Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2019:302:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 302, 22 Samhain 2019


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
22 Samhain 2019


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

 

Parlaimint na hEorpa

 

*

Rialacha Nós Imeachta — 9ú téarma parlaiminteach — Iúil 2019

1

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ( IO L 170, 25.6.2019 )

129

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ( IO L 150, 20.5.2014 )

131

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 302 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHA NÓS IMEACHTA

Parlaimint na hEorpa

22.11.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/1


RIALACHA NÓS IMEACHTA

9ú téarma parlaiminteach

Iúil 2019

Nóta don léitheoir:

I gcomhréir le cinntí na Parlaiminte maidir le húsáid a bhaint as teanga atá neodrach ó thaobh inscne de ina cuid doiciméad, tá oiriúnú déanta ar na Rialacha Nós Imeachta chun aird a thabhairt ar na treoirlínte ar an ábhar sin a d’fhormheas an Grúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht an 11 Aibreán 2018.

Déantar léirmhínithe ar na Rialacha (de bhun Riail 236) a chur in iúl i gcló iodálach.

CLÁR

TEIDEAL I

FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA 11

CAIBIDIL 1

FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA 11

Riail 1

Parlaimint na hEorpa 11

Riail 2

Sainordú neamhspleáchais 12

Riail 3

Fíorú na ndintiúr 12

Riail 4

Téarma oifige na bhFeisirí 13

Riail 5

Pribhléidí agus díolúintí 13

Riail 6

Díolúine a tharscaoileadh 14

Riail 7

Pribhléidí agus díolúine a chosaint 14

Riail 8

Gníomhaíocht phráinneach ag an Uachtarán chun díolúine a dhearbhú 15

Riail 9

Nósanna imeachta i leith díolúine 15

Riail 10

Caighdeáin iompair 16

Riail 11

Leasanna airgeadais agus clár trédhearcachta na bhFeisirí 17

Riail 12

Imscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 18

Riail 13

Breathnadóirí 18

CAIBIDIL 2

OIFIGIGH NA PARLAIMINTE 18

Riail 14

An Cathaoirleach Sealadach 18

Riail 15

Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta 18

Riail 16

Toghadh an Uachtaráin — aitheasc tosaigh 19

Riail 17

Toghadh na Leas-Uachtarán 19

Riail 18

Toghadh na gCaestóirí 19

Riail 19

Téarma oifige na nOifigeach 19

Riail 20

Folúntais 20

Riail 21

Luath-fhoirceannadh oifige 20

CAIBIDIL 3

COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS 20

Riail 22

Dualgais an Uachtaráin 20

Riail 23

Dualgais na Leas-Uachtarán 20

Riail 24

Comhdhéanamh an Bhiúró 21

Riail 25

Dualgais an Bhiúró 21

Riail 26

Comhdhéanamh Chomhdháil na nUachtarán 22

Riail 27

Dualgais Chomhdháil na nUachtarán 22

Riail 28

Dualgais na gCaestóirí 23

Riail 29

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí 23

Riail 30

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí 23

Riail 31

Leanúnachas oifige le linn tréimhse toghcháin 23

Riail 32

Cuntasacht an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán 23

CAIBIDIL 4

GRÚPAÍ POLAITIÚLA 23

Riail 33

Grúpaí polaitiúla a bhunú agus a dhíscaoileadh 23

Riail 34

Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla 24

Riail 35

Idirghrúpaí 25

Riail 36

Feisirí neamhcheangailte 25

Riail 37

Leithroinnt na suíochán sa Seomra 25

TEIDEAL II

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE 26

CAIBIDIL 1

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA 26

Riail 38

Cláreagrú bliantúil 26

Riail 39

Urraim do chearta bunúsacha 26

Riail 40

An bunús dlí a fhíorú 27

Riail 41

Cumhachtaí reachtacha a tharmligean agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt 27

Riail 42

Comhréireacht airgeadais a fhíorú 27

Riail 43

Scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta 28

Riail 44

Rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint 28

Riail 45

Ionadaíocht na Parlaiminte i gcruinnithe den Chomhairle 28

Riail 46

Ceart na Parlaiminte tograí a chur isteach 28

Riail 47

Iarrataí ar an gCoimisiún chun tograí a chur isteach 29

Riail 48

Gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhreithniú 29

Riail 49

Luasghéarú na nósanna imeachta reachtacha 30

Riail 50

Nósanna imeachta reachtacha maidir le tionscnaimh a thagann ó institiúidí seachas an Coimisiún nó ó Bhallstáit 30

CAIBIDIL 2

AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE 30

Riail 51

Tuarascálacha reachtacha 30

Riail 52

Nós imeachta simplithe 31

Riail 53

Tuarascálacha neamhreachtacha 31

Riail 54

Tuarascálacha féintionscnaimh 31

Riail 55

Tuarascálacha a dhréachtú 32

Riail 56

Tuairimí na gcoistí 32

Riail 57

Nós imeachta coiste comhlachaithe 33

Riail 58

Nós imeachta comhchoiste 34

CAIBIDIL 3

AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH 34

ROINN 1 —

AN CHÉAD LÉAMH 34

Riail 59

Vótáil sa Pharlaimint — an chéad léamh 34

Riail 60

Tarchur ar ais chuig an gcoiste freagrach 35

Riail 61

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint 36

Riail 62

Comhaontú ar an gcéad léamh 36

ROINN 2 —

AN DARA LÉAMH 36

Riail 63

An seasamh ón gComhairle a chur i bhfios 36

Riail 64

Teorainneacha ama a fhadú 36

Riail 65

Nós imeachta sa choiste freagrach 37

Riail 66

Cur faoi bhráid na Parlaiminte 37

Riail 67

Vótáil sa Pharlaimint — an dara léamh 37

Riail 68

Inghlacthacht leasuithe ar an seasamh ón gComhairle 38

Riail 69

Comhaontú ar an dara léamh 38

ROINN 3 —

CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH 39

Riail 70

Forálacha ginearálta 39

Riail 71

An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Pharlaimint 39

Riail 72

An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Chomhairle 39

Riail 73

An chaibidlíocht roimh an dara léamh sa Pharlaimint 39

Riail 74

Seoladh na gcaibidlíochtaí 40

ROINN 4 —

IDIR-RÉITEACH AGUS AN TRÍÚ LÉAMH 40

Riail 75

Teorainneacha ama a fhadú 40

Riail 76

An Coiste Idir-réitigh a chomóradh 40

Riail 77

Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh 40

Riail 78

Téacs comhpháirteach 41

ROINN 5 —

AN NÓS IMEACHTA A THABHAIRT CHUN CRÍCHE 41

Riail 79

Gníomhartha glactha a shíniú agus a fhoilsiú 41

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN 41

Riail 80

Togra modhnaithe le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí 41

Riail 81

Seasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe 42

Riail 82

Vótáil sa Pharlaimint 42

Riail 83

Obair iardain i ndáil leis an seasamh ón bParlaimint 42

Riail 84

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint 42

CAIBIDIL 5

GNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA 42

Riail 85

Gnáth-athbhreithniú ar na Conarthaí 42

Riail 86

Athbhreithniú simplithe ar na Conarthaí 43

Riail 87

Conarthaí aontachais 43

Riail 88

Tarraingt siar ón Aontas 43

Riail 89

Ballstát do dhéanamh sárú ar phrionsabail bhunúsacha agus luachanna bunúsacha 44

Riail 90

Comhdhéanamh na Parlaiminte 44

Riail 91

Comhar feabhsaithe idir Ballstáit 44

CAIBIDIL 6

NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA 45

Riail 92

An creat airgeadais ilbhliantúil 45

Riail 93

An nós imeachta buiséadach bliantúil 45

Riail 94

An seasamh ón bParlaimint maidir leis an dréachtbhuiséad 45

Riail 95

Idir-réiteach buiséadach 46

Riail 96

An buiséad a ghlacadh go cinntitheach 46

Riail 97

Córas na ndóú codanna déag sealadacha 46

Riail 98

Cur chun feidhme an bhuiséid 47

Riail 99

Urscaoileadh don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme 47

Riail 100

Nósanna imeachta eile maidir le hurscaoileadh 47

Riail 101

Comhar idirinstitiúideach 47

CAIBIDIL 7

NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA INMHEÁNACHA 47

Riail 102

Meastacháin na Parlaiminte 47

Riail 103

An nós imeachta atá le cur i bhfeidhm le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas 48

Riail 104

An chumhacht chun caiteachas a thabhú agus a ghlanadh, chun cuntais a fhormheas agus chun urscaoileadh a dheonú 48

CAIBIDIL 8

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE TOILIÚ 48

Riail 105

An Nós imeachta maidir le toiliú 48

CAIBIDIL 9

NÓSANNA IMEACHTA EILE 49

Riail 106

An nós imeachta maidir le tuairimí a thabhairt i dtaca le maoluithe ar ghlacadh an euro 49

Riail 107

Nósanna imeachta a bhaineann le hagallamh idir na comhpháirtithe sóisialta 49

Riail 108

Nósanna imeachta maidir le comhaontuithe deonacha samhlaithe a ghrinnscrúdú 49

Riail 109

Códú 50

Riail 110

Athmhúnlú 50

CAIBIDIL 10

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME 51

Riail 111

Gníomhartha tarmligthe 51

Riail 112

Gníomhartha agus bearta cur chun feidhme 52

Riail 113

Breithniú a dhéanamh faoin nós imeachta coiste comhlachaithe nó faoin nós imeachta comhchoiste 53

TEIDEAL III

CAIDREAMH SEACHTRACH 53

CAIBIDIL 1

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA 53

Riail 114

Comhaontuithe idirnáisiúnta 53

Riail 115

Comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí nó seasamh an Aontais a bhunú i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta 54

CAIBIDIL 2

IONADAÍOCHT SHEACHTRACH THAR CEANN AN AONTAIS AGUS AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA 55

Riail 116

Ionadaithe speisialta 55

Riail 117

Ionadaíocht idirnáisiúnta 55

CAIBIDIL 3

MOLTAÍ MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA AN AONTAIS 55

Riail 118

Moltaí maidir le beartais sheachtracha an Aontais 55

Riail 119

Comhairliúchán leis an bParlaimint agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála 56

Riail 120

Sárú ar chearta an duine 56

TEIDEAL IV

TRÉDHEARCACHT GNÓ 56

Riail 121

Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte 56

Riail 122

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid 56

Riail 123

Rochtain ar an bParlaimint 57

TEIDEAL V

CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE 58

CAIBIDIL 1

CEAPACHÁIN 58

Riail 124

Toghadh Uachtarán an Choimisiúin 58

Riail 125

Toghadh an Choimisiúin 58

Riail 126

Cláreagrú ilbhliantúil 59

Riail 127

Tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin 59

Riail 128

Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 60

Riail 129

Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a cheapadh 60

Riail 130

Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh 60

Riail 131

Ceapacháin chuig comhlachtaí rialachais eacnamaíoch 60

CAIBIDIL 2

RÁITIS 61

Riail 132

Ráitis ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach 61

Riail 133

Ráitis ina mínítear cinntí ón gCoimisiún 61

Riail 134

Ráitis ón gCúirt Iniúchóirí 62

Riail 135

Ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach 62

CAIBIDIL 3

CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA 62

Riail 136

Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht 62

Riail 137

Tráth na gCeisteanna 63

Riail 138

Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn 63

Riail 139

Trascheisteanna móra i gcomhair freagra i scríbhinn 64

Riail 140

Ceisteanna arna ndíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhair freagra i scríbhinn 64

Riail 141

Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair 64

CAIBIDIL 4

TUARASCÁLACHA Ó INSTITIÚIDÍ AGUS Ó CHOMHLACHTAÍ EILE 65

Riail 142

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile 65

CAIBIDIL 5

RÚIN AGUS MOLTAÍ 65

Riail 143

Tairiscintí i gcomhair rún 65

Riail 144

Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta 66

CAIBIDIL 6

DUL I gCOMHAIRLE LE hINSTITIÚIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE 67

Riail 145

Dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 67

Riail 146

Dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún 67

Riail 147

Iarrataí chuig Gníomhaireachtaí Eorpacha 67

CAIBIDIL 7

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA 67

Riail 148

Comhaontuithe idirinstitiúideacha 67

CAIBIDIL 8

ÁBHAIR ARNA dTARCHUR CHUIG CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH 68

Riail 149

Imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 68

TEIDEAL VI

CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA 69

Riail 150

Malartú faisnéise, teagmhálacha agus saoráidí cómhalartacha 69

Riail 151

An Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC) 69

Riail 152

Comhdháil na bParlaimintí 69

TEIDEAL VII

SEISIÚIN 70

CAIBIDIL 1

SEISIÚIN NA PARLAIMINTE 70

Riail 153

Téarma parlaiminteach, seisiúin, páirtseisiúin, suíonna 70

Riail 154

Comóradh na Parlaiminte 70

Riail 155

Ionad na suíonna agus na gcruinnithe 70

Riail 156

Freastal na bhFeisirí ar shuíonna 70

CAIBIDIL 2

ORD GNÓ NA PARLAIMINTE 71

Riail 157

Dréachtchlár oibre 71

Riail 158

An clár oibre a ghlacadh agus a leasú 71

Riail 159

An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht 71

Riail 160

Tíolacadh gairid 72

Riail 161

Díospóireacht urghnách 72

Riail 162

Díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha arna hiarraidh ag grúpa polaitiúil 72

Riail 163

An nós imeachta i gcás práinne 73

Riail 164

Díospóireacht chomhpháirteach 73

Riail 165

Teorainneacha ama 73

CAIBIDIL 3

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH 73

Riail 166

Rochtain ar an Seomra 73

Riail 167

Teangacha 73

Riail 168

Socrú idirthréimhseach 74

Riail 169

Doiciméid a dháileadh 74

Riail 170

Láimhseáil leictreonach doiciméad 74

Riail 171

Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí 74

Riail 172

Óráidí aon nóiméid amháin 75

Riail 173

Ráitis phearsanta 76

Riail 174

Bac a chosc 76

CAIBIDIL 4

BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ 76

Riail 175

Bearta láithreacha 76

Riail 176

Pionóis 77

Riail 177

Nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach 78

CAIBIDIL 5

CÓRAM, LEASUITHE AGUS VÓTÁIL 78

Riail 178

Córam 78

Riail 179

Tairseacha 78

Riail 180

Leasuithe a chur síos agus a thíolacadh 79

Riail 181

Inghlacthacht na leasuithe 80

Riail 182

An nós imeachta vótála 81

Riail 183

An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe 81

Riail 184

Coiste do scagadh leasuithe de chuid suí iomlánaigh 82

Riail 185

Vótáil dheighilte 82

Riail 186

Ceart chun vóta a chaitheamh 82

Riail 187

Vótáil 82

Riail 188

Vótáil chríochnaitheach 83

Riail 189

Comhionannas vótaí 83

Riail 190

Vótáil le glaoch rolla 83

Riail 191

Vótáil le ballóid rúnda 84

Riail 192

Úsáid a bhaint as córas vótála leictreonach 84

Riail 193

Díospóidí maidir leis an vótáil 84

Riail 194

Mínithe ar vótáil 84

CAIBIDIL 6

POINTÍ OIRD AGUS TAIRISCINTÍ NÓS IMEACHTA 85

Riail 195

Pointí oird 85

Riail 196

Tairiscintí nós imeachta 85

Riail 197

Tairiscintí ina n-iarrfar go ndearbhófai ábhar a bheith neamh-inghlactha 86

Riail 198

Tarchur ar ais chuig coiste 86

Riail 199

Díospóireacht a chríochnú 86

Riail 200

Díospóireacht nó vótáil a chur ar atráth 86

Riail 201

An suí a chur ar fionraí nó a chríochnú 87

CAIBIDIL 7

TAIFEAD POIBLÍ AR NA hIMEACHTAÍ 87

Riail 202

Miontuairiscí 87

Riail 203

Téacsanna a ghlactar 87

Riail 204

Tuarascálacha focal ar fhocal 88

Riail 205

Taifead closamhairc ar na himeachtaí 88

TEIDEAL VIII

COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ 88

CAIBIDIL 1

COISTÍ 88

Riail 206

Buanchoistí a chur ar bun 88

Riail 207

Coistí speisialta 88

Riail 208

Coistí fiosrúcháin 89

Riail 209

Comhdhéanamh na gcoistí 90

Riail 210

Dualgais na gcoistí 91

Riail 211

Ceisteanna inniúlachta 91

Riail 212

Fochoistí 91

Riail 213

Biúrónna na gcoistí 91

Riail 214

Comhordaitheoirí coiste 92

Riail 215

Scáth-rapóirtéirí 92

Riail 216

Cruinnithe coiste 92

Riail 217

Miontuairiscí cruinnithe coiste 93

Riail 218

Vótáil i gcoiste 93

Riail 219

Forálacha a bhaineann le suíonna iomlánacha agus is infheidhme i gcoiste 93

Riail 220

Tráth na gCeisteanna i gcoiste 93

Riail 221

Nós imeachta do chomhairliúchán coiste i ndáil le faisnéis rúnda i gcruinniú coiste i seomra iata 94

Riail 222

Éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí maidir leis na tionscnaimh ó na saoránaigh 94

CAIBIDIL 2

TOSCAIREACHTAÍ IDIRPHARLAIMINTEACHA 95

Riail 223

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin 95

Riail 224

Coistí parlaiminteacha comhpháirteacha 96

Riail 225

Comhar le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa 96

TEIDEAL IX

ACHAINÍOCHA 96

Riail 226

Ceart achainí 96

Riail 227

Achainíocha a scrúdú 98

Riail 228

Cuairteanna faisnéise 98

Riail 229

Fógra maidir le hachainíocha 99

Riail 230

Tionscnamh ó na saoránaigh 99

TEIDEAL X

OMBUDSMAN 99

Riail 231

Toghadh an Ombudsman 99

Riail 232

Gníomhaíochtaí an Ombudsman 100

Riail 233

An tOmbudsman a chur as oifig 100

TEIDEAL XI

ARDRÚNAÍOCHT NA PARLAIMINTE 101

Riail 234

Ardrúnaíocht na Parlaiminte 101

TEIDEAL XII

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ A BHAINEANN LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS FONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA 101

Riail 235

Cumhachtaí agus freagrachtaí a bhaineann le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha 101

TEIDEAL XIII

NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ 102

Riail 236

Na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm 102

Riail 237

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú 103

TEIDEAL XIV

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 103

Riail 238

Siombailí an Aontais 103

Riail 239

Príomhshruthú inscne 103

Riail 240

Gnó gan chríochnú 103

Riail 241

Ceartúcháin 104

IARSCRÍBHINN I

CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA 105

IARSCRÍBHINN II

CÓD IOMPAIR IOMCHUÍ DO NA FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS A gCÚRAIMÍ Á bhFEIDHMIÚ ACU 109

IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR MAIDIR LE CEISTEANNA I gCOMHAIR FREAGRA I SCRÍBHINN FAOI RIALACHA 138, 140 AGUS 141 110

IARSCRÍBHINN IV

TREOIRLÍNTE AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA ATÁ LE LEANÚINT NUAIR ATÁ ÁBHAIR Á ROGHNÚ LENA gCUR AR AN gCLÁR OIBRE LE hAGHAIDH DÍOSPÓIREACHT AR CHÁSANNA A BHAINEANN LE SÁRUITHE AR CHEARTA AN DUINE, AR AN DAONLATHAS AGUS AR AN SMACHT REACHTA AGUS DÁ bhFORÁILTEAR FAOI RIAIL 144 111

IARSCRÍBHINN V

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE BREITHNIÚ AGUS GLACADH CINNTÍ CHUN URSCAOILEADH A DHEONÚ 112

IARSCRÍBHINN VI

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA mBUANCHOISTÍ 115

IARSCRÍBHINN VII

FORMHEAS AN CHOIMISIÚIN AGUS FAIREACHÁN AR GHEALLTANAIS A RINNEADH I RITH NA nÉISTEACHTAÍ 124

IARSCRÍBHINN VIII

RIACHTANAIS MAIDIR LE DRÉACHTÚ GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH I gCOMHRÉIR LEIS AN nGNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH 128

TEIDEAL I

FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA

CAIBIDIL 1

Feisirí Pharlaimint na hEorpa

Riail 1

Parlaimint na hEorpa

1.

Is í Parlaimint na hEorpa an tionól arna thoghadh de bhun na gConarthaí, de bhun Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus de bhun reachtaíochta náisiúnta a thig ó na Conarthaí.

2.

Is mar a leanas a ghairfear de dhaoine a thoghfar chuig Parlaimint na hEorpa:

 

“Членове на Европейския парламент” I mBulgáiris,

 

“Diputados al Parlamento Europeo” i Spáinnis,

 

“Poslanci Evropského parlamentu” i Seicis,

 

“Medlemmer af Europa-Parlamentet” i nDanmhairgis,

 

“Mitglieder des Europäischen Parlaments” i nGearmáinis,

 

“Euroopa Parlamendi liikmed” in Eastóinis,

 

“Βουλευτές του Ευρωπαϊκού Κοινοβουλίου” i nGréigis,

 

“Members of the European Parliament” i mBéarla,

 

“Députés au Parlement européen” i bhFraincis,

 

“Feisirí de Pharlaimint na hEorpa” i nGaeilge,

 

“Zastupnici u Europskom parlamentu” i gCróitis,

 

“Deputati al Parlamento europeo” in Iodáilis,

 

“Eiropas Parlamenta deputāti” i Laitvis,

 

“Europos Parlamento nariai” i Liotuáinis,

 

“Európai Parlamenti Képviselők” in Ungáiris,

 

“Membri tal-Parlament Ewropew” iMáltais,

 

“Leden van het Europees Parlement” in Ollainnis,

 

“Posłowie do Parlamentu Europejskiego” i bPolainnis,

 

“Deputados ao Parlamento Europeu” i bPortaingéilis,

 

“Deputaţi în Parlamentul European” i Rómáinis,

 

“Poslanci Európskeho parlamentu” i Slóvaicis,

 

“Poslanci Evropskega parlamenta” i Slóivéinis,

 

“Euroopan parlamentin jäsenet” i bhFionlainnis,

 

“Ledamöter av Europaparlamentet” i Sualainnis.

Riail 2

Sainordú neamhspleáchais

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 3(1) de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, feidhmeoidh na Feisirí a sainordú go saor agus go neamhspleách, ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc ná ní ghlacfaidh siad le haon sainordú ceangailteach.

Riail 3

Fíorú na ndintiúr

1.

Tar éis olltoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, iarrfaidh an tUachtarán ar údaráis inniúla na mBallstát ainmneacha na bhFeisirí tofa a chur in iúl don Pharlaimint gan mhoill ionas go bhféadfaidh na Feisirí go léir a gcuid suíochán sa Pharlaimint a ghlacadh le héifeacht ó oscailt an chéad suí tar éis na dtoghchán.

Ag an am céanna, tarraingeoidh an tUachtarán aird na n-údarás sin ar fhorálacha ábhartha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus iarrfaidh sé orthu na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht le hoifig Feisire de Pharlaimint an hEorpa a sheachaint.

2.

Déanfaidh na Feisirí a mbeidh a dtoghadh curtha in iúl don Pharlaimint dearbhú i scríbhinn, sula nglacfaidh siad a suíocháin sa Pharlaimint, á rá nach bhfuil siad i seilbh aon oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976. Tar éis olltoghchán, déanfar an dearbhú, nuair is féidir, tráth nach déanaí ná sé lá roimh an gcéad suí den Pharlaimint tar éis na dtoghchán. Go dtí an tráth a mbeidh dintiúir na bhFeisirí fíoraithe nó go dtí go mbeidh rialú tugtha ar aon díospóid, agus ar choinníoll go mbeidh an dearbhú i scríbhinn thuasluaite sínithe roimh ré ag na Feisirí, tógfaidh siad a suíochán sa Pharlaimint agus ar a cuid comhlachtaí agus teachtfaidh siad na cearta go léir a ghabhann leis sin.

I gcás ina suitear, ó fhíorais is infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, go bhfuil Feisire i seilbh oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, déanfaidh an Pharlaimint, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag a hUachtarán, a shuíomh go bhfuil folúntas ann.

3.

Ar bhonn tuarascáil ón gcoiste atá freagrach as fíorú na ndintiúr, fíoróidh an Pharlaimint na dintiúir gan mhoill agus rialóidh sí ar bhailíocht shainordú gach Feisire nuathofa dá cuid agus rialóidh sí freisin ar aon díospóidí arna dtarchur chuici de bhun fhorálacha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, seachas díospóidí, a thagann, faoin Ionstraim sin, go heisiach faoi na forálacha náisiúnta dá dtagraíonn an Ionstraim sin.

Beidh tuarascáil an choiste bunaithe ar fhógra oifigiúil ó gach Ballstát faoi thorthaí iomlána an toghcháin, ar fógra é ina sonrófar ainmneacha na n-iarrthóirí tofa agus ainmneacha aon chomhaltaí ionaid mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála.

Ní fhéadfar bailíocht sainordú Feisire a dhaingniú mura rud é go ndéantar na dearbhuithe i scríbhinn a éilítear faoin Riail seo agus faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

4.

Ar bhonn togra ón gcoiste freagrach, fíoróidh an Pharlaimint gan mhoill dintiúir na bhFeisirí aonair atá ag teacht in ionad Feisirí atá ag dul as oifig agus féadfaidh sí rialú a dhéanamh, tráth ar bith, ar aon díospóid maidir le bailíocht shainordú aon duine dá cuid Feisirí.

5.

I gcás ina gceapfar Feisire mar gheall ar iarrthóirí do tharraingt siar ón liosta céanna, áiritheoidh an coiste freagrach gur tharla an tarraingt siar atá i dtrácht i gcomhréir le meon agus ábhar Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus Riail 4(2).

6.

Áiritheoidh an coiste freagrach go ndéanfaidh údaráis na mBallstát nó an Aontais aon fhaisnéis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’incháilitheacht an Fheisire nó d’incháilitheacht nó do rangú na gcomhaltaí ionaid a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an bParlaimint agus, i gcás ceapacháin, go léireofar an dáta a mbeidh éifeacht leis.

Más rud é go dtionscnóidh údaráis inniúla na mBallstát nós imeachta as a bhféadfaí Feisire a dhícháiliú ó bheith i seilbh oifige, iarrfaidh an tUachtarán orthu é féin a choinneáil ar an eolas go rialta faoin gcéim den nós imeachta a bheidh bainte amach agus tarchuirfidh sé an cheist chuig an gcoiste freagrach. Ar thogra ón gcoiste sin, féadfaidh an Pharlaimint seasamh a ghlacadh ar an ábhar.

Riail 4

Téarma oifige na bhFeisirí

1.

Cuirtear tús le téarma oifige Feisire agus tagann deireadh leis an téarma sin de réir mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 13 d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976.

2.

Déanfaidh Feisirí a éiríonn as oifig fógra a thabhairt don Uachtarán faoina n-éirí as oifig agus faoin dáta a mbeidh éifeacht leis an éirí as oifig sin, ar dáta é nach mbeidh níos déanaí ná 3 mhí tar éis an fógra a thabhairt. Beidh an fógra i bhfoirm taifead oifigiúil arna tharraingt suas i láthair an Ardrúnaí nó a ionadaí, agus é sínithe ag an Ardrúnaí nó ag a ionadaí agus ag an bhFeisire lena mbaineann, agus cuirfear faoi bhráid an choiste fhreagraigh láithreach é agus cuirfidh an coiste sin ar a chlár oibre é don chéad chruinniú tar éis an doiciméad a fháil.

Má mheasann an coiste freagrach nach bhfuil an t-éirí as oifig i gcomhréir le hIonstraim an 20 Meán Fómhair 1976, fógrófar folúntas le héifeacht ón dáta a bheidh léirithe ag an bhFeisire a bheidh ag éirí as oifig sa taifead oifigiúil, agus cuirfidh an tUachtarán an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

Má mheasann an coiste freagrach nach bhfuil Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 á comhlíonadh ag an éirí as oifig, molfaidh sé don Pharlaimint gan folúntas a fhógairt.

3.

I gcás nach mbeidh aon chruinniú den choiste freagrach sceidealta roimh an gcéad pháirtseisiún eile, scrúdóidh rapóirtéir an choiste fhreagraigh láithreach aon éirí as oifig a mbeidh fógra cuí tugtha ina leith. I gcás ina mbeadh moill i mbreithniú an fhógra dochrach, tarchuirfidh an rapóirtéir an t-ábhar chuig Cathaoirleach an choiste, á iarraidh de bhun mhír 2:

go gcuirfí in iúl don Uachtarán thar ceann an choiste go bhféadfar folúntas a dhearbhú; nó

go ndéanfaí cruinniú urghnách den choiste a chomóradh chun aon deacrachtaí sonracha arna dtabhairt dá aire ag an rapóirtéir a scrúdú.

4.

I gcás ina dtugann údaráis inniúla na mBallstát nó an Aontais nó an Feisire lena mbaineann fógra don Uachtarán faoi cheapachán nó toghadh chuig oifig atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint, agus dearbhóidh an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann ó dháta na neamhréireachta.

I gcás ina dtugann údaráis inniúla Ballstáit fógra don Uachtarán á rá go bhfuil deireadh le téarma oifige Feisire de Pharlaimint na hEorpa mar thoradh ar neamhréireacht bhreise arna bunú ag dlí an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 7(3) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 nó mar thoradh ar tharraingt siar shainordú an Fheisire de bhun Airteagal 13(3) den Ionstraim sin, cuirfidh an tUachtarán in iúl don Pharlaimint gur tháinig deireadh le téarma oifige an Fheisire sin ar an dáta arna chur in iúl ag údaráis inniúla an Bhallstáit. I gcás nach mbeidh an dáta sin curtha in iúl, is é a bheidh i ndáta dheireadh an téarma oifige ná dáta an fhógra arna thabhairt ag an mBallstát sin.

5.

I gcás ina ndéanfaidh údaráis na mBallstát nó an Aontais sannadh a bheartaíonn siad a thabhairt d’Fheisire a chur in iúl don Uachtarán, déanfaidh an tUachtarán an cheist i dtaobh an bhfuil an sannadh beartaithe ar comhréir le hIonstraim an 20 Meán Fómhair 1976 a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus cuirfidh sé na conclúidí a dtiocfaidh an coiste sin orthu in iúl don Pharlaimint, don Fheisire agus do na húdaráis lena mbaineann.

6.

I gcás ina suíonn an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus iarrfaidh sí air an suíochán a líonadh gan mhoill.

7.

I gcás inar dealraitheach go bhfuil glacadh le hoifig nó foirceannadh oifige bunaithe ar mhíchruinneas ábhartha nó ar thoiliú truaillithe, féadfaidh an Pharlaimint an ceart chun a dhearbhú go bhfuil an ceapachán atá á bhreithniú neamhbhailí nó féadfaidh sí diúltú an folúntas a chruthú.

Riail 5

Pribhléidí agus díolúintí

1.

Teachtann na Feisirí na pribhléidí agus díolúintí a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

2.

I bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, gníomhóidh an Pharlaimint chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Ní pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach is ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí.

3.

Déanfaidh an tAontas Eorpach laissez-passer den Aontas Eorpach, lena dtugtar cead saorghluaiseachta d’Fheisire sna Ballstáit agus i dtíortha eile a aithníonn é mar dhoiciméad taistil bailí, a eisiúint chuig Feisire arna iarraidh sin dó nó di, ar an gcoinníoll go dtugann Uachtarán na Parlaiminte an t-údarú.

4.

Chun a ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag na Feisirí go léir a bheith rannpháirteach go gníomhach in obair choistí agus thoscaireachtaí na Parlaiminte i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

5.

Beidh Feisirí i dteideal aon chomhaid atá i seilbh na Parlaiminte nó i seilbh coiste a iniúchadh, seachas comhaid agus cuntais phearsanta, arb iad na Feisirí lena mbaineann amháin a fhéadfaidh iad a iniúchadh. Tá eisceachtaí ón riail seo maidir le láimhseáil doiciméad a bhféadfar rochtain phoiblí orthu a dhiúltú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), leagtha síos i Riail 221.

Le formheas ón mBiúró, féadfar, ar bhonn cinneadh réasúnaithe, an ceart chun iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméad de chuid na Parlaiminte a shéanadh ar Fheisire más rud é, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, go gcinneann an Biúró go mbeadh iniúchadh den sórt sin ina chúis le damáiste neamh-inghlactha do leasanna institiúideacha na Parlaiminte nó don leas poiblí, agus go bhfuil an Feisire lena mbaineann ag féachaint leis an doiciméad a iniúchadh ar chúiseanna príobháideacha agus pearsanta. Féadfaidh an Feisire achomharc i scríbhinn a thaisceadh i gcoinne cinneadh den sórt sin laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra a fháil ina leith. Chun bheith inghlactha, ní mór cúiseanna a bheith ar áireamh in achomhairc i scríbhinn. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an achomharc gan díospóireacht le linn an pháirtseisiúin tar éis an t-achomharc a thaisceadh.

