Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1155

    Rialachán (AE) 2021/1155 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní gorma in oileánraí sonracha i gcás soithí mionscála a bhfuil bratach na Gréige ar foluain acu

    C/2021/5203

    IO L 249, 14.7.2021, p. 85–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1155/oj

    14.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 249/85


    RIALACHÁN (AE) 2021/1155 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Iúil 2021

    lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní gorma in oileánraí sonracha i gcás soithí mionscála a bhfuil bratach na Gréige ar foluain acu

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

    (2)

    De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic tuinníní gorma in oileánraí sonracha ag soithí mionscála a bhfuil bratach na Gréige ar foluain acu nó atá cláraithe sa Ghréig.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ídiú cuótaí

    Maidir leis an gcuóta iascaireachta le haghaidh 2021 a leithdháileadh ar an nGréig le haghaidh an stoic tuinníní gorma in oileánraí sonracha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Toirmisc

    Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí mionscála a bhfuil bratach na Gréige ar foluain acu nó atá cláraithe sa Ghréig. Go háirithe, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh.

    11/TQ92

    Ballstát

    An Ghréig (soithí mionscála)

    Stoc

    BFT/AVARCH

    Speiceas

    An tuinnín gorm (Thunnus thynnus)

    Limistéar

    Oileánraí sonracha sa Ghréig (na hOileáin Iónacha), sa Spáinn (na hOileáin Chanáracha) agus sa Phortaingéil (na hAsóir agus Maidéara).

    Dáta deiridh

    22.3.2021


    Top