EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0698

Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES

ST/10108/2019/INIT

IO L 170, 12.5.2021, p. 178–182 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/03/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/698/oj

12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/178


CINNEADH (CBES) 2021/698 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas

(1)

Is bonneagar íogair an Córas Eorpach um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda (GNSS) a bhféadfadh a imscaradh agus a úsáid difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát go háirithe i bhfianaise gné straitéiseach, cumhdach réigiúnach agus domhanda agus ilúsáid an chórais sin.

(2)

I gcás ina n-éileoidh an staid idirnáisiúnta go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht oibríochtúil agus i gcás ina bhféadfadh oibriú an GNSS sin difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, nó i gcás ina mbeadh bagairt ar oibriú GNSS, ba cheart don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta is gá a ghlacadh.

(3)

Is ar an ábhar sin a ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/496/CBES (1).

(4)

Le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaítear Clár Spáis an Aontais (“an Clár”) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (“an Ghníomhaireacht”). Foráiltear in Airteagal 3 de go bhfuil cúig chomhpháirt sa Chlár: córas domhanda um loingseoireacht satailíte (Galileo); córas réigiúnach loingseoireachta satailíte (EGNOS); córas um fhaire na Cruinne (Copernicus); córas faireachais agus rianaithe spáis a chomhlánaítear le paraiméadair bhreathnóireachta a bhaineann le haimsir spáis agus réada i ngar don Chruinne (“feasacht staide an spáis”); agus seirbhís cumarsáide satailíte (GOVSATCOM).

(5)

Ní fhéadfaí déanamh d’uireasa theicneolaíocht an spáis agus sonraí agus seirbhísí spáis i saol laethúil na nEorpach ná i gcaomhnú go leor de leasanna straitéiseacha an Aontais agus na mBallstát. Ina theannta sin, d’fhéadfadh córais agus seirbhísí a bhaineann leis an spás iad féin a bheith ina spriocanna ag bagairtí slándála.

(6)

D’fhéadfadh réimse bagairtí féideartha ar shlándáil agus leasanna bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát éirí as imscaradh, oibriú agus úsáid gach ceann de na comhpháirteanna den Chlár. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme Chinneadh 2014/496/CBES a leathnú chuig na córais agus na seirbhísí a bhunaítear faoi na comhpháirteanna sin arb é cumraíocht slándála an choiste a bhunaítear faoi Airteagal 107(1)(e) de Rialachán (AE) 2021/696 a chinn go bhfuil siad íogair ó thaobh na slándála de, agus na difríochtaí idir na comhpháirteanna den Chlár á gcur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le húdarás agus rialú na mBallstát maidir le braiteoirí, córais nó acmhainneachtaí eile atá ábhartha don Chlár.

(7)

Foghlaimíodh ceachtanna ón taithí a fuarthas agus Cinneadh 2014/496/CBES á chur chun feidhme le blianta beaga anuas. Ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta oibríochtúil dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/496/CBES a oiriúnú dá réir.

(8)

Ba cheart don Ghníomhaireacht nó don struchtúr ábhartha, i gcás inarb iomchuí, a ainmníodh chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil córais arna chur ar bun, nó ar shlándáil seirbhíse arna soláthar, faoi chomhpháirt den Chlár de bhun Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2021/696 (“an struchtúr faireacháin slándála arna cheapadh”), nó do na Ballstáit nó don Choimisiún faisnéis agus saineolas maidir le cibé acu is nó nach bagairt ar an Aontas, ar na Ballstáit nó ar chórais agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an spás é imeacht a bhaineann le córas nó seirbhís a bhaineann leis an spás, ba cheart dóibh an fhaisnéis agus an saineolas sin a sholáthar don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”). Sa bhreis air sin, féadfaidh tríú Stáit faisnéis den sórt sin a sholáthar freisin.

(9)

Ba cheart na róil a bheidh ag an gComhairle, ag an Ardionadaí, ag an nGníomhaireacht, ag aon struchtúr faireacháin slándála arna cheapadh agus ag na Ballstáit faoi seach a shoiléiriú laistigh den slabhra freagrachtaí oibríochtúla atá le bunú chun freagairt ar bhagairt ar an Aontas, ar na Ballstáit nó ar aon cheann de na córais agus de na seirbhísí a bhunaítear faoin gClár.

(10)

Bunaítear le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/696 go bhfuil freagracht fhoriomlán ar an gCoimisiún as an gClár a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála. Ba cheart don Chinneadh seo freagrachtaí na Comhairle agus an Ardionadaí a shainiú chun bagairtí a éireoidh as imscaradh, oibriú agus úsáid córas agus seirbhísí a bhaineann leis spás a chur ó dhoras, nó i gcás ina mbeadh bagairt ann do na córais nó na seirbhísí sin.

