EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0552

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/552 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “DEC-AHOL® Product Family” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/1982

IO L 111, 31.3.2021, p. 13–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/07/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/552/oj

31.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/13

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/552 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2021

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “DEC-AHOL® Product Family”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Meitheamh 2016, chuir Veltek Associates Inc. Europe iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar “DEC-AHOL® Product Family” de chineál táirge 2 a údarú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, lena soláthraítear daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-XF025530-45 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é própán-2-ól substaint ghníomhach an “DEC-AHOL® Product Family”, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 9 Nollaig 2019, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an tuarascáil mheasúnachta agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”).

(4)

An 2 Iúil 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2) faoi bhráid an Choimisiúin, chomh maith leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh “DEC-AHOL® Product Family” agus an tuarascáil mheasúnachta dheiridh ar an bhfine táirgí bithicídeacha i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Sa tuairim sin, déantar an cinneadh gur fine táirgí bithicídeacha atá in “DEC-AHOL® Product Family” de réir bhrí Airteagal 3(1)(s) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur fine í atá incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a chomhlíonadh, go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) den Rialachán sin.

(6)

An 20 Iúil 2020, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “DEC-AHOL® Product Family” a dheonú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024324-0000 do Veltek Associates Inc. Europe maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha “DEC-AHOL® Product Family” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 20 Aibreán 2021go dtí an 31 Márta 2031.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Tuairim ó ECHA an 17 Meitheamh 2020 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh “DEC-AHOL® Product Family” (ECHA/BPC/261/2020), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation

IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge maidir leis an tacar táirgí gaolmhara bithicíde

DEC-AHOL® Product Family

Cineál táirge 2 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Uimhir údaraithe: EU-0024324-0000

Uimhir Shócmhainne R4BP: EU-0024324-0000

CUID I

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm an tacair táirgí gaolmhara

Ainm

DEC-AHOL® Product Family

1.2.   An cineál táirge/Na cineálacha táirgí

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

1.3.   Sealbhóir údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Veltek Associates Inc. Europe

Seoladh

Rozengaard 1940, 8212DT Lelystad, An Ísiltír

Uimhir údaraithe

EU-0024324-0000

Uimhir shócmhainne R4BP

EU-0024324-0000

Dáta an údaraithe

20 Aibreán 2021

Dáta éaga an údaraithe

31 Márta 2031

1.4.   Monaróir/Monaróirí na dtáirgí bithicíde

Ainm an mhonaróra

Veltek Associates, Inc.

Seoladh an mhonaróra

15 Lee Blvd., PA19355 Malvern, Na Stáit Aontaithe

Suíomh na n-ionad déantúsaíochta

1.5.   Monaróir/Monaróirí na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha

Substaint Ghníomhach

Própán-2-ól

Ainm an mhonaróra

Exxon Mobil Chemical Company

Seoladh an mhonaróra

4045 Scenic Hwy, Baton Rouge, LA 70805 Louisiana, Na Stáit Aontaithe

Suíomh na n-ionad déantúsaíochta

4045 Scenic Hwy, Baton Rouge, LA 70805 Louisiana, Na Stáit Aontaithe

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ GAOLMHARA

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh an tacair tháirgí gaolmhara

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Íos-chion

Uas-chion

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

64,8

65,4

2.2.   Cineál/Cineálacha foirmlithe

Foirmliú

AL - Aon leacht eile

AE - Dáileoir aerasóil

AL (aon leacht eile) - ceirtín réidh le húsáid

CUID II

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - MEITEA-SPC/SPCanna

MEITEA-SPC 1

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 1

1.1.   Aitheantóir mheitea-SPC 1

Aitheantóir

Meitea-SPC 1

1.2.   Iarmhír leis an uimhir údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   An cineál táirge/na cineálacha táirgí

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2.   COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 1

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Íos-chion

Uas-chion

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

65,4

2.2.   Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 1

Foirmliú/Foirmlithe

AL (aon leacht eile) - ceirtín réidh le húsáid

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 1

Ráitis ghuaise

Leacht fíor-inadhainte agus gal fíor-inadhainte.

Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl.

D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh.

Ná hanálaigh an ghal.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

Caith lámhainní cosanta.

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú.

Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn.

Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra.

Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil.

Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta.

Úsáid trealamh cosanta súl.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 1

4.1.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 1. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Ceirtíní (ceirtíní aonair agus ceirtíní ilphacáiste araon)

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Ceirtíní díghalraithe atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Dromchlaí a chuimilt

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Am na teagmhála: 2 nóiméad

Ceirtíní aonair:

Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - ceithre cheirtín in aghaidh an m2

Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Ceirtíní ilphacáiste:

30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

Ceirtíní própán-2-óil 70 % v/v réamh-sáithithe agus uisce le haghaidh instealltaithe (WFI).

Ceirtíní aonair:

Tá na ceirtíní comhdhéanta de snáithín leanúnach poileistear filiméid 100 %. Déantar na ceirtíní a phacáistiú i málaí plaisteacha teas-séalaithe aonair déanta as poileitiléin ísealdlúis.

Méid na bpacáistí:

Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - 100/cás, neamhsteiriúil

Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - 100/cás, steiriúil

Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - 100/cás, steiriúil

Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - 100/cás, steiriúil

Ceirtíní ilphacáiste

Tá na ceirtíní comhdhéanta de snáithín leanúnach poileistear filiméid fite 100 %; 20 ceirtín in aghaidh an phacáiste; fillte le chéile i bpacáiste mála in-athdhúnta.

Méid na bpacáistí:

Ceirtín 100 % poileistear 30,5 cm × 30,5 cm - 200/cás, neamhsteiriúil

Ceirtín 100 % poileistear 30,5 cm × 30,5 cm - 200/cás, steiriúil

4.1.1.   Treoracha úsáide sonracha

Ná húsáid an táirge ach amháin i seomraí glana atá aicmithe in aicme 1 go 9 de réir ISO 14644-1 nó atá aicmithe i ngrád A go D de réir aicmiú Dea-Chleachtais Déantúsaíochta (DCD) AE.

Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Ná húsáid ach ceirtíní taise. Bain amach ceirtín amháin nó dhá cheirtín ag an am i gcás na gceirtíní aonair, agus aon cheann amháin ag an am i gcás na gceirtíní ilphacáiste. Déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí iomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Diúscair na ceirtíní tar éis iad a úsáid, i gcoimeádán dúnta, agus i gcás ceirtíní ilphacáiste dún an pacáiste tar éis é a oscailt.

Ceirtíní aonair:

Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - ceithre cheirtín in aghaidh an m2

Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Ceirtíní ilphacáiste:

30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

4.1.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID (1) MHEITEA-SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde.

Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh.

An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán.

An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl.

Seachain teagmháil leis na súile.

Ná hanálaigh an ghal.

Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

5.3.   Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil.

Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin.

Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir).

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4.   Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir.

Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 30 °C.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE

Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129.28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca a dhéanamh ar an táirge.

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.1.   Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith

Trádainm/trádainmneacha

ALCOH-WIPE®

PROCESS2WIPE® IPA70

Limistéar margaidh: AE

Limistéar margaidh: AE

Uimhir údaraithe

EU-0024324-0001 1-1

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

MEITEA-SPC 2

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 2

1.1.   Aitheantóir mheitea-SPC 2

Aitheantóir

Meitea-SPC 2

1.2.   Iarmhír leis an uimhir údaraithe

Uimhir

1-2

1.3.   An cineál táirge/na cineálacha táirgí

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2.   COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 2

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 2

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Íos-chion

Uas-chion

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

64,8

64,8

2.2.   Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 2

Foirmliú/Foirmlithe

AE - Dáileoir aerasóil

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 2

Ráitis ghuaise

Aerasól fíor-inadhainte.

Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear é

Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl.

D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh.

