann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,

    ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chúigiú mír d’Airteagal 254 de,

    ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

    ag féachaint do Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 63 de,

     

    de bhrí gur ceart an taithí a fuarthas agus na Rialacha Nós Imeachta á gcur chun feidhme a chur san áireamh chun raon feidhme cuid dá bhforálacha a shoiléiriú nó, i gcás inarb iomchuí, chun iad a fhorlíonadh nó a shimpliú, go háirithe d’fhonn bainistiú réamhghníomhach cásanna a chur chun cinn,

    de bhrí, thairis sin, go bhfuil gá, de bharr chur chun feidhme an athchóirithe ar ailtireacht bhreithiúnach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a rinneadh, sa chéad áit, le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1) agus, sa dara háit, le Rialachán (AE, Euratom) 2016/1192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh (2), is gá na Rialacha Nós Imeachta a oiriúnú, go háirithe chun a áirithiú nach mbainfear d’éifeachtacht speisialtóireachta páirtí na nDlísheomraí arna cinneadh ag an gCúirt Ghinearálta nuair a athraítear comhdhéanamh na nDlísheomraí gach trí bliana,

    de bhrí, thairis sin, gur cheart na Rialacha Nós Imeachta a leasú chun forbairtí sa reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta daoine nádúrtha san Aontas Eorpach a chur san áireamh, go háirithe chun na socruithe chun sonraí den sórt sin a chosaint i ndáil leis an bpobal atá i bhfaisnéis a bhaineann le cásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta, uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí sa díospóid nó ó iarratasóir ar idiragairt,

    de bhrí gurbh fhéidir, leis na socruithe a cuireadh i bhfeidhm le linn na géarchéime sláinte chun gur féidir leis na páirtithe pléadáil trí fhíschomhdháil, ceachtanna a fhoghlaim nach mór a léiriú i rialacha dlíthiúla arna leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta,

    de bhrí, ar deireadh, toisc gur bunaíodh sásra na gcásanna píolótacha agus comhéisteacht a thionól le haghaidh roinnt cásanna, arna sainaithint ag an gCúirt Ghinearálta mar bhealaí chun déileáil le cásanna áirithe ar bhealach níos éifeachtaí, is gá bunúis dlí a chur leis na Rialacha Nós Imeachta,

    le comhaontú na Cúirte Breithiúnais,

    le formheas ón gComhairle arna thabhairt an 18 Samhain 2022,

    NA LEASUITHE SEO A LEANAS AR A RIALACHA NÓS IMEACHTA A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta an 4 Márta 2015 (3) mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 10(6) mar a leanas:

    “6.   I gcásanna nach bhfuil sannta d’fhoirmíocht de chuid na Cúirte Ginearálta fós, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta na bearta eagrúcháin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89 a ghlacadh agus beidh de chumhacht aige na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 66 agus 66a a ghlacadh.”

    (2)

    Cuirtear mír 6 le hAirteagal 27, leis an bhfoclaíocht seo a leanas:

    6.   Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i mír 5, má bhaineann cás le hábhar sonrach de réir bhrí Airteagal 25 agus mura mbeidh clabhsúr curtha leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta nuair a ghlacfar cinneadh na Cúirte Ginearálta maidir le sannadh Breithiúna ar Dhlísheomraí, sannfar Breitheamh is Rapóirtéir nua ó Dhlísheomra a éisteann an t-ábhar sin agus a thugann breith ina thaobh, más rud é go bhfuil an chéad Bhreitheamh is Rapóirtéir sannta do Dhlísheomra nach n-éisteann an t-ábhar sin agus nach dtugann breith ina thaobh.”

    (3)

    Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear mír 2 mar a leanas:

    “2.   Féadfaidh an Dlísheomra ar os a chomhair a bheidh an cás nó féadfaidh Leas-Uachtarán nó Uachtarán na Cúirte Ginearálta, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, uaidh féin nó ar iarratas ó phríomhpháirtí, a mholadh don tionól iomlánach go dtarchuirfear an cás de réir mar a fhoráiltear i mír 1.”

