EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1000

Cinneadh (CBES) 2021/1000 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

ST/9552/2021/INIT

IO L 219I, 21.6.2021, p. 57–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1000/oj

21.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 219/57


CINNEADH (CBES) 2021/1000 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1).

(2)

An 22 Márta 2021 agus an 19 Aibreán 2021, d’ainmnigh an Chomhairle 21 duine agus dhá eintiteas mar fhreagairt ar an coup míleata a cuireadh ar bun i Maenmar/Burma an 1 Feabhra 2021, agus as an diansmacht míleata agus póilíneachta ina dhiaidh sin i gcoinne sibhialtach agus léirsitheoirí síochánta.

(3)

Mar thoradh ar na gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair i Maenmar/Burma lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta, chomh maith leis an gcos ar bolg bhrúidiúil agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tír, an 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/711 (2), lena ndearnadh na bearta sriantacha atá i bhfeidhm a athnuachan, lena n-áirítear na hainmniúcháin uile.

(4)

I bhfianaise na staide tromchúisí atá fós ann i Maenmar/Burma, ba cheart ochtar agus ceithre eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/711 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena leasítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma (IO L 147, 30.4.2021, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

Leasítear an Iarscríbhinn a ghabhann le 2013/184/CBES mar seo a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa liosta dar teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 6(1)”:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“36.

Soe Htut

Dáta breithe: 29 Márta 1960;

Áit bhreithe: Mandalay, Myanmar;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é Leifteanant-Ghinearál Soe Htut. Is comhalta é freisin de State Administrative Council (SAC) faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Ceapadh Soe Htut ina Aire Gnóthaí Baile an 1 Feabhra 2021.

21.6.2021

 

 

 

Tá an tAire Gnóthaí Baile freagrach as fórsa póilíní, seirbhís dóiteáin agus seirbhís príosún Mhaenmar (Myanmar). Ar fheidhmeanna an Ministry for Home Affairs tá slándáil an stáit agus agus an t-ord poiblí. Sa cháil sin, tá Leifteanant-Ghinearál Soe Htut freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne póilíní Mhaenmar (Myanamar) ó bhí coup míleata an 1 Feabhra 2021 ann, lena n-áirítear sibhialtaigh agus lucht agóide neamharmtha a mharú, sáruithe ar shaoirse comhlachais agus ar chomhthionól síochánta, gabhálacha treallacha agus ceannairí freasúra agus lucht agóide síochánta a choinneáil agus sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Ina theannta sin, mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Leifteanant-Ghinearál Soe Htut leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.

 

37.

Tun Tun, Naung

(ar a dtugtar freisin Tun Tun Naing; ar a dtugtar freisin Htun Htun Naung)

Dáta breithe: 30 Aibreán 1963;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Is comhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é Leifteanant-Ghinearál Tun Naung agus ba Cheannasaí é roimhe sin freisin. Is é an tAire Gnóthaí Teorann é agus is comhalta é den National Defence and Security Council.

In 2013, ba é Tun Tun Naung an Ceannasaí Thuaidh a rinne maoirseacht ar choinbhleacht lucht míleata Mhaenmar (Myanmar) le Kachin Independence Army. Sa choinbhleacht sin, rinne trúpaí Mhaenmar (Myanmar) atá faoi cheannas Tun Tun Naung sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

In 2017, ba é Tun Tun Naung oifigeach ceannais an “1st Bureau of Special Operations”. Agus é i gceannas, rinne trúpaí ainghníomhartha agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcoinne mionlach eitneach i stát Rakhine le linn “oibríochtaí imréitigh Rohingya”. Cuireadh tús leis na hoibríochtaí sin an 25 Lúnasa 2017 agus bhain siad le maruithe treallacha, mí-úsáid fhisiciúil, céasadh, foréigean gnéasach, agus daoine de bhunadh Rohingya a choinneáil. Ina cháil mar Cheannasaí in 2013 agus 2017, tá Tun Tun Naung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh i Maenmar/Burma.