Tá rochtain ar fhaisnéis rúnda faoi réir na rialacha atá leagtha síos i gcomhaontuithe idirinstitiúideacha arna dtabhairt i gcrích ag an bParlaimint maidir le cóireáil faisnéise rúnda (2) agus leis na rialacha inmheánacha maidir lena gcur chun feidhme arna nglacadh ag comhlachtaí inniúla na Parlaiminte (3).

Riail 6

Díolúine a tharscaoileadh

1.

Maidir le haon iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, déanfar í a mheas i gcomhréir le hAirteagal 7, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear i Riail 5(2).

2.

I gcás ina gceanglófar ar Fheisirí láithriú mar fhinnéithe nó mar fhinnéithe saineolacha, ní gá tarscaoileadh díolúine a iarraidh, ar choinníoll:

nach mbeidh oibleagáid orthu láithriú ar dháta nó ag tráth a chuirfidh cosc orthu a gcuid dualgas parlaiminteach a chomhlíonadh, nó a fhágfaidh go mbeidh sé deacair dóibh na dualgais sin a chomhlíonadh, nó go mbeidh siad in ann ráiteas a thabhairt i scríbhinn nó in aon fhoirm eile nach bhfágfaidh go mbeidh sé deacair dóibh a ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh; agus

nach mbeidh oibleagáid orthu fianaise a thabhairt maidir le faisnéis a bheidh faighte faoi rún i gcomhlíonadh a gcuid dualgas parlaiminteach agus ar faisnéis í nach cuí leo í a nochtadh.

Riail 7

Pribhléidí agus díolúine a chosaint

1.

I gcásanna ina líomhnaítear go ndearna údaráis Ballstáit sárú ar phribhléidí agus ar dhíolúintí Feisire nó iarFheisire, nó go bhfuil siad chun é a dhéanamh, féadfar, i gcomhréir le Riail 9(1), cinneadh ón bParlaimint a iarraidh i dtaobh an ndearnadh, go hiarbhír, sárú ar na pribhléidí agus ar na díolúintí sin, nó ar dóchúil go ndéanfar sárú orthu.

2.

Go háirithe, féadfar iarraidh den sórt sin ar chosaint pribhléidí agus díolúintí a dhéanamh más rud é go measfar gurbh é a bheadh ann ná srianadh riaracháin nó srianadh eile ar shaorghluaiseacht Feisirí atá ag taisteal chuig áit chruinnithe de chuid na Parlaiminte, nó ón áit chruinnithe sin, atá sna himthosca nó gur srianadh riaracháin nó srianadh eile é ar thuairim a tugadh nó ar vóta a caitheadh i gcomhlíonadh a ndualgas ag na Feisirí, nó go dtiocfadh na himthosca sin faoi raon feidhme Airteagal 9 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

3.

Aon iarraidh ar chosaint pribhléidí agus díolúintí Feisire, ní bheidh sí incheadaithe má fuarthas cheana iarraidh ar tharscaoileadh nó ar chosaint díolúine an Fheisire sin i ndáil leis na fíorais dhlíthiúla chéanna, cibé acu ar glacadh cinneadh nó nár glacadh mar gheall ar an iarraidh níos luaithe sin.

4.

Ní dhéanfar iarraidh ar chosaint pribhléidí agus díolúintí Feisire a bhreithniú tuilleadh más rud é go bhfaighfear iarraidh ar tharscaoileadh díolúine an Fheisire sin i ndáil leis na fíorais chéanna.

5.

I gcásanna ina ndearnadh cinneadh gan pribhléidí agus díolúintí Feisire a chosaint, féadfaidh an Feisire, ar bhonn eisceachtúil, a iarraidh go ndéanfar an cinneadh a bhreithniú an athuair, trí fhianaise nua a thíolacadh i gcomhréir le Riail 9(1). Ní bheidh an iarraidh ar bhreithniú a dhéanamh an athuair inghlactha má táthar tar éis na himeachtaí a thionscnamh in aghaidh an chinnidh faoi Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó má mheasann an tUachtarán nach mbeidh bunús a dhóthain leis an bhfianaise nua le go ndéanfar an breithniú an athuair.

Riail 8

Gníomhaíocht phráinneach ag an Uachtarán chun díolúine a dhearbhú

1.

Ar bhonn práinne, in imthosca ina ndéantar Feisire a ghabháil nó ina gcuirtear bac ar a shaorghluaiseacht nó ar a saorghluaiseacht de shárú dealraitheach ar a chuid nó ar a cuid pribhléidí agus díolúintí, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh, gníomhú ar a thionscnamh féin chun pribhléidí agus díolúintí an Fheisire lena mbaineann a dhearbhú. Tabharfaidh an tUachtarán fógra faoin tionscnamh sin don choiste agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas faoi.

2.

Nuair a bhainfidh an tUachtarán úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó le mír 1, tabharfaidh an coiste freagrach aitheantas do thionscnamh an Uachtaráin ag a chéad chruinniú eile. I gcás ina measfaidh an coiste gur gá sin, féadfaidh sé tuarascáil a ullmhú lena cur faoi bhráid na Parlaiminte.

Riail 9

Nósanna imeachta i leith díolúine

1.

Maidir le haon iarraidh a bheidh seolta ó údarás inniúil Ballstáit chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, nó ó Fheisire nó ó iarFheisire chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.

Le comhaontú an Fheisire nó an iarFheisire lena mbaineann, féadfaidh Feisire eile, a cheadófar ionadaíocht a dhéanamh ar an bhFeisire nó ar an iarFheisire lena mbaineann ag gach céim den nós imeachta, an iarraidh a dhéanamh.

Ní bheidh an Feisire a dhéanann ionadaíocht ar an bhFeisire nó ar an iarFheisire lena mbaineann páirteach sna cinntí a ghlacfaidh an coiste.

3.

Déanfaidh an coiste iarrataí ar tharscaoileadh díolúine nó iarrataí ar chosaint pribhléidí agus díolúintí a bhreithniú gan mhoill, ach aird á tabhairt aige ar a chasta agus atá siad.

4.

Déanfaidh an coiste togra i gcomhair cinneadh réasúnaithe ina molfar go nglacfar an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine nó an iarraidh ar chosaint díolúine agus pribhléidí, nó go ndiúltófar don iarraidh sin. Ní bheidh leasuithe inghlactha. Má dhiúltaítear do thogra, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.

5.

Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an údarás lena mbaineann aon fhaisnéis nó míniú a sholáthar a mheasann an coiste a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh an ceart díolúine a tharscaoileadh nó a chosaint.

6.

Tabharfar deis don Fheisire lena mbaineann éisteacht a fháil agus féadfaidh sé aon doiciméid nó aon fhianaise eile i scríbhinn a mheasfaidh sé a bheith ábhartha a thíolacadh.

Ní bheidh an Feisire lena mbaineann i láthair le linn na ndíospóireachtaí maidir le hiarraidh ar tharscaoileadh nó ar chosaint a dhíolúine nó a díolúine, seachas i gcás na héisteachta féin.

Tabharfaidh Cathaoirleach an choiste cuireadh chun éisteachta don Fheisire, agus cuirfidh sé an dáta agus an t-am in iúl dó. Féadfaidh an Feisire lena mbaineann an ceart chun éisteachta a thréigean.

Má mhainníonn an Feisire lena mbaineann láithriú ag an éisteacht de bhun an chuiridh sin, measfar go bhfuil a cheart nó a ceart chun éisteachta tréigthe aige nó aici, mura rud é gur iarr sé nó sí go scaoilfí ón éisteacht é nó í ar an dáta agus ag an tráth a moladh, agus gur thug sé nó sí a chúiseanna nó a cúiseanna. Tabharfaidh Cathaoirleach an choiste rialú i dtaobh an féidir glacadh leis an iarraidh go ndéanfar an Feisire a scaoileadh ón éisteacht i bhfianaise na gcúiseanna a tugadh. Ní cheadófar don Fheisire lena mbaineann an rialú sin a achomharc.

Má ghéilleann Cathaoirleach an choiste don iarraidh ar scaoileadh ón éisteacht, tabharfaidh sé nó sí cuireadh chun éisteachta don Fheisire lena mbaineann ar dháta nua agus ag tráth nua. Má mhainníonn an Feisire lena mbaineann déanamh de réir an dara cuireadh chun éisteachta, leanfar ar aghaidh leis an nós imeachta d’uireasa éisteacht a thabhairt don Fheisire. Ní fhéadfar ansin glacadh le haon iarrataí eile ar a bheith scaoilte ón éisteacht nó ar éisteacht a fháil.

7.

I gcás ina lorgaítear tarscaoileadh nó cosaint díolúine san iarraidh ar roinnt scór, féadfaidh gach ceann díobh sin a bheith ina ábhar do chinneadh ar leithligh. Féadfar a mholadh i dtuarascáil an choiste, ar bhonn eisceachtúil, gur ceart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh nó cosaint díolúine maidir le himeachtaí ionchúisimh amháin agus, go dtí go ndéanfar an phianbhreith chríochnaitheach a ghearradh, gur ceart don Fheisire a bheith díolmhaithe ó aon chineál coinneála nó athchuir nó ó aon bheart eile a chuirfeadh cosc ar an bhFeisire sin na dualgais is cuí don sainordú a chomhlíonadh.

8.

Féadfaidh an coiste tuairim réasúnaithe a thabhairt i dtaobh inniúlacht an údaráis i dtrácht agus i dtaobh inghlacthacht na hiarrata, ach ní dhéanfaidh sé, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis.

9.

Déanfar an togra le haghaidh cinneadh ón gcoiste a chur isteach mar chéad mhír ar chlár oibre an chéad suí tar éis an lae a gcuirfear síos í. Ní fhéadfar aon leasuithe ar an togra sin a chur síos.

Beidh an plé teoranta do na cúiseanna i bhfabhar agus i gcoinne gach togra chun díolúine a tharscaoileadh nó díolúine a chaomhnú, nó chun díolúine nó pribhléid a chosaint.

Gan dochar do Riail 173, ní ceadmhach don Fheisire arb iad a chuid pribhléidí nó díolúintí nó a cuid pribhléidí nó díolúintí atá á mbreithniú labhairt sa díospóireacht.

Maidir leis an togra nó na tograí i gcomhair cinnidh atá sa tuarascáil, déanfar vótáil air nó orthu ag an gcéad am vótála tar éis na díospóireachta.

Tar éis don Pharlaimint an t-ábhar a bhreithniú, glacfar vótáil ar leithligh ar gach ceann de na tograí atá sa tuarascáil. Má dhiúltaítear do thogra, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.

10.

Cuirfidh an tUachtarán cinneadh na Parlaiminte in iúl láithreach don Fheisire lena mbaineann agus d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, maille le hiarraidh go gcuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi aon fhorbairtí agus faoi aon rialuithe breithiúnacha sna himeachtaí ábhartha. Nuair a gheobhaidh an tUachtarán an fhaisnéis sin, tarchuirfidh sé chuig an bParlaimint í ar an tslí is oiriúnaí, dar leis, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá sin.

11.

Maidir leis na nithe sin agus le haon doiciméid a fhaightear, déileálfaidh an coiste leo mar ábhar fíor-rúnda. Is i seomra iata i gcónaí a bhreithneoidh an coiste iarrataí a bhaineann le nósanna imeachta ar dhíolúine.

12.

Ní dhéanfaidh an Pharlaimint scrúdú ach ar iarrataí ar tharscaoileadh díolúine Feisire a bheidh tarchurtha chuici ag na húdaráis bhreithiúnacha nó ag Buanionadaíochtaí na mBallstát.

13.

Leagfaidh an coiste síos prionsabail maidir le cur chun feidhme na Rialach seo.

14.

Is i gcomhréir leis na rialacha thuas a dhéileálfar le haon fhiosrú arna dhéanamh ag údarás inniúil maidir le scóip pribhléidí agus díolúintí Feisirí.

Riail 10

Caighdeáin iompair

1.

Léireoidh iompar na bhFeisirí urraim fhrithpháirteach, agus beidh sé bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail a leagtar síos sna Conarthaí, agus go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Léireoidh na Feisirí urraim do dhínit na Parlaiminte agus ní tharraingeoidh siad droch-cháil uirthi.

2.

Ní bhainfidh na Feisirí an bonn de sheoladh réidh ghnó na Parlaiminte agus ní bhainfidh siad an bonn de chothabháil na slándála agus an oird ar áitribh na Parlaiminte ná d’fheidhmiú a fearais.

3.

Ní chuirfidh na Feisirí as do dhea-ord an tSeomra agus staonfaidh siad ó iompar míchuí. Ní chuirfidh siad bratacha ar taispeáint.

4.

I ndíospóireachtaí parlaiminteacha sa Seomra, ní rachaidh na Feisirí i muinín urlabhra mhaslach.

Le measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá an urlabhra a úsáideann Feisire i ndíospóireacht pharlaiminteach maslach nó nach bhfuil, ba cheart go gcuirfí san áireamh, inter alia, intinní inaitheanta an chainteora, an dearcadh atá ag an bpobal ar an ráiteas, a mhéid a dheanann sé dochar do dhínit agus do dhea-cháil na Parlaiminte, agus saoirse cainte an Fheisire lena mbaineann. Mar shampla urlabhra chlúmhillteach, “fuathchaint” agus gríosadh chun idirdhealaithe bunaithe, go háirithe, ar aon fhoras dá dtagraítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha, cásanna “d’urlabhra mhaslach” a bheadh iontu sin de réir bhrí na Rialach seo.

5.

Comhlíonfaidh na Feisirí rialacha na Parlaiminte maidir leis an tslí ina ndéileáiltear le faisnéis rúnda.

6.

Staonfaidh na Feisirí d’aon chineál ciaptha síceolaí nó gnéis agus urramóidh siad an Cód iompair iomchuí d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid dualgas, ar cód é atá ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (4).

Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh an dearbhú a bhaineann leis an gCód sin sínithe acu.

7.

Más rud é, maidir le duine a bheidh ag obair d’Fheisire nó do duine eile a ndearna an Feisire socrú rochtain a bheith aige ar áitribh nó ar threalamh na Parlaiminte, go mainníonn sé na caighdeáin iompair a leagtar síos sa Riail seo a chomhlíonadh, féadfar, i gcás inarb iomchuí, an t-iompar sin a chur i leith an Fheisire lena mbaineann.

8.

Ní hé a leanfaidh as cur i bhfeidhm na Rialach seo go mbainfear, ar bhealach eile, de bhríomhaireacht na ndíospóireachtaí parlaiminteacha ná ní bhainfear an bonn de shaoirse cainte na bhFeisirí leis an gcur i bhfeidhm sin.

9.

Beidh feidhm ag an Riail seo, mutatis mutandis, i gcomhlachtaí, coistí agus toscaireachtaí na Parlaiminte.

Riail 11

Leasanna airgeadais agus clár trédhearcachta na bhFeisirí

1.

Déanfaidh an Pharlaimint rialacha a leagan síos lena rialófar trédhearcacht leasanna airgeadais a cuid Feisirí i bhfoirm Cód Iompair a ghlacfaidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í agus a bheidh ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (5).

Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.

2.

Ba cheart d’Fheisirí an cleachtas córasach a ghlacadh gur le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta, a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, amháin a bheidh cruinnithe acu (6).

3.

Ba cheart do na Feisirí gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne. Gan dochar d’Airteagal 4(6) d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na rapóirtéirí, na scáthrapóirtéirí agus cathaoirligh na gcoistí, le haghaidh gach tuarascála, gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne. Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

4.

Soláthróidh an Biúró an bonneagar is gá ar leathanach baile na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte do na Feisirí sin ar mian leo iniúchadh nó dearbhú deonach a fhoilsiú, amhail dá bhforáiltear faoi rialacha infheidhme Reacht na bhFeisirí agus faoina rialacha cur chun feidhme, go gcomhlíonann an úsáid atá á baint acu as an Liúntas do Chaiteachas Ginearálta na rialacha is infheidhme maidir le rialacha Reacht na bhFeisirí agus lena bhearta cur chun feidhme.

5.

Ní dhéanfaidh na rialacha seo dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.

6.

Déanfar cód iompair agus cearta agus pribhléidí iar-Fheisirí a leagan síos le cinneadh ón mBiúró. Ní dhéanfar aon idirdhealú sa tslí ina ndéileáiltear le hiar-Fheisirí.

Riail 12

Imscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

Maidir leis na rialacha coiteanna atá leagtha síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (7) ina mbeidh na bearta is gá chun feidhmiú rianúil imscrúduithe arna seoladh ag an Oifig a éascú laistigh den Pharlaimint, de bhun Chinneadh na Parlaiminte an 18 Samhain 1999 (8).

Riail 13

Breathnadóirí

1.

I gcás Conradh ar aontachas Stáit don Aontas Eorpach a bheith sínithe, féadfaidh an tUachtarán, tar éis comhaontú Chomhdháil na nUachtarán a fháil, a iarraidh ar pharlaimint an Stáit aontachais líon áirithe breathnadóirí atá comhionann le líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa a leithdháilfear ar an Stát sin tar éis aontachas a bhaint amach a cheapadh as measc a comhaltaí féin.

2.

Glacfaidh na breathnadóirí sin páirt in imeachtaí na Parlaiminte fad a bheidh teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais ar feitheamh, agus beidh ceart labhartha acu i gcoistí agus i ngrúpaí polaitiúla. Ní bheidh ceart acu chun vótáil a dhéanamh ná chun seasamh lena dtoghadh chuig poist sa Pharlaimint, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar an bParlaimint go seachtrach. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag a rannpháirtíocht ar imeachtaí na Parlaiminte.

3.

Déanfar an chóir a chuirfear orthu a asamhlú leis an gcóir a chuirtear ar Fheisire maidir le húsáid shaoráidí na Parlaiminte agus maidir le haisíoc caiteachas taistil agus cothaithe arna dtabhú ar a gcuid gníomhaíochtaí mar bhreathnadóirí.

CAIBIDIL 2

Oifigigh na Parlaiminte

Riail 14

An Cathaoirleach Sealadach (9)

1.

Ag an suí dá bhforáiltear faoi Riail 154(2), agus ag aon suí eile a thionóltar chun an tUachtarán agus an Biúró a thoghadh, is é an sean-Uachtarán, nó murab ann dó, is duine de na seanLeas-Uachtaráin, arna chinneadh i gcomhréir lena n-ord tosaíochta, nó murab ann d’aon duine díobh sin, is é nó í an Feisire is faide i seilbh oifige, a rachaidh sa chathaoir go dtí go dtoghtar an tUachtarán.

2.

Ní dhéanfar aon ghnó fad a bheidh Feisire sa chathaoir go sealadach de bhua mhír 1 mura rud é go mbaineann sé le toghadh an Uachtaráin nó fíorú na ndintiúr faoin dara fomhír de Riail 3(2). Déanfar aon ábhar eile a bhaineann le fíorú dintiúr agus a ardaítear nuair atá an Feisire sin sa chathaoir a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Riail 15

Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta (10)

1.

Déanfar an tUachtarán a thoghadh le ballóid rúnda, agus ina dhiaidh sin na Leas- Uachtaráin agus na Caestóirí, i gcomhréir le Riail 191.

Is le toiliú an ainmnithigh a bheidh na hainmniúcháin, agus ní fhéadfaidh ach grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad ainmniúcháin a dhéanamh Féadfar aimniúcháin nua a thabhairt isteach roimh gach ballóid.

Mura mbeidh an líon ainmniúchán níos mó ná an líon suíochán a bheidh le líonadh, déanfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir, mura rud é go n-iarrfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach uasal ar a laghad ballóid rúnda.

I gcás ballóid aonair do níos mó ná oifigeach amháin, ní bheidh an páipéar ballóide bailí ach amháin má chaitear níos mó ná leath de na vótaí a bhíonn ar fáil.

2.

Le linn an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus na Caestóirí a thoghadh, is ceart aird a thabhairt ar an ngá lena chinntiú go bhfuil ionadaíocht chothrom fhoriomlán ann i leith tuairimí polaitiúla, agus go bhfuil inscne agus cothromaíocht gheografach ann freisin.

Riail 16

Toghadh an Uachtaráin — aitheasc tosaigh (11)

1.

Déanfar na hainmniúcháin don Uachtarán a thabhairt don Fheisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 14 agus fógróidh seisean nó sise don Pharlaimint iad. Más rud é, tar éis trí bhallóid, nach mbeidh tromlach glan de na vótaí a chaitear faighte ag aon iarrthóir, ní bheidh sa cheathrú ballóid, de mhaolú ar Riail 15(1), ach an bheirt Fheisirí a fuair an líon is airde vótaí sa tríú ballóid. I gcás comhionannas vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.

2.

A luaithe a thoghtar an tUachtarán, fágfaidh an Feisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 14 an chathaoir. Is é an tUachtarán tofa amháin a fhéadfaidh aitheasc tosaigh a thabhairt.

Riail 17

Toghadh na Leas-Uachtarán

1.

Déanfar na Leas-Uachtaráin a thoghadh ansin ar bhallóid aonair. Maidir leis na daoine sin, suas go dtí 14 dhuine, arb iad na daoine iad a gheobhaidh tromlach glan de na vótaí a chaitear ar an gcéad bhallóid, dearbhófar iad a bheith tofa in ord uimhriúil a gcuid vótaí. I gcás ina bhfuil an líon iarrthóirí a thoghtar níos lú ná an líon suíochán atá le líonadh, seolfar an dara ballóid faoi na coinníollacha céanna chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. Má tá gá le tríú ballóid, is leor tromlach coibhneasta chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás comhionannas vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.

2.

Faoi réir fhorálacha Riail 20(1), beidh tosaíocht ag na Leas-Uachtaráin san ord ina dtoghtar iad agus, i gcás comhionannas vótaí, de réir aoise.

I gcás ina dtoghtar d’aon gháir na Leas-Uachtaráin, tionólfar ballóid rúnda chun a n-ord tosaíochta a chinneadh.

Riail 18

Toghadh na gCaestóirí

Déanfaidh an Pharlaimint cúigear Caestóirí a thoghadh leis an nós imeachta céanna agus a úsáidtear chun na Leas-Uachtaráin a thoghadh.

Riail 19

Téarma oifige na nOifigeach (12)

1.

Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Uachtaráin, na Leas-Uachtarán agus na gCaestóirí.

I gcás ina n-athraíonn Feisirí ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile, déanfaidh siad, ar feadh an chuid eile den téarma oifige 2 bhliain go leith, aon suíochán atá acu sa Bhiúró nó mar Chaestóirí a choinneáil.

2.

Más rud é go dtarlaíonn folúntas do cheann amháin de na poist sin sula rachaidh an téarma oifige sin in éag, ní fhónóidh an Feisire a thoghtar ach ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaí.

Riail 20

Folúntais (13)

1.

Más gá duine eile a chur in ionad an Uachtaráin, in ionad Leas-Uachtaráin nó in ionad Caestóra, toghfar comharba i gcomhréir leis na rialacha faoi seach maidir le toghcháin chuig an oifig lena mbaineann.

Glacfaidh Leas-Uachtarán nuathofa ionad a réamhtheachtaí san ord tosaíochta.

2.

Más rud é go dtiocfaidh oifig an Uachtaráin chun bheith folamh, gníomhóidh duine de na chéad Leas-Uachtaráin, arna chinneadh de réir an oird tosaíochta, mar Uachtarán go dtí go dtoghfar Uachtarán nua.

Riail 21

Luath-fhoirceannadh oifige

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, ag gníomhú le tromlach trí chúigiú de na vótaí a chaitear, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad a bheith ann sna vótaí sin, togra a chur faoi bhráid na Parlaiminte go ndéanfaidh sí téarma oifige an Uachtaráin, Leas-Uachtaráin, Caestóra, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh coiste, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh toscaireachta idirpharlaimintí, nó aon sealbhóra oifige eile arna thoghadh nó arna toghadh laistigh den Pharlaimint, a thabhairt chun deiridh i gcás ina measann sí go bhfuil an Feisire atá i gceist ciontach i mí- iompar tromchúiseach. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh faoin togra sin a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, ach tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í a bheith ann sa líon vótaí sin.

I gcás ina sáraíonn rapóirtéir forálacha an Chóid Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, is forálacha a bhaineann le leasanna airgeadais agus le coinbhleachtaí leasa (14), féadfaidh an coiste a rinne an rapóirtéir sin a cheapadh, ar thionscnamh an Uachtaráin agus ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, seilbh na hoifige sin a fhoirceannadh. Beidh feidhm ag na tromlaigh a leagtar síos sa chéad mhír mutatis mutandis ag gach céim den nós imeachta seo.

CAIBIDIL 3

Comhlachtaí agus dualgais

Riail 22

Dualgais an Uachtaráin

1.

Stiúrfaidh an tUachtarán gníomhaíochtaí go léir na Parlaiminte agus gníomhaíochtaí go léir a cuid comhlachtaí i gcomhréir leis na Rialacha seo agus teachtfaidh sé na cumhachtaí go léir is gá chun bheith i gceannas ar imeachtaí na Parlaiminte agus chun a chinntiú go ndéantar iad a sheoladh go cuí.

2.

Is iad na dualgais a bheidh ar an Uachtarán ná suíonna a oscailt, a chur ar fionraí agus a dhúnadh; rialú a dhéanamh ar inghlacthacht leasuithe agus ar théacsanna eile a chuirtear chun vóta, agus ar inghlacthacht ceisteanna parlaiminteacha; comhlíonadh na Rialacha seo a áirithiú; ord a choinneáil; cainteoirí a ghairm; díospóireachtaí a dhúnadh; nithe a chur chun vóta agus torthaí na vótála a fhógairt; chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann le coistí a tharchur chucu.

3.

Ní fhéadfaidh an tUachtarán labhairt i ndíospóireacht ach amháin chun achoimre a dhéanamh nó chun cainteoirí a ghlaoch chun oird. Más rud é gur mian leis páirt a ghlacadh i ndíospóireacht, fágfaidh sé an chathaoir agus ní fhillfidh uirthi go dtí go mbeidh an díospóireacht thart.

4.

Is é an tUachtarán a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte i gcaidreamh idirnáisiúnta, ar ócáidí searmanais agus i leith ábhair riaracháin, dlí agus airgeadais agus féadfaidh an tUachtarán na cumhachtaí sin a tharmligean.

5.

Is é an tUachtarán atá freagrach as slándáil agus dosháraitheacht áitreabh Pharlaimint na hEorpa.

Riail 23

Dualgais na Leas-Uachtarán

1.

Más rud é nach bhfuil an tUachtarán i láthair nó nach bhfuil ar a chumas a chuid dualgas a urscaoileadh, nó más rud é gur mian leis páirt a ghlacadh i ndíospóireacht de bhun Riail 22(3), glacfaidh duine de na Leas-Uachtaráin arna chinneadh i gcomhréir leis an ord tosaíochta a ionad.

2.

Déanfaidh na Leas-Uachtaráin na dualgais a thugtar dóibh faoi Riail 25, faoi Riail 27(3) agus (5) agus faoi Riail 77(3) a chomhlíonadh freisin.

3.

Féadfaidh an tUachtarán aon dualgais, amhail ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ag searmanais shonracha nó i leith gníomhartha sonracha, a tharmligean chuig na Leas- Uachtaráin. Go sonrach, féadfaidh an tUachtarán Leas-Uachtarán a ainmniú chun dualgais an Uachtaráin a leagtar síos i Riail 137 agus i Riail 138(2) a chomhlíonadh.

Riail 24

Comhdhéanamh an Bhiúró

1.

Beidh an Biúró comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de 14 Leas-Uachtarán na Parlaiminte.

2.

Beidh na Caestóirí ina gcomhaltaí den Bhiúró i gcáil chomhairleach.

3.

Más é is toradh ar vótáil sa Bhiúró ná comhionannas vótaí, beidh an vóta réitigh ag an Uachtarán.

Riail 25

Dualgais an Bhiúró

1.

Comhlíonfaidh an Biúró na dualgais a shanntar dó faoi na Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann le heagrú inmheánach na Parlaiminte, a hArdrúnaíochta agus a comhlachtaí.

3.

Ar thogra ón Ardrúnaí nó ó ghrúpa polaitiúil, glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann leis na Feisirí.

4.

Glacfaidh an Biúró cinntí ar nithe a bhaineann le seoladh suíonna.

5.

Glacfaidh an Biúró na forálacha dá dtagraítear i Riail 36 maidir le Feisirí Neamhcheangailte.

6.

Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta Ardrúnaíocht na Parlaiminte agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile.

7.

Tarraingeoidh an Biúró suas réamhdhréacht de mheastacháin bhuiséid na Parlaiminte.

8.

Glacfaidh an Biúró na treoirlínte do na Caestóirí agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh siad cúraimí áirithe.

9.

Is é an Biúró an t-údarás a bheidh freagrach as údarú a thabhairt maidir le cruinnithe nó misin coistí in áiteanna seachas na gnátháiteanna oibre, maidir le héisteachtaí agus maidir le haistir staidéir agus cuairteanna faisnéise ag rapóirtéirí.

I gcás ina n-údaraítear cruinnithe nó misin den sórt sin, cinnfear na socruithe teanga ar bhonn an Chóid Iompair um Ilteangachas arna ghlacadh ag an mBiúró. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le toscaireachtaí.

10.

Ceapfaidh an Biúró an tArdrúnaí i gcomhréir le Riail 234.

11.

Leagfaidh an Biúró síos na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha i ndáil lena maoiniú.

12.

Déanfaidh an Biúró rialacha a leagan síos maidir leis an tslí ina ndéileálfaidh an Pharlaimint agus a comhlachtaí, sealbhóirí oifige agus Feisirí eile le faisnéis rúnda, agus aon chomhaontú idirinstitiúideach arna thabhairt i gcrích i ndáil le nithe den sórt sin á chur san áireamh. Déanfar na rialacha sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

13.

Féadfaidh an tUachtarán agus/nó an Biúró cúraimí ginearálta nó cúraimí sainiúla a thagann faoi réim inniúlachta an Uachtaráin agus/nó an Bhiúró a chur ar chomhalta amháin nó níos mó den Bhiúró. Ag an am céanna, leagfar síos na bealaí agus na slite chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

14.

Ainmneoidh an Biúró beirt Leas-Uachtarán a mbeidh cur chun feidhme an chaidrimh leis na parlaimintí náisiúnta mar chúram orthu.

15.

Ainmneoidh an Biúró Leas-Uachtarán a mbeidh cur chun feidhme comhairliúcháin struchtúrtha le sochaí shibhialta na hEorpa ar mhórthopaicí mar chúram air.

16.

Beidh an Biúró freagrach as Reacht na bhFeisirí a chur i bhfeidhm agus cinnfidh sé méideanna na liúntas ar bhonn an bhuiséid bhliantúil.

Riail 26

Comhdhéanamh Chomhdháil na nUachtarán

1.

Beidh Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de Chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Féadfaidh Cathaoirleach grúpa pholaitiúil socrú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh comhalta den ghrúpa sin thar a cheann nó thar a ceann.

2.

Tar éis dó deis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl, iarrfaidh Uachtarán na Parlaiminte ar dhuine de na Feisirí neamhcheangailte freastal ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán, ach ní bheidh aon cheart vótála ag an duine sin.

3.

Féachfaidh Comhdháil na nUachtarán le teacht ar chomhthoil faoi na nithe a tharchuirtear chuige.

I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, déanfar vótáil ar an ní de réir ualú atá bunaithe ar an líon Feisirí i ngach grúpa polaitiúil.

Riail 27

Dualgais Chomhdháil na nUachtarán

1.

Comhlíonfaidh Comhdháil na nUachtarán na dualgais a shanntar di faoi na Rialacha Nós

2.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinntí maidir le heagrú obair na Parlaiminte agus le nithe a bhaineann le pleanáil reachtach.