    (b)

    Foráiltear i mír 3 nua mar a leanas:

    3.   Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta nó Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta a mholadh don tionól iomlánach go dtarchuirfear an cás de réir mar a fhoráiltear i mír 1 go dtí go mbeidh clabhsúr curtha leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 106(3), sula dtabharfaidh an Dlísheomra a éisteann an cás breith gan an chuid ó bhéal den nós imeachta.”

    (c)

    Athuimhrítear míreanna 3, 4 agus 5, atá i bhfeidhm faoi láthair, mar mhíreanna 4, 5 agus 6, faoi seach.

    (4)

    Leasaítear Airteagal 31(3) mar a leanas:

    “3.   I ndiaidh dó a bheith ainmnithe amhlaidh, éistfear an tAbhcóide Ginearálta sula ndéantar na cinntí dá bhforáiltear in Airteagail 16, 28, 45, 68, 70, 83, 87, 90, 92, 98, 103, 105, 106, 113, 126 go 132, 144, 151, 165, 168, agus 169 agus 207 go 209.”

    (5)

    Leasaítear Airteagal 35(3) mar a leanas:

    “3.   Beidh na séalaí faoi choimeád ag an gCláraitheoir agus beidh sé freagrach as na taifid. Beidh an Cláraitheoir freagrach, i gcomhréir leis na critéir arna gcinneadh ag an gCúirt Ghinearálta, as a cuid foilseacháin na Cúirte Ginearálta, go háirithe Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus as doiciméid a bhaineann leis an gCúirt Ghinearálta a scaipeadh ar an Idirlíon.”

    (6)

    Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear mír 1 mar a leanas:

    “1.   I gcás caingne díreacha de réir bhrí Airteagal 1, roghnóidh an t-iarratasóir teanga an cháis, ach amháin:

    (a)

    más Ballstát nó duine nádúrtha nó dlítheanach is náisiúnach de chuid Ballstáit an cosantóir, is í teanga oifigiúil an Stáit sin a úsáidfear sa chás; má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag an Stát sin, féadfaidh an t-iarratasóir rogha a dhéanamh idir na teangacha sin;

    (b)

    i gcás iarratas arna dhéanamh ag institiúid de bhun aon chlásal eadrána i gconradh arna dhéanamh ag an Aontas nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin, i gcomhréir le hAirteagal 272 CFAE, is í teanga an cháis an teanga inar tugadh an conradh i gcrích; i gcás inar dréachtaíodh an conradh i roinnt teangacha, féadfaidh an t-iarratasóir an teanga is cuí leis a roghnú;

    (c)

    ar iarratas ó na príomhpháirtithe i gcomhar lena chéile, féadfar a údarú go n-úsáidfear ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44 sna himeachtaí uile nó i gcuid díobh;

    (d)

    ar iarratas ó cheann de na páirtithe, agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, féadfar a údarú, de mhaolú ar fhomhíreanna (b) (a) go (c), go n-úsáidfear ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44 mar theanga an cháis sna himeachtaí uile nó i gcuid díobh; ní fhéadfaidh institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh iarratas den sórt sin a dhéanamh.”

    (b)

    Leasaítear mír 3 mar a leanas:

    “3.   Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i mír 1 (b) agus (c) agus (d),:

    (a)

    in achomhairc i gcoinne bhreitheanna Bhinse na Seirbhíse Sibhialta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Reacht, is í teanga na breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a ndéantar an t achomharc ina coinne an teanga a úsáidfear sa chás;

    (b)

    i gcás iarratais ar cheartú, iarratais go réiteofar cás ina mainnítear breith a thabhairt, iarratais ar bhreithiúnas mainneachtana a chur ar ceal, imeachtaí tríú páirtí, iarratais ar léiriú nó ar athbhreithniú ar bhreithiúnas nó i gcás díospóidí i dtaobh na gcostas is inghnóthaithe, is í teanga na breithe lena mbaineann na hiarratais nó na díospóidí sin a úsáidfear sna himeachtaí.”

