Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0056

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES

    C/2022/5024

    IO L 5, 6.1.2023, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/56/oj

    6.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 5/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/56 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Iúil 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) agus Airteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán (AE) 2019/1241 (“an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla”) maidir leis na bearta caomhnaithe i gcomhair acmhainní iascaigh agus le héiceachórais mhuirí a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019. Le hIarscríbhinní VI agus VII den Rialachán sin, leagtar síos bearta sonracha teicniúla réigiúnacha le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt agus Uiscí an Iardheiscirt d’uiscí an Aontais.

    (2)

    Tá leas díreach bainistíochta ag an mBeilg, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag Éire agus ag an Ísiltír, (“Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt”) in Uiscí an Iarthuaiscirt; Tá leas díreach bainistíochta ag an mBeilg, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an bPortaingéil (“Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt”) in Uiscí an Iardheiscirt. An 5 Márta 2021, chuir an dá ghrúpa réigiúnacha dhá mholadh chomhpháirteacha isteach inar moladh bearta chun feabhas a chur ar stádas caomhnaithe deargán (Pagellus bogaraveo) a ndearna an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) measúnú orthu le comhairle lenar moladh gabháil nialasach i bhfolimistéir 6 go 8 ICES don tréimhse 2021-2022 (2). I mí an Mhárta 2022, chuir na Ballstáit leaganacha nuashonraithe de na moltaí comhpháirteacha sin inar moladh síneadh a chur leis an dáta deiridh atá beartaithe i gcás beart áirithe.

    (3)

    Chuathas i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt agus le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt maidir leis na moltaí comhpháirteacha sin i mí an Mhárta 2021 agus i mí Feabhra 2021 faoi seach.

    (4)

    Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar na moltaí comhpháirteacha agus ar an bhfianaise a chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt agus Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar fáil sa seisiún iomlánach i mí na Bealtaine 2021 (3). Moltar sna moltaí comhpháirteacha sin cineál na mbeart teicniúil a ghlac an Fhrainc agus an Spáinn roimhe sin ar an leibhéal náisiúnta a leathnú, agus rinne STECF measúnú orthu sna seisiúin iomlánacha i mí Aibreáin 2019 (4) agus mí an Mheithimh 2019 (5) chun go mbeidh siad i bhfeidhm in imchuacha farraige Uiscí an Iarthuaiscirt agus Uiscí an Iardheiscirt.

    (5)

    Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú (EGFA) maidir leis na moltaí comhpháirteacha trí nós imeachta i scríbhinn i mí na Bealtaine 2022.

    (6)

    Leis an moladh comhpháirteach ó Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt, moltar dúnadh spásúil/ama i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu chun deargán a iascach i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES. Tháinig STECF (6) ar an gconclúid go bhféadfadh an beart bainistíochta gabhálacha deargán a laghdú agus go bhfuil an dúnadh spásúil/ama le haghaidh iascaigh thráchtála ag teacht le tréimhse sceite an speicis sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh i Rialachán (AE) 2019/1241.

    (7)

    Moltar leis an moladh comhpháirteach ó Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt dúnadh spásúil/ama séasúrach le haghaidh iascaigh thráchtála mar aon le dúnadh ó cheann ceann na bliana le haghaidh iascaigh áineasa i roinnt limistéar. Cuimsítear leis an moladh comhpháirteach freisin dúnadh séasúrach breise i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu chun deargán a iascach i bhfolimistéar 8 ICES. Tháinig STECF (7) ar an gconclúid go bhfuil an dúnadh le haghaidh iascaigh thráchtála i láthair inar dócha go dtarlóidh sceitheadh agus gur cosúil go bhfuil an dúnadh le haghaidh iascaigh áineasa i limistéir ina mbailíonn deargán óg le chéile. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241.

    (8)

    Ina theannta sin, moltar leis an dá mholadh chomhpháirteacha íosmhéideanna tagartha caomhnaithe (MCRS) de 36 cm agus de 40 cm a shocrú le haghaidh gabhálacha deargán in iascaigh thráchtála agus in iascaigh áineasa, faoi seach. In Uiscí an Iarthuaiscirt, beartaítear leis an Rialachán seo Iarscríbhinn VI a leasú chun Íosmhéideanna Tagartha Caomhnaithe (MCRS) a mhéadú go dtí 36 cm i gcás iascaigh thráchtála agus 40 cm i gcás iascaigh áineasa. In Uiscí an Iarthuaiscirt, beartaítear leis an Rialachán seo Iarscríbhinn VII a leasú chun MCRS de 36 cm a áireamh le haghaidh iascaigh thráchtála. Tá MCRS de 40 cm le haghaidh iascaigh áineasa ina oibleagáid dhlíthiúil cheana féin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2013 ón gCoimisiún (8).