3.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as nithe a bhaineann le caidreamh na Parlaiminte le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh agus le parlaimintí náisiúnta na mBallstát. Is ar bhonn seasaimh arna nglacadh ag an bParlaimint, agus éagsúlacht na dtuairimí polaitiúla a léirítear sa Pharlaimint á gcur san áireamh, a ghlacfar cinntí a bhaineann le sainordú agus le comhdhéanamh na toscaireachta ón bParlaimint, ar toscaireacht é a bheidh páirteach sna comhairliúcháin laistigh den Chomhairle agus d’Institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh ar shaincheisteanna bunúsacha a bhaineann le forbairt an Aontais Eorpaigh (próiséas Sherpa). Na Leas-Uachtaráin a bhfuil cur chun feidhme chaidreamh na Parlaiminte le parlaimintí náisiúnta mar chúram orthu, tuairisceoidh siad do Chomhdháil na nUachtarán go rialta maidir lena gcuid gníomhaíochtaí i ndáil leis sin.

4.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as nithe a bhaineann leis an gcaidreamh le tíortha nach Ballstáit iad agus le hinstitiúidí agus eagraíochtaí nach cuid den Aontas iad.

5.

Beidh Comhdháil na nUachtarán freagrach as comhairliúchán struchtúrtha a eagrú le sochaí shibhialta na hEorpa ar mhórthopaicí. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sa chomhairliúchán sin díospóireachtaí poiblí ar ábhair de leas ginearálta Eorpach a sheoladh, ar díospóireachtaí iad a mbeadh saoránaigh leasmhara in ann páirt a ghlacadh iontu. Déanfaidh na Leas-Uachtaráin a bhfuil sé de chúram orthu an comhairliúchán sin a chur chun feidhme tuairisciú go tráthrialta do Chomhdháil na nUachtarán maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí i ndáil leis sin.

6.

Tarraingeoidh Comhdháil na nUachtarán suas dréachtchlár oibre pháirtseisiúin na Parlaiminte.

7.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán tograí don Pharlaimint maidir le comhdhéanamh agus inniúlacht na gcoistí, na gcoistí fiosrúcháin, na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na mbuantoscaireachtaí. Beidh Comhdháil na nUachtarán freagrach as toscaireachtaí ad hoc a údarú.

8.

Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán, de bhun Riail 37, conas a leithroinnfear suíocháin sa Seomra.

9.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as údarú a thabhairt maidir le tarraingt suas tuarascálacha féintionscnaimh.

10.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán tograí maidir le nithe riaracháin agus nithe buiséadacha a bhaineann leis na grúpaí polaitiúla a chur faoi bhráid an Bhiúró.

Riail 28

Dualgais na gCaestóirí

Beidh na Caestóirí freagrach as nithe riaracháin agus nithe airgeadais a bhaineann go díreach le Feisirí, i gcomhréir le treoirlínte arna leagan síos ag an mBiúró, agus as cúraimí eile atá curtha faoina gcúram.

Riail 29

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí

1.

Beidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuanchoistí nó na gcoistí sealadacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.

2.

I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.

3.

Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán faoi obair na gcoistí agus faoi dhréachtú chláir oibre na bpáirtseisiún.

4.

Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cúraimí sonracha a chomhall.

Riail 30

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

1.

Beidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.

2.

I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.

3.

Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí moltaí a chur faoi bhráid

4.

Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí cúraimí sonracha a chomhall.

Riail 31

Leanúnachas oifige le linn tréimhse toghcháin

Nuair a thoghtar Parlaimint nua, leanfaidh daoine i gcomhlachtaí uile na seanPharlaiminte agus sealbhóirí oifige uile na seanPharlaiminte de bheith i seilbh oifige go dtí tráth an chéad suí den Pharlaimint nua.

Riail 32

Cuntasacht an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán

1.

Déanfar miontuairiscí an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán a aistriú isteach sna teangacha oifigiúla, agus a dháileadh ar na Feisirí Parlaiminte go léir. Beidh rochtain ag an bpobal orthu, mura rud é, ar chúiseanna rúndachta, faoi réir Airteagal 4(1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, go gcinnfidh an Biúró nó Comhdháil na nUachtarán a mhalairt, go heisceachtúil, maidir le hítimí áirithe de na miontuairiscí.

2.

Féadfaidh aon Fheisire de chuid na Parlaiminte ceisteanna a chur a bhaineann lena ndualgais faoi seach a bheith á bhfeidhmiú ag an mBiúró, ag Comhdháil na nUachtarán agus ag na Caestóirí. Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn, fógrófar do na Feisirí iad agus déanfar iad a fhoilsiú, maille leis na freagraí a thugtar orthu, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear síos iad.

CAIBIDIL 4

Grúpaí polaitiúla

Riail 33

Grúpaí polaitiúla a bhunú agus a dhíscaoileadh

1.

Féadfaidh na Feisirí iad féin a bhunú i ngrúpaí de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla.

Ní bheidh call don Pharlaimint de ghnáth meastóireacht a dhéanamh ar chleamhnacht pholaitiúil comhaltaí grúpa. Nuair a bhunaíonn Feisirí grúpa le chéile faoin Riail seo, glacann na Feisirí lena mbaineann leis, uaidh sin, go bhfuil cleamhnacht pholaitiúil eatarthu. Más rud é go séanfaidh na Feisirí lena mbaineann nach amhlaidh atá, is sa chás sin amháin a bheidh ar an bParlaimint a mheas an ndearnadh an grúpa a chomhdhéanamh i gcomhréir leis na Rialacha.

2.

Beidh grúpa polaitiúil comhdhéanta d’Fheisirí arna dtoghadh sa cheathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit. Is é 25 líon íosta na bhFeisirí is gá chun grúpa polaitiúil a bhunú.

3.

thiteann grúpa polaitiúil faoi cheann amháin de na tairseacha is gá, féadfaidh an tUachtarán, le comhaontú Chomhdháil na nUachtarán, cead a thabhairt don ghrúpa lena mbaineann leanúint de bheith ar marthain go dtí an chéad suí bunaithe eile den Pharlaimint, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

go leanann a líon Feisirí de bheith ionadaitheach don chúigiú cuid ar a laghad de naBallstáit;

go bhfuil an grúpa ar marthain ar feadh tréimhse is faide ná 1 bhliain amháin.

Ní chuirfidh an tUachtarán an maolú seo i bhfeidhm i gcás ina bhfuil dóthain fianaise ann is ábhar d’amhras go bhfuil drochúsáid á baint as.

4.

Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.

5.

Nuair a chuirtear grúpa polaitiúil ar bun, cuirfear an méid sin in iúl don Uachtarán i ráiteas. Sonrófar sa ráiteas sin:

ainm an ghrúpa,

dearbhú polaitiúil, lena leagtar amach cuspóir an ghrúpa, agus

I ndearbhú polaitiúil ó ghrúpa, leagfar amach na luachanna ar a son a seasann an grúpa agus na príomhchuspóirí polaitiúla a bhfuil sé ar intinn ag a chomhaltaí a shaothrú le chéile faoi chreat a sainordú a fheidhmiú. Sa dearbhú, tabharfar tuairisc ar chlaonadh polaitiúil comhpháirteach an ghrúpa ar bhealach substaintiúil, sainiúil agus dílis.

ainmneacha a chomhaltaí agus chomhaltaí an bhiúró.

Déanfaidh comhaltaí uile an ghrúpa a dhearbhú i scríbhinn in iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas go bhfuil an chleamhnacht pholaitiúil chéanna acu.

6.

Beidh an ráiteas i gceangal le miontuairiscí an pháirtseisiúin ar lena linn a dhéanfar an fógra maidir le bunú an ghrúpa pholaitiúil.

7.

Fógróidh an tUachtarán bunú na ngrúpaí polaitiúla sa Pharlaimint. Beidh éifeacht dhlíthiúil chúlghabhálach ag an bhfógra sin ón nóiméad a thug an grúpa fógra don Uachtarán faoina bhunú i gcomhréir leis an Riail seo.

Fógróidh an tUachtarán freisin díscaoileadh na ngrúpaí polaitiúla sa Pharlaimint. Gabhfaidh éifeacht dhlíthiúil le fógra den sórt sin an lá tar éis an lae nach raibh na coinníollacha maidir le bheith ar marthain á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngrúpa polaitiúil.

Riail 34

Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla

1.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a gcuid dualgas a chomhall mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear na cúraimí a leithroinntear orthu leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Déanfar rúnaíocht ar bhonn phlean bunaíochta Ardrúnaíocht na Parlaiminte, saoráidí riaracháin agus na leithreasaí a thaifeadfar chun na críche sin i mbuiséad na Parlaiminte a sholáthar do na grúpaí polaitiúla.

2.

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, féachfaidh Comhdháil na nUachtarán le teacht ar chomhaontú faoi nósanna imeachta chun éagsúlacht pholaitiúil na Parlaiminte a léiriú sna coistí agus sna toscaireachtaí, agus sna comhlachtaí cinnteoireachta chomh maith.

3.

Déanfaidh an Biúró, ag féachaint d’aon togra a dhéanann Comhdháil na nUachtarán, na rialacha a leagan síos a bhaineann le soláthar, le cur chun feidhme agus le faireachán ar na saoráidí agus na leithreasaí dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rialacha a bhaineann le tarmligean gaolmhar chumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid agus leis na hiarmhairtí maidir le haon mhainneachtain na rialacha sin a urramú.

4.

Leis na rialacha sin, cinnfear na hiarmhairtí riaracháin agus airgeadais a bheidh ann i gcás ina ndéantar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh.

Riail 35

Idirghrúpaí

1.

Féadfaidh feisirí aonair idirghrúpaí a bhunú le grúpálacha neamhoifigiúla eile Feisirí, chun na críche malartú neamhfhoirmiúil tuairimí a dhéanamh maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla agus comhaltaí de choistí éagsúla parlaiminteacha páirteach ann, agus teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.

2.

Beidh idirghrúpaí chomh maith le grúpálacha neamhoifigiúla eile go hiomlán trédhearcach ina ngníomhaíochtaí agus ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall i dtaca le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Ní fhéadfaidh siad imeachtaí a eagrú i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear toscaireacht oifigiúil breathnóireachta toghcháin.

3.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i rialacha inmheánacha na Parlaiminte lena rialaítear bunú grúpálacha den sórt sin, féadfaidh grúpa polaitiúil a gcuid gníomhaíochtaí a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar.

4.

Ceanglófar ar idirghrúpaí dearbhú bliantúil a dhéanamh maidir le haon tacaíocht, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil (e.g. cúnamh rúnaíochta), ar tacaíocht í a chaithfí a dhearbhú faoi Iarscríbhinn I dá gcuirfí ar fáil d’Fheisirí mar dhaoine aonair í.

Ceanglófar freisin ar ghrúpaí neamhoifigiúla eile go ndearbhóidís, faoi dheireadh na míosa ina dhiaidh sin, aon tacaíocht, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, nár dhearbhaigh na Feisirí go leithleach i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Iarscríbhinn I.

5.

Ní fhéadfaidh ach ionadaithe leasmhara atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa nó i ngníomhaíochtaí grúpála neamhoifigiúla eile arna n-eagrú ar áitribh na Parlaiminte, mar shampla trí fhreastal ar chruinnithe nó imeachtaí an idirghrúpa nó na grúpála neamhoifigiúla eile, trí thacaíocht a thabhairt dó nó di, nó trína imeachtaí/himeachtaí a chomh-óstáil.

6.

Coimeádfaidh na Caestóirí clár de na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh na Caestóirí rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na dearbhuithe sin agus maidir lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

7.

Déanfaidh na Caestóirí forfheidhmiú éifeachtach na Rialach seo a áirithiú.

Riail 36

Feisirí neamhcheangailte

1.

Soláthrófar rúnaíocht d’Fheisirí nach mbaineann le grúpa polaitiúil. Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí, na socruithe mionsonraithe a bhaineann le soláthar rúnaíochtaí a leagan síos.

2.

Déanfaidh an Biúró stádas agus cearta parlaiminteacha na bhFeisirí neamhcheangailte a chinneadh.

3.

Leagfaidh an Biúró síos na rialacha a bhainfidh le soláthar, cur chun feidhme agus iniúchadh na leithreasaí a thaifeadfar i mbuiséad na Parlaiminte chun na costais rúnaíochta agus saoráidí riaracháin d’Fheisirí neamhcheangailte a chumhdach.

Riail 37

Leithroinnt na suíochán sa Seomra

Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán conas a bheidh suíocháin sa Seomra le leithroinnt ar na grúpaí polaitiúla, ar na Feisirí Neamhcheangailte agus ar institiúidí an Aontais.

TEIDEAL II

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE

CAIBIDIL 1

Nósanna imeachta reachtacha — forálacha ginearálta

Riail 38

Cláreagrú bliantúil

1.

Oibreoidh an Pharlaimint in éineacht leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun pleanáil reachtach an Aontais Eorpaigh a chinneadh.

Comhoibreoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún le chéile le linn Clár Oibre an Choimisiúin a ullmhú — is é sin, rannchuidiú an Choimisiúin i ndáil le cláreagrú bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais — i gcomhréir leis an tráthchlár agus na socruithe atá comhaontaithe idir an dá institiúid (15).

2.

Tar éis Clár Oibre an Choimisiúin a ghlacadh, déanfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, de bhun mhír 7 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16), tuairimí a mhalartú agus comhhdhearbhú a chomhaontú maidir le cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil ina leagtar amach cuspóirí agus tosaíochtaí leathana.

Sula ndéanfar an comhdhearbhú a chaibidil leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, reáchtálfaidh an tUachtarán malartú tuairimí le Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí leathana na Parlaiminte.

Sula síneofar an comhdhearbhú, féachfaidh an tUachtarán le formheas Chomhdháil na nUachtarán.

3.

Déanfaidh an tUachtarán aon rún arna ghlacadh ag an bParlaimint maidir le pleanáil reachtach agus tosaíochtaí reachtacha a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile atá páirteach i nós imeachta reachtach an Aontais agus chuig parlaimintí na mBallstát.

4.

Má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a tharraingt siar, tabharfaidh an coiste freagrach cuireadh don Choimisinéir ábhartha chun cruinniú chun an intinn sin a phlé. Féadfar cuireadh a thabhairt d’Uachtaránacht na Comhairle teacht chun an chruinnithe sin chomh maith. Má easaontaíonn an coiste freagrach leis an aistarraingt bheartaithe, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún ráiteas chun na Parlaiminte. Beidh feidhm ag Riail 132.

Riail 39

Urraim do chearta bunúsacha

1.

Ina gníomhaíochtaí uile, urramóidh an Pharlaimint na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 de.

2.

I gcás ina mbeidh an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad den tuairim nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach, go hiomlán nó go páirteach, cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, déanfar an t-ábhar, arna iarraidh sin dóibh, a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as cearta bunúsacha a chosaint.

3.

Cuirfear an iarraidh sin isteach laistigh de 4 seachtaine oibre ón tráth a dhéantar an tarchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar a fhógairt sa Pharlaimint.

4.

Déanfar tuairim an choiste atá freagrach as cosaint na gceart bunúsach a chur i gceangal le tuarascáil an choiste atá freagrach as an ábhar.

Riail 40

An bunús dlí a fhíorú

1.

I gcás ina ndéantar togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar, déanfaidh an coiste sin an bunús dlí a fhíorú ar dtús.

2.

Má dhíospóideann an coiste sin bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí, lena n-áirítear i gcomhthéacs comhlíonadh Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a fhíorú, iarrfaidh sé tuairim ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla.

3.

Ina theannta sin, féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla freisin, ar a thionscnamh féin, ceisteanna a bhaineann leis an mbunús dlí a ardú ag aon chéim den nós imeachta reachtach. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

4.

Más rud é, i gcás inarb iomchuí tar éis malartú tuairimí leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach (17), go gcinneann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí a dhíospóid, tuairisceoidh sé a chonclúidí don Pharlaimint. Gan dochar do Riail 61, vótálfaidh an Pharlaimint air sin sula ndéanfaidh sí vótáil ar shubstaint an togra.

5.

Mura bhfuil an coiste atá freagrach as an ábhar nó an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla tar éis bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí a dhíospóid, ní bheidh leasuithe arna gcur síos sa Pharlaimint chun an bunús dlí a athrú inghlactha.

Riail 41

Cumhachtaí reachtacha a tharmligean agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt

1.

Le linn don Pharlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar thogra le haghaidh gníomh reachtach lena dtarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sí aird ar leith ar chuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré an tarmligin agus ar na coinníollacha a mbeidh an tarmligean sin faoina réir.

2.

Le linn togra le haghaidh gníomh reachtach a thugann cumhachtaí cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar an bhfíric nach bhféadfaidh an Coimisiún, i bhfeidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme, leasú ná forlíonadh a dhéanamh ar ghníomh reachtach, fiú amháin i ndáil lena eilimintí neamhriachtanacha.

3.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar tuairim an choiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a iarraidh aon tráth.

4.

Ina theannta sin, féadfaidh an coiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, ar a thionscnamh féin, déileáil le ceisteanna maidir le cumhachtaí reachtacha a tharmligean agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

Riail 42

Comhréireacht airgeadais a fhíorú

1.

II gcás ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag gabháil le togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, suífidh an Pharlaimint an bhfuil acmhainní dóthanacha airgeadais á soláthar.

2.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar a sheiceáil go bhfuil aon togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí comhréireach ó thaobh airgeadais leis an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.

I gcás ina leasóidh an coiste atá freagrach as an ábhar dearlaic airgeadais an ghnímh atá á bhreithniú aige, iarrfaidh sé tuairim an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

4.

Ina theannta sin, féadfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha, ar a thionscnamh féin, ceisteanna a ardú freisin, ar ceisteanna iad a bhaineann le comhréireacht airgeadais tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

5.

Má chinneann an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha comhréireacht airgeadais an togra a dhíospóid, tuairisceoidh sé a chuid conclúidí don Pharlaimint sula vótálfaidh an Pharlaimint ar an togra.

Riail 43

Scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

1.

Le linn an scrúdaithe ar thogra le haghaidh gníomh reachtach, tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2.

Ní fhéadfaidh ach an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chinneadh moltaí a thabhairt ar aird don choiste atá freagrach as an ábhar i ndáil le togra le haghaidh gníomh reachtach.

3.

Ach amháin sna cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, ní rachaidh an coiste atá freagrach as an ábhar ar aghaidh lena vótáil chríochnaitheach sula rachaidh an tréimhse 8 seachtaine in éag mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

4.

Má sheolann parlaimint náisiúnta tuairim réasúnaithe chuig an Uachtarán i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh.1, tarchuirfear an doiciméad sin chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar agus cuirfear ar aghaidh é mar eolas chuig an gcoiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta.

5.

I gcás inarb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta agus trian ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Phrótacal Uimh. 2, nó an ceathrú cuid de na vótaí sin i gcás togra le haghaidh gníomh reachtach arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní dhéanfaidh an Pharlaimint cinneadh go dtí go gcuirfidh údar an togra in iúl conas a bheartaíonn sé leanúint ar aghaidh.

6.

Más rud é, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, gurb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta agus tromlach simplí ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Phrótacal Uimh. 2, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, tar éis dó na tuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na parlaimintí náisiúnta agus ag an gCoimisiún a bhreithniú, agus tar éis dó éisteacht a thabhairt do thuairimí an choiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta, moladh a dhéanamh don Pharlaimint an togra a dhiúltú ar an bhforas go sáraítear prionsabal na coimhdeachta nó féadfaidh sé aon mholadh eile a chur faoi bhráid na Parlaiminte ar moladh é a bhféadfaidh barúlacha a bheith ann maidir le leasuithe a bhaineann le hurraim do phrionsabal na coimhdeachta. Déanfar an tuairim a thabharfaidh an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chur i gceangal le haon mholadh den sórt sin.

Cuirfear an moladh sin faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhair díospóireachta agus vótála. Má dhéantar moladh chun diúltú don togra a ghlacadh le tromlach na vótaí a chaitear, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta tugtha chun críche. I gcás nach ndiúltóidh an Pharlaimint don togra, leanfaidh an nós imeachta ar aghaidh, agus aon mholtaí a fhormheasfaidh an Pharlaimint á gcur i gcuntas.

Riail 44

Rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint

1.

Déanfaidh an Pharlaimint agus a cuid coistí, ar fud an nós imeachta reachtaigh, rochtain ar na doiciméid go léir a bhaineann le tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha a iarraidh faoi na coinníollacha céanna atá i gceist i gcás na Comhairle agus a cuid meithleacha oibre.

2.

Le linn togra le haghaidh gníomh reachtach a bheith á scrúdú, iarrfaidh an coiste freagrach ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a choimeád ar an eolas faoin dul chun cinn ar an togra sin sa Chomhairle agus ina meithleacha oibre agus, go háirithe, é a chur ar an eolas faoi aon chomhghéilleadh a thagann chun cinn agus lena ndéanfaí an togra bunaidh a leasú go substaintiúil nó faoi é a bheith ar intinn ag údar an togra a thogra a tharraingt siar.

Riail 45

Ionadaíocht na Parlaiminte i gcruinnithe den Chomhairle

I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle cuireadh don Pharlaimint páirt a ghlacadh i gcruinniú den Chomhairle, iarrfaidh an tUachtarán ar Chathaoirleach nó ar rapóirtéir an choiste atá freagrach as an ábhar, nó ar Fheisire eile a bheidh ainmnithe ag an gcoiste sin, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte.

Riail 46

Ceart na Parlaiminte tograí a chur isteach

I gcásanna ina dtugann na Conarthaí ceart tionscnaimh don Pharlaimint, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas i gcomhréir le Riail 54.

Is é a bheidh sa tuarascáil:

(a)

tairiscint i gcomhair rúin;

(b)

dréacht-togra;

(c)

ráiteas míniúcháin lena n-áirítear, más cuí, ráiteas airgeadais.

I gcás ina mbeidh formheas nó toiliú na Comhairle agus tuairim nó toiliú an Choimisiúin de dhíth chun go nglacfaidh an Pharlaimint gníomh, féadfaidh an Pharlaimint, tar éis vótáil ar an ngníomh beartaithe agus ar thogra ón rapóirtéir, a chinneadh an vóta ar thairiscint i gcomhair rúin a chur siar go dtí go mbeidh a seasamh ina leith tugtha ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

Riail 47

Iarrataí ar an gCoimisiún chun tograí a chur isteach

1.

Féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún, de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon togra cuí a chur faoina bráid chun gníomh nua a ghlacadh nó gníomh atá ann a leasú. Déanfaidh an Pharlaimint amhlaidh trí rún a ghlacadh ar bhonn tuarascála féintionscnaimh ón gcoiste freagrach arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 54. Glacfar an rún le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint sa vóta críochnaitheach. Féadfaidh an Pharlaimint, ag an am céanna, sprioc-am a shocrú do thíolacadh togra den sórt sin.

2.

Féadfaidh aon Fheisire togra i gcomhair gníomh Aontais a chur síos ar bhonn an chirt tionscnaimh arna dheonú don Pharlaimint de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh suas le 10 bhFeisire togra den sórt sin a chur síos go comhpháirteach. Léireofar sa togra sin an bunús dlí ar a ndéantar é agus féadfaidh ráiteas míniúcháin nach mó ná 150 focal a bheith ag gabháil leis.

Cuirfear an togra faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh. Féadfaidh sé an togra a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an bhfíorú sin chun tuairim maidir le hoiriúnacht a bhunúis dlí a fháil uaidh. Má dhearbhaíonn an tUachtarán an togra a bheith inghlactha, fógróidh sé sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh sé nó sí chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é.

Sula ndéanfar an tarchur sin chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar, déanfar an togra a aistriú go dtí na teangacha oifigiúla sin a mheasann Cathaoirleach an choiste sin a bheith riachtanach chun gur féidir breithniú achomair a dhéanamh ina leith.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cinneadh i dtaobh tuilleadh gníomhaíochta laistigh de 3 mhí ón tráth tarchurtha, tar éis an deis a thabhairt d’údair an togra díriú ar an gcoiste.

Déanfar údair an togra a ainmniú i dteideal na tuarascála.

3.

Léireoidh an rún ón bParlaimint an bunús dlí cuí agus beidh moltaí ina theannta a bhaineann lena bhfuil sna tograí a éilítear.

4.

I gcás ina mbeidh impleachtaí airgeadais ag togra, léireoidh an Pharlaimint conas is féidir acmhainní dóthanacha airgeadais a sholáthar.

5.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar faireachán ar an dul chun cinn maidir le hullmhú gnímh bheartaithe dhlíthiúil Aontais a tharraingítear suas tar éis iarraidh ar leith ón bParlaimint.

6.

Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí faireachán rialta an gcomhlíonann an Coimisiún mír 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ar dá réir atá an Coimisiún le freagairt d’iarrataí ar thograí a chur isteach laistigh de 3 mhí trí chumarsáid ar leith a ghlacadh ina luafar na gníomhaíochtaí leantacha beartaithe atá le déanamh. Tuairisceoidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí go rialta ar thorthaí an fhaireacháin sin do Chomhdháil na nUachtarán.

Riail 48

Gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhreithniú

1.

Déanfaidh an tUachtarán tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a gheofar ó institiúidí eile nó ó na Ballstáit a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

2.

I gcásanna amhrais, féadfaidh an tUachtarán, sula bhfógrófar tarchur sa Pharlaimint chun an choiste fhreagraigh, ceist a bhaineann le hinniúlacht a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán. Glacfaidh Comhdháil na nUachtarán a cinneadh ar bhonn moladh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, nó ó chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, i gcomhréir le Riail 211(2).

3.

Féadfaidh an coiste freagrach, am ar bith, a chinneadh rapóirtéir a cheapadh chun céim ullmhúcháin togra a leanúint, go háirithe i gcás ina bhfuil an togra liostaithe i gClár Oibre an Choimisiúin.

4.

I gcás foráil de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh a bheith ar neamhréir le haon fhoráil eile de na Rialacha, beidh forlámhas ag an bhforáil a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh.

Riail 49

Luasghéarú na nósanna imeachta reachtacha

Féadfaidh an coiste freagrach nó na coistí freagracha luasghéarú nósanna imeachta reachtacha i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiúin maidir le tograí sonracha, a roghnaítear go háirithe as measc na gceann sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí sa chomhdhearbhú maidir le cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil de bhun Riail 38(2), a chomhaontú.

Riail 50

Nósanna imeachta reachtacha maidir le tionscnaimh a thagann ó institiúidí seachas an Coimisiún nó ó Bhallstáit

1.

Nuair a bheifear ag déileáil le tionscnaimh a thagann ó institiúidí seachas an Coimisiún nó a thagann ó Bhallstáit, féadfaidh an coiste freagrach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe de chuid na n-institiúidí nó na mBallstát tionscnaimh sin a dtionscnamh a thíolacadh don choiste. Féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle a bheith i dteannta ionadaithe na mBallstát tionscnaimh.

2.

Sula rachaidh an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil, fiafróidh sé den Choimisiún an bhfuil tuairim ar an tionscnamh á hullmhú aige, nó má sé ar intinn aige togra eile a thíolacadh laistigh de thréimhse ghearr ama. Má fhaigheann sé freagra dearfa, ní ghlacfaidh an coiste a thuarascáil sula bhfaighidh sé an tuairim sin nó togra eile.

3.

I gcás ina ndéantar dhá thogra nó níos mó, arna dtionscnamh ag an gCoimisiún agus/nó ag institiúid eile agus/nó ag Ballstáit, ar tograí iad a bhfuil an cuspóir reachtach céanna acu, a chur faoi bhráid na Parlaiminte ag an am céanna nó laistigh de thréimhse ghearr ama óna chéile, déileálfaidh an Pharlaimint leo i dtuarascáil aonair. Léireoidh an coiste freagrach, ina thuarascáil, cén téacs a bhfuil leasuithe molta aige ina leith agus tagróidh sé do gach téacs eile sa rún reachtach.

CAIBIDIL 2

An nós imeachta sa choiste

Riail 51

Tuarascálacha reachtacha

1.

Déanfaidh Cathaoirleach an choiste a ndéantar togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuige an nós imeachta a bheidh le leanúint a mholadh don choiste sin.

2.

Tar éis cinneadh a ghlacadh ar an nós imeachta a bheidh le leanúint, agus mura bhfuil feidhm ag an nós imeachta simplithe faoi Riail 52, déanfaidh an coiste rapóirtéir ar an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid mura mbeidh sé sin déanta cheana ar bhonn Riail 48(3).

3.

Áireofar na nithe seo i dtuarascáil an choiste:

(a)

leasuithe, más ann, ar an togra mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí, ar réasúnaithe iad a mbeidh an t-údar freagrach astu agus nach ndéanfar vótáil orthu;

(b)

dréachtrún reachtach, i gcomhréir le Riail 59(5);

(c)

más cuí, ráiteas míniúcháin, lena n-áirítear, i gcás inar gá, ráiteas airgeadais ina suitear méid aon tionchair airgeadais a ghabhann leis an tuarascáil agus comhréireacht na tuarascála leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil;

(d)

más ann, tagairt don Mheasúnú Tionchair ag an bParlaimint.

Riail 52

Nós imeachta simplithe

1.

Tar éis an chéad phlé ar thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go bhformheasfar é gan aon leasú. Mura rud é go gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe. Tíolacfaidh an Cathaoirleach, nó an rapóirtéir, má ceapadh rapóirtéir, tuarascáil lena bhformheastar an togra don Pharlaimint. Beidh feidhm ag an dara fomhír de Riail 159(1) agus ag Riail 159(2) agus (4).

2.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go ndréachtóidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir sraith leasuithe ina léirítear plé an choiste. Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe agus seolfar na leasuithe sin chun comhaltaí an choiste.

Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe sin laistigh de theorainn ama réamhshocraithe nach giorra ná 10 lá oibre ó dháta seolta na leasuithe, measfar an tuarascáil a bheith glactha ag an gcoiste. Sa chás sin, cuirfear an dréachtrún reachtach agus na leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte gan díospóireacht de bhun an dara fomhír de Riail 159(1) agus Riail 159(2) agus (4).

Má chuireann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe, déanfar vótáil ar na leasuithe ag an gcéad chruinniú eile den choiste.

3.

Seachas na forálacha a bhaineann leis an aighneacht chun na Parlaiminte, beidh feidhm ag an Riail seo, mutatis mutandis, maidir le tuairimí an choiste de réir bhrí Riail 56.

Riail 53

Tuarascálacha neamhreachtacha

1.

I gcás ina dtarraingíonn coiste tuarascáil neamhreachtach suas, ceapfaidh sé rapóirtéir as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid.

2.

Is é a bheidh i dtuarascáil an choiste:

(a)

tairiscint i gcomhair rúin;

(b)

ráiteas míniúcháin lena n-áirítear, i gcás inar gá, ráiteas airgeadais ina suitear méid an tionchair airgeadais a ghabhann leis an tuarascáil, más ann, agus comhréireacht na tuarascála leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil;

(c)

téacsanna aon tairiscintí i gcomhair rún atá le cur san áireamh faoi Riail 143(7).

Riail 54

Tuarascálacha féintionscnaimh

1.

Féadfaidh coiste a bhfuil sé ar intinn aige tuarascáil neamhreachtach nó tuarascáil faoi Riail 46 nó Riail 47 a tharraingt suas ar ábhar ina inniúlacht nach mbeidh aon tarchur déanta air, sin a dhéanamh ach amháin le húdarú ó Chomhdháil na nUachtarán.

Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha a tharraingt suas, ar iarrataí iad arna dtíolacadh de bhun na chéad fhomhíre, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ina leith ar bhonn forálacha cur chun feidhme a leagfaidh an Chomhdháil síos.

2.

I gcás ina gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán an t-údarú sin a choinneáil siar, luafaidh sí na cúiseanna atá aici le déanamh amhlaidh.

I gcás ina dtiocfaidh ábhar na tuarascála laistigh de réim cheart tionscnaimh na Parlaiminte dá dtagraítear i Riail 46, ní fhéadfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh a dhéanamh údarú den sórt sin a choinneáil siar ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna Conarthaí.

3.

Sna cásanna dá dtagraítear i Riail 46 agus i Riail 47, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de 2 mhí.

4.

Déanfar tairiscintí i gcomhair rún arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid a leagtar amach i Riail 160. Ní bheidh leasuithe ar na tairiscintí sin i gcomhair rún agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó vótáil ar leithligh inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin má chuireann an rapóirtéir síos iad d’fhonn faisnéis nua a chur i gcuntas nó má chuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 181(3). Beidh feidhm ag Riail 190 maidir le tairiscint an choiste i gcomhair rúin agus leasuithe air sin. Beidh feidhm ag Riail 190 freisin maidir leis an vótáil aonair ar thairiscintí malartacha i gcomhair rún.

5.

Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gcás ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireacht lárnach i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 46 nó i Riail 47, nó i gcás ina mbeidh an tuarascáil údaraithe mar thuarascáil straitéiseach (18).

