This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0376
Commission Regulation (EU) 2021/376 of 24 February 2021 establishing a temporary fisheries closure for redfishes in NAFO 3M area for vessels flying the flag of a Member State of the European Union
Rialachán (AE) 2021/376 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena mbunaítear cosc iascach sealadach le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu
Rialachán (AE) 2021/376 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena mbunaítear cosc iascach sealadach le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu
C/2021/1370
IO L 72, 3.3.2021, p. 9–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2021
3.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 72/9 |
RIALACHÁN (AE) 2021/376 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Feabhra 2021
lena mbunaítear cosc iascach sealadach le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta meántéarma a chionroinntear le haghaidh na tréimhse roimh an 1 Iúil 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M a rinne soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc sin go dtí an 30 Meitheamh 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le haghaidh an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021 san áireamh, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo go dtí an 30 Meitheamh 2021 san áireamh, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
02/TQ92 |
An Ballstát |
An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) |
Stoc |
RED/N3M. |
Speiceas |
Péirsí mara (Sebastes spp.) |
Limistéar |
NAFO 3M |
Tréimhse choiscthe |
an 10 Feabhra 2021 ar 24.00 UTC go dtí an 30 Meitheamh 2021 |