    (c)

    Leasaítear téacs na chéad abairte de mhír 4 mar a leanas:

    “4.   Gan dochar d’fhorálacha mhír 1(b) agus (c) agus (d), in imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne chinntí Bhoird Achomhairc na hOifige, dá dtagraítear in Airteagal 1, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le córas maoine intleachtúla:”

    (7)

    Leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear mír 2 mar a leanas:

    “2.   Aon ítim a thabharfar ar aird nó a bheidh i gceangal i dteanga eile, ní foláir aistriúchán i dteanga an cháis a bheith ag gabháil léi. Mura mbeidh aistriúchán i dteanga an cháis ag gabháil le hítimí atá i gceangal le doiciméad nós imeachta, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a chur ina gceart, má chinneann an tUachtarán, uaidh féin nó arna iarraidh sin ag páirtí, gur gá an t-aistriúchán sin ar mhaithe le seoladh cuí na n-imeachtaí. Mura ndéanfar iad a chur ina gceart, bainfear na hIarscríbhinní atá i gceist den cháschomhad.

    (b)

    Leasaítear mír 3 mar a leanas:

    “3.   I gcás ítimí an-fhada, áfach, féadfar aistriúchán ar shleachta astu a chur ar fáil. Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, áfach, uaidh féin nó ar iarratas ó pháirtí, aistriúchán níos fairsinge nó aistriúchán iomlán a éileamh tráth ar bith.”

    (c)

    Leasaítear mír 5 mar a leanas:

    “5.   Féadfar a údarú Údaraítear do Stáit is páirtithe i gComhaontú LEE agus in Údarás Faireacháin CSTE freisin, seachas Stáit is Ballstáit, ceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 44, de rogha ar theanga an cháis, a úsáid nuair a bheidh siad ag idiragairt i gcás os comhair na Cúirte Ginearálta. Beidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le doiciméid i scríbhinn agus ráitis ó bhéal araon. Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go gcuirfear aistriúchán ar fáil i dteanga an cháis i ngach cás.”

    (8)

    Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

    1.   Féachfaidh an Cláraitheoir chuige, ar iarratas ó aon Bhreitheamh, aon Abhcóide Ginearálta nó aon pháirtí, go ndéanfar gach rud a déarfar nó a scríobhfar le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte a aistriú chuig na teangacha arna roghnú ó na teangacha a luaitear in Airteagal 44. go ndéanfar na doiciméid nós imeachta a aistriú go teanga an cháis agus, i gcás inarb iomchuí, go ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44.

    2.   Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go ndéanfar ateangaireacht ar gach rud a déarfar le linn éisteachta go teanga an cháis agus sna teangacha eile atá luaite in Airteagal 44 a bheidh in úsáid ag na páirtithe a bheidh i láthair ag an éisteacht nó a mheasfar a bheith riachtanach i gcomhair riar éifeachtach na héisteachta.

    (9)

    Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear mír 2 mar a leanas:

    “2.   Ní mór don dlíodóir a bheidh ag gníomhú thar ceann páirtí nó ag cuidiú leis an deimhniú doiciméad a thaisceadh sa Chlárlann chomh maith á rá go bhfuil sé údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí i gComhaontú LEE. mura bhfuil doiciméad amhail sin taiscthe cheana chun cuntas rochtana e-Curia a oscailt.

    (b)

    Leasaítear mír 4 mar a leanas:

    “4.   Mura dtaiscfear an na doiciméa id sin dá dtagraítear i míreanna 2 nó an doiciméad dá dtagraítear i mír agus 3, forordóidh an Cláraitheoir tréimhse réasúnta ina mbeidh ar an iarratasóir lena mbaineann iad a thabhairt ar aird. Mura dtabharfar na doiciméid is gá a sholáthar ar aird laistigh den tréimhse a fhorordófar, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta breith an bhfuil an t-iarratas nó na pléadálacha i scríbhinn do-ghlactha go foirmiúil toisc nár comhlíonadh na coinníollacha sin an coinníoll atá i gceist nó an gcaithfear a mheas nach bhfuil an dlíodóir ag déanamh ionadaíocht don pháirtí lena mbaineann nó nach bhfuil sé ag tabhairt cúnamh dó.”