Ná spraeáil ar lasair oscailte ná ar fhoinse adhainte eile é.

Ná cuir poll ann, agus ná dóigh é, fiú nuair atá sé caite.

Ná hanálaigh an ghal.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

Caith lámhainní cosanta.

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú.

Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn.

Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra.

Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil.

Cosain an táirge ó sholas na gréine. Ná fág é neamhchosanta i dteochtaí os cionn 50 °C/122 °F.

Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta.

Úsáid trealamh cosanta súl.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 2

4.1.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 2. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil (tiomantán aerasóil)

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Aerasól a spraeáil ar dhromchlaí

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat ar feadh 20 shoicind/m2.

Am na teagmhála: 2 nóiméad

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

325 ml (11 oz.) - canna aerasóil (alúmanam arna chumhdach ar an taobh istigh le roisín feanólach eapocsach)

4.1.1.   Treoracha úsáide sonracha

Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Spraeáil an dromchla atá le díghalrú ó achar 15-20 cm. Fliuch an dromchla go maith leis an táirge, agus caith 20 soicind/m2 á chur air, déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí go hiomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair díreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID (2) MHEITEA-SPC 2

5.1.   Treoracha úsáide

Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde.

Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh.

An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán.

An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl.

Seachain teagmháil leis na súile.

Ná hanálaigh an ghal.

Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

5.3.   Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha araon, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil.

Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin.

Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir).

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir

MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4.   Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir.

Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte.

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C. Cosain ón sioc é.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE

Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca á dhéanamh ar an táirge.

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 2

7.1.   Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith

Trádainm/trádainmneacha

DEC-AHOL® AEROSOL WFI Formula

Limistéar margaidh: AE

Uimhir údaraithe

EU-0024324-0002 1-2

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

64,8

MEITEA-SPC 3

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 3

1.1.   Aitheantóir mheitea-SPC 3

Aitheantóir

Meitea-SPC 3

1.2.   Iarmhír leis an uimhir údaraithe

Uimhir

1-3

1.3.   An cineál táirge/na cineálacha táirgí

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2.   COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 3

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 3

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Íos-chion

Uas-chion

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

65,4

2.2.   Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 3

Foirmliú/Foirmlithe

AL - Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 3

Ráitis ghuaise

Leacht fíor-inadhainte agus gal fíor-inadhainte.

Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl.

D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh.

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Ná hanálaigh an ghal.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

Caith lámhainní cosanta.

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú.

Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn.

Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra.

Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh fionnuar é.

Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil.

Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta.

Seachain an sprae a ionanalú.

Úsáid trealamh cosanta súl.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 3

4.1.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 3. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Sprae Truiceartha, Leacht

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha:

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Spraeáil ar dhromchlaí é leis an truicear

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat. Fáisc é 40 uair/m2.

Am na teagmhála: 2 nóiméad

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

Truicear:

473 ml (16 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, steiriúil

946 ml (32 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, steiriúil

473 ml (16 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, neamhsteiriúil

946 ml (32 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, neamhsteiriúil

Tá na buidéil déanta as poileitiléin ard-dlús, tá an feadán tumhta déanta as polapróipiléin. Tá an caipín an bhuidéil déanta as polapróipiléin, tá an séala ionduchtaithe déanta as polapróipiléin. Soláthraítear na buidéil agus spraeire poileitiléin feistithe orthu roimh ré, é sin nó cuirtear iad ar fáil scartha chun go mbeidh an custaiméir in ann iad a fheistiú iad féin. Sa chás nach bhfuil truicear suiteáilte orthu, soláthraítear iad agus caipín scriú poileitiléine ar na buidéil. Cuirtear gach aon bhuidéal i dtrí mhála laistigh dá chéile, agus ansin cuirtear iad i mboscaí cairtchláir. Ní sholáthraítear an táirge do na húsáideoirí ach amháin i mboscaí atá séalaithe.