    (9)

    Tháinig STECF (9) ar an gconclúid go bhfuil eilimintí dearfacha sa mholadh chomhpháirteach a chuirfidh feabhas ar bhainistiú na stoc, ach de dheasca easpa sonraí tacaíochta, ní féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na mbeart sin ar na stoic faoi seach. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na bearta sin faoin 31 Nollaig 2023 i bhfianaise na staidéar eolaíoch atá ar siúl faoi láthair agus ar feitheamh na comhairle nua maidir leis an deargán a thabharfaidh ICES in 2023. Ó tharla go gcuireann iascaigh thráchtála agus áineasa araon le básmhaireacht fhoriomlán iascaireachta stoic a bhfuil sonraí gann ina leith agus le comhairle lena moltar gabháil nialasach, ba cheart an MCRS atá beartaithe a áireamh in Iarscríbhinní VI agus VII de Rialachán (AE) 2019/1241, cé is moite d’iascaigh áineasa in Iarscríbhinn VII, ar oibleagáid dhlíthiúil í cheana féin.

    (10)

    Ar an iomlán, cé nach féidir le STECF (10) a mheas an laghdófar na gabhálacha deargán, is feabhas iad na bearta bainistíochta sin i gcomparáid leis na bearta a cuireadh i láthair in 2019 agus tá sé d’acmhainn acu gabhálacha deargán a laghdú i gcomparáid leis na bearta bonnlíne dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1241. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní VI agus VII de Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú chun na bearta sin a chur san áireamh.

    (11)

    Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

    (12)

    Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (11), agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

    (2)  https://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2020/2020/sbr.27.6-8.pdf

    (3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

    (4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2485362/STECF+PLEN+19-01.pdf

    (5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2620849/STECF+PLEN+19-03.pdf

    (6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

    (7)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

    (8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2013 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla d’iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iardheiscirt (IO L 415, 10.12.2020, lch. 3).

    (9)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

    (10)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

    (11)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn VI, leasaítear Cuid A mar a leanas:

    (a)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an naoú hiontráil déag den tábla:

    “Deargán (Pagellus bogaraveo)

    36 cm (1)  (2)  (3)

    (b)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bpointe 1 faoin tábla thíos:

    “1.

    Na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shonraítear sa Chuid seo le haghaidh an troisc (Gadus morhua), na cadóige (Melanogrammus aeglefinus), an ghlasáin (Pollachius virens), an mhangaigh (Pollachius pollachius), an cholmóra (Merluccius merluccius), an scoilteáin (Lepidorhombus spp.), an tsóil (Solea spp.), na leathóige (Pleuronectes platessa), an fhaoitín (Merlangius merlangus), an langa (Molva molva), an langa ghoirm (Molva dypterygia), an ronnaigh (Scomber spp.), an scadáin (Clupea harengus), an bholmáin (Trachurus spp.) agus an ainseabhaí (Sardina pilchardus), beidh feidhm acu maidir le hiascaigh áineasa in Uiscí an Iarthuaiscirt, seachas le haghaidh an deargáin (Pagellus bogaraveo), a mbeidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) de 40 cm ina leith i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES go dtí an 31 Nollaig 2023(1).

    (1)

    In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme le haghaidh deargán amhail ón 1 Eanáir 2024.”

    (2)

    In Iarscríbhinn VI, cuirtear an pointe seo a leanas le Cuid C:

    “11.

    Limistéir choiscthe chun deargán a chaomhnú i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES

    11.1

    Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2023, beidh toirmeasc ar shoithí, a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu, gach iascaireacht a dhéanamh ar dheargán i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES.”

    (3)

    In Iarscríbhinn VII, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fichiú iontráil den tábla:

    “Deargán (Pagellus bogaraveo)

    36 cm (4)  (5)

    (4)

    In Iarscríbhinn VII, cuirtear an pointe seo a leanas le Cuid C:

    “5.

