This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0754
Council Decision (CFSP) 2020/754 of 8 June 2020 extending the mandate of the Head of Mission of the European Union Advisory Mission for Civilian Security Sector Reform Ukraine (EUAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2020/754 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2020/754 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
ST/8082/2020/INIT
IO L 179I, 9.6.2020, p. 1–1
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/05/2021
9.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 179/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/754 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2020
lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1) maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine). |
(2) |
An 13 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/761 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú an Mhisin go dtí an 31 Bealtaine 2021. |
(3) |
An 4 Meitheamh 2019, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2019/992 (3) lenar ceapadh Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. |
(4) |
An 14 Bealtaine 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart do Antti HARTIKAINEN leanúint den fheidhm seo a chomhlíonadh go dtí an 31 Bealtaine 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Antti HARTIKAINEN, mar Cheann Misin EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).
(2) Cinneadh (CBES) 2019/761 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin) (IO L 125, 14.5.2019, lch. 16).
(3) Cinneadh (CBES) 2019/992 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Meitheamh 2019 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin a cheapadh (EUAM an Úcráin/1/2019) (IO L 160, 18.6.2019, lch. 24).