    (10)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 66, dar teideal “Anaithnideacht agus faisnéis a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí”:

    “Airteagal 66

    Sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

    1.   I gcúrsa na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí arna thíolacadh i ndoiciméad ar leith, sloinnte agus céadainmneacha daoine nádúrtha, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe iad, agus aon sonraí pearsanta eile de chuid na ndaoine nádúrtha sin, a luaitear sna doiciméid agus san fhaisnéis a bhaineann leis an gcás a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a fhágáil ar lár.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an iarratasóir ar idiragairt.

    (11)

    Cuirtear isteach Airteagal 66a nua, dar teideal “Sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí” i ndiaidh Airteagal 66. Seo a leanas an téacs:

    “Airteagal 66a

    Sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

    1.   Le linn na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, uaithi féin nó ar iarratas réasúnaithe ó pháirtí arna thíolacadh i ndoiciméad ar leith, sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha, a luaitear i ndoiciméid agus i bhfaisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a fhágáil ar lár, má tá cúiseanna dlisteanacha ann gan na sonraí sin a nochtadh go poiblí.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an iarratasóir ar idiragairt.”

    (12)

    Leasaítear Airteagal 69(c) mar seo a leanas:

    “(c)

    ar iarraidh sin ó phríomhpháirtí le comhaontú sainráite an phríomhpháirtí eile;”

    (13)

    Cuirtear isteach Airteagal 71a “Cásanna píolótacha” i ndiaidh Airteagal 71. Seo a leanas an téacs:

    Airteagal 71a

    Cásanna píolótacha

    1.   Sa chás go n-ardaítear an cheist chéanna dlí i roinnt cásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta agus go measann an Chúirt Ghinearálta gur ar mhaithe le riar cuí an cheartais é nach ndéanfar na cásanna sin a láimhseáil go comhuaineach, féadfar bac a chur ar na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 69(c) nó (d), 70 agus 71, go dtí go dtabharfar breith ar an gcás sin arb é an ceann is oiriúnaí chun an cheist sin a scrúdú, agus aithneofar é mar chás piolótach.

    2.   Sula dtabharfaidh sé breith ar an mbac gcuirfidh sé bac ar na himeachtaí, iarrfaidh an tUachtarán ar na príomhpháirtithe sna cásanna inar féidir go gcuirfear bac ar na himeachtaí a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le haon bhac, i gcomhréir le hAirteagal 70(1), agus cuirfidh sé in iúl dóibh an cheist dlí lena mbaineann, mar aon leis an gcás a fhéadfar a aithint mar chás piolótach.

    3.   Cinnfidh Uachtarán an Dlísheomra dá bhfuil an cás píolótach sannta go ndéileálfar leis an gcás sin i dtosach, i gcomhréir le hAirteagal 67(2).

    4.   Tráth a atosófar na himeachtaí, beidh an fhéidearthacht ag na páirtithe sna cásanna ar cuireadh bac orthu a dtuairimí a thabhairt ar an mbreith a tugadh sa chás píolótach agus ar na hiarmhairtí atá ag an mbreith sin ar an díospóid.”

    (14)

    Leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:

    (a)

    Scriostar mír 5.

    (b)

    Athuimhrítear mír 6 go mír 5.

    (15)

    Leasaítear Airteagal 78(4) mar a leanas:

    “4.   Más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh é an t-iarratasóir, cuirfidh sé cruthúnas arna dhéanamh le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach aige i dteannta an iarratais (sliocht as clár na gcuideachtaí, clár na ngnólachtaí nó clár na gcomhlachas nó aon doiciméad oifigiúil eile).”

    (16)

    Leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:

    “Fógrófar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dáta taiscthe iarratas tionscanta na n-imeachtaí, ainmneacha na bpríomhpháirtithe, an t-ordú atá á lorg ag an iarratasóir agus achoimre ar na saincheisteanna dlí agus ar na príomhargóintí tacaíochta, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 66 agus 66a.”