Riail 55

Tuarascálacha a dhréachtú

1.

Beidh an rapóirtéir freagrach as tuarascáil an choiste a ullmhú agus as an tuarascáil sin a thíolacadh don Pharlaimint thar ceann an choiste sin.

2.

Beidh an rapóirtéir freagrach as an ráiteas míniúcháin agus ní dhéanfar vótáil air. Ní mór, áfach, go mbeidh sé ag teacht le téacs na tairisceana i gcomhair rúin faoi mar a glacadh é agus le haon leasuithe arna moladh ag an gcoiste. Mura mbeidh sé amhlaidh, féadfaidh Cathaoirleach an choiste an ráiteas míniúcháin a scriosadh.

3.

Luafar sa tuarascáil toradh na vótála a dhéantar ar an tuarascáil ina hiomláine agus léireoidh sí de réir Riail 218(3), conas a vótáil gach comhalta.

4.

Féadfar seasaimh mhionlaigh a thabhairt nuair a dhéantar an vótáil ar an téacs ina iomláine agus féadfar, ar iarraidh óna n-údair, iad a bheith ina n-ábhar do dhearbhú i scríbhinn nach faide ná 200 focal, dearbhú a chuirfear i gceangal leis an ráiteas míniúcháin.

Réiteoidh an Cathaoirleach aon díospóidí a éireoidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na míre seo.

5.

Ar thogra óna Chathaoirleach, féadfaidh an coiste tréimhse ama a shocrú ar laistigh di nach mór don rapóirtéir an dréacht-tuarascáil a chur isteach. Féadfar an tréimhse ama sin a fhadú nó féadfar rapóirtéir nua a cheapadh.

6.

Nuair a bheidh an tréimhse ama imithe in éag, féadfaidh an coiste treoir a thabhairt dá Chathaoirleach a iarraidh go gcuirfear an t-ábhar a tarchuireadh chuige ar chlár oibre ceann de na chéad suíonna eile den Pharlaimint. Féadfar na díospóireachtaí agus na vótálacha a sheoladh ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste lena mbaineann.

Riail 56

Tuairimí na gcoistí

1.

Más rud é gur mian leis an gcoiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach barúlacha coiste eile a chloisteáil, nó más mian le coiste eile a chuid barúlacha a chur in iúl don choiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach, féadfaidh na coistí sin a iarraidh ar an Uachtarán, i gcomhréir le Riail 210(2), coiste amháin a ainmniú mar an gcoiste freagrach agus an coiste eile a ainmniú mar an gcoiste a thugann tuairim.

Féadfaidh an coiste a thugann tuairim rapóirtéir um thuairim a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanionadaithe nó a sheoladh i bhfoirm litir ón gCathaoirleach.

2.

I gcás ina mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar an téacs a tarchuireadh chuig an gcoiste mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí. Beidh a n-údar freagrach as na réasúnuithe sin agus ní dhéanfar vótáil orthu. Más gá, féadfaidh an coiste a thugann tuairim réasúnú gearr don tuairim ina hiomláine a thíolacadh i scríbhinn. Beidh an rapóirtéir don tuairim freagrach as an réasúnú gearr i scríbhinn sin.

I gcás nach mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná moltaí i ndáil le codanna den tairiscint i gcomhair rúin arna gcur isteach ag an gcoiste freagrach.

Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe nó ar na moltaí sin.

Ní dhéileálfaidh na tuairimí ach amháin leis na nithe sin a thagann faoi réimsí freagrachta an choiste a thugann tuairim.

3.

Socróidh an coiste freagrach tréimhse ama ar laistigh di nach mór don choiste a thugann tuairim an tuairim sin a thabhairt ionas go bhféadfaidh an coiste freagrach í a chur i gcuntas. Déanfaidh an coiste freagrach aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl don choiste/do na coistí a thugann tuairim. Ní thiocfaidh an coiste freagrach ar a chuid conclúidí críochnaitheacha sula mbeidh an teorainn ama sin imithe in éag.

4.

Ina ionad sin, féadfaidh an coiste a thugann tuairim a chinneadh go dtíolacfar a sheasamh i bhfoirm leasuithe a chuirfear síos go díreach sa choiste freagrach tar éis a nglactha. Cuirfidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir thar ceann an choiste a thugann tuairim na leasuithe sin síos.

5.

Cuirfidh an coiste a thugann tuairim síos na leasuithe dá dtagraítear i mír 4 laistigh den teorainn ama i gcomhair leasuithe atá leagtha síos ag an gcoiste freagrach.

6.

Déanfar gach tuairim agus leasú a ghlacann an coiste a thugann tuairim a chur i gceangal le tuarascáil an choiste fhreagraigh.

7.

Ní féidir le coistí a thugann tuairim de réir bhrí na Rialach seo leasuithe a chur síos lena mbreithniú ag an bParlaimint.

8.

Iarrfar ar Chathaoirleach agus ar rapóirtéir an choiste a thugann tuairim páirt a ghlacadh i gcáil chomhairleach i gcruinnithe den choiste freagrach, sa mhéid go mbaineann na cruinnithe sin leis an ábhar is díol spéise comhchoitinne dóibh.

Riail 57

Nós imeachta coiste comhlachaithe

1.

I gcás ina ndéanfar ceist inniúlachta a tharchur chuig Comhdháil na nUachtarán de bhun Riail 211, agus go measann Comhdháil na nUachtarán, ar bhonn Iarscríbhinn VI, go dtagann an t-ábhar, ar bhonn comhionann beagnach, faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó nó go dtagann codanna éagsúla den ábhar faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó, beidh feidhm ag Riail 56 agus na forálacha breise seo a leanas ag gabháil léi:

comhaontóidh na coistí lena mbaineann an tráthchlár go comhpháirteach;

coimeádfaidh na rapóirtéirí lena mbaineann a chéile ar an eolas agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú faoi na téacsanna a chuirfidh siad mar thogra chuig a gcoistí agus faoina seasamh maidir le leasuithe;

tá na Cathaoirligh agus na rapóirtéirí lena mbaineann faoi cheangal ag prionsabal an tá na Cathaoirligh agus na rapóirtéirí lena mbaineann faoi cheangal ag prionsabal an dea-chomhair agus an chomhair dhílis; déanfaidh siad réimsí den téacs a thagann faoi réim a n-inniúlachta eisiaiche nó comhroinnte a chéannú go comhpháirteach agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na socruithe beachta dá gcomhar; i gcás easaontas maidir le teorainneacha a n-inniúlachtaí, déanfar an t-ábhar, ar iarraidh ó cheann amháin de na coistí lena mbaineann, a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán; féadfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh a dhéanamh faoi cheist na n-inniúlachtaí faoi seach nó féadfaidh sí a chinneadh go mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhchoiste faoi Riail 58; glacfaidh sí a cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta agus laistigh den spriocdháta a leagtar amach i Riail 211;

glacfaidh an coiste freagrach, gan vótáil, le leasuithe ó choiste comhlachaithe i gcás ina mbainfidh siad le nithe a thagann faoi inniúlacht eisiach an choiste chomhlachaithe sin; má mhainníonn an coiste freagrach inniúlacht eisiach an choiste chomhlachaithe a urramú, féadfaidh an coiste comhlachaithe sin leasuithe a chur síos go díreach i suí iomlánach; más rud é, maidir le leasuithe ar nithe a thagann faoi réim inniúlacht chomhroinnte an choiste fhreagraigh agus coiste chomhlachaithe, nach nglacfaidh an coiste freagrach na leasuithe sin, féadfaidh an coiste comhlachaithe na leasuithe sin a chur síos go díreach i suí iomlánach;

i gcás nós imeachta idir-réitigh i ndáil leis an togra, beidh rapóirtéir aon choiste chomhlachaithe san áireamh i dtoscaireacht na Parlaiminte.

Maidir le cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán chun an nós imeachta coiste comhlachaithe a chur i bhfeidhm, tá feidhm aige ag gach céim den nós imeachta i dtrácht.

Is é an coiste ceannais a fheidhmíonn na cearta a ghabhann le stádas mar “coiste freagrach”. Le linn na cearta sin a fheidhmiú, ní mór don choiste ceannais aird chuí a thabhairt ar shainchumais an choiste chomhlachaithe. Go háirithe, ní mór don choiste ceannais an oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le hurramú phrionsabal an chomhair dhílis i dtaca leis an tráthchlár agus ní mór dó urraim a thabhairt do cheart an choiste chomhlachaithe chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na leasuithe a chuirtear isteach i suí iomlánach agus a thagann faoi réim a inniúlachta eisiataí.

2.

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos sa Riail seo maidir leis na moltaí a bheidh le glacadh ag an gcoiste freagrach faoi Riail 105.

Riail 58

Nós imeachta comhchoiste

1.

Nuair a tharchuirtear ceist inniúlachta chuici de bhun Riail 211, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a chinneadh go ndéanfar an nós imeachta le haghaidh cruinnithe comhpháirteacha de chuid coistí a chur i bhfeidhm, ar choinníoll:

de bhua Iarscríbhinn VI, nach féidir freagracht as an ábhar a dheighilt idir roinnt coistí éagsúla; agus

gur deimhin léi go mbaineann tábhacht mhór leis an ábhar.

2.

Sa chás sin, déanfaidh na rapóirtéirí faoi seach dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, agus déanfaidh na coistí lena mbaineann, faoi chomhchathaoirleacht Chathaoirligh na gcoistí, an dréacht-tuarascáil sin a scrúdú agus déanfaidh siad vótáil uirthi.

Ag gach céim den nós imeachta, ní fhéadfaidh na coistí lena mbaineann na cearta a ghabhann le stádas an choiste fhreagraigh a fheidhmiú ach amháin nuair atáthar ag gníomhú i gcomhpháirt. Féadfaidh na coistí rannpháirteacha meithleacha a chur ar bun chun na cruinnithe agus na vótálacha a ullmhú.

3.

Ag céim an dara léamh den ghnáthnós imeachta reachtach, déanfar an seasamh ón gComhairle a bhreithniú ag cruinniú comhpháirteach de chuid na gcoistí lena mbaineann agus, i gcás nach dtagann Cathaoirligh na gcoistí sin ar chomhaontú ina leith, seolfar an cruinniú sin ar an gCéadaoin sa chéad seachtain atá curtha ar leataobh le haghaidh cruinnithe comhlachtaí parlaiminte tar éis an seasamh ón gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le cruinniú eile a thionól, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an cruinniú sin a thionól. Maidir leis an vótáil ar an moladh le haghaidh dara léamh, déanfar í ag cruinniú comhpháirteach ar bhonn téacs chomhpháirtigh arna dhréachtú ag rapóirtéirí faoi seach na gcoistí lena mbaineann nó, d’éagmais téacs chomhpháirtigh, ar bhonn na leasuithe a bheidh curtha síos sna coistí lena mbaineann.

Ag céim an tríú léamh den ghnáthnós imeachta reachtach, beidh Cathaoirligh agus rapóirtéirí na gcoistí lena mbaineann ina gcomhaltaí ex officio den toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh.

CAIBIDIL 3

An gnáthnós imeachta reachtach

ROINN 1 — AN CHÉAD LÉAMH

Riail 59

Vótáil sa Pharlaimint — an chéad léamh

1.

Féadfaidh an Pharlaimint an dréachtghníomh reachtach a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú.

2.

Vótálfaidh an Pharlaimint ar dtús ar aon togra chun diúltú láithreach don dréachtghníomh reachtach atá curtha síos i scríbhinn ag an gcoiste freagrach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.

Má ghlactar an togra sin i gcomhair diúltú, iarrfaidh an tUachtarán ar an institiúid tionscnaimh an dréachtghníomh reachtach a tharraingt siar.

Má dhéanann an institiúid tionscnaimh amhlaidh, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta dúnta.

Mura dtarraingeoidh an institiúid tionscnaimh an dréachtghníomh reachtach siar, fógróidh an tUachtarán go bhfuil céadléamh na Parlaiminte curtha i gcrích, mura gcinnfidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chathaoirleach nó ó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh lena athbhreithniú.

Mura nglacfar an togra sin i gcomhair diúltú, leanfaidh an Pharlaimint leis ansin i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5.

3.

Aon chomhaontú sealadach a chuireann an coiste freagrach síos faoi Riail 74(4), tabharfar tosaíocht vótála dó agus déanfar vótáil aonair air, mura gcinnfidh an Pharlaimint ina ionad, ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, leanúint leis an vótáil ar leasuithe i gcomhréir le mír 4. Sa chás sin, cinnfidh an Pharlaimint freisin an seolfaidh sí an vótáil ar na leasuithe láithreach. Murab é sin an cás, socróidh an Pharlaimint sprioc- am nua do leasuithe agus tarlóidh an vótáil ag suí dá éis sin.

Má ghlactar an comhaontú sealadach, sa vótáil aonair sin, fógróidh an tUachtarán go bhfuil céadléamh na Parlaiminte tugtha chun críche.

Má mhainníonn an comhaontú sealadach, sa vótáil aonair sin, tromlach na vótaí a áirithiú, socróidh an tUachtarán sprioc-am nua do leasuithe ar an dréachtghníomh reachtach. Cuirfear faoi vóta na leasuithe sin ansin ag suí dá éis sin ionas go dtabharfaidh an Pharlaimint a céad léamh i gcrích.

4.

Ach amháin i gcás ina mbeidh togra i gcomhair diúltú glactha i gcomhréir le mír 2 nó le comhaontú sealadach glactha i gcomhréir le mír 3, cuirfear faoi vóta aon leasuithe ar an dréachtghníomh reachtach ansin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, codanna aonair an chomhaontaithe shealadaigh i gcás ina mbeidh iarrataí déanta ar vótálacha deighilte nó ar leithligh, nó leasuithe iomaíochta curtha síos.

Sula ndéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar na leasuithe, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a lua agus a iarraidh ar an gComhairle a tuairim a thabhairt.

Tar éis don Pharlaimint vótáil ar na leasuithe sin, vótálfaidh an Pharlaimint ar an dréachtghníomh reachtach ar fad, arna leasú nó a mhalairt.

Má ghlactar an dréachtghníomh reachtach uile, arna leasú nó a mhalairt, fógróidh an tUachtarán go bhfuil an chéad léamh tugtha i gcrích, mura rud é, ar thogra ó Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go gcinnfidh an Pharlaimint an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh, le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach i gcomhréir le Riail 60 agus le Riail 74.

Mura n-áiritheoidh an dréachtghníomh reachtach uile, arna leasú nó a mhalairt, fógróidh an tUachtarán go bhfuil an chéad léamh tugtha i gcrích, mura rud é, ar thogra ó Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go gcinnfidh an Pharlaimint an ní a tharchur ar ais chun an choiste fhreagraigh lena athbhreithniú.

5.

Tar éis na vótálacha a dhéantar faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 agus na vótálacha a dhéantar dá éis sin ar na leasuithe ar an dréachtrún reachtach maidir le hiarrataí nós imeachta, más ann, measfar an rún reachtach a bheith glactha. Más gá, modhnófar an rún reachtach, de bhun Riail 203(2), chun toradh na vótálacha arna ndéanamh faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a léiriú.

Déanfaidh an tUachtarán téacs an rúin reachtaigh agus an seasamh ón bParlaimint a chur ar aghaidh, chun na Comhairle agus an Choimisiúin, agus, i gcás ina n-eascróidh an dréachtghníomh reachtach astu, chun grúpa tionscnaimh na mBallstát, na Cúirte Breithiúnais nó an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Riail 60

Tarchur ar ais chuig an gcoiste freagrach

Má tharchuirtear, i gcomhréir le Riail 59, ábhar ar ais chuig an gcoiste freagrach lena bhreithniú an athuair nó chun caibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh air i gcomhréir le Riail 74, tuairisceoidh an coiste freagrach, ó bhéal nó i scríbhinn, don Pharlaimint laistigh de 4 mhí. Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán an tréimhse sin a fhadú.

Tar éis ábhar a tharchur ar ais chuig coiste, ní mór don choiste ceannais, sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis an nós imeachta atá le leanúint, a cheadú do choiste comhlachaithe, de réir mar a fhoráiltear i Riail 57, roghanna a dhéanamh i dtaobh na leasuithe a thagann faoi réim a inniúlachta eisiataí, agus go háirithe a roghnú cé na leasuithe a bheidh le cur faoi bhráid suí iomlánach an athuair.

Ní chuireann aon ní cosc ar an bParlaimint cinneadh a dhéanamh, más iomchuí, díospóireacht chlabhsúir a bheith aici mar thoradh ar an tuarascáil ón gcoiste freagrach ar tarchuireadh an t-ábhar ar ais chuige.

Riail 61

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint

1.

Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharchur an athuair chuig an bParlaimint más rud é:

go gcuireann an Coimisiún togra eile in ionad a thogra tosaigh, lena leasaíonn sé a thogra tosaigh go substaintiúil, nó lena bhfuil sé ar intinn aige a thogra tosaigh a leasú go substaintiúil tar éis don Pharlaimint a seasamh a ghlacadh, ach amháin i gcás ina ndéantar an méid sin chun an seasamh ón bParlaimint a chur san áireamh;

go dtagann athrú substaintiúil ar an gcineál faidhbe lena mbaineann an togra mar thoradh ar imeacht aimsire nó athruithe ar imthosca; nó

go bhfuil toghcháin nua chun na Parlaiminte tar éis a bheith ann ón tráth ar ghlac sí a seasamh, agus go measann Comhdháil na nUachtarán gurb inmhianaithe an togra a tharchur an athuair.

2.

Má tá sé beartaithe modhnú a dhéanamh ar bhunús dlí togra a mbeadh de thoradh air nach mbeadh feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach a thuilleadh maidir leis an togra sin, malartóidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, de bhun mhír 25 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, tuairimí ar an modhnú sin ag gníomhú dóibh trína nUachtaráin faoi seach nó trína n-ionadaithe.

3.

Tar éis an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear i mír2, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle an dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an bParlaimint an athuair, i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle bunús dlí an togra dá bhforáiltear sa seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a mhodhnú, agus gurb é an toradh a bheadh air sin nach mbeadh feidhm a thuilleadh ag an ngnáthnós imeachta reachtach.

Riail 62

Comhaontú ar an gcéad léamh

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint go bhfuil an seasamh ón bParlaimint formheasta aici, déanfaidh an tUachtarán, tar éis bailchríoch a chur ar an téacs i gcomhréir le Riail 203, a fhógairt sa Pharlaimint go bhfuil glactha leis an ngníomh reachtach de réir na foclaíochta a chomhfhreagraíonn don seasamh ón bParlaimint.

ROINN 2 — AN DARA LÉAMH

Riail 63

An seasamh ón gComhairle a chur i bhfios

1.

Déantar an seasamh ón gComhairle de bhun Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfios nuair a fhógraíonn an tUachtarán sa Pharlaimint é. Déanfaidh an tUachtarán an fhógairt tar éis na doiciméid ina bhfuil an seasamh féin, na dearbhuithe go léir arna ndéanamh i miontuairiscí na Comhairle nuair a ghlac sí an seasamh, na cúiseanna a thug ar an gComhairle a seasamh a ghlacadh agus seasamh an Choimisiúin a fháil, agus iad aistrithe go cuí go teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Déanfar fógairt an Uachtaráin le linn an pháirtseisiúin a tharlaíonn tar éis na doiciméid sin a fháil.

Sula ndéantar an fhógairt, déanann an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an choiste fhreagraigh nó leis an rapóirtéir, nó leis an mbeirt acu, a shuíomh gurb an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh go deimhin é an téacs atá faighte agus nach bhfuil feidhm ag na himthosca a thuairiscítear i Riail 61. Dá éagmais sin, féachann an tUachtarán, i dteannta leis an gcoiste freagrach agus, más féidir, le comhaontú na Comhairle, le réiteach cuí a fháil.

2.

An lá a dhéantar an seasamh ón gComhairle a fhógairt sa Pharlaimint, measfar an seasamh sin a bheith tarchurtha go huathoibríoch chuig an gcoiste atá freagrach ag an gcéad léamh.

3.

Déanfar liosta den mhéid arna chur i bhfios, mar aon le hainmneacha na gcoistí freagrach, a fhoilsiú i miontuairiscí an tsuí.

Riail 64

Teorainneacha ama a fhadú

1.

Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ó Chathaoirleach an choiste fhreagraigh, na teorainneacha ama don dara léamh a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfaidh an tUachtarán aon fhadú ar theorainneacha ama faoi Airteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don Pharlaimint, cibé acu ar thionscnamh na Parlaiminte nó ar thionscnamh na Comhairle a dhéantar faduithe den sórt sin.

Riail 65

Nós imeachta sa choiste freagrach

1.

Cuirfear an seasamh ón gComhairle isteach mar mhír thosaíochta ar chlár oibre an chéad chruinnithe den choiste freagrach tar éis an dáta a cuireadh an seasamh in iúl. Féadfar a iarraidh ar an gComhairle a seasamh a chur i láthair.

2.

Mura rud é go gcinnfidh an coiste freagrach a mhalairt, is é an rapóirtéir céanna a bheidh ann ag an dara léamh agus a bhí ann ag an gcéad léamh.

3.

Beidh feidhm ag forálacha Riail 68(2) agus (3) a bhaineann le hinghlacthacht leasuithe ar an seasamh ón gComhairle maidir leis na himeachtaí sa choiste freagrach; ní fhéadfaidh ach comhaltaí nó buanchomhaltaí ionaid den choiste sin tograí i gcomhair diúltú nó leasuithe a chur síos. Déanfaidh an coiste cinneadh de réir thromlach na vótaí a chaitear.

4.

Tíolacfaidh an coiste freagrach moladh don dara léamh á mholadh go bhformheasfar nó go leasófar an seasamh arna ghlacadh ag an gComhairle, nó go ndiúltófar don seasamh sin. Beidh réasúnú gairid don chinneadh a mholtar san áireamh sa mholadh sin.

5.

Ní bheidh feidhm ag Rialacha 51, 52, 56 agus 198 i rith an dara léamh.

Riail 66

Cur faoi bhráid na Parlaiminte

Déanfar an seasamh ón gComhairle agus, i gcás é a bheith ar fáil, an moladh don dara léamh ón gcoiste freagrach a chur go huathoibríoch ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a bhfuil Céadaoin an pháirtseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh an lá a théann an tréimhse 3 mhí nó, má fhadaítear an tréimhse sin i gcomhréir le Riail 64, an tréimhse 4 mhí, in éag mura rud é gur déileáladh leis an ábhar ag páirtseisiún níos túisce.

Riail 67

Vótáil sa Pharlaimint — an dara léamh

1.

Vótálfaidh an Pharlaimint ar dtús ar aon togra chun diúltú láithreach don seasamh ón gComhairle a bheidh curtha síos i scríbhinn ag an gcoiste freagrach, ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Chun go nglacfaí togra i gcomhair diúltú den sórt sin, ní mór vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a fháil lena aghaidh.

Má ghlactar an togra sin i gcomhair diúltú, diúltaítear don seasamh ón gComhairle agus fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an nós imeachta reachtach dúnta.

Mura nglactar an togra sin i gcomhair diúltú, leanfaidh an Pharlaimint ar aghaidh ansin i gcomhréir le mír 2 go mír 5.

2.

Aon chomhaontú sealadach a chuireann an coiste freagrach síos faoi Riail 74(4), tabharfar tosaíocht vótála dó agus déanfar vótáil aonair air, mura rud é, ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go gcinneann an Pharlaimint leanúint ar aghaidh láithreach leis an vótáil ar leasuithe i gcomhréir le mír 3.

Má fhaigheann an comhaontú sealadach, i vótáil aonair, vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an dara léamh tugtha chun críche.

Mura bhfaigheann an comhaontú sealadach, i vótáil aonair, vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, leanfaidh an Pharlaimint ar aghaidh ansin i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5.

3.

Ach amháin i gcás inar glacadh togra i gcomhair diúltú i gcomhréir le mír 1 nó inar glacadh comhaontú sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfar vótáil ansin ar aon leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, lena n-áirítear na leasuithe sin atá sa chomhaontú sealadach arna gcur síos ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 74(4). Ní ghlacfar aon leasú ar an seasamh ón gComhairle ach amháin má fhaigheann sé vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.

Sula ndéantar vótáil ar na leasuithe, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a lua agus a iarraidh ar an gComhairle tuairim a thabhairt.

4.

D’ainneoin vótáil ag an bParlaimint in aghaidh an togra tosaigh chun diúltú don seasamh ón gComhairle faoi mhír 1, féadfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chathaoireach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ar thogra ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, togra eile i gcomhair diúltú a bhreithniú i ndiaidh vótáil a dhéanamh ar na leasuithe faoi mhír 2 nó mír 3. Chun go nglacfaí togra den sórt sin, ní mór vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a fháil lena aghaidh.

Má dhiúltaítear don seasamh ón gComhairle, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil an nós imeachta reachtach dúnta.

5.

Tar éis na vótálacha a déantar faoi mhíreanna 1 go 4 agus na vótálacha a dhéantar ina dhiaidh sin ar na leasuithe ar an dréachtrún reachtach maidir le hiarrataí nós imeachta, fógróidh an tUachtarán go bhfuil an dara léamh sa Pharlaimint tugtha chun críche agus measfar an rún reachtach a bheith glactha. Más gá, modhnófar an rún reachtach, de bhun Riail 203(2), chun go léireofar ann toradh na vótálacha arna ndéanamh faoi mhíreanna 1 go 4 nó cur i bhfeidhm Riail 69.

Cuirfidh an tUachtarán téacs an rúin reachtaigh agus téacs an tseasaimh ón bParlaimint, más ann dó, ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

I gcás nár cuireadh síos aon togra chun diúltú don seasamh ón gComhairle, nó chun an seasamh sin a leasú, measfar an seasamh sin a bheith formheasta.

Riail 68

Inghlacthacht leasuithe ar an seasamh ón gComhairle

1.

Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad leasuithe ar an seasamh ón gComhairle a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint.

2.

Ní bheidh leasú ar an seasamh ón gComhairle inghlactha ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gcomhréir le forálacha Riail 180 agus Riail 181 agus go bhféachtar leis an leasú sin:

(a)

leis an seasamh arna ghlacadh ag an bParlaimint ag a céad léamh a aisiriú go hiomlán nó go páirteach; nó

(b)

le comhréiteach a bhaint amach idir an Chomhairle agus an Pharlaimint; nó

(c)

le leasú a dhéanamh ar chuid de théacs seasaimh ón gComhairle nach raibh sa togra a cuireadh isteach ar an gcéad léamh, nó atá éagsúil ó thaobh inneachair de, leis an togra a cuireadh isteach ar an gcéad léamh; nó

(d)

Parlaiminte ar an gcéad léamh a chur san áireamh.le fíoras nua nó cúinse dlíthiúil nua atá tagtha chun cinn ó glacadh seasamh na

Ní fhéadfar lánrogha an Uachtaráin maidir lena dhearbhú go bhfuil leasú inghlactha nó neamh- inghlactha a cheistiú.

3.

Má bhí toghcháin nua ann ón tráth a rinneadh an chéad léamh, ach nár agraíodh Riail 61, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh na srianta ar inghlacthacht atá leagtha síos i mír 2 a tharscaoileadh.

Riail 69

Comhaontú ar an dara léamh

I gcás nach ndéantar aon togra chun diúltú don seasamh ón gComhairle ná aon leasú ar an seasamh sin a chur síos faoi Riail 67 agus faoi Riail 68 laistigh de na teorainneacha ama arna socrú le haghaidh leasuithe nó tograí i gcomhair diúltú a chur síos agus le haghaidh vótáil a dhéanamh orthu, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil glactha leis an ngníomh beartaithe.

ROINN 3 — CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH

Riail 70

Forálacha ginearálta

Maidir leis na caibidlíochtaí leis na hinstitiúidí eile, ar caibidlíochtaí iad a mbeidh sé mar aidhm leo teacht ar chomhaontú i rith an nós imeachta reachtaigh, ní fhéadfar dul ina mbun ach amháin tar éis cinneadh arna dhéanamh i gcomhréir le Riail 71, Riail 72 nó Riail 73 nó tar éis tarchur ar ais ag an bParlaimint le haghaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. Déanfar na caibidlíochtaí sin ag féachaint don Chód Iompair atá leagtha síos ag comhdháil na nUachtarán (19).

Riail 71

An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Pharlaimint

1.

I gcás ina bhfuil tuarascáil reachtach glactha de bhun Riail 51 ag coiste, féadfaidh an coiste cinneadh a dhéanamh, trí thromlach a chomhaltaí, dul i mbun caibidlíochta ar bhonn na tuarascála sin.

2.

Fógrófar cinntí maidir le dul i mbun caibidlíochta ag tús an pháirtseisiúin tar éis a nglactha sa choiste. Faoi dheireadh an lae tar éis na fógartha sa Pharlaimint, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a chomhdhéanann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh i scríbhinn go ndéanfaí vótáil ar chinneadh de chuid coiste dul i mbun caibidlíochta. Ansin rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh leis an vótáil sin le linn an pháirtseisiúin chéanna.

Mura bhfaightear iarraidh den sórt sin sula dtéann an sprioc-am a leagtar síos sa chéad fhomhír in éag, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint. Má dhéantar iarraidh, féadfaidh an tUachtarán, díreach roimh an vótáil, cead cainte a thabhairt do chainteoir amháin atá i bhfabhar chinneadh an choiste dul i mbun caibidlíochta agus do chainteoir amháin atá i gcoinne an chinnidh sin. Féadfaidh gach cainteoir ráiteas nach faide ná dhá nóiméad a thabhairt.

3.

Má dhiúltaíonn an Pharlaimint do chinneadh an choiste dul i mbun caibidlíochta, cuirfear an dréachtghníomh reachtach agus tuarascáil an choiste fhreagraigh ar chlár oibre an pháirtseisiúin ina dhiaidh sin, agus socróidh an tUachtarán sprioc-am do leasuithe. Beidh feidhm ag Riail 59(4).

4.

Féadfar tús a chur le caibidlíochtaí tráth ar bith tar éis an sprioc-ama a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 2 a bheith dulta in éag gan iarraidh a bheith déanta ar vótáil sa Pharlaimint ar an gcinneadh dul i mbun caibidlíochta. Má rinneadh iarraidh den sórt sin, féadfar tús a chur le caibidlíochtaí tráth ar bith tar éis cinneadh an choiste dul i mbun caibidlíochta a bheith formheasta sa Pharlaimint.

Riail 72

An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Chomhairle

Más rud é go mbeidh a seasamh ar an gcéad léamh glactha ag an bParlaimint, beidh an seasamh sin ina shainordú le haghaidh aon chaibidlíochta le hinstitiúidí eile. Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh, trí thromlach a chomhaltaí, dul i mbun caibidlíochta tráth ar bith ina dhiaidh sin. Fógrófar na cinntí sin sa Pharlaimint le linn an pháirtseisiúin tar éis na vótála sa choiste agus beidh tagairt dóibh ar áireamh sna miontuairiscí.

Riail 73

An chaibidlíocht roimh an dara léamh sa Pharlaimint

Más rud é go mbeidh an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh tarchurtha chuig an gcoiste freagrach, beidh an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, faoi réir Riail 68, ina shainordú le haghaidh aon chaibidlíochta le hinstitiúidí eile. Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh dul i mbun caibidlíochta tráth ar bith ina dhiaidh sin.

I gcás ina bhfuil eilimintí sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh nach bhfuil cumhdaithe sa dréachtghníomh reachtach nó sa seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, féadfaidh an coiste treoirlínte a ghlacadh, lena n-áirítear i bhfoirm leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, don fhoireann caibidlíochta.

Riail 74

Seoladh na gcaibidlíochtaí

1.

Beidh foireann caibidlíochta na Parlaiminte faoi stiúir an rapóirtéara agus beidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach nó Leas-Chathaoirleach arna ainmniú ag an gCathaoirleach a bheidh i gceannas uirthi. Is é a bheidh ann, ar a laghad, na scáth-rapóirtéirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leis bheith páirteach sa chaibidlíocht.

2.

Maidir le haon doiciméad a bhfuil sé beartaithe é a phlé i gcruinniú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún (“cruinniú tríthaobhach”), scaipfear é ar an bhfoireann caibidlíochta 48 n-uaire an chloig ar a laghad, nó i gcásanna práinne 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an gcruinniú tríthaobhach sin.

3.

Tar éis gach cruinnithe thríthaobhaigh, tabharfaidh Cathaoirleach na foirne caibidliocha agus an rapóirtéir, ar son na foirne caibidlíochta, tuairisc don chéad chruinniú eile den choiste freagrach.

