EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1287

Cinneadh Uimh. /2022 ón gComhairle Comhlachais idir an t Aontas agus an t Seoirsia an 8 Meitheamh 2022 maidir le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile [2022/1287]

ST/4652/2022/INIT

IO L 195, 22.7.2022, p. 104–105 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1287/oj

22.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 195/104


CINNEADH Uimh. /2022 ÓN gCOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN T AONTAS AGUS AN T SEOIRSIA

an 8 Meitheamh 2022

maidir le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile [2022/1287]

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHLACHAIS,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagail 146 agus 406 agus Airteagal 419(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (“an Comhaontú”), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

I mBrollach an Chomhaontaithe aithnítear tiomantas na Seoirsia dá cuid reachtaíochta a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais sna hearnálacha ábhartha, i gcomhréir leis an gComhaontú, agus dá cuid reachtaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach, rud a rannchuideoidh leis na tairbhithe a bhaineann le comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe na Seoirsia leis an Aontas a chur ar fáil do shaoránaigh uile na Seoirsia, lena n-áirítear na pobail atá deighilte de bharr coimhlinte.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 147 den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú gur de réir a chéile agus go comhuaineach a bhainfear amach oscailt éifeachtach chómhalartach a margaí faoi seach.

(4)

De bhun Airteagal 146 den Chomhaontú, áiritheoidh an tSeoirsia go ndéanfar a cuid reachtaíochta maidir le soláthar poiblí a chomhfhogasú de réir a chéile do acquis soláthair phoiblí an Aontais, agus gur ina chéimeanna leantacha a dhéanfar comhfhogasú do acquis an Aontais, faoi mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 2/2021 ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála an 8 Deireadh Fómhair 2021, tá measúnú dearfach tugtha ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir le Céim 1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt chun críche ag an tSeoirsia

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 419(5) den Chomhaontú, ba cheart don Chomhairle Comhlachais, de bhun na gcumhachtaí a thugtar di in Airteagail 406 agus 408 den Chomhaontú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an margadh a oscailt a thuilleadh i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i dTeideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann leis an Trádáil) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo deonaítear rochtain chómhalartach ar an margadh le haghaidh soláthar poiblí soláthairtí ag údaráis rialtais láir san Aontas Eorpach don tSeoirsia agus le haghaidh soláthar poiblí soláthairtí ag údaráis rialtais láir na Seoirsia chuig an Aontas Eorpach sna críocha a shonraítear in Airteagal 429 den Chomhaontú.

Airteagal 2

Tá an cinneadh seo leagtha síos i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Seoirsis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An tUachtarán

I. GARIBASHVILI


Top