Buidéal agus mála istigh ann - Truicear:

500 ml (16 oz.) -Sprae truiceartha agus mála sa bhuidéal - 12/cás, steiriúil

1000 ml (32 oz.) -Sprae truiceartha agus mála sa bhuidéal - 12/cás, steiriúil

Tá na buidéil déanta as poileitiléin ard-dlús, soláthraítear iad agus spraeire poileitiléine feistithe orthu roimh ré. Tá an feadán tumhta déanta as poileitiléin. Tá an mála laistigh den bhuidéal déanta as Surlyn® (roisíní teirmeaplaisteacha). Cuirtear gach aon bhuidéal i dtrí mhála laistigh dá chéile, agus ansin cuirtear iad i mboscaí cairtchláir. Ní sholáthraítear an táirge do na húsáideoirí ach amháin i mboscaí atá séalaithe.

4.1.1.   Treoracha úsáide sonracha

Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Dírigh an spraeire ar an dromchla ó achar 15-20 cm. Déan cinnte de go bhfuil an dromchla iomlán fliuch (fáisc é 40 uair/m2). Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní féidir ach dromchlaí beaga a dhíghalrú. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 4. Úsáid # 2 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú (urláir san áireamh); Cuimilt

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Ceirtín/éadach steiriúil a fhliuchadh sula ndéantar an dromchla a chuimilt

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Am na teagmhála: 2 nóiméad.

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

Buidéal infháiscthe:

473 ml (16 oz.) - infháiscthe, i mála aonair - 12/cás, steiriúil

473 ml (16 oz.) - infháiscthe bulc-ghrúpa in aon mhála mór amháin - 12/cás, steiriúil Ní chuirtear na buidéil bulc-phacáiste i málaí aonair.

Tá na buidéil déanta as an bpoileitiléin ísealdlúis

Druma nó buidéal:

18,9 l (druma 5 ghalún) - gach coimeádán i mála dúbailte - 1/cás, steiriúil

3,79 l (buidéal 1 ghalúin) - gach coimeádán i mála dúbailte - 4/cás, steiriúil

3,79 l (buidéal 1 ghalúin) - gach coimeádán i mála dúbailte - 4/cás, neamhsteiriúil

4.2.1.   Treoracha úsáide sonracha

Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Déan ceirtín/éadach steiriúil a fhliuchadh go maith leis an táirge, déan deimhin de go bhfuil na dromchlaí iomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní féidir ach dromchlaí beaga a dhíghalrú. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.2.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.2.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 5. Úsáid # 3 - Lámhainní seomra ghlain a dhíghalrú

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht a dhéanamh ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Díghalrán atá le húsáid ar lámha a bhfuil lámhainní orthu i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feiste leighis agus táirgí diagnóiseacha.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Braoiníní leachta a leithdháileadh ar lámhainní

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

1,5 ml in aghaidh na lámhainne - Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Am na teagmhála: 1 nóiméad,

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

Buidéal 946 ml (32 oz.) - 12/cás, steiriúil

Buidéal 946 ml (32 oz.) - 12/cás, neamhsteiriúil

Tá an buidéal déanta as poileitiléin ísealdlúis

4.3.1.   Treoracha úsáide sonracha

Ná húsáid an táirge ach amháin i seomraí glana atá aicmithe in aicme 1 go 9 de réir ISO 14644-1 nó atá aicmithe i ngrád A go D de réir aicmiú Dea-Chleachtais Déantúsaíochta (DCD) AE.

Coinnigh lámhainní ar na lámha agus iad faoin mbraiteoir sconna chun an leacht a ghabháil. Déan é a chuimilt go maith chun an leacht a dháileadh go cothrom agus déan dromchla na lámhainní a fhliuchadh leis an táirge. Ná bain é agus lig dó fanacht fliuch ar feadh 1 nóiméad, ar a laghad. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

Ná húsáid ar lámha neamhchosanta é.

4.3.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.3.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID (3) MHEITEA-SPC 3

5.1.   Treoracha úsáide

Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde.

Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh.

An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán.

An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl.