    Limistéir choiscthe chun deargán a chaomhnú i bhfolimistéar 8 ICES

    5.1

    Ón 1 Feabhra go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ghrinneallsocraithe (LLS) agus tráil ghrinnill (OTB) i limistéar thiar na, os coinne Asturias agus Ghailís, laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach de rumlínte, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84:

    43°47'00'' N, 005°15'00'' W

    43°47'00'' N, 005°12'00'' W

    43°43'00'' N, 005°12'00'' W

    43°43'00'' N, 005°15'00'' W

    43°55'00'' N, 006°46'00'' W

    43°55'00'' N, 006°37'00'' W

    43°53'00'' N, 006°46'00'' W

    43°53'00'' N, 006°37'00'' W

    44°00'49'' N, 007°01'12'' W

    44°00'49'' N, 006°57'26'' W

    43°58'32'' N, 006°57'26'' W

    43°58'32'' N, 007°01'12'' W

    44°02'48'' N, 007°13'49'' W

    44°00'15'' N, 007°10'03'' W

    44°00'15'' N, 007°10'03'' W

    44°00'15'' N, 007°13'49'' W.

    44°10'00'' N, 008°18'00'' W

    44°10'00'' N, 008°14'00'' W

    44°07'00'' N, 008°14'00'' W

    44°07'00'' N, 008°18'00'' W

    43°34'00'' N, 004°44'00'' W

    43°34'00'' N, 004°39'00'' W

    43°32'00'' N, 004°39'00'' W

    43°32'00'' N, 004°44'00'' W

    44°07'00'' N, 007°50'00'' W

    44°07'00'' N, 007°45'00'' W

    44°05'00'' N, 007°45'00'' W

    44°05'00'' N, 007°50'00'' W

    5.2

    Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh gach bliain, beidh toirmeasc ar dheargán a iascach i bhfolimistéar 8 ICES ar shoithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu.

    5.3

    I gcás iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar dheargán a iascach laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach de rumlínte, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84:

    Limistéar RF 1 (Cariño/Celeiro)

    43°46'23'' N, 007°52'04'' W

    43°48'30'' N, 007°52'04'' W

    43°49'26'' N, 007°41'17'' W

    43°45'44'' N, 007°33'21'' W

    43°43'49'' N, 007°33'21'' W

    Limistéar RF 2 (Ribadeo)

    43°33'26'' N, 007°02'58'' W

    43°35'27'' N, 007°02'58'' W

    43°35'29'' N, 007°01'20'' W

    43°33'33'' N, 007°01'20'' W

    Limistéar RF 3 (Navia):

    43°33'51'' N, 006°44'02'' W

    43°35'52'' N, 006°44'02'' W

    43°35'52'' N, 006°42'32'' W

    43°33'52'' N, 006°42'32'' W

    Limistéar RF 4 (Ensenada Canero)

    43°33'10'' N, 006°28'55'' W

    43°34'53'' N, 006°30'17'' W

    43°36'14'' N, 006°28'13'' W

    43°34'18'' N, 006°28'13'' W

    Limistéar RF 5 (Ensenada de Cabrera/Ría San Martín de la Arena)

    43°26'18'' N, 004°04'51'' W

    43°28'22'' N, 004°04'51'' W

    43°28'55'' N, 004°01'17'' W

    43°26'56'' N, 004°01'17'' W

    Limistéar RF 6 (Ría de Treto)

    43°27'49'' N, 003°25'58'' W

    43°28'59'' N, 003°23'36'' W

    43°26'16'' N, 003°22'27'' W

    43°25'09'' N, 003°24'41'' W

    Limistéar RF 7 (Bilbao/Plentzia)

    43°21'18'' N, 003°07'47'' W

    43°23'18'' N, 003°07'47'' W

    43°28'13'' N, 002°56'42'' W

    43°26'08'' N, 002°56'42'' W

    Limistéar RF 8 (Bermeo/Mundaka)

    43°25'36'' N, 002°43'23'' W

    43°27'35'' N, 002°43'23'' W

    43°26'57'' N, 002°38'45'' W

    43°24'57'' N, 002°38'45'' W

    5.4

    Beidh feidhm ag na bearta a liostaítear i bpointí 5.1 go 5.3 go dtí an 31 Nollaig 2023.”


    (1)  Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (2)  I bhfolimistéir 6 agus 7 ICES, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm maidir leis na gabhálacha deargán in iascaigh áineasa.

    (3)  In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2024.”

    (4)  Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (5)  In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2024.”


    Top