EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1531
Commission Regulation (EU) 2021/1531 of 17 September 2021 amending Annexes II, III and IV to Regulation (EC) No 396/2005 of the European Parliament and of the Council as regards maximum residue levels for aclonifen, acrinathrin, Bacillus pumilus QST 2808, ethirimol, penthiopyrad, picloram and Pseudomonas sp. strain DSMZ 13134 in or on certain products (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1531 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aclóinífeine, aicrinitrine, Bacillus pumilus QST 2808, eitireamóil, pheintiaipiorad, phioclóram agus tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp. i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1531 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aclóinífeine, aicrinitrine, Bacillus pumilus QST 2808, eitireamóil, pheintiaipiorad, phioclóram agus tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp. i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/6651
IO L 330, 20.9.2021, p. 44–68
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 330/44 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1531 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aclóinífeine, aicrinitrine, Bacillus pumilus QST 2808, eitireamóil, pheintiaipiorad, phioclóram agus tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp. i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás aclóinífeine, aicrinitrine agus eitireamóil, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás peintiaipiorad agus pioclóram, leagadh síos MRLanna i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás Bacillus pumilus QST 2808 agus tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp., níor leagadh síos aon MRL sonrach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ná níor cuireadh na substaintí sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagadh síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú chun táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach aclóinífein a úsáid ar shíolta finéil agus ar thorthaí cearbhais, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 chun MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh leitísí a mhéid a bhaineann le haicrinitrin. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh soilire agus fhinéal Fhlórans a mhéid a bhaineann le peintiaipiorad. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh praiseach bhlátha a mhéid a bhaineann le pioclóram. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus cuireadh ar fáil don phobal iad. |
(6) |
Maidir le gach iarratas, chinn an tÚdarás gur comhlíonadh na ceanglais go léir i ndáil le sonraí agus go raibh na modhnuithe ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht tomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil tomhaltóir i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir sé an fhaisnéis is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substaintí san áireamh. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a d’fhéadfadh iad a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí ábhartha a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha. |
(7) |
I gcás eitireamóil, modhnaíodh roinnt MRLanna le Rialachán (AE) 2020/1566 ón gCoimisiún (3). Leis an Rialachán sin laghdaíodh an MRL le haghaidh eitireamóil i gcúcamair go 0,05 mg/kg de dheasca earráid tuairiscithe. Is é eitireamól príomh-mheitibilít bhúipireamáite, substaint a úsáidtear faoi láthair i dtáirgí cosanta plandaí i roinnt Ballstát. Mar iarmhairt air sin, d’fhéadfadh sárú MRL féideartha a bheith mar thoradh ar MRLanna a laghdú i gcás eitireamóil, tar éis úsáid dhleathach a bhaint as búipireamáit. Chun é sin a sheachaint, chuir an Ballstát is rapóirtéir tuarascáil mheastóireachta leasaithe faoi bhráid an Údaráis ar an 25 Lúnasa 2020, agus d’fhoilsigh an tÚdarás ceartú ar an tuairim réasúnaithe ábhartha an 30 Meán Fómhair 2020 (4), inar mhol sé an MRL le haghaidh eitireamóil i gcúcamair a leagan síos ag 0,2 mg/kg. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí feidhm a bheith ag an MRL le haghaidh eitireamóil i gcúcamair, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ón dáta céanna le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1566. |
(8) |
I gcás Bacillus pumilus QST 2808 agus tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp., chuir an tÚdarás tuairimí réasúnaithe (5) (6) isteach i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Sna tuairimí sin, mhol an tÚdarás go gcuirfí an dá shubstaint sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá á meas á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe faoi seach ar MRLanna na ceanglais atá in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Bealtaine 2021 a mhéid a bhaineann le MRL eitireamóil i gcúcamair.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tuarascálacha eolaíocha EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for aclonifen in fennel seed and caraway fruit [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh aclóinífeine i síolta finéil agus i dtorthaí cearbhais a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(7):6219.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue level for acrinathrin in lettuce [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh aicrinitrine i leitís a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(7):6218.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for penthiopyrad in Florence fennels and celeries [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh peintiaipiorad i bhfinéal Fhlórans agus i soilire]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(9):6259.
Reasoned opinion on the modification of the existing MRL for picloram in flowering brassica [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh pioclóram i bpraiseach bhlátha]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(10):6272.
(3) Rialachán (AE) 2020/1566 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar bhúipireamáite, chairfeantrasón-eitile, eitireamóil agus phioriaifeanóin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 358, 28.10.2020, lch. 30).
(4) Reasoned opinion on the Review of the existing maximum residue levels for bupirimate according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an Athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh búipireamáite de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2019;17(7):5757.
(5) Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for Bacillus pumilus QST 2808 according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh Bacillus pumilus QST 2808 de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(5):6115.
(6) Reasoned opinion on the Review of the existing maximum residue levels for Pseudomonas sp. strain DSMZ 13134 according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp. de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(8):6234.
IARSCRÍBHINN
Déantar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú mar a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh aclóinífeine, aicrinitrine agus eitireamóil: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh peintiaipiorad agus pioclóram: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(3) |
In Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas in ord aibítre: “Bacillus pumilus QST 2808” agus “tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp.”. |
(*1) Teorainn cinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.
(*2) Teorainn cinnidh anailísigh
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.”