    (17)

    Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:

    “Aon uair nach páirtí sa chás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach, cuirfidh an Chúirt Ghinearálta cóipeanna den iarratas agus den chosaint, nó, i gcás inarb ábhartha, den phléadáil maidir le heaspa dlínse nó do-ghlacthacht, d’éagmais na n-iarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid sin, chun na n-institiúidí sin ionas go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh an bhfuil neamhfheidhmeacht ceann dá ngníomhartha á hagairt faoi Airteagal 277 CFAE.”

    (18)

    Cuirtear isteach Airteagal 106a nua, dar teideal “Éisteacht chomhchoiteann na hargóinte ó bhéal” i ndiaidh Airteagal 106. Seo a leanas an téacs:

    Airteagal 106a

    Comhéisteacht

    Má cheadaíonn na cosúlachtaí idir dhá chás nó níos mó a leithéid, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh comhéisteacht a eagrú do na cásanna sin.

    (19)

    Cuirtear isteach Airteagal 107a nua, dar teideal “Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil”, i ndiaidh Airteagal 107. Seo a leanas an téacs:

    Airteagal 107a

    Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

    1.   I gcás ina gcuireann cúiseanna sláinte, slándála nó cúiseanna tromchúiseacha eile bac ar ionadaí ar pháirtí páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa, féadfar cead a thabhairt don ionadaí sin freastal ar an éisteacht sin trí fhíschomhdháil.

    2.   Déanfar iarratas chun freastal ar an éisteacht trí fhíschomhdháil a thíolacadh i ndoiciméad ar leith, a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas agus léireofar go cruinn ann cineál an bhaic sin.

    3.   Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir leis an iarratas sin a luaithe is féidir.

    4.   Ní cheadófar físchomhdháil a úsáid i gcás go dtugann an Chúirt Ghinearálta breith i seomra iata de bhun Airteagal 109.

    5.   Sonrófar na coinníollacha teicniúla atá le comhlíonadh chun freastal ar éisteachtaí trí fhíschomhdháil sna rialacha cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 224.”

    (20)

    Leasaítear Airteagal 139 mar a leanas:

    “Beidh na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta saor ó tháille, ach amháin:

    (a)

    má tharraingíonn páirtí costais inseachanta ar an gCúirt Ghinearálta, go háirithe nuair is léir gur mí-úsáid próise atá i gceist, féadfaidh sí a ordú don pháirtí sin iad a aisíoc;

    (b)

    Beidh má mheasann an Cláraitheoir go bhfuil an costas a bhaineann le haon hobair chóipeála nó aistriúcháin arna déanamh ar iarratas ó pháirtí, a mhéid a mheasann an Cláraitheoir gur costas iomarcach atá ann, iarrfaidh sé arle híoc ag an bpáirtí sin é a aisíoc de réir scála táillí na Clárlainne dá dtagraítear in Airteagal 37;

    (c)

    i gcás teipeanna leantacha chun cloí le ceanglais na Rialacha seo nó ceanglais na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 224, teipeanna ar gá réitigh a iarraidh ina leith, iarrfaidh an Cláraitheoir aisíocaíocht beidh na costais na gcostas a bhaineann le haon láimhseáil a éilíonn an Chúirt Ghinearálta le híoc ag ar an bpáirtí lena mbaineann, ar iarratas ón gCláraitheoir, de réir scála táillí na Clárlainne dá dtagraítear in Airteagal 37.”

    (21)

    Leasaítear Airteagal 144(6) mar a leanas:

    “6.   Má dhiúltaítear d’iarratas ar idiragairt, ní mór na cúiseanna a bhaineann leis an gcinneadh sin a lua san ordú dá dtagraítear i mír 5 agus breith a bheith ann maidir le costais an iarratais ar idiragairt, costais an iarratasóra ar idiragairt san áireamh, de bhun Airteagail 134, agus 135 agus 138.”