I gcás nach bhfuil sé indéanta cruinniú den choiste a chomóradh go tráthúil, tabharfaidh Cathaoirleach na foirne caibidlíochta agus an rapóirtéir, ar son na foirne caibidlíochta, tuairisc do chruinniú de chomhordaitheoirí an choiste.

4.

Má leanann comhaontú sealadach as na caibidlíochtaí, cuirfear an coiste freagrach ar an eolas gan mhoill. Déanfar doiciméid lena léireofar toradh an chruinnithe thríthaobhaigh dheireanaigh a chur ar fáil don choiste freagrach agus déanfar iad a fhoilsiú. Cuirfear an comhaontú sealadach faoi bhráid an choiste fhreagraigh, a dhéanfaidh cinneadh, trí bhíthin vótáil aonair le tromlach de na vótaí a chaitear, i dtaobh an bhformheasfar é. Má dhéantar é a fhormheas, déanfar é a chur síos lena bhreithniú ag an bParlaimint, i gcur i láthair lena léirítear go soiléir na modhnuithe ar an dréachtghníomh reachtach.

5.

I gcás easaontú idir na coistí lena mbaineann faoi Riail 57 agus Riail 58, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí na rialacha mionsonraithe maidir le caibidlíochtaí a oscailt agus seoladh caibidlíochtaí den sórt sin a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sna Rialacha sin.

ROINN 4 — IDIR-RÉITEACH AGUS AN TRÍÚ LÉAMH

Riail 75

Teorainneacha ama a fhadú

1.

Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ó thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gcoiste idir- réitigh, na teorainneacha ama don tríú léamh a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfaidh an tUachtarán aon fhadú ar theorainneacha ama faoi Airteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don Pharlaimint, cibé acu an ar thionscnamh na Parlaiminte nó ar thionscnamh na Comhairle a dhéantar faduithe den sórt sin.

Riail 76

An Coiste Idir-réitigh a chomóradh

I gcás ina gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint nach bhfuil sí in ann gach leasú de chuid na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle a fhormheas, déanfaidh an tUachtarán, i dteannta leis an gComhairle, am agus áit a chomhaontú don chéad chruinniú den Choiste Idir-réitigh. Mairfidh an tréimhse 6 seachtaine nó, má fhadaítear í, an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 294(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ón lá a dtagann an Coiste le chéile den chéad uair.

Riail 77

Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh

1.

Beidh toscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann le líon comhaltaí thoscaireacht na Comhairle.

2.

Comhfhreagróidh comhdhéanamh polaitíochta na toscaireachta do chomhdhéanamh na Parlaiminte de réir na ngrúpaí polaitiúla. Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an líon beacht Feisirí a fhónfaidh mar chomhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte ó gach grúpa polaitiúil.

3.

Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh comhaltaí na toscaireachta le haghaidh gach cáis idir-réitigh, agus is fearr go roghnófaí as measc chomhaltaí an choiste fhreagraigh iad, seachas triúr comhaltaí a cheapfar mar bhuanchomhaltaí de thoscaireachtaí comhleanúnacha ar feadh tréimhse 12 mhí. Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh an triúr buanchomhaltaí as measc na Leas-Uachtarán agus beidh siad ionadaitheach ar dhá ghrúpa pholaitiúla éagsúla ar a laghad. I ngach cás, beidh Cathaoirleach agus rapóirtéir sa dara léamh an choiste fhreagraigh chomh maith le rapóirtéir aon choiste chomhlachaithe ina gcomhaltaí den toscaireacht.

4.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht comhaltaí ionaid a cheapadh.

5.

Féadfaidh gach grúpa polaitiúil nach bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht ionadaí amháin a chur chuig aon réamhchruinniú inmheánach de chuid na toscaireachta. Mura bhfuil aon Fheisirí neamhcheangailte sa toscaireacht, féadfaidh Feisire neamhcheangailte amháin freastal ar aon réamhchruinniú inmheánach de chuid na toscaireachta.

6.

Beidh an toscaireacht faoi stiúir an Uachtaráin nó duine den triúr buanchomhaltaí.

7.

Is trí thromlach a comhaltaí a thiocfaidh an toscaireacht ar chinneadh. Ní dhéanfar pléití na toscaireachta go poiblí.

Leagfaidh Comhdháil na nUachtarán síos tuilleadh treoirlínte nós imeachta i gcomhair obair na toscaireachta chuig an gCoiste Idir-réitigh.

8.

Tabharfaidh an toscaireacht tuairisc ar thorthaí an idir-réitigh don Pharlaimint.

Riail 78

Téacs comhpháirteach

1.

I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir- réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 6 seachtaine nó, má fhadaítear an tréimhse, laistigh de 8 seachtaine ón dáta a fhormheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach.

2.

Déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas ar an téacs comhpháirteach agus beidh tuarascáil ag gabháil leis an ráiteas sin.

3.

Ní fhéadfar aon leasuithe ar an téacs comhpháirteach a chur síos.

4.

Beidh an téacs comhpháirteach ina iomláine ina ábhar do vótáil aonair. Formheasfar an téacs comhpháirteach má fhaigheann sé tromlach na vótaí a chaitear.

5.

Más rud é nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas. Beidh díospóireacht ann tar éis an ráiteas sin a dhéanamh.

6.

I rith an nós imeachta idir-réitigh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle tar éis an dara léamh, ní dhéanfar aon tarchur ar ais chuig coiste.

7.

Ní bheidh feidhm ag Riail 51, Riail 52 agus Riail 56 i rith an dara léamh.

ROINN 5 — AN NÓS IMEACHTA A THABHAIRT CHUN CRÍCHE

Riail 79

Gníomhartha glactha a shíniú agus a fhoilsiú

Tar éis bailchríoch a chur ar an téacs arna ghlacadh i gcomhréir le Riail 203 agus Iarscríbhinn VIII agus a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, déanfaidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí na gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a shíniú.

Tar éis an gníomh a shíniú, déanfaidh Ardrúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle socrú lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL 4

Forálacha a bhaineann go sonrach leis an nós imeachta comhairliúcháin

Riail 80

Togra modhnaithe le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí

Má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún a thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a mhodhnú, nó togra eile a chur ina ionad, féadfaidh an coiste freagrach a scrúdú ar an ábhar a chur ar atráth go dtí go mbeidh an togra nua nó leasuithe an Choimisiúin faighte aige.

Riail 81

Seasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe

Sula rachaidh an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil chríochnaitheach ar thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh maidir leis na leasuithe go léir ar an togra atá glactha ag an gcoiste a lua.

Más iomchuí, cuirfear an seasamh sin san áireamh sa tuarascáil.

Riail 82

Vótáil sa Pharlaimint

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 59 (1), (2), (4) agus (5).

Riail 83

Obair iardain i ndáil leis an seasamh ón bParlaimint

1.

Sa tréimhse tar éis don Pharlaimint a seasamh ar dhréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, déanfaidh Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh faireachán ar dhul chun cinn an dréachtghnímh sin i gcaitheamh an nós imeachta as a leanfaidh a ghlacadh ag an gComhairle, go háirithe chun a áirithiú go n-urramaítear go cuí aon ghealltanais arna dtabhairt ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún don Pharlaimint i ndáil lena seasamh. Tuairisceoidh an Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh go tráthrialta don choiste.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an t-ábhar a phlé leis.

3.

Féadfaidh an coiste freagrach, ag céim ar bith den nós imeachta iardain, má mheasann sé gur gá sin, tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina moltar don Pharlaimint an méid seo a leanas a dhéanamh:

a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar,

a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gComhairle an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint an athuair de bhun Riail 84, nó a iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh, nó

cinneadh a dhéanamh faoi aon ghníomhaíocht eile a mheasann sí a bheith iomchuí.

Cuirfear tairiscint den sórt sin ar dhréachtchlár oibre an pháirtseisiúin a bheidh ann tar éis don choiste an tairiscint a ghlacadh.

Riail 84

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint

1.

Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair sna himthosca céanna agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach i Riail 61(1). Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán freisin ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair i gcás ina ndéanann an Chomhairle leasú substaintiúil ar an dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí ar ar thug an Pharlaimint a seasamh ar dtús, nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle leasú substaintiúil a dhéanamh, ach amháin i gcás ina ndéantar amhlaidh chun leasuithe na Parlaiminte a ionchorprú ann.

2.

Iarrfaidh an tUachtarán freisin dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an bParlaimint an athuair sna himthosca atá sainithe sa Riail seo i gcás, ar thogra ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, ina gcinneann an Pharlaimint amhlaidh.

CAIBIDIL 5

Gnóthaí bunreachtúla

Riail 85

Gnáth-athbhreithniú ar na Conarthaí

1.

I gcomhréir le Riail 46 agus Riail 54, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil arna díriú chuig an gComhairle a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina mbeidh moltaí maidir le leasú a dhéanamh ar na Conarthaí.

2.

I gcás ina dtéitear i gcomhairle leis an bParlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 48(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar thogra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar leasuithe ar na Conarthaí, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach. Déanfaidh an coiste tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh an méid seo a leanas:

tairiscint i gcomhair rúin ina luaitear an bhformheasann an Pharlaimint an cinneadh beartaithe, nó an ndiúltaíonn sí dó, agus féadfaidh tograí a bheith sa tairiscint sin a thabharfar ar aird an Choinbhinsiúin nó a thabharfar ar aird chomhdháil ionadaithe rialtais na mBallstát;

más cuí, ráiteas míniúcháin.

3.

Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, ionadaithe na Parlaiminte a cheapadh ar an gCoinbhinsiún sin. Má chinneann an Chomhairle Eorpach Coinbhinsiún a chomóradh, déanfaidh an

Toghfaidh toscaireacht na Parlaiminte a ceannaire agus a hiarrthóirí chun bheith mar chomhaltaí d’aon ghrúpa stiúrtha nó d’aon bhiúró a chuirfidh an Coinbhinsiún ar bun.

4.

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle Eorpach toiliú na Parlaiminte i ndáil le cinneadh gan Coinbhinsiún a chomóradh chun leasuithe beartaithe ar na Conarthaí a scrúdú, déanfar an iarraidh sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 105.

Riail 86

Athbhreithniú simplithe ar na Conarthaí

1.

I gcomhréir le Riail 46 agus Riail 54, féadfaidh an coiste freagrach, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tuarascáil arna díriú chuig an gComhairle Eorpach a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina mbeidh moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha uile Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó ar chuid de na forálacha sin.

2.

I gcás ina dtéitear i gcomhairle leis an bParlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 48(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar thogra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach lena leasaítear Cuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 85(2). Sa chás sin, ní fhéadfaidh ach tograí le haghaidh leasuithe ar fhorálacha Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith sa tairiscint i gcomhair rúin.

Riail 87

Conarthaí aontachais

1.

Déanfar aon iarratas ó Stát Eorpach chun bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena bhreithniú.

2.

Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh, ar thogra ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, go n-iarrfar ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle páirt a ghlacadh i ndíospóireacht sula gcuirtear tús le caibidlíochtaí aontachais ar bith leis an Stát iarrthach.

3.

Iarrfaidh an coiste freagrach ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle faisnéis iomlán agus rialta faoi dhul chun cinn na gcaibidlíochtaí aontachais, ar bhonn rúnda más gá, a thabhairt dó.

4.

Ag aon chéim de na caibidlíochtaí aontachais, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascáil ón gcoiste freagrach, moltaí a ghlacadh agus a cheangal go gcuirfear na moltaí sin san áireamh sula ndéantar Conradh a thabhairt i gcrích maidir le haontachas Stáit iarrthaigh leis an Aontas Eorpach.

5.

Nuair atá na caibidlíochtaí aontachais tugtha chun críche, ach sula ndéantar aon chomhaontú a shíniú, cuirfear an dréachtchomhaontú faoi bhráid na Parlaiminte lena toiliú a fháil i gcomhréir le Riail 105. I gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun toiliú na Parlaiminte a fháil ní mór vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í a fháil.

Riail 88

Tarraingt siar ón Aontas

Má chinneann Ballstát, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingt siar ón Aontas, cuirfear an cheist faoi bhráid an choiste fhreagraigh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 87. Cinnfidh an Pharlaimint an dtabharfaidh sí toiliú do chomhaontú maidir leis an tarraingt siar trí thromlach na vótaí a chaitear.

Riail 89

Ballstát do dhéanamh sárú ar phrionsabail bhunúsacha agus luachanna bunúsacha

1.

Féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascáil shonrach ón gcoiste freagrach arna tarraingt suas i gcomhréir le Riail 46 agus Riail 54:

(a)

vótáil a dhéanamh ar thogra réasúnaithe á iarraidh ar an gComhairle gníomhú de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(b)

vótáil a dhéanamh ar thogra á iarraidh ar an gCoimisiún nó ar na Ballstáit togra a thíolacadh de bhun Airteagal 7(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(c)

vótáil a dhéanamh ar thogra á iarraidh ar an gComhairle gníomhú de bhun Airteagal 7(3) nó, ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 7(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.

Déanfar aon iarraidh ón gComhairle ar thoiliú maidir le togra arna thíolacadh de bhun Airteagal 7(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar aon le haon bharúlacha arna dtíolacadh ag an mBallstát i gceist, a fhógairt don Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach, i gcomhréir le Riail 105. Ach amháin in imthosca práinneacha agus inchosanta, glacfaidh an Pharlaimint a cinneadh ar thogra ón gcoiste freagrach.

3.

I gcomhréir le hAirteagal 354 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh tromlach de dhá thrian de na vótaí a chaitear, agus gurb ionann sin agus tromlach é de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, ag teastáil i gcás cinntí ar thograí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Riail seo a ghlacann an Pharlaimint.

4.

Faoi réir údarú ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an coiste freagrach tairiscint tionlacain i gcomhair rúin a thíolacadh. Sa tairiscint sin i gcomhair rúin, leagfar amach tuairimí na Parlaiminte ar shárú tromchúiseach ag Ballstát, ar na bearta iomchuí atá le déanamh agus ar athrú nó ar chúlghairm na mbeart sin.

5.

Áiritheoidh an coiste freagrach go gcoimeádtar an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas agus, más gá, go n-iarrtar a cuid tuairimí maidir leis na bearta iardain go léir a bhaineann lena toiliú arna thabhairt de bhun mhír 3. Iarrfar ar an gComhairle achoimre a thabhairt ar fhorbairtí de réir mar is cuí. Ar thogra ón gcoiste freagrach, arna tharraingt suas le húdarú ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint moltaí a bheidh le cur faoi bhráid na Comhairle a ghlacadh.

Riail 90

Comhdhéanamh na Parlaiminte

In am trátha roimh dheireadh téarma pharlaimintigh, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le Riail 46 agus Riail 54, togra a dhéanamh chun a comhdhéanamh a mhodhnú. Déanfaidh an Pharlaimint an dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh na Parlaiminte a scrúdú i gcomhréir le Riail 105.

Riail 91

Comhar feabhsaithe idir Ballstáit

1.

Iarrataí ar chomhar feabhsaithe idir Ballstáit a thabhairt isteach de bhun Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán iad a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú. Beidh feidhm ag Riail 105.

2.

Fíoróidh an coiste freagrach go bhfuil Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 326 go 334 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcomhlíonadh.

3.

Maidir le gníomhartha ina dhiaidh sin a bheidh beartaithe faoi chomhar feabhsaithe, tar éis é a bhunú, déileálfar leo sa Pharlaimint i gcomhréir leis na nósanna imeachta céanna a mbeadh feidhm acu dá mba rud é nár bunaíodh comhar feabhsaithe ar bith. Beidh feidhm ag Riail 48.

CAIBIDIL 6

Nósanna imeachta buiséadacha

Riail 92

An creat airgeadais ilbhliantúil

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle toiliú na Parlaiminte i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil, déileálfar leis an ábhar i gcomhréir le Riail 105. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ag teastáil chun toiliú na Parlaiminte a fháil.

Riail 93

An nós imeachta buiséadach bliantúil

Féadfaidh an coiste freagrach cinneadh a dhéanamh aon tuarascáil a tharraingt suas a mheastar bheith iomchuí maidir leis an mbuiséad, ag féachaint don Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (20).

Féadfaidh aon choiste eile tuairim a thabhairt laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an gcoiste freagrach.

Riail 94

An seasamh ón bParlaimint maidir leis an dréachtbhuiséad

1.

Féadfaidh Feisirí aonair leasuithe ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad a chur síos sa choiste freagrach.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad nó coiste leasuithe ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad a chur síos sa Pharlaimint.

2.

Is i scríbhinn a thíolacfar leasuithe agus beidh réasúnuithe ag gabháil leo, beidh síniú a n-údar orthu agus sonróidh siad an líne bhuiséid lena mbaineann siad.

3.

Socróidh an tUachtarán an teorainn ama maidir le leasuithe a chur síos.

4.

Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe sula bpléitear sa Pharlaimint iad.

5.

Maidir le dréachtleasuithe arna gcur síos sa Pharlaimint a mbeidh diúltaithe dóibh ag an gcoiste freagrach, ní fhéadfar vótáil orthu sa Pharlaimint ach amháin má iarrann coiste nó grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad amhlaidh i scríbhinn, roimh sprioc-am a bheidh le socrú ag an Uachtarán. Ní bheidh an sprioc-am sin níos lú ná 24 huaire an chloig roimh thús na vótála.

6.

I gcás leasuithe ar mheastacháin na Parlaiminte a bheidh comhchosúil leo sin ar dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh cheana an tráth a tarraingíodh suas na meastacháin, ní dhéanfaidh an Pharlaimint iad a phlé ach amháin i gcás tuairim fhabhrach a bheith tugtha ag an gcoiste freagrach ina leith.

7.

Déanfaidh an Pharlaimint vótálacha comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:

na leasuithe ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad, de réir roinne,

tairiscint i gcomhair rún maidir leis an dréachtbhuiséad.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Riail 183(4) go (10).

8.

Measfar go bhfuil glactha le hairteagail, caibidlí, teidil agus ranna den dréachtbhuiséad nár cuireadh síos aon leasuithe ina leith.

9.

I gcomhréir le hAirteagal 314(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint riachtanach chun leasuithe a ghlacadh.

10.

Má leasaíonn an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad, déanfar an seasamh arna leasú a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, mar aon leis na réasúnuithe agus le miontuairiscí an tsuí ar lena linn a glacadh na leasuithe.

Riail 95

Idir-réiteach buiséadach

1.

Comórfaidh an tUachtarán Coiste Idir-réitigh i gcomhréir le hAirteagal 314(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Beidh an toscaireacht a dhéanfaidh ionadaíocht ar an bParlaimint ag cruinnithe an Choiste Idir-réitigh sa nós imeachta buiséadach comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann leis an líon a bheidh ar thoscaireacht na Comhairle.

3.

Gach bliain, roimh vótáil na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle, déanfaidh na grúpaí polaitiúla comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh a cheapadh, agus is fearr na comhaltaí sin a cheapadh as measc chomhaltaí an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha agus as measc na gcoistí eile lena mbaineann. Is é Uachtarán na Parlaiminte a bheidh i gceannas ar an toscaireacht. Féadfaidh an tUachtarán an ról sin a tharmligean chuig Leas-Uachtarán a bhfuil taithí aige nó aici ar chúrsaí buiséid nó chuig Cathaoirleach an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

4.

Beidh feidhm ag Riail 77(2), (4), (5), (7) agus (8).

5.

I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ó dháta an chomhaontaithe sin. Cuirfear an téacs comhpháirteach ar fáil do na Feisirí. Beidh feidhm ag Riail 78(2) agus (3).

6.

Déanfar vótáil aonair ar an téacs comhpháirteach ina iomláine. Déanfar an vótáil mar vótáil le glaoch rolla. Measfar an téacs comhpháirteach a bheith formheasta mura rud é go ndiúltóidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint dó.

7.

Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint an téacs comhpháirteach ach go ndiúltaíonn an Chomhairle dó, féadfaidh an coiste freagrach leasuithe uile na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle, nó cuid díobh, a chur síos lena ndearbhú i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 314(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déanfar an vóta ar an dearbhú a chur ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ón dáta a gcuirfidh an Chomhairle in iúl gur dhiúltaigh sí don téacs comhpháirteach.

Measfar na leasuithe a bheith arna ndearbhú má fhormheastar iad le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear.

Riail 96

An buiséad a ghlacadh go cinntitheach

I gcás ina measann an tUachtarán gur glacadh an buiséad i gcomhréir le forálacha Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dearbhóidh sé sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad arna ghlacadh go cinntitheach. Déanfaidh sé socrú lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 97

Córas na ndóú codanna déag sealadacha

1.

Déanfar aon chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear caiteachas is mó ná an dóú cuid déag sealadach de na leithreasaí buiséadacha don bhliain airgeadais roimhe sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach dréachtchinneadh a chur síos chun an caiteachas dá dtagraítear i mír 1 a laghdú. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ina leith laistigh de 30 lá tar éis ghlacadh chinneadh na Comhairle.

3.

Gníomhóidh an Pharlaimint trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.

Riail 98

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.

Déanfaidh an Pharlaimint faireachán ar chur chun feidhme bhuiséad na bliana reatha. Tabharfaidh an Pharlaimint an cúram seo do na coistí atá freagrach as an mbuiséad agus as rialú buiséadach agus do na coistí eile lena mbaineann.

2.

Gach bliain, roimh a léamh ar an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais dár gcionn, breithneoidh an Pharlaimint na fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid reatha agus, nuair is cuí, déanfar sin ar bhonn tairiscint i gcomhair rúin arna cur síos ag a coiste freagrach.

Riail 99

Urscaoileadh don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Tá na forálacha a rialaíonn na nósanna imeachta maidir le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha airgeadais an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (an “Rialachán Airgeadais”) i gceangal leis na Rialacha seo mar iarscríbhinn (22).

Riail 100

Nósanna imeachta eile maidir le hurscaoileadh

Maidir leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid, beidh feidhm acu freisin maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú dóibh seo a leanas:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa;

na daoine atá freagrach as cur chun feidhme bhuiséid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, mar shampla an Chomhairle, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún;

an Coimisiún, i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chiste Eorpaigh Forbraíochta;

na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú buiséadach a dhéanamh ar eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil agus a chomhallann cúraimí an Aontais, sa mhéid go dtagann a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir forálacha dlíthiúla lena gceanglaítear urscaoileadh ag Parlaimint na hEorpa.

Riail 101

Comhar idirinstitiúideach

I gcomhréir le hAirteagal 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh an tUachtarán rannpháirteach i gcruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin arna gcomóradh, ar thionscnamh an Choimisiúin, faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear i dTeideal II de Chuid a Sé den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an tUachtarán gach beart is gá chun comhairliúchán, agus comhréiteach sheasaimh na n-institiúidí, a chur chun cinn d’fhonn cur chun feidhme na nósanna imeachta réamhráite a éascú.

Féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte an cúram seo a tharmligean chuig Leas-Uachtarán a bhfuil taithí aige nó aici ar chúrsaí buiséadacha nó chuig Cathaoirleach an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

CAIBIDIL 7

Nósanna imeachta buiséadacha inmheánacha

Riail 102

Meastacháin na Parlaiminte

1.

Déanfaidh an Biúró réamhdhréacht de na meastacháin a tharraingt suas ar bhonn tuarascála arna hullmhú ag an Ardrúnaí.

2.

Cuirfidh an tUachtarán an réamhdhréacht de na meastacháin ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus déanfaidh an coiste sin an dréacht de na meastacháin a tharraingt suas agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint.

3.

Socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe ar an dréacht de na meastacháin a chur síos.

Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na leasuithe sin.

4.

Glacfaidh an Pharlaimint na meastacháin.

5.

Cuirfidh an tUachtarán na meastacháin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

6.

Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo freisin maidir le meastacháin leasaitheacha.

Riail 103

An nós imeachta atá le cur i bhfeidhm le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas

1.

Maidir le buiséad na Parlaiminte, glacfaidh an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha cinntí i gcéimeanna comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:

(a)

an plean bunaíochta;

(b)

an réamhdhréacht agus na dréachtmheastacháin.

2.

Déanfar na cinntí a bhaineann leis an bplean bunaíochta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:

(a)

déanfaidh an Biúró an plean bunaíochta a tharraingt suas do gach bliain airgeadais;

(b)

cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh idir an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha i gcásanna nach ionann tuairim an choiste sin agus na cinntí tosaigh a ghlac an Biúró;

(c)

ag deireadh an nós imeachta, glacfaidh an Biúró an cinneadh críochnaitheach ar na meastacháin don phlean bunaíochta, i gcomhréir le Riail 234(3), ach sin gan dochar do na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.

Maidir leis na meastacháin féin, cuirfear tús leis an nós imeachta chun na meastacháin a tharraingt suas a luaithe agus a bheidh an cinneadh críochnaitheach glactha ag an mBiúró ar an bplean bunaíochta. Is iad céimeanna an nós imeachta sin ná na céimeanna sin a leagtar síos i Riail 102. Cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh i gcásanna ina mbeidh seasamh an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha agus seasamh an Bhiúró an-éagsúil óna chéile.

Riail 104

An chumhacht chun caiteachas a thabhú agus a ghlanadh, chun cuntais a fhormheas agus chun urscaoileadh a dheonú

1.

Déanfaidh an tUachtarán, nó cuirfidh an tUachtarán faoi deara, an caiteachas atá clúdaithe leis na rialacháin airgeadais inmheánacha arna n-eisiúint ag an mBiúró, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste cuí, a thabhú agus a ghlanadh.

2.

Cuirfidh an tUachtarán na dréachtchuntais bhliantúla ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach.

3.

Ar bhonn tuarascáil ón gcoiste freagrach, formheasfaidh an Pharlaimint a cuid cuntas agus déanfaidh sí cinneadh maidir le hurscaoileadh a dheonú.

CAIBIDIL 8

An nós imeachta maidir le toiliú

Riail 105

An nós imeachta maidir le toiliú

1.

I gcás ina n-iarrfar ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt maidir le gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh don Pharlaimint chun an gníomh atá beartaithe a fhormheas nó chun diúltú dó.

Beidh san áireamh sa mholadh luanna ach ní bheidh aithrisí san áireamh. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm leo an moladh atá molta ag an rapóirtéir a fhreaschur.

Féadfaidh ráiteas míniúcháin gearr a bheith ag gabháil leis an moladh. Is ar an rapóirtéir a bheidh an fhreagracht iomlán as an ráiteas sin agus ní dhéanfar vótáil air. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 55(2).

2.

Féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a chur síos freisin, más gá, lena n-áirítear tairiscint i gcomhair gníomh neamhreachtach ina leagtar amach na cúiseanna ar cheart don Pharlaimint a toiliú a thabhairt nó diúltú dá toiliú a thabhairt agus, nuair is iomchuí, ina ndéantar moltaí do chur i bhfeidhm an ghnímh atá beartaithe.

3.

Déileálfaidh an coiste freagrach leis an iarraidh ar thoiliú gan moill mhíchuí. Mura mbeidh moladh glactha ag an gcoiste freagrach laistigh de 6 mhí tar éis don iarraidh ar thoiliú a bheith tarchurtha chuige, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán an t-ábhar a chur ar an gclár oibre do pháirtseisiún ina dhiaidh sin lena bhreithniú, nó féadfaidh sí a chinneadh an tréimhse 6 mhí a fadú i gcásanna cuí-réasúnaithe.

4.

Is trí vótáil aonair ar thoiliú, gan beann ar cibé acu an moladh é an moladh ón gcoiste freagrach an gníomh a fhormheas nó a dhiúltú, a chinnfidh an Pharlaimint ar an ngníomh beartaithe agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos. Mura bhfaighfear an tromlach is gá, measfar gur diúltaíodh don ghníomh beartaithe.

5.

I gcás ina gceanglófar toiliú na Parlaiminte, féadfaidh an coiste freagrach, aon tráth, tuarascáil eatramhach a thíolacadh don Pharlaimint, lena n-áirítear tairiscint i gcomhair rún ina mbeidh moltaí chun an gníomh beartaithe a mhodhnú nó a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 9

Nósanna imeachta eile

Riail 106

An nós imeachta maidir le tuairimí a thabhairt i dtaca le maoluithe ar ghlacadh an euro

1.

Nuair a théitear i gcomhairle leis an bParlaimint de bhun Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an coiste freagrach tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina moltar an gníomh beartaithe a fhormheas nó diúltú don ghníomh beartaithe sin ar dá bun a bhreithneoidh an Pharlaimint.

2.

Déanfaidh an Pharlaimint vótáil aonair ar an ngníomh beartaithe, agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos ina leith.

Riail 107

Nósanna imeachta a bhaineann le hagallamh idir na comhpháirtithe sóisialta

1.

Déanfaidh an tUachtarán aon doiciméad arna tharraingt suas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó aon chomhaontuithe a dtagann na comhpháirtithe sóisialta orthu de bhun Airteagal 155(1) den Chonradh sin, agus aon mholtaí arna dtíolacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 155(2) den Chonradh sin, a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

2.

I gcás ina gcuireann na comhpháirtithe sóisialta in iúl don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thionscnamh, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas ar an tsaincheist shubstainteach i dtrácht.

3.

I gcás ina bhfuil na comhpháirtithe sóisialta tar éis teacht ar chomhaontú agus go n-iarrann siad i gcomhpháirt lena chéile go gcuirfear an comhaontú chun feidhme le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rún a chur síos á mholadh go bhformheasfar an iarraidh nó go ndiúltófar di.

Riail 108

Nósanna imeachta maidir le comhaontuithe deonacha samhlaithe a ghrinnscrúdú

1.

I gcás ina gcuireann an Coimisiún in iúl don Pharlaimint go bhfuil sé ar intinn aige scrúdú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as comhaontuithe deonacha mar mhalairt ar reachtaíocht, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas ar an tsaincheist shubstainteach i dtrácht de bhun Riail 54.

2.

I gcás ina bhfógraíonn an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige comhaontú deonach a dhéanamh, féadfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur síos á mholadh go bhformheasfaidh an Pharlaimint an togra nó go ndiúltóidh sí dó, agus á mholadh cad iad na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh.

Riail 109

Códú

1.

Nuair a dhéantar togra maidir le códú reachtaíochta Aontais a chur faoi bhráid na Parlaiminte, tarchuirfear chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla é. Scrúdóidh an coiste sin an togra i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach (23) d’fhonn a fhionnachtain gur códú díreach atá i gceist leis an togra agus nach bhfuil aon athruithe de chineál substainteach i gceist.

2.

Féadfar a iarraidh ar an gcoiste a bhí freagrach as na gníomhartha atá le códú, ar iarraidh uaidh féin nó ar iarraidh ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, a thuairim a thabhairt ar inmhianaitheacht an chódaithe.

3.

Ní bheidh leasuithe ar théacs an togra inghlactha.

Mar sin féin, féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, arna iarraidh sin ag an rapóirtéir, oiriúnuithe teicniúla a thíolacadh, lena bhformheas ag an gcoiste sin, ar choinníoll nach bhfuil aon athrú substainteach ar an togra i gceist leis na hoiriúnuithe sin agus go bhfuil siad riachtanach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann an togra na rialacha maidir le códú.

4.

Má thagann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla ar an gconclúid nach bhfuil aon athrú substainteach ar reachtaíocht Aontais i gceist leis an togra, tarchuirfidh sé chuig an bParlaimint é lena fhormheas.

Má tá an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla den tuairim go bhfuil athrú substainteach i gceist leis an togra, molfaidh sé go ndiúltóidh an Pharlaimint don togra.

I gceachtar den dá chás sin, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair, gan leasú ná díospóireacht.

Riail 110

Athmhúnlú

1.

I gcás ina ndéantar togra lena n-athmhúnlaítear reachtaíocht Aontais a chur faoi bhráid na Parlaiminte, tarchuirfear é chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla agus chuig an gcoiste atá freagrach as ábhar an togra.

2.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla an togra a scrúdú i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach (24) d’fhonn a sheiceáil nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin.

Chun críche an scrúdaithe sin, ní bheidh leasuithe ar théacs an togra inghlactha. Beidh feidhm, áfach, ag an dara fomhír de Riail 109(3) maidir leis na forálacha a fhanann gan athrú sa togra athmhúnlúcháin.

3.

Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 180 agus i Riail 181, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.

4.

Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla go bhfuil athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, molfaidh sé go ndiúltóidh an Pharlaimint don togra agus cuirfidh sé in iúl don choiste atá freagrach as an ábhar go bhfuil sé sin déanta aige.

