Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0576

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/576 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 chun Poblacht na hÚisbéiceastáine a chur san áireamh i measc na dtíortha is tairbhithe d’fhabhair tharaife faoi GSP+

    C/2020/8259

    IO L 123, 9.4.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/576/oj

    9.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 123/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/576 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Samhain 2020

    lena leasaítear Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 chun Poblacht na hÚisbéiceastáine a chur san áireamh i measc na dtíortha is tairbhithe d’fhabhair tharaife faoi GSP+

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 10(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Bunaítear le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 critéir incháilitheachta shonracha maidir le fabhair tharaife faoin socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas (“GSP+”) a dheonú do thír iarrthach. Chun na críche sin, ba cheart a mheas gur tír leochaileach í. Ba cheart don tír na coinbhinsiúin ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn VIII de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a bheith daingnithe aici agus níor cheart go sainaithneofaí sna conclúidí is déanaí atá ar fáil ó na comhlachtaí ábhartha faireacháin mainneachtain thromchúiseach i gcur chun feidhme éifeachtach aon cheann de na coinbhinsiúin sin. I dtaca le haon ceann de na coinbhinsiúin ábhartha, níor cheart don tír forchoimeádas a leagan amach a thoirmisctear leis an gcoinbhinsiúin nó, chun críocha Airteagail 9 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus chun na críocha sin amháin, a mheastar gan a bheith comhoiriúnach le haidhm agus cuspóir an choinbhinsiúin sin. Ba cheart don tír na ceanglais tuairiscithe a fhorchuireann gach coinbhinsiún a ghlacadh gan fhorchoimeádas agus ba cheart di na gealltanais cheangailteacha a thabhairt dá dtagraítear i bpointí (d), (e), agus (f) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

    (2)

    Ní mór do thír is tairbhí de GSP ar mian léi tairbhe a bhaint as GSP+ iarraidh a chur isteach in éineacht le faisnéis chuimsitheach maidir le daingniú na gcoinbhinsiún ábhartha, a forchoimeádais agus na hagóidí i gcoinne na bhforchoimeádas sin arna ndéanamh ag páirtithe eile sa choinbhinsiúin, agus a gealltanais cheangailteacha.

    (3)

    An 9 Meitheamh 2020, fuair an Coimisiún iarraidh GSP+ ó Poblacht na hÚisbéiceastáine.

    (4)

    Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarraidh agus tá sé suite aige go gcomhlíonann Poblacht na hÚisbéiceastáine na critéir incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. Dá bhrí sin, ba cheart GSP+ a dheonú do Poblacht na hÚisbéiceastáine agus ba cheart Iarscríbhinn III do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a leasú dá réir sin.

    (5)

    Coimeádfaidh an Coimisiún faoi bhreithniú stádas dhaingniú na gcoinbhinsiún ábhartha agus a gcur chun feidhme éifeachtach ag Poblacht na hÚisbéiceastáine, chomh maith le hobair Phoblacht na hÚisbéiceastáine i gcomhar leis na comhlachtaí faireacháin ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Iarscríbhinn III do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, cuirtear an tír seo a leanas agus an cód aibítreach comhfhreagrach le colúin A agus B, faoi seach:

    “UZ

    Poblacht na hÚisbéiceastáine”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Samhain 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.


    Top