    (22)

    Leasaítear Airteagal 148(9) mar a leanas:

    “9.   Mura bhfuil dlíodóir ag déanamh ionadaíocht ar son an iarratasóra ar chúnamh dlíthiúil, seirbheálfar cóip dheimhnithe den doiciméad atá le seirbheáil air tríd an bpost cláraithe, maille le foirm admhála, nó tríd an gcóip a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith. Seirbheálfar na doiciméid atá le seirbheáil ar na páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 80(1).”

    (23)

    Leasaítear Airteagal 177 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear mír 4 mar a leanas:

    “4.   Más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh é an t-iarratasóir, cuirfidh sé cruthúnas arna dhéanamh le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach aige i dteannta an iarratais (sliocht as clár na gcuideachtaí, clár na ngnólachtaí nó clár na gcomhlachas nó aon doiciméad oifigiúil eile).”

    (b)

    Leasaítear mír 6 mar a leanas:

    “6.   Mura bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an Cláraitheoir tréimhse réasúnta ama a fhorordú don iarratasóir chun an t-iarratas a chur ina cheart, má fhágann na cúinsí go bhfuil údar leis. Mura bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le míreanna 2 3 go 5, forordóidh an Cláraitheoir teorainn ama réasúnta ina mbeidh ar an iarratasóir an t-iarratas a chur ina cheart. Mura gcuirfear an t-iarratas ina cheart laistigh den teorainn ama a fhorordófar, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta breith an bhfuil an t-iarratas do-ghlactha go foirmiúil toisc nár comhlíonadh an riachtanas sin.”

    (24)

    Leasaítear Airteagal 178(3) mar a leanas:

    “3.   Déanfar an t-iarratas a sheirbheáil ar pháirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc trí e-Curia i gcás ina dtiocfaidh sé chun bheith mar pháirtí sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta de bhun Airteagal 173(2). Más institiúid le cuntas rochtana e-Curia é an páirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, déanfar an t-iarratas a sheirbheáil trí e-Curia. Mura bhfuil cuntas e-Curia ag an bpáirtí sin, seirbheálfar an t-iarratas air i bhfoirm cóip dheimhnithe den iarratas arna seoladh tríd an bpost cláraithe maille le foirm admhála nó tríd an gcóip sin a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith chuig an seoladh a luaitear i gcomhréir le hAirteagal 177(2) a thug an páirtí lena mbaineann chun críocha na bhfógraí a chuirfear in iúl le linn na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc nó, mura tugadh an seoladh sin, an seoladh a luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid ón mBord Achomhairc.”

    (25)

    Aisghairtear Airteagail 192 go 214.

    (26)

    Leasaítear teideal Theideal VI mar a leanas:

    “NÓSANNA IMEACHTA TAR ÉIS BREITH A CHUR AR CEAL AR ACHOMHARC AGUS CÁS A THARCHUR AR AIS CHUN NA CÚIRTE GINEARÁLTA”

    (27)

    Aisghairtear Airteagail 220 go 223.

    Airteagal 2

    Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Nós Imeachta, atá barántúil sna teangacha dá dtagraítear in Airteagal 44 de na Rialacha Nós Imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an chéad lá den dara mí i ndiaidh a bhfoilsithe.

    Arna ndéanamh i Lucsamburg, an 30 Samhain 2022.

    An Cláraitheoir

    E. COULON

    An tUachtarán

    M. VAN DER WOUDE


    (1)  IO L 341, 24.12.2015, lch. 14.

    (2)  IO L 200, 26.7.2016, lch. 137.

    (3)  IO L 105 an 23.04.2015, lch. 1, arna leasú an 13 Iúil 2016 (IO L 217 an 12.08.2016, lch. 71; IO L 217 an 12.08.2016, lch. 72; IO L 217 an 12.08.2016, lch. 73), an 11 Iúil 2018 (IO L 240 an 25.09.2018, lch. 68) agus an 31 Iúil 2018 (IO L 240 an 25.09.2018, lch. 67).


    Top