EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1659

Cinneadh (AE) 2020/1659 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 (AE) 2020/702 (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

IO L 376, 10.11.2020, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 15/01/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1659/oj

10.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 376/3


CINNEADH (AE) 2020/1659 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Samhain 2020

lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 (AE) 2020/702 (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 (1) ón gComhairle, tugadh isteach maolú míosa amháin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) maidir le cinntí chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, go bhféadfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, le Cinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse eile míosa ón 23 Aibreán 2020. Rinneadh foráil don síneadh a cuireadh leis an maolú sin go dtí an 23 Bealtaine 2020. An 20 Bealtaine 2020, le Cinneadh (AE) 2020/702 (4), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimshe eile go dtí an 10 Iúil 2020. An 3 Iúil 2020, le Cinneadh (AE) 2020/970 (5), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go ceann tréimhse eile go dtí 10 Meán Fómhair. An 4 Meán Fómhair 2020, le Cinneadh (AE) 2020/1253 (6), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go ceann tréimhse eile go dtí 10 Samhain 2020.

(3)

Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus roinnt bearta urghnácha coisctheacha agus srianta arna ndéanamh ag na Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, go ceann tréimhse theoranta eile go dtí an 15 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh breise leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Cinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702 (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, go dtí an 15 Eanáir 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88 I, 24.3.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128 I, 23.4.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/702 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 165, 27.5.2020, lch. 38).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/970 ón gComhairle an 3 Iúil lena gcuirtear síneadh breise síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 216, 7.7.2020, lch. 1).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/1253 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear síneadh breise síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702 agus (AE) 2020/970, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 294, 8.9.2020, lch. 1).


Top