This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1007
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1007 of 18 June 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2018/274 as regards the analytical databank of isotopic data and the checks in the wine sector
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1007 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus na seiceálacha in earnáil an fhíona
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1007 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus na seiceálacha in earnáil an fhíona
C/2021/4307
IO L 222, 22.6.2021, p. 8–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 222/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1007 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus na seiceálacha in earnáil an fhíona
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 89(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá earnáil fíona an Aontais an-leochaileach ó thaobh calaoise de toisc go bhfuil formhór tháirgeadh an Aontais bunaithe ar na scéimeanna cáilíochta deimhnithe, eadhon sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (“STFC”) agus tásc geografach faoi chosaint (“TGFC”), lena dtugtar aitheantas do tháirgí ardcháilíochta agus a chuidíonn le táirgeoirí a dtáirgí a mhargú ar bhealach níos fearr. Baineann na sáruithe príomhúla amhrasta le forghabháil tionscnaimh, mar shampla trí fhíon lagmheasa a mhargú agus a lipéadú d’aon ghnó agus go neamhdhleathach mar fhíon ar deonaíodh STFC nó TGFC dó, nó trí fhíon a chaolú nó siúcra a chur le fíon go neamhdhleathach. Meastar gur fiú EUR 1,3 billiún in aghaidh na bliana an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag an ngníomhaíocht chalaoiseach in earnáil fíona an Aontais, is é sin 3,3 % de dhíolacháin earnáil fíona an Aontais. Sa bhreis ar an tionchar eacnamaíoch díreach follasach ar earnáil an fhíona a chruthaítear le cásanna calaoise den sórt sin, d’fhéadfadh baol níos mó fós a bheith ann go ndéanfaí damáiste do chlú earnáil an fhíona i gcás ina mbeadh teagmhas tromchúiseach calaoise ann agus go gcaillfí muinín na dtomhaltóirí agus go gcuirfí srianta ar thrádáil dá bharr, rud a dhéanfadh dochar do leasanna foriomlána earnáil fíona an Aontais. |
(2) |
Dá bhrí sin, is gá an comhrac in aghaidh na calaoise in earnáil fíona an Aontais a fheabhsú agus a neartú, go háirithe maidir le feidhmiú an bhunachair sonraí anailísigh de shonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (2) agus a mhéid a bhaineann le comhordú na bhfreagrachtaí gaolmhara sna Ballstáit agus leis an lárionad tagartha Eorpach um rialú in earnáil an fhíona (ERC-CWS). Rannchuidíonn sé sin le straitéis an Choimisiúin “A Farm to Fork strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” (Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol) (3). Go háirithe maidir le ceann amháin dá chuid tosaíochtaí arb é atá ann an chalaois bhia a chomhrac feadh shlabhra an tsoláthair bia, lena n-iarrtar go sonrach ar an gCoimisiún cur lena chomhrac i gcoinne na calaoise bia chun cothrom iomaíochta a bhaint amach d’oibreoirí agus chun cumhachtaí na n-údarás rialaithe agus forfheidhmiúcháin a neartú. |
(3) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (4) leagtar síos na rialacha maidir leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus forálacha sonracha maidir le seiceálacha. Is gá inneachar an bhunachair sonraí anailísigh de shonraí iseatópacha a oiriúnú chun léargas níos fearr a thabhairt ar réaltacht earnáil fíona an Aontais. I bhfianaise mheán na 5 bliana deireanacha de tháirgeadh fíona an Aontais, tá treocht sheasta in airde ann maidir le sciar na bhfíonta ar deonaíodh STFC nó TGFC dóibh, sciar a bhain breis agus 60 % den táirgeacht iomlán amach. Sa bhliain mhargaíochta 2019/20, bhí an sciar gar do 70 %. Dá bhrí sin, agus ós rud é gur mó an baol go ndéanfar calaois i leith fíonta ar deonaíodh aitheantas STFC nó TGFC dóibh, is gá foráil a dhéanamh sa bhunachar sonraí do sciar níos mó de na fíonta sin, a dhéanann suas 40 % d’iomlán na bhfíonta PDO nó TGFC san Aontas anois. |
(4) |
