EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0029

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/29 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí o ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, agus ábhar ad hoc 2023 i dtaca le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7647

IO L 7, 12.1.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/29/oj

12.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 7/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/29 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí o ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, agus ábhar ad hoc 2023 i dtaca le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, staidreamh a bhunófar ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun na riachtanais a sainaithníodh sna topaicí mionsonraithe ábhartha a chumhdach, ba cheart don Choimisiún uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú maidir leis na tacair sonraí a chumhdaíonn roinnt ábhair mhionsonraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700, eadhon: saintréithe an ionaid oibre, stádas fostaíochta, gnóthachtáil oideachais - mionsonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh, mionsonraí ar dhálaí tithíochta, lena n-áirítear díothacht agus cíos barúlach, timpeallacht maireachtála, tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, deacrachtaí tithíochta (lena n-áirítear deacrachtaí cíosa) agus cúiseanna.

(2)

Tugann réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Seimeastar Eorpach agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe maidir le dáileadh ioncaim, leis an mbochtaineacht agus le heisiamh sóisialta. Cuireann sé faisnéis ar fáil freisin le haghaidh beartais éagsúla eile de chuid an Aontais a bhaineann le dálaí maireachtála agus leis an mbochtaineacht.

(3)

Ba cheart don Choimisiún uimhir agus teideal na n-athróg ar an ábhar ad hoc maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh a bhunú.

(4)

Níor cheart líon na n-athróg a bheidh le bailiú a dhul thar 5 % os cionn líon na n-athróg a bailíodh maidir le réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála tráth a tháinig Rialachán (AE) 2019/1700 i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is san Iarscríbhinn a leagtar amach líon agus teideal na n-athróg i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála a mhéid a bhaineann leis na tacair athróg maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, mar aon le hábhar ad hoc 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Is san Iarscríbhinn a leagtar amach líon agus teideal na n-athróg i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála a mhéid a bhaineann leis an tacar d’athróga maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht agus Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, mar aon le hábhar ad hoc 2023.

Modúl

Topaic mhionsonraithe

Aitheantóir na hathróige

Ainm na hathróige

Margadh an tsaothair agus an tithíocht

Saintréithe an ionaid oibre

(4 athróg a bailíodh)

PL230

An earnáil fostaíochta phoiblí/phríobháideach

PW100

Sástacht leis an bpost

PL260

Na gnáthuaireanta oibre in aghaidh na seachtaine

PL130

Méid an aonaid áitiúil le haghaidh an phríomhphoist

Stádas fostaíochta

(5 athróg a bailíodh)

PL035

Oibríodh ar a laghad uair an chloig amháin le linn na seachtaine roimhe

PL025

Ar fáil le haghaidh oibre

PL020

Ag lorg poist go gníomhach

PL120

An chúis ar oibríodh níos lú ná 30 uair an chloig

PL280

An méid ama a cláraíodh mar dhuine dífhostaithe

Gnóthachtáil oideachais - mionsonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh

(2 athróg a bailíodh)

PE030

Bliain inar cuireadh an leibhéil oideachais is airde i gcrích go rathúil

PE050

Oideachas a stopadh nó a tréigeadh

Mionsonraí maidir le dálaí tithíochta, lena n-áirítear díothacht agus cíos barúlach

(11 athróg a bailíodh: 9 n-athróg éigeantacha, 2 cheann roghnacha)

HS160

Fadhbanna leis an áit teaghaise: ródhorcha, gan a dhóthain solais

HS170

Torann ó na comharsana nó ón tsráid

HC020

Achar na teaghaise i méadair chearnacha

HC080

Sástacht fhoriomlán leis an teaghais

HY030

Cíos barúlach

HH040

Díon silteach, ballaí/urláir/bunsraith atá tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár

HS140

An t-ualach airgeadais maidir le costas iomlán na tithíochta

HS180

Truailliú, salachar nó fadhbanna eile a bhaineann leis an timpeallacht

HS190

An choireacht, an foréigean nó an loitiméireacht sa cheantar

HH081

Folcadán nó cithfholcadán sa teaghais (ROGHNACH)

HH091

Leithreas laistigh is féidir a shruthlú le húsáid ag an teaghlach agus ag an teaghlach amháin (ROGHNACH)

Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, deacrachtaí tithíochta agus ábhar ad hoc 2023 maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh

Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin (16 athróg a bailíodh: 12 athróg éigeantacha, 4 cinn roghnacha)

PT220

An cineál teaghlaigh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT230

An mháthair a bheith ann nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT240

An t-athair a bheith ann nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT070

Saoránacht an athar (ROGHNACH)

PT100

Saoránacht na máthar (ROGHNACH)

PT110

An leibhéal oideachais is airde a bhain an t-athair amach

PT120

An leibhéal oideachais is airde a bhain an mháthair amach

PT130

Stádas gníomhaíochta an athar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT160

Stádas gníomhaíochta na máthar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT150

Príomhghairm an athar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois (ROGHNACH)

PT180

Príomhghairm na máthar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois (ROGHNACH)

PT210

Stádas tionóntachta nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT190

Staid airgeadais an teaghlaigh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT260

Riachtanais bhunúsacha scoile (leabhair agus trealamh scoile) a comhlíonadh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT270

Béile laethúil a chaitheamh le feoil, sicín, iasc (nó a gcomhionann feoilséantach) nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

PT280

Seachtain amháin saoire bhliantúil as baile nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois

Deacrachtaí tithíochta (lena n áirítear deacrachtaí cíosa) agus na cúiseanna

(6 athróg a bailíodh: 4 athróg éigeantacha, 2 cheann roghnacha)

PHD01

Taithí roimhe seo ar dheacrachtaí tithíochta

PHD07

An uair a bhí na deacrachtaí tithíochta ann (ROGHNACH)

PHD02

An fad a mhair na deacrachtaí tithíochta is déanaí (ROGHNACH)

PHD03

Príomhchúis na ndeacrachtaí tithíochta a bhí ann roimhe seo

PHD05

An bealach a dtángthas slán as na deacrachtaí tithíochta

PHD06

Deacrachtaí cíosa

An t-ábhar ad hoc - Éifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh

(7 n-athróg a bailíodh: 4 athróg éigeantacha, 3 cinn roghnacha)

HC001

Córas téimh a úsáidtear

HC002

Foinse fuinnimh

HC003

Athchóiriú (insliú teirmeach, fuinneoga nó córas téimh)

HC060

Neamhábaltacht an teaghais a choinneáil go compordach te le linn an gheimhridh

HC070

Neamhábaltacht an teaghais a choinneáil go compordach fionnuar le linn an tsamhraidh (ROGHNACH)

HC004

Cineál fuinneog (ROGHNACH)

HC005

Bliain tógála (ROGHNACH)


Top