21.6.2021

 

 

 

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. Le linn na n-imeachtaí sin, ghlac Tun Tun Naung le ceapachán mar Aire Gnóthaí Teorann i rialtas an Aontais an 1 Feabhra 2021 agus leis sin, suíochán ag an National Defence and Security Council.

Mar chomhalta de rialtas an Aontais agus mar aire gnóthaí teorann, tá Tun Tun Naung freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol.

 

38.

Win Shein

(ar a dtugtar freisin U Win Shein)

Dáta breithe: 31 Iúil 1957;

Áit bhreithe: Mandalay, Myanmar;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Seoladh: Myananyadanar, Naypyitaw, Myanmar/Burma;

Is é Win Shein an tAire Pleanála, Airgeadais agus Tionscail i rialtas an Aontais, arna cheapadh ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing ar an 1 Feabhra 2021.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing.

21.6.2021

 

 

Uimhir an phas: DM001478 (Myanmar/Burma) eisithe 10 Meán Fómhair 2012, ag dul in éag an 09 Meán Fómhair 2022;

Uimhir aitheantais náisiúnta: 12DAGANA011336

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Aire Pleanála, Airgeadais agus Tionscail i Rialtas an Aontais, agus tríd an ról tábhachtach atá aige i mbeartais an réimis, tá Win Shein freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma (Myanmar/Burma).

 

39.

Khin Maung Yi (dá ngairtear freisin Khin Maung Yee; dá ngairtear freisin U Khin Maung Yi)

Dáta breithe: 15 Feabhra 1965;

Áit bhreithe: Rangoon, Myanmar;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Is é an Coirnéal Khin Maung Yi an tAire reatha ar an Ministry for Natural Resources and Environmental Conservation (MONREC). Bhí sé ina Rúnaí Buan sa roinn seo faoin rialtas a toghadh go daonlathach.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Cheap SAC, faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung: Hlaing, an Coirnéal Khin Maung Yi mar Aire ar MONREC an 2 Feabhra 2021.

21.6.2021

 

 

 

De réir dhlí Mhaenmar (Myanmar), is é MONREC amháin atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar shaothrú acmhainní nádúrtha Mhaenmar (Myanmar), a bhfuil ról ríthábhachtach aige i saothrú agus i dtrádáil acmhainní amhail geamchlocha, péarlaí agus acmhainní mianracha eile chomh maith leis an bhforaoiseacht. Faoina cheannaireacht, rialaíonn MONREC Myanmar Pearl Enterprise (MPE), Myanmar Gems Enterprise (MGE) agus Myanmar Timber Enterprise (MTE), a bhfuil cearta eisiacha acu ar tháirgeadh agus ar thrádáil acmhainní sna réimsí inniúlachta acu.

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Aire Acmhainní Nádúrtha agus Caomhnaithe Comhshaoil agus tríd an ról tábhachtach atá aige i saothrú acmhainní nádúrtha Mhaenmar (Myanmar), rannchuidíonn Khin Maung Yi le maoiniú an réimis mhíleata, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

 

40.

Tin Aung San

Dáta breithe: 16 Deireadh Fómhair 1960;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 12/La Ma Na (N) 089 489

Is é an t-Aimiréal Tin Aung San Ardcheannasaí Myanmar Navy agus feidhmíonn sé mar Aire Iompair agus Cumarsáide. Is comhalta de SAC é freisin.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

21.6.2021

 

 

 

Cheap SAC, faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung: Hlaing, an t-Aimiréal Tin Aung San mar Aire Iompair agus Cumarsáide an 3 Feabhra 2021.

Mar Aire Rialtais, tá sé freagrach as cumarsáid agus líonraí agus ar an gcaoi sin déanann sé cinntí agus cuireann sé beartais chun feidhme lena ndéantar saoirse rochtana ar líne ar shonraí a shainiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, is iomaí múchadh agus moilliú d’aon ghnó ar an idirlíon a tharla, chomh maith le horduithe do sholáthraithe cosc a chur ar Facebook, Twitter agus Instagram ar-líne. Dá bhrí sin, tá sé freagrach go díreach as saoirse an phreasa agus rochtain ar fhaisnéis ar líne a theorannú agus tríd an méid sin a dhéanamh tá sé ag baint an bhoinn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ós rud é gur comhalta de SAC é, bhí baint dhíreach ag Tin Aung San leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.