I gcás den sórt sin, iarrfaidh an tUachtarán ar an gCoimisiún an togra a tharraingt siar. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta sa Pharlaimint iomarcach agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas dá réir. Más rud é nach dtarraingíonn an Coimisiún siar a thogra, tarchuirfidh an Pharlaimint ar ais chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é, agus breithneoidh an coiste sin é i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta.

CAIBIDIL 10

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Riail 111

Gníomhartha tarmligthe

1.

I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán é a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ngníomh reachtach bunúsach, agus féadfaidh an coiste sin a chinneadh duine dá chomhaltaí a ainmniú chun gníomh tarmligthe amháin nó níos mó a bhreithniú.

2.

Le linn an pháirtseisiúin tar éis an gníomh tarmligthe a fháil, fógróidh an tUachtarán don Pharlaimint an dáta a bhfuarthas an gníomh tarmligthe sin sna teangacha oifigiúla uile agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar agóidí a ardú. Tosóidh an tréimhse i dtrácht ar an dáta a bhfaighfear an gníomh tarmligthe.

Déanfar an fhógairt, mar aon le hainm an choiste fhreagraigh, a fhoilsiú i miontuairiscí an tsuí.

3.

I gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh bhunúsaigh agus — má mheasann an coiste freagrach gur cuí déanamh amhlaidh — i ndiaidh dul i gcomhairle le haon choistí lena mbaineann, féadfaidh an coiste freagrach tairiscint réasúnaithe i gcomhair rúin a chur síos lena ndéantar an gníomh tarmligthe a agóid. Más rud é, 10 lá oibre roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil Céadaoin an tseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh lá éagtha an sprioc-ama dá dtagraítear i mír 5, nach bhfuil tairiscint i gcomhair rún den sórt sin curtha síos ag an gcoiste freagrach, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar an ábhar lena chur ar an gclár oibre don pháirtseisiún dá dtagraítear thuas.

4.

Luafar in aon tairiscint i gcomhair rúin a chuirtear síos i gcomhréir le mír 3 na cúiseanna atá le hagóidí na Parlaiminte agus féadfar a ionchorprú inti iarraidh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe nua a chur isteach a chuirfeadh moltaí na Parlaiminte san áireamh.

5.

Déanfaidh an Pharlaimint tairiscint den sórt sin, faoin sprioc-am a leagtar síos sa ghníomh reachtach bunúsach agus, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 290(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a fhormheas le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.

I gcás ina measann an coiste freagrach gur cuí an sprioc-am a bhaineann le hagóidí a ardú in aghaidh an ghnímh tharmligthe i gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh bhunúsaigh, tabharfaidh Cathaoirleach an choiste fógra don Chomhairle agus don Choimisiún, thar ceann na Parlaiminte, faoin bhfadú sin.

6.

Má mholann an coiste freagrach, roimh dhul in éag don sprioc-am a leagtar amach sa ghníomh reachtach bunúsach, gur chóir don Pharlaimint a dhearbhú nach bhfuil aon agóidí aici in aghaidh an ghnímh tharmligthe:

cuirfidh an coiste freagrach an méid sin in iúl do Chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí trí bhíthin litreach ina leagfar amach a chúiseanna leis sin agus cuirfidh sé moladh síos chuige sin;

mura ndéanfar agóidí a ardú ag an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, nó mura ndéanfar agóidí a ardú trí nós imeachta i scríbhinn, ar fhorais phráinne, cuirfidh Cathaoirleach an chomhlachta é sin in iúl d’Uachtarán na Parlaiminte, agus déanfaidh sé, ar a sheal, é sin a chur in iúl don suí iomlánach chomh luath agus is féidir;

más rud é, laistigh de 24 huaire an chloig tar éis na fógartha sa Pharlaimint, go gcuireann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad in aghaidh an mholta, déanfar vótáil ar an moladh sin;

más rud é, laistigh den tréimhse chéanna, nach n-ardófar aon agóidí, measfar an moladh beartaithe a bheith formheasta;

le glacadh moladh den sórt sin fágfar neamh-inghlactha aon togra ina dhiaidh sin a dhéanfaidh an gníomh tarmligthe a agóid.

7.

Féadfaidh an coiste freagrach, i gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh bhunúsaigh, tairiscint i gcomhair rúin a chur faoi bhráid na Parlaiminte a dhéanfaidh tarmligean na gcumhachtaí sin a chúlghairm, go hiomlán nó go páirteach, nó a chuirfidh in aghaidh fadú intuigthe ar tharmligean na gcumhachtaí sin.

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 290(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint riachtanach i gcomhair cinneadh chun tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm.

8.

Cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún na seasaimh a ghlactar faoin Riail seo.

Riail 112

Gníomhartha agus bearta cur chun feidhme

1.

I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán é a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ngníomh reachtach bunúsach, agus féadfaidh an coiste sin a chinneadh duine dá chomhaltaí a ainmniú chun dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme amháin nó níos mó a bhreithniú.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach tairiscint réasúnaithe i gcomhair rúin a chur síos ina luaitear go dtéann dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt sa ghníomh reachtach bunúsach nó nach bhfuil sé de réir dhlí an Aontais ar shlite eile.

3.

Maidir le tairiscint i gcomhair rúin, féadfar a ionchorprú inti iarraidh chuig an gCoimisiún an dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme a tharraingt siar, é a leasú de réir na n-agóidí a ardóidh an Pharlaimint, nó togra reachtach nua a thíolacadh. Cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

4.

Má thagann na gníomhartha cur chun feidhme arna samhlú ag an gCoimisiún faoi réim an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (25), beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:

(a)

tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú a luaithe a bheidh an dréachtbheart cur chun feidhme curtha faoi bhráid na Parlaiminte i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. I gcás ina bhfuil feidhm ag an teorainn ama níos giorra don ghrinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a(5)(b) de Chinneadh 1999/468/CE agus sna cásanna práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) den Chinneadh sin, tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú, mura rud é go ndéanann Cathaoirleach an choiste fhreagraigh agóid ina aghaidh, ón dáta a bhfaigheann an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach den ghníomh cur chun feidhme sna leaganacha teanga a cuireadh faoi bhráid chomhaltaí an choiste arna chur ar bun i gcomhréir leis an gCinneadh sin. Ní bheidh feidhm ag Riail 167 sa dá chás a luaitear san abairt roimhe seo;

(b)

más rud é go bhfuil an dréachtbheart cur chun feidhme bunaithe ar mhír 5 nó ar mhír 6 d’Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE, lena bhforordaítear teorainneacha ama ciorraithe ar laistigh díobh a fhéadfaidh an Pharlaimint cur ina choinne, féadfaidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina gcuirfear in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt más rud é nach mbeidh an coiste sin in ann cruinniú a thionól san am a bheidh ar fáil;

(c)

féadfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í, rún a ghlacadh ina gcuirfear in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt cur chun feidhme agus ina léireofar go dtéann an dréacht thar na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt sa ghníomh bunúsach, nach bhfuil sé i gcomhréir le haidhm nó le hinneachar an ghnímh bhunúsaigh nó nach n-urramaíonn sé prionsabal na coimhdeachta nó prionsabal na comhréireachta;

Más rud é, 10 lá oibre roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil Céadaoin an tseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh lá éagtha an sprioc-ama do chur in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt cur chun feidhme, nach bhfuil tairiscint i gcomhair rún den sórt sin curtha síos ag an gcoiste freagrach, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar an ábhar lena chur ar an gclár oibre don pháirtseisiún dá dtagraítear thuas;

(d)

má mholann an coiste freagrach, trí bhíthin litreach chuig Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí ina leagtar amach a chúiseanna, gur chóir don Pharlaimint a dhearbhú nach bhfuil aon agóid á déanamh aici i ndáil leis an ngníomh beartaithe roimh dhul in éag don ghnáth-theorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c) agus/nó in Airteagal 5a(4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 111(6) (26).

Riail 113

Breithniú a dhéanamh faoin nós imeachta coiste comhlachaithe nó faoin nós imeachta comhchoiste

1.

Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 57, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme:

cuirfear an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó an dréachtbheart cur chun feidhme ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus chuig an gcoiste comhlachaithe;

socróidh cathaoirleach an choiste fhreagraigh teorainn ama faoina bhféadfaidh an coiste comhlachaithe tograí a tharraingt suas maidir le nithe a thagann faoi réim a inniúlachta eisiata nó faoi réim inniúlacht chomhpháirteach an dá choiste;

má thagann an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó an dréachtbheart cur chun feidhme faoi réim inniúlacht eisiata an choiste chomhlachtaithe, déanfaidh an coiste freagrach tograí an choiste chomhlachtaithe a ghlacadh gan vótáil; má mhainníonn an coiste freagrach an riail sin a urramú, féadfaidh an tUachtarán an coiste comhlachtaithe a údarú tairiscint i gcomhair rúin a chur síos sa suí iomlánach.

2.

Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 58, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme:

tar éis an gníomh tarmligthe nó an dréachtghníomh nó ar an dréachtbheart cur chun feidhme a fháil, cinnfidh an tUachtarán an coiste freagrach nó na coistí atá comhfhreagrach as a bhreithniú, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Riail 58 agus aon chomhaontuithe eile a rinneadh idir cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann;

má chuirtear gníomh tarmligthe nó dréachtghníomh nó dréachtbheart cur chun feidhme ar aghaidh le haghaidh breithniú faoin nós imeachta comhchoiste, féadfaidh gach coiste a iarraidh go ndéanfaí cruinniú comhpháirteach a chomóradh chun tairiscint i gcomhair rúin a bhreithniú. Más rud é nach dtagann Cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann ar comhaontú, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cruinniú comhpháirteach a chomóradh.

TEIDEAL III

CAIDREAMH SEACHTRACH

CAIBIDIL 1

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Riail 114

Comhaontuithe idirnáisiúnta

1.

I gcás ina mbeartaítear caibidlíocht a thosú maidir le comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt chun críche, a athnuachan nó a leasú, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh tuarascáil a tharraingt suas nó faireachán a dhéanamh, ar shlí eile, ar an gcéim ullmhúcháin. Cuirfidh sé a chinneadh sin in iúl do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

2.

Gheobhaidh an coiste freagrach amach ón gCoimisiún cad é an bunús dlí atá roghnaithe chun na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche. Déanfaidh an coiste freagrach an bunús dlí sin atá roghnaithe a fhíorú i gcomhréir le Riail 40.

3.

Féadfaidh an Pharlaimint, ar thogra ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, a iarraidh ar an gComhairle gan tosú caibidlíochta a údarú go dtí go mbeidh a seasamh ar an sainordú caibidlíochta beartaithe tugtha ag an bParlaimint, ar bhonn tuarascáil ón gcoiste freagrach.

4.

Ag aon tráth den chaibidlíocht agus ó dheireadh na caibidlíochta chun an comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt chun críche, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascáil ón gcoiste freagrach, arna tarraingt suas ag an gcoiste sin ar a tionscnamh féin, nó tar éis aon togra iomchuí arna chur síos ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a bhreithniú, moltaí don Chomhairle, don Choimisiún nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a ghlacadh agus féadfaidh sí a éileamh go gcuirfear na moltaí sin san áireamh sula ndéantar an comhaontú sin a thabhairt chun críche.

5.

Déanfaidh an tUachtarán iarrataí ón gComhairle chun toiliú nó tuairim na Parlaiminte a fháil a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú i gcomhréir le Riail 105 nó le Riail 48(1).

6.

Aon tráth sula ndéanann an Pharlaimint vótáil ar iarraidh ar thuairim nó ar thoiliú, féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó an deichiú cuid ar a laghad de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a mholadh go lorgóidh an Pharlaimint tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le comhréireacht chomhaontú idirnáisiúnta leis na Conarthaí.

Sula vótálfaidh an Pharlaimint ar an togra sin, féadfaidh an tUachtarán tuairim an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla a iarraidh, agus déanfaidh an coiste a chuid moltaí a thuairisciú don Pharlaimint.

Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint an moladh chun tuairim a lorg ón gCúirt Bhreithiúnais, cuirfear an vótáil ar an iarraidh ar thoiliú nó tuairim ar atráth go dtí go mbeidh a tuairim tugtha ag an gCúirt.

7.

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle ar an bParlaimint a toiliú maidir le tabhairt chun críche, athnuachan nó leasú comhaontaithe idirnáisiúnta a thabhairt, deanfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair i gcomhréir le Riail 105.

Má dhiúltaíonn an Pharlaimint a toiliú a thabhairt, cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle nach féidir an comhaontú i dtrácht a thabhairt chun críche, a athnuachan, nó a leasú.

Gan dochar do Riail 105(3), féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh, ar bhonn moladh ón gcoiste freagrach, go gcuirfear a cinneadh ar an nós imeachta maidir le toiliú ar atráth ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bliain amháin.

8.

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle ar an bParlaimint a tuairim maidir le tabhairt chun críche, athnuachan nó leasú comhaontaithe idirnáisiúnta a thabhairt, ní bheidh aon leasú ar théacs an chomhaontaithe inghlactha. Gan dochar do Riail 181(1), beidh leasuithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle inghlactha.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim sin a ghlacann an Pharlaimint, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle gan an comhaontú i dtrácht a thabhairt chun críche.

9.

Déanfaidh Cathaoirligh agus rapóirtéirí an choiste fhreagraigh agus aon choistí comhlachaithe a sheiceáil i gcomhpháirt le chéile, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanann an Chomhairle, an Coimisiún, agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faisnéis iomlán a sholáthar láithreach agus go rialta don Pharlaimint, ar bhonn rúnda más gá sin, ag gach céim de na hullmhúcháin don chaibidlíocht, den chaibidlíocht féin agus de thabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dréacht-téacs de threoracha caibidlíochta agus an téacs críochnaitheach de na treoracha sin de réir mar a ghlactar iad, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin.

Riail 115

Comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí nó seasamh an Aontais a bhunú i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta

I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún nó an Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chur in iúl don Pharlaimint agus don Chomhairle go bhfuil sé beartaithe aige comhaontú idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún nó ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas a dhéanamh, agus beidh díospóireacht ann ina dhiaidh. Féadfaidh an Pharlaimint moltaí a eisiúint ar bhonn tuarascáil ón gcoiste freagrach nó de bhun Riail 118, ina bhféadfar a áireamh, go háirithe, iarraidh ar an gComhairle gan comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach go dtí go mbeidh a toiliú tugtha ag an bParlaimint.

Beidh feidhm ag an nós imeachta sin freisin nuair a mholann an Coimisiún, nó an Leas- Uachtarán/Ard-Ionadaí seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht idirnáisiúnta arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta.

CAIBIDIL 2

Ionadaíocht sheachtrach thar ceann an aontais agus an comhbheartas eachtrach agus slándála

Riail 116

Ionadaithe speisialta

1.

I gcás ina mbeartaíonn an Chomhairle ionadaí speisialta a cheapadh faoi Airteagal 33 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle ráiteas a dhéanamh, agus ceisteanna a fhreagairt, maidir leis an sainordú, maidir leis na cuspóirí agus maidir le nithe iomchuí eile a bhaineann leis na cúraimí agus an ról a bheidh le comhlíonadh ag an ionadaí speisialta.

2.

Tar éis don ionadaí speisialta a bheith ceaptha, ach sula rachaidh sé nó sí i mbun an phoist sin, féadfar a iarraidh air nó uirthi láithriú os comhair an choiste fhreagraigh chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

3.

Laistigh de 2 mhí ón éisteacht, féadfaidh an coiste freagrach moltaí a dhéanamh don Chomhairle, don Choimisiún nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar moltaí iad a bhaineann go díreach leis an gceapachán.

4.

Iarrfar ar an ionadaí speisialta an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go hiomlán agus go rialta maidir le feidhmiú praiticiúil an tsainordaithe.

Riail 117

Ionadaíocht idirnáisiúnta

1.

Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an ainmnitheach i gcomhair post mar cheann toscaireachta seachtraí de chuid an Aontais láithriú os comhair an choiste fhreagraigh d’fhonn ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

2.

Laistigh de 2 mhí ón éisteacht dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an coiste freagrach rún a ghlacadh nó moladh a dhéanamh, de réir mar is cuí, ar rún nó moladh é a bhaineann go díreach leis an gceapachán.

CAIBIDIL 3

Moltaí maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais

Riail 118

Moltaí maidir le beartais sheachtracha an Aontais

1.

Féadfaidh an coiste freagrach dréachtmholtaí don Chomhairle, don Choimisiún, nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharraingt suas maidir le hábhair faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (gníomhaíocht sheachtrach an Aontais), nó i gcásanna nach ndearnadh comhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim raon feidhme Riail 114 a tharchur chuig an bParlaimint nó nár cuireadh an méid sin in iúl don Pharlaimint faoi Riail 115.

2.

I gcásanna práinneacha, féadfaidh an tUachtarán cruinniú éigeandála den choiste lena mbaineann a údarú freisin.

3.

Le linn an nós imeachta maidir le glacadh na ndréachtmholtaí sin ag céim an choiste, beidh sé riachtanach vótáil a dhéanamh ar théacs i scríbhinn.

4.

Sna cásanna práinne dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm ag Riail 167 ag céim an choiste agus beidh leasuithe ó bhéal inghlactha. Ní fhéadfaidh Feisirí agóid a ardú i dtaobh vótáil ar leasuithe ó bhéal sa choiste.

5.

Déanfar na dréachtmholtaí arna dtarraingt suas ag an gcoiste a chur san áireamh sa chlár oibre don chéad pháirtseisiún eile ina dhiaidh sin. I gcásanna práinneacha arna gcinneadh ag an Uachtarán, féadfar moltaí a chur san áireamh ar an gclár oibre do pháirtseisiún reatha.

6.

Measfar moltaí a bheith arna nglacadh mura rud é, roimh thús an pháirtseisiúin, go dtíolacann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i scríbhinn. I gcás ina dtíolactar agóid den sórt sin, cuirfear moltaí an choiste san áireamh i gclár oibre an pháirtseisiúin chéanna. Déanfar díospóireacht ar mholtaí den sórt sin, agus déanfar vótáil ar aon leasú arna chur síos ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.

Riail 119

Comhairliúchán leis an bParlaimint agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

1.

Nuair a théitear i gcomhairle leis an bParlaimint de bhun Airteagal 36 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarchuirfear an t-ábhar chuig an gcoiste freagrach agus féadfaidh an coiste sin dréachtmholtaí a tharraingt suas de bhun Riail 118.

2.

Féachfaidh na coistí lena mbaineann lena chinntiú go ndéanann Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faisnéis a sholáthar dóibh go rialta agus go tráthúil maidir le forbairt agus cur chun feidhme chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, maidir leis na costais a shamhlaítear gach uair a dhéantar cinneadh lena ngabhann caiteachas a ghlacadh faoin mbeartas sin agus maidir le haon ghnéithe eile airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme gníomhaíochtaí faoin mbeartas sin. Go heisceachtúil, ar iarraidh ón Leas-Uachtarán/Ard-Ionadaí, féadfaidh coiste a chinneadh a chuid imeachtaí a sheoladh i seomra iata.

3.

Seolfar díospóireacht dhá uair sa bhliain ar an doiciméad comhairliúcháin arna tharraingt suas ag an Leas-Uachtarán/Ard-Ionadaí maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta agus na himpleachtaí airgeadais do bhuiséad an Aontais. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i Riail 132.

4.

Iarrfar ar an Leas-Uachtarán/Ard-Ionadaí freastal ar gach uile dhíospóireacht iomlánach a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, leis an mbeartas slándála nó leis an mbeartas cosanta.

Riail 120

Sárú ar chearta an duine

Ag gach páirtseisiún, féadfaidh na coistí freagracha, gan gá le húdarú, tairiscint i gcomhair rúin a chur síos faoin nós imeachta céanna leis an nós imeachta sin a leagtar síos i Riail 118(5) agus (6) maidir le cásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine.

TEIDEAL IV

TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 121

Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte

1.

Cinnteoidh an Pharlaimint go seoltar a cuid gníomhaíochtaí ar an tslí is trédhearcaí is féidir, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

Is go poiblí a bheidh na díospóireachtaí sa Pharlaimint.

3.

Is go poiblí a bheidh cruinnithe na gCoistí de ghnáth. Ar a dhéanaí nuair a ghlactar an clár oibre do chruinniú, féadfaidh siad a chinneadh, áfach, an clár oibre sin a roinnt ina ítimí a mbeidh cuid acu oscailte don phobal agus a mbeidh an chuid eile acu dúnta don phobal. Má sheoltar cruinniú i seomra iata, áfach, féadfaidh an coiste a chinneadh doiciméid a bhaineann leis an gcruinniú a chur ar fáil don rochtain phoiblí.

Riail 122

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

1.

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn i mBallstát, nó a bhfuil a oifig nó a hoifig cláraithe aige nó aici i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 atá rochtain den sórt sin ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte.

A mhéid is féidir, déanfar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ar an tslí chéanna.

2.

Chun críocha rochtana ar dhoiciméid, ciallaíonn an téarma “doiciméid de chuid na Parlaiminte” aon inneachar de réir bhrí Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 arna tharraingt suas nó arna fháil ag oifigigh na Parlaiminte de réir bhrí Theideal I, Caibidil 2, de na Rialacha seo, ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte, ag coistí nó ag toscaireachtaí idirpharlaiminteacha, nó ag Ardrúnaíocht na Parlaiminte.

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, ní hionann doiciméid arna dtarraingt suas ag Feisirí aonair nó ag na grúpaí polaitiúla agus doiciméid de chuid na Parlaiminte a mhéid a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid ach amháin má chuirtear síos iad i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta.

Leagfaidh an Biúró síos rialacha lena áirithiú go ndéantar na doiciméid go léir de chuid na

3.

Bunóidh an Pharlaimint suíomh gréasáin ar a mbeidh clár poiblí do dhoiciméid de chuid na Parlaiminte. Déanfar rochtain dhíreach ar dhoiciméid reachtacha agus ar chatagóirí áirithe eile doiciméad a chur ar fáil trí shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. A mhéid is féidir, déanfar tagairtí do dhoiciméid eile de chuid na Parlaiminte a chur san áireamh ar shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte.

Déanfar catagóirí na ndoiciméad a mbeidh rochtain dhíreach orthu trí shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte a leagan amach i liosta arna ghlacadh ag an mBiúró agus arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte. Ní chuirfidh an liosta sin srian ar an gceart rochtana ar dhoiciméid nach dtagann faoi réim na gcatagóirí atá liostaithe; féadfar na doiciméid sin a chur ar fáil ar iarratas i scríbhinn a fháil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Déanfaidh an Biúró rialacha a ghlacadh maidir le rochtain ar dhoiciméid, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

4.

Ainmneoidh an Biúró na comhlachtaí a bheidh freagrach as iarratais tosaigh a láimhseáil (Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001) agus as cinntí ar iarratais daingniúcháin (Airteagal 8 den Rialachán sin) agus as iarratais ar rochtain ar dhoiciméid íogaire (Airteagal 9 den Rialachán sin) a ghlacadh.

5.

Beidh duine de na Leas-Uachtaráin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a láimhseáiltear iarratais ar rochtain ar dhoiciméid.

6.

Glacfaidh an Biúró an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

7.

Scrúdóidh coiste freagrach na Parlaiminte trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte ar bhonn rialta agus cuirfidh sé tuarascáil lena chonclúidí agus lena mholtaí faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

Féadfaidh an coiste freagrach na tuarascálacha arna nglacadh ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaireachtaí eile i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a scrúdú agus a mheasúnú freisin.

8.

Ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán ionadaithe na Parlaiminte ar an gcoiste idirinstitiúideach arna bhunú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Riail 123

Rochtain ar an bParlaimint

1.

Déanfar suaitheantais rochtana a eisiúint d’Fheisirí, do chúntóirí Feisirí agus do thríú daoine ar bhonn na rialacha arna leagan síos ag an mBiúró. Déanfaidh na rialacha sin rialú ar úsáid agus ar tharraingt siar suaitheantas rochtana.

2.

Ní thabharfar suaitheantais do dhaoine aonair ó fhoireann Feisire, ar daoine aonair iad a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta.

3.

Ní mór d’eintitis a liostaítear ar an gclár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:

an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gcomhaontú;

na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa chomhaontú; agus

na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.

Gan dochar d’infheidhmeacht na rialacha ginearálta lena rialaítear tarraingt siar nó díghníomhú sealadach a dhéanamh ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach, agus murab ann d’argóintí suntasacha dá mhalairt, déanfaidh an tArdrúnaí, le húdarú na gCaestóirí, tarraingt siar nó díghníomhú sealadach ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach i gcás ina ndearnadh a shealbhóir a chosc ón gclár trédhearcachta de bharr sárú ar an gCód Iompar do Chláraithe, ina raibh an sealbhóir ciontach as sárú ar oibleagáidí arna leagan síos sa mhír seo, nó inar dhiúltaigh an sealbhóir, gan údar leordhóthanach a thabhairt, toghairm fhoirmiúil chun freastal ar éisteacht nó ar chruinniú coiste a chomhlíonadh nó inar dhiúltaigh sé nó sí comhoibriú le coiste fiosrúcháin.

4.

Féadfaidh na Caestóirí a chinneadh a mhéid atá an Cód Iompair dá dtagraítear i mír 3 infheidhme maidir le daoine nach dtagann faoi réim raon feidhme an chomhaontaithe ach ar daoine iad a bhfuil suaitheantas lena dtugtar rochtain fhadtéarmach acu.

5.

I gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe maidir leis an gclár trédhearcachta a bhunú, déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.

TEIDEAL V

CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE

CAIBIDIL 1

Ceapacháin

Riail 124

Toghadh Uachtarán an Choimisiúin

1.

Nuair a mholann an Chomhairle Eorpach iarrthóir le haghaidh oifig Uachtarán an Choimisiúin, iarrfaidh an tUachtarán ar an iarrthóir ráiteas a dhéanamh agus a chuid nó a cuid treoirlínte polaitiúla a thíolacadh don Pharlaimint. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

Iarrfar ar an gComhairle Eorpach páirt a ghlacadh sa díospóireacht.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, toghfaidh an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.

Déanfar an vótáil le ballóid rúnda.

3.

Má thoghtar an t-iarrthóir, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Chomhairle, á iarraidh uirthi agus ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin ainmnithigh a mholadh de thoil a chéile do na poist éagsúla mar Choimisinéirí.

4.

Más rud é nach bhfaigheann an t-iarrthóir an tromlach is gá, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle Eorpach iarrthóir nua a mholadh laistigh de 1 mhí amháin agus beidh an t-iarrthóir sin le toghadh i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

Riail 125

Toghadh an Choimisiúin

1.

Déanfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin, i gcomhréir le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin thoghaí, a chur in iúl don Pharlaimint an chaoi a ndéanfar freagrachtaí (cúraimí) a leithdháileadh i gColáiste na gCoimisinéirí atá beartaithe.

2.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, a iarraidh ar na hainmnithigh arna moladh ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin agus ag an gComhairle do na poist éagsúla mar Choimisinéirí láithriú os comhair na gcoistí nó na gcomhlachtaí cuí de réir na réimsí ionchasacha freagrachta a bheidh acu.

3.

Is iad na coistí a stiúrfaidh na héisteachtaí. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar éisteacht a reáchtáil i bhformáid dhifriúil i gcás ina bhfuil freagrachtaí ag an gCoimisinéir ainmnithe ar freagrachtaí cothrománacha iad a bhformhór, ar choinníoll go mbeidh na coistí freagracha páirteach in éisteacht den sórt sin.

Tionólfar na héisteachtaí go poiblí.

4.

Iarrfaidh an coiste cuí nó na coistí cuí ar an gCoimisinéir ainmnithe ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt. Déanfar na héisteachtaí a eagrú ar shlí a fhágann go mbeidh ar chumas na gCoimisinéirí ainmnithe an fhaisnéis iomchuí go léir a nochtadh don Pharlaimint. Déanfar forálacha a bhaineann le heagrú éisteachtaí den sórt a leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (27).

5.

Tabharfar cuireadh d’Uachtarán toghaí coláiste na gCoimisinéirí agus a gclár a chur i láthair ag suí den Pharlaimint. Tabharfar cuireadh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus d’Uachtarán na Comhairle a bheith i láthair ag an suí sin. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

6.

Chun an díospóireacht sin a thabhairt chun críche, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 132(3) go (8).

7.

Tar éis na vótála ar thairiscint i gcomhair rúin, toghfaidh an Pharlaimint an Coimisiún, nó diúltóidh sí dó, le tromlach na vótaí a chaitear agus le glaoch rolla. Féadfaidh an Pharlaimint an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

8.

Cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle cibé acu a toghadh an Coimisiún nó a diúltaíodh dó.

9.

Más rud é, le linn théarma oifige an Choimisiúin, go dtarlaíonn athrú substaintiúil ar chúraimí nó athrú ar chomhdhéanamh an Choimisiúin, iarrfar ar na Coimisinéirí lena mbaineann, nó ar aon Choimisinéirí ainmnithe eile, páirt a ghlacadh in éisteacht arna tionól i gcomhréir le mír

10.

I gcás ina dtarlaíonn athrú ar chúraimí an Choimisinéara nó ar leasanna airgeadais Coimisinéara le linn a théarma nó a téarma oifige, beidh an staid sin faoi réir ghrinnscrúdú na Parlaiminte i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

Má shainaithnítear coinbhleacht leasa le linn téarma oifige Coimisinéara agus má mhainníonn an Coimisiún moltaí na Parlaiminte maidir le réiteach na coinbhleachta leasa sin a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar Uachtarán an Choimisiún muinín sa Choimisinéir i dtrácht a tharraingt siar, de bhun mhír 5 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn a chearta nó a cearta pinsin nó sochair eile in ionad pinsin a bhaint den Choimisinéir i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 245 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Riail 126

Cláreagrú ilbhliantúil

Ar Choimisiún nua a cheapadh, déanfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, de bhun mhír 5 den Chomhaontú Idirinstitiúideach ar Reachtaíocht Níos Fearr, tuairimí a mhalartú agus conclúidí comhpháirteacha maidir le cláreagrú ilbhliantúil a chomhaontú.

Chuige sin, agus sula ndéanfar na conclúidí comhpháirteacha maidir le cláreagrú ilbhliantúil a chaibidliú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, seolfaidh an tUachtarán malartú tuairimí le Comhdháil na nUachtarán maidir leis na príomhchupsóirí beartais agus maidir leis na tosaíochtaí don téarma reachtach nua. Cuirfear san áireamh sa mhalartú tuairimí sin, inter alia, na tosaíochtaí arna dtíolacadh ag Uachtarán tofa an Choimisiúin, chomh maith leis na freagraí a thug Coimisinéirí ainmnithe le linn na n-éisteachtaí dá bhforáiltear i Riail 125.

Sula síneofar na conclúidí comhpháirteacha, lorgóidh an tUachtarán formheas Chomhdháil na nUachtarán.

Riail 127

Tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin

1.

Féadfaidh an deichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Uachtaráin. Más rud é go ndearnadh vótáil ar thairiscint cáinte i rith na tréimhse 2 mhí roimhe sin, ní bheidh aon tairiscint cáinte nua arna chur síos ag níos lú ná an cúigiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint inghlactha.

2.

Tabharfar “tairiscint cáinte” ar an tairiscint agus déanfar cúiseanna a lua inti. Cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún í.

3.

Láithreach tar éis tairiscint cáinte a fháil, tabharfaidh an tUachtarán fógra do na Feisirí á rá go bhfuil an tairiscint cáinte curtha síos.

4.

Ní bheidh an díospóireacht ar cháineadh ann go dtí 24 huaire an chloig ar a laghad tar éis fógra a thabhairt do na Feisirí á rá go bhfuarthas tairiscint cáinte.

5.

Is trí ghlaoch rolla a dhéanfar an vótáil ar an tairiscint agus ní dhéanfar an vótáil go dtí 48 n-uaire an chloig ar a laghad tar éis thús na díospóireachta.

6.

Gan dochar do mhír 4 agus do mhír 5, beidh an díospóireacht agus an vótáil ann, ar a dhéanaí, i rith an pháirtseisiúin i ndiaidh thíolacadh na tairisceana.

7.

I gcomhréir le hAirteagal 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfar an tairiscint cáinte má fhaigheann sé tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, agus gurb ionann sin agus tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint. Cuirfear toradh na vótála in iúl d’Uachtarán na Comhairle agus d’Uachtarán an Choimisiúin.

Riail 128

Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Ar mholadh ón gcoiste freagrach, ceapfaidh an Pharlaimint a hainmnitheach chuig painéal de sheachtar a mbeidh sé de chúram orthu grinnscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun oifig a shealbhú mar Bhreitheamh nó mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta. Roghnóidh an coiste freagrach an t-ainmnitheach is mian leis a mholadh trí vótáil le tromlach simplí a sheoladh. Chun na críche sin, bunóidh comhordaitheoirí an choiste sin gearrliosta iarrthóirí.