(11)

I ndáil leis an méid sin, áirítear na tagairtí bunúsacha do bhagairtí sna Ráitis Ceanglas Slándála Chóras-sonracha, ráitis ina bhfuil na príomhbhagairtí cineálacha nach mór do gach comhpháirt den Chlár aghaidh a thabhairt orthu, agus na Pleananna Slándála Córas, a n-áirítear iontu sin na cláir riosca slándála a bhunaítear sna próisis um chreidiúnú slándála do gach comhpháirt. Fónfaidh na tagairtí bunúsacha sin mar thagairtí chun na bagairtí lena ndéileálfaidh an Cinneadh seo a shainiú agus chun na nósanna imeachta oibríochtúla lena gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme a thabhairt chun críche.

(12)

I gcásanna práinneacha, féadfaidh sé gur gá cinntí a dhéanamh laistigh de chúpla uair an chloig tar éis faisnéis a fháil maidir le bagairt. I gcás nach gceadóidh na himthosca don Chomhairle cinneadh a dhéanamh chun bagairt a chur ó dhoras nó chun dochar tromchúiseach do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a mhaolú, nó i gcás ina bhfuil bagairt ar na córais a bhaineann leis an spás nó ar na seirbhísí, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Ardionadaí na treoracha sealadacha is gá a thabhairt. Sna himthosca sin, ba cheart an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach agus na treoracha sealadacha a athbhreithniú a luaithe is féidir.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 34(5)(b) de Rialachán (AE) 2021/696, ba cheart don Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse freagrachta, oibriú Ionad Faireacháin Slándála Galileo (IFSG) a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin agus leis na treoracha arna fhorbairt faoi raon feidhme an Chinnidh seo. I gcomhréir le hAirteagal 79(1)(j) de Rialachán (AE) 2021/696, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, mar oibreoir IFSG, freagairt ar threoracha a sholáthraítear faoin gCinneadh seo.

(14)

Ba cheart do na struchtúir faireacháin slándála arna gceapadh oibriú i gcomhréir leis na ceanglais slándála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696 sin agus leis na treoracha a forbraíodh faoin gCinneadh seo.

(15)

Ina theannta sin, le Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, gníomhaireachtaí an Aontais, tríú Stáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta an tseirbhís phoiblí rialáilte a rochtain, seirbhís a sholáthraíonn an córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda arna bhunú faoin gClár Galileo. Go háirithe, luaitear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE gurb é IFSG a sholáthraíonn an comhéadan oibríochtúil idir údaráis inniúla na seirbhíse poiblí rialáilte, an Chomhairle agus an tArdionadaí agus na lárionaid rialaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leagtar amach sa Chinneadh seo na freagrachtaí atá le cleachtadh ag an gComhairle agus ag an Ardionadaí:

(a)

bagairt ar shlándáil an Aontais nó ar shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a chur ó dhoras nó díobháil thromchúiseach do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a mhaolú, ar bagairt nó ar díobháil í sin a éireoidh as imscaradh, oibriú nó úsáid na gcóras arna gcur ar bun agus na seirbhísí arna soláthar faoi na comhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais (“an Clár”); nó

(b)

i gcás bagairt ar oibriú aon cheann de na córais sin nó ar sholáthar na seirbhísí sin.

2.   Agus an Cinneadh seo á chur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar na difríochtaí idir na comhpháirteanna den Chlár, go háirithe a mhéid a bhaineann le húdarás agus rialú na mBallstát maidir le braiteoirí, córais nó acmhainneachtaí atá ábhartha don Chlár.

Airteagal 2

1.   I gcás bagairt den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (“an Ghníomhaireacht”) nó aon struchtúr faireacháin slándála arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2021/696 (“struchtúir faireacháin slándála arna gceapadh”) an tArdionadaí ar an eolas láithreach, de réir mar is iomchuí, faoi na heilimintí uile atá ar fáil dóibh a mheasfaidh siad a bheith ábhartha.

2.   Cuirfidh an tArdionadaí an Chomhairle ar an eolas láithreach faoin mbagairt agus faoin tionchar féideartha ar shlándáil an Aontais nó ar shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus ar oibriú na gcóras nó ar sholáthar na seirbhísí lena mbaineann.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón Ardionadaí, cinneadh maidir leis na treoracha is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht nó d’aon struchtúr faireacháin slándála arna cheapadh, de réir mar is iomchuí.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht nó an struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh agus an Coimisiún comhairle don Ardionadaí maidir leis an tionchar níos leithne is dócha a bheidh ag aon treoracha a bheartóidh an tArdionadaí a mholadh don Chomhairle de bhun mhír 1 ar na córais arna gcur ar bun agus ar na seirbhísí arna soláthar faoi na comhpháirteanna den Chlár.

3.   Áireofar sa togra ón Ardionadaí dá dtagraítear i mír 1 measúnú tionchair ar na treoracha a mholfar.