Chun sampláil a dhéanamh ar fhíonchaora, agus chun na hoibríochtaí agus na hanailísí a dhéanamh a theastaíonn chun sonraí a tháirgeadh don bhunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha, teastaíonn leibhéal ard acmhainní, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar sholáthar na sonraí sin. D’fhonn na deacrachtaí a shárú maidir le faisnéis thráthúil iomlán a sholáthar, maidir lena chinneadh go bhféadfaidh an t-eintiteas a bhainistíonn STFC nó TGFC na samplaí de na fíonchaora a shaothraítear chun fíonta a bhfuil STFC nó TGFC acu a tháirgeadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an cinneadh sin a ghlacadh, i gcomhar leis na saotharlanna ainmnithe, i gcásanna nach bhfuil dóthain acmhainní ag na saotharlanna ainmnithe an tsampláil a dhéanamh iad féin. Beidh comhar idir na comhlachtaí sin, ERC-CWS agus saotharlanna ainmnithe na mBallstát ríthábhachtach sa chomhrac in aghaidh cleachtais chalaoiseacha a bhfuil tionchar acu ar fhíonta a bhfuil aitheantas STFC nó TGFC acu, ar fíonta iad arb é atá iontu an chuid is mó de tháirgeadh fíona an Aontais. |
(5) |
De dheasca sonraí iseatópacha a bheith in easnamh agus tacair sonraí neamhiomlána, d’fhéadfadh moill a bheith ar imscrúduithe ar chásanna de chalaois amhrasta fíona nó d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar thoradh na n-imscrúduithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le fíon góchumtha a scaoileadh ar an margadh. Ní hamháin go bhfuil an easpa sonraí sin ina bagairt maidir le clú fhíonta an Aontais ach d’fhéadfadh tionchar a bheith aici freisin ar mhéid na ndleachtanna máil a chuirtear i bhfeidhm. Cruthaíonn sé sin baol go gcuirfí dleachtanna ioncaim cánach i bhfeidhm ar chatagóirí fíonta atá lipéadaithe go mícheart. Dá bhrí sin, is gá feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair i dtaca leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha ionas go n-áiritheofar go ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta laistigh de thréimhse áirithe, agus le go gcuirfear cosaint níos fearr ar fáil ar an gcaoi sin in aghaidh na calaoise in earnáil fíona an Aontais. I bhfianaise roinnt fadhbanna a bhaineann le sannadh i roinnt Ballstát, is gá a shoiléiriú freisin cé na páirtithe lena mbaineann a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar na samplaí agus ar na comhaid. |
(6) |
Chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta lena rialaítear imscrúduithe ar chalaois amhrasta a bhaineann le coinsíneacht fíona, ba cheart na rialacha atá ann faoi láthair a threisiú. Ba cheart sprioc-amanna a leagan síos, agus nuair a rachaidh siad in éag ba cheart a chur ar fáil d’údarás inniúil na críche ina bhfuil an t-ionad díluchtaithe lonnaithe na sonraí ábhartha go léir atá ar fáil agus a theastaíonn chun a fhíorú an gcomhlíonann an fíon a bhfuil amhras faoi rialacha an Aontais in earnáil an fhíona. Ba cheart ról na n-eintiteas atá i bhfeighil ar na céimeanna éagsúla den nós imeachta imscrúdaithe a shoiléiriú a thuilleadh. |
(7) |
Ní nochtar don phobal tacair sonraí maidir le tomhas iseatópach ná aon torthaí gaolmhara ón mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha. Tá údar leis sin mar gheall ar an imní go soláthrófaí faisnéis do chalaoiseoirí a d’fhéadfadh í a úsáid chun a leasa dá gcuirfí faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí. Thairis sin, dhéanfadh mí-úsáid faisnéise den sórt sin dochar do cháil fíonta áirithe. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta roinnt sonraí anaithnidithe maidir le cásanna calaoise a nochtadh don phobal trí thuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina mbeidh na torthaí is tábhachtaí ar rialuithe in earnáil an fhíona bunaithe ar úsáid an bhunachair sonraí. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha a bhaineann le mionsaothrú na tuarascála bliantúla a shonrú a thuilleadh. |
(8) |
Thángthas ar dheacrachtaí le linn seiceálacha agus rialuithe a dhéanamh ar tháirgí fíona a iompraítear ar an mórchóir, ós rud é go bhfuil na táirgí sin níos soghabhálaí i leith cleachtais chalaoiseacha ná mar atá táirgí lipéadaithe ar a bhfuil feiste dúnta neamh-inathúsáidte. Dá bhrí sin, i gcásanna nach gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas in am, trí chóras ríomhairithe nó trí chóras faisnéise, maidir le teacht isteach coinsíneacht táirgí fíona arna n-iompar ar an mórchóir ba cheart bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t-údarás inniúil san ionad díluchtaithe in ann na seiceálacha is gá a dhéanamh sula bhfágfaidh an táirge áitreabh an choinsíní. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gan seiceálacha den sórt sin a dhéanamh, ba cheart cead a bheith ag an gcoinsíní an táirge a sheoladh óna áitreabh láithreach. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a leasú dá réir. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).
(3) COM/2020/381 final.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha, agus le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60).