 

41.

Thida Oo

ar a dtugtar freisin Daw Thida Oo

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: Baineann

Tá Thida Oo ina hArd-Aighne ar Aontas Mhaenmar (Myanmar) ón 2 Feabhra 2021, nuair a cheap Ardcheannasaí Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) Min Aung Hlaing í. Is comhalta de Myanmar Investment Commission (MIC) í.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

21.6.2021

 

 

 

Tá Thida Oo mar chuid den rialtas a d’eascair as an coup óna chéad lá, ag baint úsáid as an gcumhacht a thugtar faoi dhlí Ard-Aighne an Aontais 2010 chun tabhairt faoi thrialacha polaitiúla agus faoi choinneáil threallach ina dhiaidh sin agus chun gníomhú mar fhórsa cumasúcháin don mhí-úsáid atá á déanamh ag an réimeas míleata. Dá bhrí sin tá sí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus beartas a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus freagrach a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

 

42.

Aung Lin Tun

Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

Inscne: Fireann

Is ball de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é an Maor-Ghinearál Aung Lin Tun agus faoi láthair is Leas-Aire Cosanta é.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

21.6.2021

 

 

 

Cheap SAC, faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, an Maor-Ghinearál Aung Lin Tun mar Leas-Aire Cosanta ar an 11 Bealtaine 2021. Roimh an ardú céime sin, ba ball foirne in oifig Ardcheannasaí an Airm é agus bhí baint aige le gach gníomh diansmachtúil a rinne SAC agus Tatmadaw ó tharla an coup.

Mar Leas-Aire Cosanta, tá an Maor-Ghinearál Aung Lin Tun rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus beartas a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus freagrach a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Ina theannta sin, mar bhall den réimeas míleata, tá an Maor-Ghinearál Aung Lin Tun freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne na fórsaí slándála i gcoinne lucht agóide síochánta.

 

43.

Zaw Min Tun

Áit bhreithe: Yenanchaung, Myanmar;

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: Fireann

Is é an Brigadier-General Zaw Min Tun an ceannaire ar an State Administration Council Press Team agus an leas-aire faisnéise. Is é iarcheann True News Information Team Tatmadaw é.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar (Myanmar), trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Cheap SAC faoi Ardcheannasaí Min Aung Hlaing é mar cheannaire ar SAC Press Team an 5 Feabhra 2021 agus mar leas-aire faisnéise an 7 Feabhra 2021.

Mar urlabhraí SAC, bhí an Brigadier-General Zaw Min Tun i gceannas phreasagallaimh uile SAC, arb é atá mar aidhm acu leagan SAC a chur in iúl agus a chosaint i ndáil leis an coup agus le gníomhaíochtaí an junta ó shin i leith.

21.6.2021”;

 

 

 

Mar leas-aire faisnéise den rialtas, tá freagracht dhíreach air as na meáin atá faoi úinéireacht stáit agus dá réir sin as craoladh agus foilsiú na nuachta oifigiúla. Ó ainmníodh Chit Naing mar aire faisnéise agus Zaw Min Tung mar a Leas-Aire, tá na nuachtáin lán le hailt i bhfabhar an airm. Dá réir sin, tá Zaw Min Tun freagrach as bolscaireacht an junta agus as bréagaisnéis a scaipeadh trí mheáin stáit, ar meáin iad nach bhfuil tuairisc chruinn á tabhairt acu. Tá sé freagrach freisin as cinntí ba chúis leis an gcniogbheartaíocht ar na meáin i Maenmar. Áirítear leis sin treoracha, lenar ordaíodh do na meáin neamhspleácha gan na téarmaí ‘coup’, ‘réimeas míleata’ ná ‘junta’ a úsáid, agus lenar cuireadh cosc ar fhoinsí áitiúla nuachta sa tír agus lenar gabhadh iriseoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ina chuid ráiteas, tugann sé tacaíocht phoiblí don coup míleata. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas i Maenmar/Burma agus as srian a chur ar shaoirse an phreasa agus ar rochtain ar fhaisnéis ar líne agus as líne araon.

