This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0075
Decision of the EEA Joint Committee No 252/2019 of 25 October 2019 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2023/75]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 252/2019 an 25 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/75]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 252/2019 an 25 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/75]
IO L 11, 12.1.2023, p. 11–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/11 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 252/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/75]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 11201P a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1290 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 a mhéid a bhaineann le híoschion ullmhóide 6-fíotáis, arna tairgeadh ag Aspergillus niger (DSM 25770) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróg (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 252 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 301 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 agus (AE) 2019/1290 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 203, 1.8.2019, lch. 2.
(2) IO L 203, 1.8.2019, lch. 6.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.