EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0404

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/404 ón gCoimisiún an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le fearas stiúrtha - córais chábla ar ulóg (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1275

IO L 83, 10.3.2022, p. 44–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 16/10/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022D1954

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/404/oj

10.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/44


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/404 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le fearas stiúrtha - córais chábla ar ulóg

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur táirgí iad atá i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú, caighdeáin lena dtacaítear le Treoir 2013/53/AE lena dtugtar aghaidh ar na bunriachtanais níos déine a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i gcomparáid le Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghaireadh (4).

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin a athbhreithniú freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2015/C 087/01 ón gCoimisiún (5).

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2017 maidir le fearas stiúrtha — córais chábla agus ulóige, a cuireadh in ionad chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2004 roimhe sin agus ar foilsíodh tagairt dó le Teachtaireacht 2017/C 435/06 (6) ón gCoimisiún. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2021.

(5)

An caighdeán a rinne CEN a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an caighdeán é a chomhlíonann an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736.

(6)

Leagtar amach i gcaighdeán EN ISO 8847:2021 ceanglais maidir le dearadh, suiteáil agus tástáil córas stiúrtha ina bhfuil cábla ar ulóg ar árthaí beaga le hinneall tiomána nó gan é agus ar árthaí beaga le hinneall transaim a bhfuil cumhacht iomlán ann atá suas le 37 kW agus an chumhacht sin san áireamh.

(7)

Comhlíonann caighdeán EN ISO 8847:2021 na buncheanglais arb é is aidhm dó iad a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE, agus i bPáirt A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin chomh maith. Is iomchuí dá réir sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Tá caighdeán EN ISO 8847:2021 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 8847:2017.

(9)

Is gá dá bhrí sin an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2017 a aistarraingt siar de Shraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do leagan athbhreithnithe chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2017, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán sin a chur siar.

(11)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2013/53/AE. Ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(12)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 8847:2017 a áireamh san Iarscríbhinn sin.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a leasú dá réir sin.

(14)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le hárthaí áineasa agus báid phearsanta lena dtacaítear le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE.

(4)  Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (IO L 164, 30.6.1994, lch. 15).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 87, 13.3.2015, lch. 1).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 435, 15.12.2017, lch. 144).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

“44.

EN ISO 8847:2021

 

Árthaí beaga - fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“37.

EN ISO 8847:2017

Árthaí beaga - fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg

10 Meán Fómhair 2023.”


Top