Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0916

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/916 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2022 lena bhformheastar leasú de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Jumilla” (STFC))

C/2022/3866

IO L 159, 14.6.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/916/oj

14.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 159/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/916 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meitheamh 2022

lena bhformheastar leasú de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Jumilla” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Jumilla” a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas an leasaithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an leasú de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Jumilla” (STFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(3)   IO C 74, 15.2.2022, lch. 40.


Top