Riail 129

Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a Cheapadh

1.

Iarrfar ar iarrthóirí a bheidh ainmnithe mar Chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann comhaltaí an choiste a fhreagairt. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

2.

Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas.

3.

Déanfar an vótáil i suí iomlánach laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

4.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Riail 130

Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh

1.

Iarrfar ar an iarrthóir a bheidh ainmnithe mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán nó mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.

2.

Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas.

3.

Déanfar an vótáil laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

4.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán go ndéanfaí an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus go ndéanfaí ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Riail 131

Ceapacháin chuig comhlachtaí rialachais eacnamaíoch

1.

Beidh feidhm ag an Riail seo maidir le ceapadh na ndaoine seo a leanas:

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh;

Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha Bhord Réitigh Aonair an tSásra Réitigh Aonair;

Cathaoirligh agus Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); agus

Stiúrthóir Bainistíochta agus Leas-Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

2.

Iarrfar ar gach iarrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.

3.

Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint maidir le gach togra le haghaidh ceapacháin.

4.

Déanfar an vótáil laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

5.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán go ndéanfaí an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus go ndéanfaí ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

CAIBIDIL 2

Ráitis

Riail 132

Ráitis ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach

1.

Féadfaidh Comhaltaí den Choimisiún, den Chomhairle agus den Chomhairle Eorpach cead a iarraidh ar Uachtarán na Parlaiminte aon tráth ráiteas a dhéanamh. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ráiteas tar éis gach ceann dá cuid cruinnithe. Cinnfidh Uachtarán na Parlaiminte an tráth a bhféadfar an ráiteas a dhéanamh agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an mbeidh díospóireacht iomlán ann ina dhiaidh nó an mbeidh tréimhse de cheisteanna gearra agus achoimre ó na Feisirí ann, ar tréimhse í a mhairfidh 30 nóiméad.

2.

Nuair atá ráiteas maille le díospóireacht á chur ar a clár oibre ag an bParlaimint, déanfaidh sí cinneadh i dtaobh an dtabharfar, nó nach dtabharfar an díospóireacht chun deiridh le rún. Ní dhéanfaidh sí amhlaidh má tá tuarascáil ar an ábhar céanna sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun deiridh le rún, féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos.

3.

Déanfar vótáil ar thairiscintí i gcomhair rúin ag an tráth vótála is luaithe is féidir. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le haon eisceachtaí. Beidh mínithe ar an vótáil inghlactha.

4.

Glacfaidh comhthairiscint i gcomhair rúin ionad na dtairiscintí i gcomhair rún arna gcur síos roimhe sin ag a sínitheoirí, ach ní ghlacfaidh sí ionad na dtairiscintí sin arna gcur síos ag coistí eile, ag grúpaí polaitiúla eile nó ag Feisirí eile.

5.

Má chuireann grúpaí polaitiúla a bhfuil tromlach glan acu comhthairiscint i gcomhair rúin síos, féadfaidh an tUachtarán an rún sin a chur chun vóta ar dtús.

6.

Tar éis rún a ghlacadh, ní fhéadfar vótáil a dhéanamh ar aon tairiscintí eile mura rud é go gcinneann an tUachtarán a mhalairt in imthosca eisceachtúla.

7.

Beidh údar nó údair tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos faoi mhír 2 nó faoi Riail 144(2) i dteideal an tairiscint a tharraingt siar sula ndéanfar an vótáil chríochnaitheach.

8.

Féadfaidh grúpa, coiste nó an líon céanna Feisirí atá i dteideal tairiscint i gcomhair rúin a chur síos tairiscint i gcomhair rún a tarraingíodh siar a ghlacadh ar láimh agus a chur síos arís láithreach. Beidh feidhm ag an mír seo agus ag mír 7 freisin maidir leis na rúin arna gcur síos faoi Riail 111 agus Riail 112.

Riail 133

Ráitis ina mínítear cinntí ón gCoimisiún

Iarrfaidh an tUachtarán ar Uachtarán an Choimisiúin, ar an gCoimisinéir atá freagrach as caidreamh le Parlaimint na hEorpa nó, trí chomhaontú, ar Choimisinéir eile ráiteas a dhéanamh sa Pharlaimint tar éis gach cruinnithe den Choimisiún, ar ráiteas é ina mínítear na príomhchinntí a glacadh, mura rud é go gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán nach bhfuil gá leis sin, ar chúiseanna a bhaineann le socrú amchláir nó toisc é a bheith ábhartha go polaitiúil leis an ábhar lena mbaineann. Beidh díospóireacht a mhairfidh 30 nóiméad ar a laghad ann tar éis an ráitis agus féadfaidh Feisirí ceisteanna gearra, achoimre a chur lena linn.

Riail 134

Ráitis ón gCúirt Iniúchóirí

1.

I gcomhthéacs an nós imeachta maidir le hurscaoileadh nó ghníomhaíochtaí na Parlaiminte i réimse an smachta bhuiséadaigh, féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí ráiteas a dhéanamh chun na Parlaiminte chun na tuairimí atá sa Tuarascáil Bhliantúil, tuarascálacha speisialta nó tuairimí a thíolacadh na Cúirte, nó chun clár oibre na Cúirte a mhíniú.

2.

Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh díospóireacht ar leithligh, agus an Coimisiún agus an Chomhairle a bheith rannpháirteach inti, a sheoladh ar aon cheisteanna a ardaítear i ráitis den sórt sin go háirithe nuair a bheifear tar éis neamhréireachtaí a thuairisciú maidir le bainistíocht airgeadais

Riail 135

Ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach

1.

Tabharfar cuireadh d’Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha a chur i láthair sa Pharlaimint.

2.

Beidh díospóireacht ghinearálta ann i ndiaidh an chur i láthair sin.

3.

Tabharfar cuireadh d’Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe den choiste freagrach ceithre huaire sa bhliain ar a laghad chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

4.

Má iarrann siadsan nó an Pharlaimint amhlaidh, tabharfar cuireadh d’Uachtarán, do Leas- Uachtarán agus Chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe breise.

5.

Déanfar tuarascáil focal ar fhocal de na himeachtaí faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a tharraingt suas.

CAIBIDIL 3

Ceisteanna parlaiminteacha

Riail 136

Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht

1.

Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus iarraidh ag gabháil leo go gcuirfear ar chlár oibre na Parlaiminte iad.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn. Déanfaidh an tUachtarán iad a tharchur láithreach chuig Comhdháil na nUachtarán.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an gcuirfear nó nach gcuirfear na ceisteanna sin ar an dréachtchlár oibre i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 157. Maidir le ceisteanna nach gcuirtear ar dhréachtchlár oibre na Parlaiminte laistigh de 3 mhí ón tráth a thíolactar iad, titfidh siad ar lár.

2.

Déanfar ceisteanna arna ndíriú chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharchur chuig an seolaí seachtain amháin ar a laghad roimh an suí iomlánach a mbeidh na ceisteanna sin ar a chlár oibre agus déanfar ceisteanna arna ndíriú chuig an gComhairle a tharchur chuici 3 seachtaine ar a laghad roimh an dáta sin.

3.

I gcás ina mbaineann na ceisteanna leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 2, agus ní mór an freagra a thabhairt sách pras ionas go gcoimeádfar an Pharlaimint ar an eolas go cuí.

4.

Déanfaidh Feisire arna ainmniú roimh ré ag na ceistitheoirí an cheist a thairiscint sa Pharlaimint. Mura bhfuil an Feisire sin i láthair, titfidh an cheist ar lár. Freagróidh an seolaí.

5.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(2) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

Riail 137

Tráth na gCeisteanna

1.

Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh leis an gCoimisiún ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad ar théama cothrománach sonrach amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán 1 mhí amháin roimh an bpáirtseisiún.

2.

Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama cothrománach sonrach nó leis na téamaí cothrománacha sonracha a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh ar na Coimisinéirí. Beirt in aghaidh an pháirtseisiúin an teorainn a bheidh le líon na gCoimisinéirí a dtabharfar cuireadh dóibh. Mar sin féin, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Coimisinéir, ag brath ar an téama cothrománach sonrach nó na téamaí cothrománacha sonracha a roghnaítear do Thráth na gCeisteanna.

3.

I gcomhréir le treoirlínte arna mbunú ag Comhdháil na nUachtarán, féadfar Tráth na gCeisteanna sonrach a thionól do cheisteanna ar an gComhairle, do cheisteanna ar Uachtarán an Choimisiúin, do cheisteanna ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do cheisteanna ar Uachtarán an Ghrúpa Euro.

4.

Ní dhéanfar leithdháileadh sonrach ar Thráth na gCeisteanna roimh ré. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtabharfar éisteacht ina sea d’Fheisirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do Bhallstáit éagsúla.

5.

Tabharfar aon nóiméad amháin don Fheisire chun a cheist a chur agus tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun í a fhreagairt. Féadfaidh an Feisire sin ceist fhorlíontach a mhairfidh 30 soicind a chur, agus beidh baint dhíreach ag an gceist fhorlíontach leis an bpríomhcheist. Ansin, tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun freagra forlíontach a thabhairt.

Ní mór go mbeadh na ceisteanna agus na ceisteanna forlíontacha bainteach go díreach leis an téama cothrománach sonrach a bheidh roghnaithe faoi mhír 1. Féadfaidh an tUachtarán rialú a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht.

Riail 138

Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn

1.

Féadfaidh aon Fheisire, grúpa polaitiúil nó coiste ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a dhíriú chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhréir le critéir arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Is ar údair na gceisteanna a bheidh an fhreagracht iomlán as inneachar na gceisteanna sin. (28)

2.

Cuirfear ceisteanna i bhfoirm leictreonach faoi bhráid an Uachtaráin. Is é an tUachtarán a shocróidh saincheisteanna faoi inghlacthacht ceiste. Ní bheidh cinneadh an Uachtaráin bunaithe go heisiach ar fhorálacha na hiarscríbhinne dá dtagraítear i mír 1 ach beidh sé bunaithe ar fhorálacha na Rialacha Nós Imeachta seo i gcoitinne. Cuirfear cinneadh réasúnaithe an Uachtaráin in iúl don cheistitheoir.

3.

Féadfaidh gach Feisire, grúpa polaitiúil nó coiste fiche ceist ar a mhéad in aghaidh tréimhse leanúnach 3 mhí a thíolacadh. Mar riail ghinearálta, freagróidh an seolaí na ceisteanna laistigh de thréimhse 6 seachtaine ón tráth ar cuireadh na ceisteanna chuige. Féadfaidh aon Fheisire, grúpa polaitiúil nó coiste ceann amháin dá cheisteanna a ainmniú mar “cheist tosaíochta” a bheidh le freagairt ag an seolaí laistigh de 3 seachtaine ón tráth a cuireadh chuige í.

4.

Féadfaidh Feisirí eile seachas an t-údar cuidiú le ceist. Ní chuirfear na ceisteanna sin san áireamh ach in uaslíon ceisteanna an údair agus ní in uaslíon an chuiditheora faoi mhír 3.

5.

Murar fhreagair an seolaí ceist laistigh den spriocdháta dá bhforáiltear i mír 3, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh é a chur ar an gclár oibre dá chéad chruinniú eile.

6.

Déanfar na ceisteanna agus na freagraí, lena n-áirítear na hiarscríbhinní a bhaineann leo, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

Riail 139

Trascheisteanna móra i gcomhair freagra i scríbhinn

1.

Is é a bheidh i dtrascheisteanna móra ná ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a chuirfidh grúpa polaitiúil ar an gComhairle, ar an gCoimisiún anó ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

2.

Beidh an trascheist mhór ag baint le hábhar is leas ginearálta agus déanfar í a chur faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn. Ní bheidh sí níos faide ná 500 focal. Ar choinníoll go bhfuil an trascheist mhór i gcomhréir le forálacha na Rialacha i gcoitinne, cuirfidh an tUachtarán faoi bhráid an tseolaí láithreach le haghaidh freagra i scríbhinn í.

3.

Beidh uasmhéid 30 trascheist mór ann gach bliain. Áiritheoidh Comhdháil na nUachtarán go roinnfear go cothrom na trascheisteanna sin i measc na ngrúpaí polaitiúla, agus ní chuirfidh aon ghrúpa polaitiúil níos mó ná trascheist amháin in aghaidh na míosa.

4.

Má mhainníonn an seolaí freagra a thabhairt ar an trascheist mhór laistigh de 6 seachtaine tar éis í a bheith curtha ar aghaidh chuige, cuirfear an trascheist ar dhréachtchlár oibre críochnaitheach na Parlaiminte, arna iarraidh sin ag an údar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 157 agus faoi réir mhír 6.

5.

Ar an bhfreagra i scríbhinn a fháil, má iarrann Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad amhlaidh, cuirfear an trascheist ar dhréachtchlár oibre críochnaitheach na Parlaiminte, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 157 agus faoi réir mhír 6.

6.

Ní rachaidh líon na dtrascheisteanna móra a ndéantar díospóireacht orthu le linn an pháirtseisiúin chéanna thar trí. Má iarrtar díospóireachtaí le haghaidh níos mó ná trí thrascheist mhór le linn an pháirtseisiúin chéanna, cuirfidh Comhdháil na nUachtarán san áireamh iad sa dréachtchlár oibre críochnaitheach de réir an oird a fuair sí na hiarrataí sin le haghaidh díospóireachta.

7.

Déanfaidh comhalta arna ainmniú roimh ré ag an údar, nó ag na daoine a iarrann an díospóireacht i gcomhréir le mír 2, an trascheist mhór a thairiscint sa Pharlaimint. Mura bhfuil an Feisire sin i láthair, titfidh an trascheist mhór ar lár. Freagróidh an seolaí.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(2) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rún a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

8.

Déanfar na trascheisteanna sin, mar aon leis na freagraí a bhaineann leo, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

Riail 140

Ceisteanna arna ndíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhair freagra i scríbhinn

1.

Féadfaidh aon Fheisire uasmhéid de shé cheist i gcomhair freagra i scríbhinn in aghaidh na míosa a dhíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le critéir arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo18. Is ar údair na gceisteanna a bheidh an fhreagracht iomlán as inneachar na gceisteanna sin. (29)

2.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid Chathaoirleach an choiste fhreagraigh i scríbhinn. Ar cheisteanna den sórt sin a fháil, tabharfaidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh fógra ina dtaobh don Bhanc Ceannais Eorpach. Is é Cathaoirleach an choiste fhreagraigh a shocróidh saincheisteanna faoi inghlacthacht ceiste. Cuirfear aon chinneadh den sórt sin in iúl don cheistitheoir.

3.

Foilseofar ceisteanna den sórt sin, mar aon leis na freagraí orthu, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

4.

Más rud é nach mbeidh freagra faighte ar cheist i gcomhair freagra i scríbhinn laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfar, ar iarraidh ó údar na ceiste, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile den choiste freagrach le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Riail 141

Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair

1.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 140(1), (2), agus (3) i ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair. Déanfar líon na gceisteanna sin a dhealú ón uaslíon de shé cheist in aghaidh na míosa dá bhforáiltear i Riail 140(1).

2.

Más rud é nach mbeidh freagra i scríbhinn faighte ar cheist laistigh de thréimhse 5 seachtaine, féadfar, ar iarraidh ó údar na ceiste, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile den choiste freagrach le Cathaoirleach Bhord an tseolaí.

CAIBIDIL 4

Tuarascálacha ó institiúidí agus ó chomhlachtaí eile

Riail 142

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile

1.

Maidir le tuarascálacha bliantúla agus maidir le tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile, ar ina leith a dhéantar foráil leis na Conarthaí á rá go rachfar i gcomhairle leis an bParlaimint, nó ar ina leith a cheanglaítear le forálacha dlíthiúla eile tuairim de chuid na Parlaiminte a fháil, déileálfar leo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

2.

Déanfar tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile nach gclúdaítear le raon feidhme mhír 1 a tharchur chuig an gcoiste freagrach, a dhéanfaidh iad a scrúdú, agus a d’fhéadfadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint nó a mholadh go ndéanfar tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54, má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh maidir le ceist thábhachtach a clúdaíodh sna tuarascálacha.

CAIBIDIL 5

Rúin agus moltaí

Riail 143

Tairiscintí i gcomhair rún

1.

Féadfaidh aon Fheisire tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar ábhar a thagann faoi réim ghníomhaíochta an Aontais Eorpaigh.

Ní fhéadfaidh níos mó ná 200 focal a bheith sa tairiscint sin.

2.

Maidir le hinneachar na tairisceana sin, ní fhéadfaidh:

cinneadh a bheith ann maidir le nithe a bhfuil nósanna imeachta sonracha agus inniúlachtaí sonracha eile leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta seo maidir leo, go háirithe Riail 47, nó

go mbeidh sé ag déileáil le hábhar imeachtaí atá ar siúl fós sa Pharlaimint.

3.

Ní fhéadfaidh gach Feisire níos mó ná tairiscint amháin den sórt sin a chur síos gach mí.

4.

Cuirfear an tairiscint i gcomhair rúin faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme á gcomhlíonadh aige. Má dhearbhaíonn an tUachtarán an tairiscint a bheith inghlactha, fógróidh sé sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh sé chuig an gcoiste freagrach é.

5.

Déanfaidh an coiste freagrach cinneadh i dtaobh cén nós imeachta a bheidh le leanúint, agus féadfar a bheith i gceist leis tairiscint i gcomhair rúin a nascadh le tairiscintí eile i gcomhair rún nó le tuarascálacha eile, tuairim a ghlacadh, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm litreach, nó tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54. Féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh freisin gan gníomh iardain a dhéanamh maidir leis an tairiscint i gcomhair rúin.

6.

Cuirfear cinntí an Uachtaráin, an choiste agus Chomhdháil na nUachtarán in iúl d’údair tairisceana i gcomhair rúin.

7.

Beidh téacs na tairisceana i gcomhair rúin san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

8.

Tuairimí i bhfoirm litreach dá dtagraítear i mír 5 agus a dhírítear chuig institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an tUachtarán iad a chur ar aghaidh chucu.

9.

Féadfaidh údar nó údair nó céadsínitheoir tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos i gcomhréir le mír 1 an tairiscint sin a tharraingt siar sula ndéanann an coiste freagrach cinneadh, i gcomhréir le mír 2, chun tuarascáil a tharraingt suas uirthi.

Ón tráth a ghlacfaidh an coiste freagrach an tairiscint sin i gcomhair rúin ar láimh amhlaidh, is é an coiste sin amháin a mbeidh sé de chumhacht aige í a tharraingt siar. Coimeádfaidh an coiste freagrach an chumhacht sin chun í a tharraingt siar go dtí go gcuirfear tús leis an vótáil chríochnaitheach sa suí iomlánach.

Riail 144

Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta

1.

Féadfaidh coiste, toscaireacht idirpharlaiminteach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh, i scríbhinn, ar an Uachtarán díospóireacht a sheoladh ar chás práinneach a bhaineann le sárú ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

2.

Tarraingeoidh Comhdháil na nUachtarán suas liosta ábhar a bheidh le cur san áireamh sa dréachtchlár oibre críochnaitheach don chéad díospóireacht eile ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ar bhonn na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IV. Ní bheidh líon iomlán na n-ábhar a bheidh san áireamh sa chlár oibre níos mó ná trí, lena n-áirítear fochaibidlí.

I gcomhréir le Riail 158, féadfaidh an Pharlaimint topaic a raibh díospóireacht le déanamh uirthi a thréigean agus topaic neamhsceidealta a chur ina hionad sa díospóireacht. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscintí i gcomhair rún ar na hábhair a roghnaítear a chur síos faoi thráthnóna an lae a nglactar an clár oibre. Socróidh an tUachtarán an sprioc-am beacht le haghaidh tairiscintí i gcomhair rúin den sórt sin a chur síos.

3.

Déanfar an t-am labhartha iomlán do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte a leithroinnt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 171(4) agus (5), suas go ham uasta i gcomhair díospóireachtaí, is é sin, 60 nóiméad in aghaidh an pháirtseisiúin.

Maidir le haon am atá fágtha tar éis an t-am a bheidh ag teastáil chun na tairiscintí i gcomhair rúin a thabhairt isteach, mar aon le haon am labhartha a leithroinntear chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, a asbhaint, déanfar é a mhiondealú idir na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte.

4.

Beidh vótáil ann láithreach ag deireadh na díospóireachta. Ní bheidh feidhm ag Riail 194 a bhaineann leis na mínithe ar an vótáil.

Féadfar vótálacha a dhéantar faoin Riail seo a eagrú ar bhonn comhpháirteach faoi fhreagracht an Uachtaráin agus Chomhdháil na nUachtarán.

5.

Má dhéantar dhá thairiscint i gcomhair rún, nó níos mó, a chur síos ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i Riail 132(4) agus (5).

6.

Féadfaidh an tUachtarán agus Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla a chinneadh go ndéanfar vótáil ar thairiscint i gcomhair rúin gan aon díospóireacht a bheith ann. Beidh comhaontú d’aon toil ó Chathaoirligh uile na ngrúpaí polaitiúla ag teastáil chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh.

Níl feidhm ag forálacha Riail 197 agus Riail 198 maidir le tairiscintí i gcomhair rún atá ar an gclár oibre le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

Ní dhéantar tairiscintí i gcomhair rún a chur síos le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ach amháin tar éis liosta na n-ábhar a bheith glactha. Maidir le tairiscintí i gcomhair rún nach féidir déileáil leo san am a leithroinntear don díospóireacht, titfidh siad ar lár. Baineann sé sin freisin le tairiscintí i gcomhair rún a suitear ina leith, tar éis iarraidh faoi Riail 178(3), nach bhfuil córam i láthair. Tá na húdair i dteideal tairiscintí den sórt sin a chur síos an athuair lena mbreithniú i gcoiste faoi Riail 143 nó le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ag an gcéad pháirtseisiún eile.

Ní fhéadfar ábhar a chur san áireamh sa chlár oibre le haghaidh díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta má tá sé ar an gclár oibre don pháirtseisiún sin cheana féin.

Níl aon fhorálacha ann sna Rialacha lena gceadaítear díospóireacht chomhpháirteach ar thairiscint i gcomhair rúin, arna cur síos i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2, agus ar thuarascáil ó choiste ar an ábhar céanna.

I gcás ina ndéantar iarraidh faoi Riail 178(3) a shuí an bhfuil córam i láthair, ní bheidh an iarraidh sin bailí ach amháin don tairiscint i gcomhair rún a bhfuiltear le vótáil a dhéanamh uirthi agus ní do na tairiscintí sin a bheidh ann ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL 6

Dul i gcomhairle le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile

Riail 145

Dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

1.

I gcás ina ndéanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráil maidir le comhairliúchán leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, tionscnóidh an tUachtarán an nós imeachta comhairliúcháin agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

2.

Féadfaidh coiste a iarraidh go rachfar i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar nithe de chineál ginearálta nó ar phointí sonracha.

Léireoidh an coiste ina iarraidh an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim a thabhairt.

Déanfar iarraidh maidir le dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a fhógairt don Pharlaimint ag a céad pháirtseisiún ina dhiaidh sin agus measfar é sin a bheith formheasta, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, laistigh de thréimhse 24 huaire ón bhfógairt, go ndéanfaí é a chur chun vóta.

3.

Déanfar tuairimí arna gcur ar aghaidh ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Riail 146

Dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

1.

I gcás ina ndéanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráil maidir le comhairliúchán le Coiste na Réigiún, tionscnóidh an tUachtarán an nós imeachta comhairliúcháin agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

2.

Féadfaidh coiste a iarraidh go rachfar i gcomhairle le Coiste na Réigiún ar nithe de chineál ginearálta nó ar phointí shonracha.

Léireoidh an coiste ina iarraidh an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Choiste na Réigiún a thuairim a thabhairt.

Déanfar a iarraidh maidir le dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún a fhógairt don Pharlaimint ag a céad pháirtseisiún ina dhiaidh sin agus measfar é sin a bheith formheasta, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, laistigh de thréimhse 24 huaire ón bhfógairt, go ndéanfaí é a chur chun vóta.

3.

Déanfar tuairimí arna gcur ar aghaidh ag Coiste na Réigiún a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Riail 147

Iarrataí chuig Gníomhaireachtaí Eorpacha

1.

I gcás ina bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint iarraidh a chur faoi bhráid Gníomhaireachta Eorpaí, féadfaidh aon Fheisire an iarraidh sin a chur faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte i scríbhinn. Beidh baint ag iarrataí den sórt sin le nithe a thagann faoi réim shainchúram na Gníomhaireachta lena mbaineann agus beidh faisnéis chúlra ag gabháil leo ina mínítear an tsaincheist agus leas an Aontais.

2.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach, an iarraidh a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht nó déanfaidh sé aon bheart cuí eile. Cuirfear an beart a dhéantar in iúl láithreach don Fheisire a thíolacann an iarraidh. Beidh teorainn ama i gcomhair freagra san áireamh in aon iarraidh a chuireann an tUachtarán chuig Gníomhaireacht.

3.

Má mheasann an Ghníomhaireacht nach bhfuil sé ar a cumas freagra a thabhairt ar an iarraidh faoi mar atá sí ceaptha, nó má fhéachann sí leis an iarraidh a mhodhnú, cuirfidh sí an méid sin in iúl don Uachtarán láithreach agus déanfaidh an tUachtarán aon bheart cuí, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá.

CAIBIDIL 7

Comhaontuithe idirinstitiúideacha

Riail 148

Comhaontuithe idirinstitiúideacha

1.

Féadfaidh an Pharlaimint comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eile i gcomhthéacs fheidhmiú na gConarthaí nó chun nósanna imeachta a fheabhsú nó a shoiléiriú.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheidh i gcomhaontuithe den sórt sin ná dearbhuithe comhpháirteacha, malartú litreacha, cóid iompair nó ionstraimí cuí eile. Tar éis don choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla iad a scrúdú agus tar éis don Pharlaimint iad a fhormheas, síneoidh an tUachtarán iad.

2.

I gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, athruithe a dhéanamh ar chearta nós imeachta nó oibleagáidí atá ann cheana d’Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás ina mbunaíonn comhaontuithe den sórt sin cearta nua nós imeachta nó oibleagáidí nua d’Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, leasú nó léirmhíniú a dhéanamh ar shlí eile ar na Rialacha Nós Imeachta, tarchuirfear an t-ábhar chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar le go mbreithneoidh sé é i gcomhréir le Riail 236(2) go (6) sula síneofar an comhaontú.

CAIBIDIL 8

Ábhair arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Riail 149

Imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.

Déanfaidh an Pharlaimint, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna Conarthaí agus i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhair caingean ag institiúidí an Aontais agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, reachtaíocht an Aontais agus a cur chun feidhme a scrúdú lena chinntiú gur comhlíonadh na Conarthaí go hiomlán, go háirithe i gcás ina bhfuil cearta na Parlaiminte i gceist.

2.

I gcás ina bhfuil drochamhras air gur sáraíodh dlí an Aontais, tuairisceoidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla don Pharlaimint, ó bhéal más gá. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla éisteacht le tuairimí an choiste atá freagrach as an ábhar.

3.

Tionscnóidh an tUachtarán caingean thar ceann na Parlaiminte i gcomhréir le moladh ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla.

Ag tús an pháirtseisiúin ina dhiaidh sin, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an bParlaimint cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart an chaingean a choimeád ar bun. Más rud é go rialaíonn an Pharlaimint in aghaidh na caingne le tromlach na vótaí a chaitear, tarraingeoidh an tUachtarán siar an chaingean.

Más rud é go dtionscnóidh an tUachtarán caingean contrártha don mholadh ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, iarrfaidh sé ar an bParlaimint ag tús an pháirtseisiúin ina dhiaidh sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart an chaingean a choimeád ar bun.

4.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, tuairimí a thíolacadh, nó déanfaidh sé idirghabháil, in imeachtaí cúirte thar ceann na

Má bheartaíonn an tUachtarán imeacht ó mholadh an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl don choiste agus tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig Comhdháil na nUachtarán agus a chúiseanna nó a cúiseanna á lua aige.

Más rud é go bhfuil Comhdháil na nUachtarán den tuairim nár cheart don Pharlaimint, go heisceachtúil, tuairimí a thíolacadh nó idirghabháil a dhéanamh i gcás atá os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar cás é ina bhfuil bailíocht dhlíthiúil gnímh de chuid na Parlaiminte á ceistiú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Parlaiminte gan mhoill.

Ní choisceann aon ní atá sna Rialacha seo ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla cinneadh a dhéanamh ar shocruithe cuí nós imeachta i gcomhair tharchur tráthúil a mholta i gcásanna práinneacha.

I gcás inar gá cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart don Pharlaimint a cearta vis-à-vis Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus i gcás nach bhfuil an gníomh i dtrácht clúdaithe le Riail 149 de na Rialacha Nós Imeachta seo, ba cheart go mbeadh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear sa riail seo.

5.

I gcásanna práinneacha, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle, más féidir, leis an gCathaoirleach agus le rapóirtéir an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, gníomh réamhchúraim a ghlacadh chun na teorainneacha ama ábhartha a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, déanfar na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 3 nó mír 4, de réir mar is infheidhme, a chur chun feidhme a luaithe is féidir.

6.

Leagfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla síos na prionsabail a úsáidfidh sé chun an Riail seo a chur i bhfeidhm.

TEIDEAL VI

CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Riail 150

Malartú faisnéise, teagmhálacha agus saoráidí cómhalartacha

1.

Déanfaidh an Pharlaimint parlaimintí náisiúnta na mBallstát a choimeád ar an eolas go rialta faoina cuid gníomhaíochtaí.

2.

Déanfar eagrú agus cur chun cinn éifeachtúil tráthrialta an chomhair idirpharlaimintigh san Aontas, de bhun Airteagal 9 den Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a chaibidil ar bhonn sainordú a thabharfaidh Comhdháil na nUachtarán, tar éis di dul i gcomhairle le Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

Déanfaidh an Pharlaimint aon chomhaontuithe ar nithe den sórt sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 148.

3.

Féadfaidh coiste dul i mbun cainteanna díreacha leis na parlaimintí náisiúnta ar leibhéal coiste, ach sin laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséadacha a bheidh curtha i leataobh chun na críche sin. D’fhéadfadh cineálacha cuí comhair réamhreachtaigh agus iar-reachtaigh a bheith i gceist leis sin.

4.

Déanfar aon doiciméad a bhaineann le nós imeachta reachtach ar leibhéal an Aontais agus a tharchuirfidh parlaimint náisiúnta go hoifigiúil chuig Parlaimint na hEorpa, a chur ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar a ndéileáiltear leis sa doiciméad sin.

5.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán sainordú a thabhairt don Uachtarán chun dul i mbun caibidlíocht faoi shaoráidí do pharlaimintí náisiúnta na mBallstát, ar bhonn cómhalartach, agus aon bhearta eile a mholadh chun teagmháil leis na parlaimintí náisiúnta sin a éascú.

Riail 151

An Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC)

1.

Ar thogra ón Uachtarán, ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig COSAC agus féadfaidh sí sainordú a thabhairt don toscaireacht sin. Beidh Leas-Uachtarán amháin de chuid Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta a chur chun feidhme agus Cathaoirleach an choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla i gceannas ar an toscaireacht.

2.

Roghnófar na comhaltaí eile den toscaireacht i bhfianaise na n-ábhar a bheidh le plé ag cruinniú COSAC agus áireofar orthu, a mhéid is féidir, ionadaithe ó na coistí atá freagrach as na hábhair sin.

3.

Agus comhaltaí na toscaireachta á roghnú, tabharfar aird chuí ar an gcóimheá pholaitiúil fhoriomlán laistigh den Pharlaimint.

4.

Cuirfidh an toscaireacht tuarascáil faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán tar éis gach ceann de chruinnithe COSAC.

Riail 152

Comhdháil na bParlaimintí

Ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig aon chomhdháil nó aon chomhlacht comhchosúil a bhfreastlaíonn ionadaithe ó pharlaimintí uirthi nó air agus tabharfaidh sí sainordú don toscaireacht sin a bheidh i gcomhréir le haon rúin iomchuí de chuid na Parlaiminte. Toghfaidh an toscaireacht a Cathaoirleach féin agus, i gcás inarb iomchuí, toghfaidh sí Leas-Chathaoirleach amháin nó níos mó.

TEIDEAL VII

SEISIÚIN

CAIBIDIL 1

Seisiúin na Parlaiminte

Riail 153

Téarma parlaiminteach, seisiúin, páirtseisiúin, suíonna

1.