4.   Tabharfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (“PSC”) tuairim don Chomhairle maidir le haon treoracha a mholfar, mar is iomchuí.

Airteagal 4

1.   I gcás inar gá gníomhú láithreach de bharr práinne sula mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle faoi Airteagal 3(1), údaraítear don Ardionadaí na treoracha sealadacha is gá a eisiúint chuig an nGníomhaireacht nó chuig an struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh. Féadfaidh an tArdionadaí treoir a thabhairt d’Ardrúnaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí na treoracha sin a eisiúint chuig an nGníomhaireacht nó chuig an struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh thar ceann an Ardionadaí.

2.   Cuirfidh an tArdionadaí an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon treoracha arna n-eisiúint de bhun mhír 1.

3.   Daingneoidh, leasóidh nó cúlghairfidh an Chomhairle treoracha sealadacha an Ardionadaí chomh luath agus is féidir.

4.   Coinneoidh an tArdionadaí na treoracha sealadacha sin faoi bhreithniú i gcónaí, leasóidh sé iad mar is iomchuí nó cúlghairfidh sé iad i gcás nach gá gníomhú láithreach a thuilleadh. In aon chás, rachaidh na treoracha sealadacha in éag ceithre seachtaine tar éis a n-eisiúna, nó tráth a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 3.

Airteagal 5

1.   Laistigh de bhliain amháin tar éis d’fhoirmíocht an choiste arna bhunú faoi Airteagal 107(1)(e) de Rialachán (AE) 2021/696 a chinneadh, ar bhonn na hanailíse riosca agus bagartha arna déanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696, faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3) de, cé acu atá nó nach bhfuil córas arna chur ar bun nó seirbhís arna soláthar faoi chomhpháirt ar leith den Chlár, nó an córas agus an seirbhís araon, íogair ó thaobh na slándála de, ullmhóidh an tArdionadaí na nósanna imeachta oibríochtúla is gá chun na forálacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a mhéid a bhaineann leis an gcóras nó leis an tseirbhís ábhartha, nó iad araon, a chur chun feidhme go praiticiúil agus cuirfidh sé faoi bhráid PSC iad lena bhformheas. Chun na críche sin, gheobhaidh an tArdionadaí tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ón struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh, de réir mar is iomchuí.

2.   Féadfar a áireamh ar na nósanna imeachta oibríochtúla dá dtagraítear i mír 1 treoracha réamhshainithe a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht nó aon struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh, de réir mar is iomchuí.

3.   Athbhreithneoidh an tArdionadaí na nósanna imeachta oibríochtúla gach dhá bhliain ar a laghad, go háirithe mar thoradh ar phróiseas athbhreithnithe ceachtanna foghlamtha tar éis cleachtadh bliantúil ar chur chun feidhme an Chinnidh seo, nó ar iarraidh ó Bhallstát, agus cuirfear faoi bhráid PSC iad lena bhformheas.

4.   Cuirfidh an tArdionadaí PSC ar an eolas uair sa bhliain ar a laghad faoi na gníomhaíochtaí leantacha atáthar a dhéanamh chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme go praiticiúil.

Airteagal 6

1.   I gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thug an tAontas nó a thug an tAontas agus a Bhallstáit i gcrích, lena n-áirítear comhaontuithe a thugann rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte de bhun Airteagal 3(5) de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích le tríú Stáit a bhaineann le comhar darb aidhm an Cinneadh seo a chur chun feidhme. Beidh na socruithe sin faoi réir a bhformheasta ag an gComhairle ag gníomhú di d’aon toil.

2.   I gcás ina n-éileoidh na socruithe sin rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, formheasfar scaoileadh nó malartú faisnéise rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

Airteagal 7

Athbhreithneoidh an Chomhairle na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chinneadh seo, agus de réir mar is gá leasóidh sí iad, tráth nach déanaí ná trí bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm nó ar iarraidh ó Bhallstát.

Airteagal 8

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme an Chinnidh seo a áirithiú ina réimse freagrachta féin, i gcomhréir, inter alia, le hAirteagal 34(6)(a) de Rialachán (AE) 2021/696. Chun na críche sin, ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó a chuideoidh leis bagairt a bhainistiú go hoibríochtúil. Féadfaidh sé gur daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad na pointí teagmhála sin.

Airteagal 9

Aisghairtear leis seo Cinneadh 2014/496/CBES.

Leanfaidh na nósanna imeachta oibríochtúla a forbraíodh faoi Chinneadh 2014/496/CBES a mhéid a bhaineann leis an gcóras Galileo de bheith infheidhme go dtí go nuashonrófar iad faoin gCinneadh seo.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2014/496/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le gnéithe d’imscaradh, oibriú agus úsáid an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda a dhéanann difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES (IO L 219, 25.7.2014, lch. 53).

(2)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (féach leathanach 69 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte a sholáthraíonn an córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda arna bhunú faoin gclár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).


Top