Mar chomhalta de SAC agus de rialtas an junta, tá an Brigadier-General Zaw Min Tun páirteach i ngníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus tá sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí agus na beartais sin, chomh maith le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol

 

(2)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa liosta dar teideal “B. Daoine nádúrtha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(1)”:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“3.

Myanma Gems Enterprise (ar a dtugtar freisin Myanmar Gems Enterprise)

Seoladh: NO.70-072, Yarza, Thingaha Road, Thapyaygone Ward, Zabuthiri Township, Naypyitaw, Myanmar;

An cineál eintitis: Fiontar faoi úinéireacht stáit;

Is fiontar é Myanmar Gems Enterprise (MGE) atá faoi úinéireacht stáit agus á rialú ag Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Tá sé freagrach as rialacha agus rialacháin a dhréachtú agus as maoirseacht agus deonú ceadanna a dhéanamh d’fhiontraithe príobháideacha áitiúla, margaí agus díolacháin speisialta a eagrú i ndáil le héid tháirgiúla agus geama. Oibríonn MGE faoi threoir MONREC, arb é SAC a cheapann a hAire.

21.6.2021

 

 

Áit chláraithe: Myanmar;

Suíomh gréasáin: http://www.mge.gov.mm/

Le fada an lá, tá leasanna suntasacha ag Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) i séada agus i ngeama, go háirithe trí cheannaireacht MGE, ar iar-oifigigh míleata iad beagnach gach comhalta di agus trí ghníomhaíochtaí arna seoladh ag dhá ilchuideachta mhíleata (Myanmar Economic Holdings Limited (MEHL) agus Myanmar Economic Corporation Limited (MEC)). Leis an coup a rinneadh ar 1 Feabhra 2021 cuireadh MGE faoi rialú míleata arís, rud a fhágann go bhfuil smacht shuntasach ag Tatmadaw ar earnáil na ngeam. Gineann MGE ioncam do ranna éagsúla de stát Mhaenmar agus trí na gníomhaíochtaí éagsúla a ndéantar cur síos orthu thuas, tá an Tatmadaw in ann tairbhe a bhaint go díreach nó go hindíreach as an ioncam a ghintear san earnáil sin, rud a chuireann lena chumas gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a dhéanamh i Maenmar/Burma.

 

4.

Myanma Timber Enterprise

(ar a dtugtar freisin Myanmar Timber Enterprise)

Seoladh:

Ceannoifig: Gyogone Forest Compound, Bayint Naung Road, Insein Township, Yangin, Myanmar

Oifig brainse: No 72/74 Shawe Dagon Pagoda Road, Dagon Township, Yangon, Myanmar;

An cineál eintitis: Fiontar faoi úinéireacht stáit;

Áit chláraithe: Myanmar;

Uimhir ghutháin: 01-3528789

Suíomh gréasáin: http://www.mte.com.mm/index.php/en

Is fiontar faoi úinéireacht stáit é Myanma Timber Enterprise (MTE) a oibríonn faoi MONREC. Tá cearta eisiacha ag MTE chun adhmad a tháirgeadh agus a onnmhairiú i Maenmar/Burma.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, cumhacht a urghabháil ón rialtas dlisteanach sibhialtach i coup d’état agus bhunaigh siad SAC chun cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a fheidhmiú. An 2 Feabhra 2021, cheap an réimeas míleata comh-aireacht nua, lena n-áirítear aire nua ar MONREC. Tríd SAC agus an chomh aireacht nua, fuair an réimeas míleata smacht ar fhiontair faoi úinéireacht stáit agus tairbhíonn sé díobh, lena n-áirítear MTE. Dá bhrí sin, tá an Myanma Timber Enterprise agus a chuid fochuideachtaí faoi rialú an Tatmadaw, agus gineann siad tairbhí dó, rud a chuireann lena chumas siúd gníomhaíochtaí a dhéanamh lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta.