Seachain teagmháil leis na súile.

Ná hanálaigh an ghal.

Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

5.3.   Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil.

Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin.

Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir).

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4.   Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir.

Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C.

Cosain ón sioc é.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE

Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca á dhéanamh ar an táirge.

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 3

7.1.   Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith

Trádainm/trádainmneacha

DEC-AHOL® WFI Formula

DEC-AHOL® ASEPTI-CLEANSE

Limistéar margaidh: AE

Limistéar margaidh: AE

Uimhir údaraithe

EU-0024324-0003 1-3

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

MEITEA-SPC 4

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 4

1.1.   Aitheantóir mheitea-SPC 4

Aitheantóir

Meitea-SPC 4

1.2.   Iarmhír leis an uimhir údaraithe

Uimhir

1-4

1.3.   An cineál táirge/na cineálacha táirgí

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2.   COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 4

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 4

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Íos-chion

Uas-chion

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

65,4

2.2.   Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 4

Foirmliú/Foirmlithe

AE - Dáileoir aerasóil

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 4

Ráitis ghuaise

Aerasól fíor-inadhainte.

Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear é

Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl.

D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac a chaitheamh.

Ná spraeáil ar lasair oscailte ná ar fhoinse adhainte eile é.

Ná cuir poll ann, agus ná dóigh é, fiú nuair atá sé caite.

Ná hanálaigh an ghal.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

Caith lámhainní cosanta.

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú.

Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn.

Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra.

Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil.

Cosain an táirge ó sholas na gréine. Ná fág é neamhchosanta i dteochtaí os cionn 50 °C/122 °F.

Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta.

Úsáid trealamh cosanta súl.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 4

4.1.   Cur síos ar an úsáid

Tábla 6. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil

An cineál táirge

PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm coitianta: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm coitianta: Giosta

Céim na forbartha: -

Réimse/réimsí úsáide

Taobh istigh

Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe.

Modh/Modhanna cur i bhfeidhm

Aerasól a spraeáil ar dhromchlaí

Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm

Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid

Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá.

Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat ar feadh 20 soicind/m2.

Am na teagmhála: 2 nóiméad

Catagóir/Catagóirí úsáideoirí

An Tionscal

Méid agus ábhar na bpacáistí

325 ml (11 oz.) - spraeire ceo Inverta-Spray®

Alúmanam arna chumhdach ar an taobh istigh le roisín feanólach eapocsach, agus é feistithe le mála linéalaigh poileitiléine ísealdlúise (mála-ar-chomhla), tiomantán aeir chomhbhúite.

4.1.1.   Treoracha úsáide sonracha

Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Spraeáil an dromchla atá le díghalrú ó achar 15-20 cm. Fliuch an dromchla go maith leis an táirge, agus caith 20 soicind/m2 á chur air, déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí go hiomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2.   Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid

Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID (4) MHEITEA-SPC 4

5.1.   Treoracha úsáide

Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde.

Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh.

An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán.

An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl.

Seachain teagmháil leis na súile.

Ná hanálaigh an ghal.

Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid.

Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

5.3.   Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada.

Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil.

Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin.

Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir).

I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis.

I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir

MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4.   Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe

Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir.

Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála

Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte.

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C.

Cosain ón sioc é.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE

Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca a dhéanamh ar an táirge.

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 4

7.1.   Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith

Trádainm/trádainmneacha

DEC-AHOL® AEROSOL WFI Formula Invertaspray

Limistéar margaidh: AE

Uimhir údaraithe

EU-0024324-0004 1-4

Ainm coitianta

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir EC

Cion (%)

Própán-2-ól

Substaint ghníomhach

67-63-0

200-661-7

65,4

(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha úsáide eile sa chuid seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de mheitea-SPC 1.

(2)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha úsáide eile sa chuid seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de mheitea-SPC 2.

(3)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha úsáide eile sa chuid seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de mheitea-SPC 3.

(4)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha úsáide eile sa chuid seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de mheitea-SPC 4.

Top