21.6.2021

5.

Forest Products Joint Venture Corporation Limited

Seoladh:

422/426(Rm 2), 2nd Flr, Strand Rd., Corner of Botahtaung Pagoda St., FJVC Center, Ward (4), BTHG;

An cineál eintitis: Comhfhiontair;

Áit chláraithe: Maenmar;

Uimhir ghutháin: 01-9010742; 01-9010744; 09-443250050

Seoladh ríomhphoist: fjv.md@gmail.com

Oibríonn Forest Products Joint Venture Corporation Limited (FPJVC) i dtionscal an adhmaid in Maenmar, agus téac agus crua-adhmad a phróiseáil aige. In ainneoin gur cuideachta phoiblí é FPJVC, tá sí faoi rialú an stáit, (i) a bhfuil formhór scaireanna FPJVC ina sheilbh aige trí MONREC (10 %) agus tríd an gcuideachta faoi úinéireacht stáit, MTE (45 %), agus (ii) a bhfuil sé de cheart aige tromlach chomhaltaí Bhord Stiúrthóirí FPJVC a cheapadh (le trí chomhalta an ceann arna gceapadh ag MONREC agus MTE, faoi seach, as 11 chomhalta san iomlán).

21.6.2021

 

 

 

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, cumhacht a urghabháil ón Rialtas dlisteanach sibhialtach in coup d’état agus bhunaigh siad SAC chun cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a fheidhmiú. An 2 Feabhra 2021, cheap an réimeas míleata comh-aireacht nua, lena n-áirítear aire nua ar MONREC. Tríd SAC agus tríd an gcomh-aireachta nua, fuair an réimeas míleata smacht ar fhiontair atá faoi úinéireacht stáit agus tairbhíonn siad díobh, lena n-áirítear FPJVC. Dá bhrí sin, tá FPJVC á rialú ag Tatmadaw agus gineann sé ioncam dó, rud a chuireann lena chumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta.

 

6.

Myanmar War Veterans Organization

Seoladh: Thukhuma Road, Datkhina Thiri Tsp, Naypyitaw Division, Myanmar;

An cineál eintitis: Eagraíocht neamhrialtasach;

Áit chláraithe: Yangon, Myanmar;

Dáta cláraithe: 1973;

Uimhir ghutháin: (067) 30485

Suíomh gréasáin: https://www.mwvo.org/Home/About

Eagraíocht neamhrialtasach í Myanmar War Veterans Organization (MWVO) a bhfuil sé d’aidhm aici tacaíocht a thabhairt d’iarrchomhaltaí de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Is í an phríomheagraíocht sa tír ó thaobh tionchar ar shaincheisteanna sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an arm.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, cumhacht a urghabháil ón rialtas dlisteanach sibhialtach in coup d’état agus bhunaigh siad SAC chun cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a fheidhmiú. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

21.6.2021”.

 

 

 

De réir shainordú MWVO, feidhmíonn an eagraíocht neamhrialtasach sin mar fhórsa cúltaca leis an Tatmadaw agus glacann sí páirt i múnlú an bheartais náisiúnta cosanta agus slándála. Ina theannta sin, eagraíonn MWVO slógaí i bhfabhar an réimis agus téann sé ar iontaoibh mílíste pobail, ag tacú, dá réir sin, le Tatmadaw agus a chuid gníomhaíochtaí chun an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Tá comhaltaí ardréime Tatmadaw, mar shampla, Ardcheannasaí Min Aung Hlaing agus Leas-Ardcheannasaí Soe Win, i ngrúpa pátrúnachta MWVO. Tá comhaltaí de chuid MWVO ina gcuid de struchtúr rialachais na n-ilchuideachtaí faoi stiúir mhíleata, Myanmar Economic Holdings Limited (MEHL) agus Myanmar Economic Corporation Limited (MEC). Tá baint, dá réir sin, idir MWVO agus daoine agus eintitis arna liostú faoi Chinneadh (CBES) 2013/184 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle.

 


Top