Is é a bheidh sa téarma parlaiminteach ná téarma atá comhthráthach le téarma oifige na bhFeisirí dá bhforáiltear in Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976.

2.

Is é a bheidh sa seisiún ná an tréimhse bhliantúil arna forordú leis an Ionstraim agus leis na Conarthaí.

3.

Is é a bheidh sa pháirtseisiún ná cruinniú na Parlaiminte arna chomóradh de ghnáth gach mí agus arna fhoroinnt ina shuíonna laethúla.

Measfar gur aon suí amháin atá i suíonna den Pharlaimint a sheoltar an lá céanna.

Riail 154

Comóradh na Parlaiminte

1.

I gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 229 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tiocfaidh an Pharlaimint le chéile, gan aon ghá lena comóradh, an dara Máirt de mhí an Mhárta gach bliain. Socróidh an Pharlaimint féin fad na dtréimhsí a gcuirfear an seisiún ar atráth lena linn.

2.

Ina theannta sin, tiocfaidh an Pharlaimint le chéile, gan aon ghá lena comóradh, an chéad Mháirt tar éis tréimhse míosa a bheith caite ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Ghníomh an 20 Meán Fómhair 1976.

3.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, agus a cuid cúiseanna á lua aici, fad na dtréimhsí a mbeidh an seisiún ar atráth lena linn, arna socrú de bhun mhír 1, a athrú 2 sheachtain ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe roimhe sin ag an bParlaimint chun athchromadh ar an seisiún. Ní chuirfear an dáta chun athchromadh ar an seisiún siar níos faide ná 2 sheachtain, áfach.

4.

Ar iarraidh ó thromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í nó ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gComhairle, déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, an Pharlaimint a chomóradh ar bhonn eisceachtúil.

Beidh sé de cheart ag an Uachtarán, le formheas Chomhdháil na nUachtarán, na Pharlaimint a chomóradh i gcásanna práinne.

Riail 155

Ionad na suíonna agus na gcruinnithe

1.

Seolfaidh an Pharlaimint a cuid suíonna agus a cuid cruinnithe coiste i gcomhréir le forálacha na gConarthaí.

Ní bheidh ach tromlach de na vótaí a chaitear ag teastáil i gcomhair tograí le haghaidh páirtseisiún breise sa Bhruiséil agus le haghaidh aon leasuithe ar thograí den sórt sin.

2.

Féadfaidh aon choiste cinneadh a ghlacadh chun a iarraidh go seolfar cruinniú amháin nó níos mó in áit éigin eile. Is chuig an Uachtarán a dhéanfar iarraidh den sórt sin a mbeidh cúiseanna mar thacaíocht léi, agus cuirfidh an tUachtarán os comhair an Bhiúró í.

Má tá an cheist práinneach, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh a dhéanamh é féin nó í féin. Má dhiúltaíonn an Biúró nó an tUachtarán don iarratas, luafar na cúiseanna leis an diúltú.

Riail 156

Freastal na bhFeisirí ar shuíonna

1.

Beidh clár tinrimh ar oscailt lena shíniú ag na Feisirí ag gach suí.

2.

Déanfar ainmneacha na bhFeisirí atá taifeadta a bheith i láthair sa chlár tinrimh a léiriú i miontuairiscí gach suí mar “i láthair”. Déanfar ainmneacha na bhFeisirí a ndearna an tUachtarán iad a shaoradh a léiriú i miontuairiscí gach suí mar “saortha”.

CAIBIDIL 2

Ord gnó na Parlaiminte

Riail 157

Dréachtchlár oibre

1.

Roimh gach páirtseisiún, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán dréachtchlár oibre a tharraingt suas ar bhonn moltaí ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

Ar chuireadh ón Uachtarán, féadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle freastal ar phléití Chomhdháil na nUachtarán ar an dréacht den chlár oibre.

2.

Féadfar amanna vótála do mhíreanna áirithe a bheidh le breithniú a thaispeáint sa dréachtchlár oibre.

3.

Déanfar an dréachtchlár oibre críochnaitheach a chur ar fáil do na Feisirí trí huaire an chloig ar a laghad roimh thús an pháirtseisiúin.

Riail 158

An clár oibre a ghlacadh agus a leasú

1.

Ag tús gach páirtseisiúin, déanfaidh an Pharlaimint a clár oibre a ghlacadh. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad leasuithe ar an dréachtchlár oibre deiridh a mholadh. Ní mór aon tograí den sórt sin a bheith faighte ag an Uachtarán uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear tús leis an bpáirtseisiún. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt don té a dhéanann an tairiscint agus do chainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus do chainteoir amháin ina coinne ar feadh tréimhse nach faide ná nóiméad amháin i ngach cás.

2.

Tar éis an clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfar é a leasú, ach amháin de bhun Rialacha 163, 197, 198, 199, 200 nó 201 ar thogra ón Uachtarán.

Má dhiúltaítear do thairiscint nós imeachta chun an clár oibre a leasú, ní fhéadfar í a chur síos arís i rith an pháirtseisiúin sin.

Ní hionann dréachtú nó leasú a dhéanamh ar theideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a fhoirceannadh faoi Rialacha 132, 136 nó 144 agus athrú ar an gclár oibre, ar choinníoll go bhfanann an teideal laistigh de scóip an ábhair atá á phlé.

3.

Sula gcuirtear deireadh leis an suí, fógróidh an tUachtarán dáta, am agus clár oibre an chéad suí eile.

Riail 159

An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht

1.

I gcás inar glacadh le tuarascáil i gcoiste, agus níos lú ná an deichiú cuid de chomhaltaí an choiste a bheith tar éis vótáil ina choinne, déanfar í a chur ar dhréachtchlár oibre na Parlaiminte i gcomhair vótáil gan leasú.

Beidh an mhír faoi réir vótáil aonair ansin mura rud é go ndéanfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad, a iarraidh i scríbhinn, sula dtarraingeofar suas an dréachtchlár oibre críochnaitheach, go mbeidh an mhír faoi réir a leasaithe, agus sa chás sin socróidh an tUachtarán sprioc-am chun leasuithe a chur síos.

2.

Maidir le míreanna a chuirtear ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach i gcomhair vótáil gan leasú, déanfar vótáil orthu gan díospóireacht freisin mura ndéanfaidh an Pharlaimint, le linn an clár oibre a ghlacadh ag tús páirtseisiúin, cinneadh dá mhalairt ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán nó arna iarraidh sin ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.

3.

Le linn dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin a tharraingt suas, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh go ndéanfar vótáil ar mhíreanna eile gan leasú nó gan díospóireacht. Le linn a clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfaidh an Pharlaimint glacadh le haon togra den sórt sin más rud é go bhfuil grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tar éis agóid a chur síos ina aghaidh i scríbhinn uair an chloig ar a laghad sula gcuirtear tús leis an bpáirtseisiún.

4.

I gcás ina ndéantar vótáil ar mhír gan díospóireacht, féadfaidh an rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste fhreagraigh ráiteas a dhéanamh díreach roimh an vótáil, ar ráiteas é nach mbeidh níos faide ná dhá nóiméad.

Riail 160

Tíolacadh gairid

Arna iarraidh sin ag an rapóirtéir nó ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh freisin, maidir le mír nach bhfuil díospóireacht iomlán riachtanach lena haghaidh, go ndéileálfar léi trí thíolacadh gairid ag an rapóirtéir sa suí iomlánach. Sa chás sin, beidh deis freagartha ag an gCoimisiún agus, ina dhiaidh sin, beidh díospóireacht deich nóiméad ann tráth a bhféadfaidh an tUachtarán deis labhartha, ar feadh nóiméad amháin an duine, a thabhairt do na Feisirí a dtarraingítear a aird orthu.

Riail 161

Díospóireacht urghnách

1.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh go ndéanfar díospóireacht urghnách ar ábhar ar díol mór spéise é agus a bhaineann le beartas an Aontais Eorpaigh a chur ar chlár oibre na Parlaiminte. De ghnáth, ní sheolfar níos mó ná díospóireacht urghnách amháin i rith gach páirtseisiúin.

2.

Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn trí huaire an chloig ar a laghad roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil an díospóireacht urghnách le sheoladh lena linn. Déanfar an

3.

Mar fhreagra ar imeachtaí a tharlaíonn tar éis clár oibre a ghlacadh le haghaidh páirtseisiúin, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla, díospóireacht urghnách a mholadh. Déanfar vótáil ar aon mholadh den sórt sin ag tús suí nó ag am sceidealta vótála. Tabharfar fógra do na Feisirí faoi aon mholadh den sórt sin le haghaidh díospóireacht urghnách uair an chloig ar a laghad roimh an vótáil.

4.

Cinnfidh an tUachtarán an t-am a mbeidh díospóireacht den sórt sin le seoladh. Ní rachaidh fad foriomlán na díospóireachta thar 60 nóiméad. Déanfar am labhartha a leithroinnt ar na grúpaí polaitiúla agus ar na Feisirí neamhcheangailte i gcomhréir le Riail 171(4) agus (5).

5.

Cuirfear deireadh leis an díospóireacht gan rún a ghlacadh.

Riail 162

Díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha arna hiarraidh ag grúpa polaitiúil

1.

Ag gach páirtseisiún, déanfar tréimhse amháin nó dhá thréimhse 60 nóiméad ar a laghad a chur ar leataobh sa dréachtchlár oibre le haghaidh díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha atá mórleasmhar do bheartas an Aontais Eorpaigh.

2.

Beidh sé de cheart ag gach grúpa polaitiúil a rogha ceist cúrsaí reatha a mholadh le haghaidh díospóireacht amháin ar a laghad den sórt sin in aghaidh na bliana. Áiritheoidh Comhdháil na nUachtarán, in imeacht tréimhse leanúnach bliana, go roinnfear go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla feidhmiú an chirt sin.

3.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla an cheist cúrsaí reatha sin a chur faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn sula ndéanfaidh Comhdháil na nUachtarán an dréachtchlár oibre a tharraingt suas. Urramófar go hiomlán Riail 39(1) maidir leis na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh sin.

4.

Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an t-am a mbeidh díospóireacht den sórt sin le seoladh. Féadfaidh sé a chinneadh, le tromlach de cheithre chúigiú d’Fheisirí na Parlaiminte, diúltú d’ábhar a chuir grúpa ar aghaidh.

5.

Déanfaidh ionadaí ón ngrúpa polaitiúil a mhol an cheist cúrsaí reatha an díospóireacht a chur i láthair. Déanfar an t-am labhartha tar éis an chur i láthair sin a leithdháileadh i gcomhréir le Riail 171(4) agus (5).

6.

Cuirfear deireadh leis an díospóireacht gan rún a ghlacadh.

Riail 163

An nós imeachta i gcás práinne

1.

Maidir le hiarraidh go ndéileálfar mar ábhar práinneach le díospóireacht ar thogra a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 48(1), féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi.

2.

A luaithe a bheidh iarraidh ar dhíospóireacht phráinneach faighte ag an Uachtarán, fógrófar an méid sin sa Pharlaimint. Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh ar na Feisirí sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar dhíospóireacht phráinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar dhíospóireacht phráinneach i gcás iarrataí go léir den sórt sin ar an ábhar céanna.

3.

Roimh an vótáil, ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, agus do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó don bheirt acu. Ní fhéadfaidh aon duine de na cainteoirí sin labhairt ar feadh tréimhse níos faide ná trí nóiméad.

4.

Maidir le ceisteanna a bhfuiltear chun déileáil leo tríd an nós imeachta i gcás práinne, tabharfar tosaíocht dóibh ar na míreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht agus don vótáil.

5.

Féadfar nós imeachta práinneach a sheoladh d’uireasa tuarascála nó, go heisceachtúil, ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach.

I gcás ina n-úsáidtear nós imeachta práinneach agus ina dtarlaíonn caibidlíocht idirinstitiúideach, ní bheidh feidhm ag Riail 70 agus Riail 71. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74.

Riail 164

Díospóireacht chomhpháirteach

Féadfar cinneadh a ghlacadh aon tráth chun díospóireacht comhpháirteach a dhéanamh ar mhíreanna gnó atá comhchosúil nó gaolmhar lena chéile.

Riail 165

Teorainneacha ama

Ach amháin sna cásanna práinneacha dá dtagraítear i Riail 144 agus i Riail 163, ní dhéanfar díospóireacht ná vótáil ar théacs mura rud é gur cuireadh ar fáil é d’Fheisirí 24 huaire an chloig ar a laghad roimh ré.

CAIBIDIL 3

Rialacha ginearálta maidir le suíonna a sheoladh

Riail 166

Rochtain ar an Seomra

1.

Ní fhéadfaidh aon duine dul isteach sa Seomra ach amháin Feisirí Parlaiminte, Comhaltaí den Choimisiún nó den Chomhairle, Ardrúnaí na Parlaiminte, daoine den fhoireann nach mór dóibh a bheith ann mar gheall ar na dualgais atá orthu, agus aon duine eile a dtabharfaidh an tUachtarán cuireadh dóibh a bheith ann.

2.

Ní cheadófar isteach sna háiléir ach sealbhóirí cárta iontrála arna eisiúint go cuí ag Uachtarán nó ag Ardrúnaí na Parlaiminte.

3.

Fanfaidh daoine den phobal a cheadaítear isteach sna háiléir ina suí agus ina dtost. Déanfaidh na huiséirí aon duine a léiríonn a shástacht nó a mhíshástacht a chur amach láithreach.

Riail 167

Teangacha

1.

Déanfar gach doiciméad de chuid na Parlaiminte a tharraingt suas sna teangacha oifigiúla.

2.

Beidh an ceart ag na Feisirí go léir labhairt sa Pharlaimint sa teanga oifigiúil dá rogha féin. Déanfar ateangaireacht go comhuaineach ar óráidí a thugtar in aon cheann de na teangacha oifigiúla go dtí na teangacha oifigiúla eile agus go dtí aon teanga eile a mheasann an Biúró a bheith riachtanach.

3.

Soláthrófar ateangaireacht i gcruinnithe coiste agus toscaireachta ó na teangacha oifigiúla agus go dtí na teangacha oifigiúla a úsáideann agus a iarrann comhaltaí agus comhaltaí ionaid an choiste nó na toscaireachta sin.

4.

Ag cruinnithe coiste agus toscaireachta a sheoltar in áit eile seachas sa ghnátháit oibre, soláthrófar ateangaireacht ó theangacha agus go dtí teangacha na gcomhaltaí a dheimhníonn go mbeidh siad i láthair ag an gcruinniú. Féadfar, ar bhonn eisceachtúil, na socruithe sin a dhéanamh níos solúbtha. Glacfaidh an Biúró na forálacha riachtanacha.

5.

Tar éis toradh na vótála a bheith fógartha, déanfaidh an tUachtarán rialú maidir le haon iarrataí i ndáil le neamhréireachtaí líomhnaithe idir na leaganacha sna teangacha éagsúla.

Riail 168

Socrú idirthréimhseach

1.

I rith idirthréimhse a mhairfidh go dtí deireadh an naoú téarma (30), beidh maoluithe ar Riail 167 ceadaithe más rud é, agus sa mhéid, nach bhfuil dóthain ateangairí nó aistritheoirí ar fáil do theanga oifigiúil áirithe, d’ainneoin réamhchúraimí oiriúnacha a bheith glactha.

2.

Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus aird chuí á tabhairt do na socruithe dá Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus aird chuí á tabhairt do na socruithe dá dtagraítear i mír 3, a fháil amach, maidir le gach ceann de na teangacha oifigiúla, an bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta. Déanfaidh an Biúró, bunaithe ar thuarascáil faoi dhul chun cinn ón Ardrúnaí, athbhreithniú ar a chinneadh chun maolú a cheadú ag eatraimh 6 mhí. Glacfaidh an Biúró na rialacha cur chun feidhme is gá.

3.

Beidh feidhm ag na socruithe speisialta sealadacha arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn na gConarthaí maidir le dréachtú gníomhartha dlíthiúla.

4.

Féadfaidh an Pharlaimint, bunaithe ar mholadh réasúnaithe ón mBiúró, a chinneadh aon tráth an Riail seo a aisghairm luath nó, ag deireadh na tréimhse a luaitear i mír 1, a ré a fhadú.

Riail 169

Doiciméid a dháileadh

Déanfar na doiciméid arb iad is bonn do dhíospóireachtaí agus do chinntí na Parlaiminte a chur ar fáil do na Feisirí.

Gan dochar do chur i bhfeidhm na chéad mhíre, beidh rochtain dhíreach ag Feisirí agus ag grúpaí polaitiúla ar chóras ríomhaireachta inmheánach Pharlaimint na hEorpa chun féachaint ar aon doiciméad ullmhúcháin neamhrúnda (dréacht-tuarascáil, dréachtmholadh, dréacht-tuairim, doiciméad oibre, leasuithe arna gcur síos i gcoiste).

Riail 170

Láimhseáil leictreonach doiciméad

Féadfar doiciméid de chuid na Parlaiminte a ullmhú, a shíniú agus a scaipeadh i bhfoirm leictreonach. Cinnfidh an Biúró sonraíochtaí teicniúla agus tíolacadh na foirme leictreonaí.

Riail 171

Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí (31)

1.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh don Pharlaimint go ndéanfar am labhartha a leithdháileadh i gcomhair díospóireacht ar leith. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an moladh sin gan díospóireacht.

2.

Ní fhéadfaidh Feisirí labhairt mura rud é go nglaonn an tUachtarán orthu déanamh amhlaidh. Labhróidh na Feisirí óna n-áit féin agus díreoidh siad a gcaint chun an Uachtaráin. Má imíonn cainteoirí ó ábhar na díospóireachta, glaofaidh an tUachtarán chun oird iad.

3.

Féadfaidh an tUachtarán liosta cainteoirí a tharraingt suas don chéad chuid de dhíospóireacht ar leith, ar liosta é ina mbeidh babhta amháin nó níos mó de chainteoirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leo labhairt, in ord mhéid coibhneasta na ngrúpaí polaitiúla sin.

4.

Déanfar am labhartha don chuid seo de dhíospóireacht a leithdháileadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

déanfar an chéad chodán den am labhartha a roinnt go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir;

(b)

déanfar an dara codán a roinnt i measc na ngrúpaí polaitiúla i gcoibhneas le líon iomlán a gcomhaltaí;

(c)

déanfar am labhartha foriomlán a leithdháileadh ar na Feisirí neamhcheangailte agus é bunaithe ar na codáin arna leithdháileadh ar gach grúpa polaitiúil faoi phointe (a) agus faoi phointe (b);

(d)

i leithdháileadh an ama labhartha sa suí iomlánach, cuirfear san áireamh go bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil ó Fheisirí faoi mhíchumas.

5.

I gcás ina ndéantar am labhartha iomlán a leithdháileadh le haghaidh roinnt míreanna ar an gclár oibre, déanfaidh na grúpaí polaitiúla an codán dá gcuid ama labhartha a úsáidfear le haghaidh gach míre aonair a chur in iúl don Uachtarán. Cinnteoidh an tUachtarán go n-urramófar na hamanna labhartha.

6.

Ní dhéanfar an chuid eile den am i gcomhair díospóireachta a leithdháileadh go sonrach roimh ré. Ina ionad sin, féadfaidh an tUachtarán glaoch ar Fheisirí chun labhairt gan níos mó ná aon nóiméad amháin a cheadú i gcoitinne. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtugtar éisteacht i ndiaidh a chéile do chainteoirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus a thagann ó Bhallstáit éagsúla.

7.

Ar iarraidh a fháil, féadfaidh an tUachtarán tosaíocht a thabhairt do Chathaoirleach agus do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, agus do chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla sin ar mian leo labhairt thar ceann a ngrúpaí, nó do chainteoirí atá ag ionadú dóibh.

8.

Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad cheisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin.

9.

Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar feadh níos faide ná nóiméad amháin ar aon cheann de na hábhair seo a leanas: miontuairiscí an tsuí, tairiscintí nós imeachta nó leasuithe ar an dréacht chlár oibre críochnaitheach nó ar an gclár oibre.

10.

Tabharfar éisteacht don Choimisiún agus don Chomhairle i ndíospóireacht ar thuarascáil agus déanfar amhlaidh, de ghnáth, díreach tar éis don rapóirtéir an tuarascáil a thíolacadh. Féadfar éisteacht a thabhairt don Choimisiún, don Chomhairle agus don rapóirtéir an athuair, go háirithe chun freagra a thabhairt ar ráitis a dhéanann Feisirí.

11.

Féadfaidh Feisirí nár labhair i ndíospóireacht ráiteas i scríbhinn nach faide ná 200 focal a thabhairt isteach uair amháin ar a mhéid in aghaidh an pháirtseisiúin agus cuirfear an ráiteas sin mar aguisín leis an tuarascáil focal ar fhocal ar an díospóireacht.

12.

Ag féachaint go cuí d’Airteagal 230 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féachfaidh an tUachtarán le teacht ar réiteach leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus le hUachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le leithdháileadh cuí ama labhartha dóibh.

Riail 172

Óráidí aon nóiméid amháin

Ar feadh tréimhse nach faide ná 30 nóiméad i rith an chéad suí de gach páirtseisiún, glaofaidh an tUachtarán ar na Feisirí ar mian leo aird na Parlaiminte a tharraingt ar ábhar a bhfuil tábhacht pholaitiúil leis. Ní rachaidh am labhartha gach Feisire thar aon nóiméad amháin. Féadfaidh an tUachtarán tréimhse eile den sórt sin a cheadú níos faide anonn sa pháirtseisiún céanna.

Riail 173

Ráitis phearsanta

1.

Aon Fheisirí a iarrann ráiteas pearsanta a dhéanamh, tabharfar éisteacht dóibh ag deireadh an phlé ar an mír den chlár oibre a bhfuiltear ag déileáil léi nó nuair atá miontuairiscí an tsuí lena mbaineann an iarraidh ar chead labhartha á mbreithniú lena bhformheas.

Ní fhéadfaidh na Feisirí labhairt ar nithe substainteacha ach teorannóidh siad a gcuid barúlacha do fhrisnéis a dhéanamh maidir le haon ráiteas a rinneadh faoina bpearsa le linn na díospóireachta nó maidir le haon tuairimí a cuireadh ina leith, nó do cheartúchán a dhéanamh maidir le haon bharúlacha a thug siad féin.

2.

Mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ní bheidh aon ráiteas pearsanta níos faide ná trí nóiméad.

Riail 174

Bac a chosc (32)

Beidh an chumhacht ag an Uachtarán deireadh a chur le húsáid iomarcach tairiscintí amhail pointí oird, tairiscintí nós imeachta nó mínithe ar vótáil, nó iarrataí ar vótáil ar leithligh, ar vótáil dheighilte nó ar vótáil le glaoch rolla i gcás inar deimhin leis gur follasach go bhfuil na tairiscintí nó na hiarrataí sin beartaithe chun bac fada tromaí a chur ar imeachtaí na Parlaiminte nó ar chearta na bhFeisirí, agus go mbeadh bac den sórt sin ann mar thoradh ar na nithe sin.

CAIBIDIL 4

Bearta a ghlacfar i gcás nach gcomhlíontar caighdeáin iompair na bhFeisirí

Riail 175

Bearta láithreacha

1.

Déanfaidh an tUachtarán aon Fheisire a sháraíonn na caighdeáin iompair a shainmhínítear i Riail 10(3) nó (4) a ghlaoch chun oird.

2.

Má dhéantar an sárú an athuair, glaofaidh an tUachtarán an Feisire chun oird an dara uair, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí.

3.

Má leantar den sárú, nó má dhéantar sárú eile, féadfaidh an tUachtarán an ceart labhartha a shéanadh ar an bhFeisire agus é nó í a chur amach as an Seomra ar feadh an chuid eile den suí. I gcásanna fíor-thromchúiseacha, féadfaidh an tUachtarán, freisin, an Feisire lena mbaineann a chur amach láithreach as an Seomra don chuid eile den suí agus d’uireasa an dara glao chun oird. Féachfaidh an tArdrúnaí chuige, gan mhoill, go gcuirtear na bearta araíonachta sin i bhfeidhm le cabhair ó na huiséirí agus, más gá, le cabhair ó Sheirbhís Slándála na Parlaiminte.

4.

Más baolach go gcuirfidh cur isteach bac ar ghnó an Tí, dúnfaidh an tUachtarán an suí nó cuirfidh sé an suí ar fionraí go ceann tréimhse shonrach chun an t-ord a athbhunú. Mura bhfuil an tUachtarán in ann éisteacht a fháil, fágfaidh sé an chathaoir; beidh d’éifeacht leis sin go mbeidh an suí ar fionraí. Athchomórfaidh an tUachtarán an suí.

5.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh cur isteach ar chraoladh beo an tsuí i gcás Riail 10(3) nó (4) a bheith á sárú ag Feisire.

6.

Féadfaidh an tUachtarán a ordú go scriosfaí ón taifead closamhairc de na himeachtaí na codanna sin d’óráid Feisire a sháraíonn Riail 10(3) nó (4).

Beidh feidhm láithreach ag an ordú sin. Ach beidh sé faoi réir a dheimhnithe ag an mBiúró, áfach, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ina dhiaidh sin, nó, mura bhfuil cruinniú ag an mBiúró laistigh den tréimhse sin, ag a chéad chruinniú eile.

7.

Déanfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i mír 1 go mír 6 a dhílsiú, mutatis mutandis, d’oifigigh cheannais comhlachtaí, coistí agus toscaireachtaí de réir mar a fhoráiltear dóibh sna Rialacha Nós Imeachta.

8.

Nuair is cuí, agus ag féachaint do thromchúis an tsáraithe ar chaighdeáin iompair na bhFeisirí, féadfaidh an Feisire atá sa chathaoir ar pháirtseisiún, ar chomhlacht, ar choiste nó ar thoscaireacht, tráth nach déanaí ná an chéad pháirtseisiún eile nó an chéad chruinniú eile den chomhlacht, den choiste nó den toscaireacht lena mbaineann, a iarraidh ar an Uachtarán Riail 176 a chur i bhfeidhm.

Riail 176

Pionóis

1.

I gcásanna de shárú ar Riail 10 (2) go (9), déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirfear an pionós iomchuí ar an bhFeisire lena mbaineann i gcomhréir leis an Riail seo.

I ndáil le Riail 10 (3) nó (4), féadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo gan beann ar bheart láithreach de réir bhrí Riail 175 a bheith forchurtha roimhe sin ar an bhFeisire lena mbaineann nó gan é a bheith forchurtha.

I ndáil le Riail 10 (6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.

Féadfaidh an tUachtarán pionós a fhorchur ar Fheisire i gcásanna ina ndéantar foráil, sna Rialacha Nós Imeachta seo nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró faoi Riail 25, do chur i bhfeidhm na Rialach seo.

2.

Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann a chuid barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh. Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh éisteacht ó bhéal a chomóradh ina ionad sin cibé uair atá sé níos iomchuí.

Déanfar an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann trí litir chláraithe nó, i gcásanna práinneacha, trí na huiséirí.

Tar éis an cinneadh sin a bheith curtha in iúl don Fheisire lena mbaineann, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint aon phionós arna fhorchur ar Fheisire. Cuirfear in iúl é d’oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.

A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, foilseofar é go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus fanfaidh sé ann don chuid eile den téarma parlaiminteach.

3.

Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin, más infheidhme, aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta do dhínit agus do cháil na Parlaiminte.

4.

D’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:

(a)

iomardú;

(b)

an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir 2 lá agus 30 lá;

(c)

gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir 2 lá agus 30 lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;

(d)

toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;

(e)

i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le 1 bhliain amháin.

5.

Féadfar na bearta a leagtar síos i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 4 a mhéadú faoi dhó i gcás sraith sáruithe, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 175(3) a chomhlíonadh.

6.

Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.

Riail 177

Nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach

Féadfaidh an Feisire lena mbaineann achomharc inmheánach a thaisceadh leis an mBiúró laistigh de dhá sheachtain ón tráth a thugtar an fógra i dtaobh an phionóis arna fhorchur ag an Uachtarán de bhua Riail 176(1) go (5). Beidh d’éifeacht ag achomharc den sórt sin go gcuirfear feidhmiú an phionóis sin ar fionraí. Féadfaidh an Biúró, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis thaisceadh an achomhairc nó, mura bhfuil cruinniú acu laistigh den tréimhse sin, ag a chéad chruinniú eile, an pionós a forchuireadh a neamhniú, a dhaingniú nó a mhodhnú, ach sin gan dochar do na cearta atá ar fáil don Fheisire lena mbaineann achomharc seachtrach a dhéanamh. Má theipeann ar an mBiúró cinneadh a ghlacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos, measfar an pionós a bheith ar neamhní.

CAIBIDIL 5

Córam, leasuithe agus vótáil

Riail 178

Córam

1.

Féadfaidh an Pharlaimint plé a dhéanamh, a clár oibre a shocrú agus na miontuairiscí a fhormheas, is cuma cá mhéad Feisire atá i láthair.

2.

Beidh córam ann nuair atá trian de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair sa Seomra.

3.

Beidh na vótaí go léir bailí is cuma líon na bhFeisirí a vótálann mura rud é go suífidh an tUachtarán, ar iarraidh arna déanamh ag 40 Feisire ar a laghad roimh an vótáil, nach bhfuil an córam i láthair. Mura bhfuil an líon Feisirí atá ag teastáil chun córam a dhéanamh i láthair, dearbhóidh an tUachtarán nach bhfuil córam i láthair, agus cuirfear an vótáil ar an gclár oibre don chéad suí eile.

Féadfar úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach chun an tairseach de 40 Feisire a sheiceáil, ach ní féidir é a úsáid chun an córam a sheiceáil. Ní fhéadfar doirse an tSeomra a dhúnadh.

4.

Ní mór do na Feisirí a iarrann go suífí an córam a bheith i láthair sa Seomra nuair a dhéantar an iarraidh, agus áireofar iad mar Fheisirí atá i láthair de réir bhrí mhír 2 agus mhír 3, fiú má fhágann siad an Seomra ina dhiaidh sin.

5.

Má tá níos lú ná 40 Feisire i láthair, féadfaidh an tUachtarán a rialú nach ann don chóram.

Riail 179

Tairseacha (33)

1.

Chun críocha na Rialacha seo, agus mura rud é go sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “tairseach íseal” an fichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint nó grúpa polaitiúil;

(b)

ciallaíonn “meántairseach” an deichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, comhdhéanta de ghrúpa polaitiúil amháin nó níos mó nó d’Fheisirí aonair, nó teaglaim den phéire;

(c)

ciallaíonn “tairseach ard” an cúigiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, comhdhéanta de ghrúpa polaitiúil amháin nó níos mó nó d’Fheisirí aonair, nó teaglaim den phéire.

2.

I gcás ina bhfuil síniú Fheisire ag teastáil, chun a chinneadh go bhfuil an tairseach is infheidhme bainte amach, féadfaidh an síniú a bheith lámhscríofa nó i bhfoirm leictreonach, arna tháirgeadh ar chóras ríomhshínithe na Parlaiminte. Féadfaidh Feisire a shíniú nó a síniú a tharraingt siar laistigh de na teorainneacha ama ábhartha, ach ní fhéadfaidh siad an síniú a athnuachan ina dhiaidh sin.

3.

I gcás ina bhfuil gá le tacaíocht ó ghrúpa polaitiúil chun tairseach a bhaint amach, gníomhóidh an grúpa trína Chathaoirleach nó trí dhuine atá ainmnithe go cuí ag an gCathaoirleach chuige sin.

4.

Maidir leis an meántairseach agus an tairseach ard a chur i bhfeidhm, déanfar tacaíocht ó ghrúpa polaitiúil a chomhaireamh mar a leanas:

i gcás ina n-agraítear Riail lena leagtar síos tairseach den sórt sin le linn cruinnithe nó suí: na Feisirí go léir atá sa ghrúpa tacaíochta agus i láthair go fisiciúil;

sna cásanna eile uile: na Feisirí go léir atá sa ghrúpa tacaíochta.

Riail 180

Leasuithe a chur síos agus a thíolacadh (34)

1.

Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad leasuithe a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint. Foilseofar ainmneacha na gcomhshínitheoirí go léir.

Déanfar leasuithe a chur síos i scríbhinn agus beidh siad sínithe ag a n-údair.

Féadfaidh réasúnú gearr a bheith i dteannta le leasuithe ar thograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí. Is é nó í an t-údar a bheidh freagrach as réasúnuithe den sórt sin agus ní dhéanfar vótáil orthu.

2.

Faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos i Riail 181, féadfaidh leasú féachaint le haon chuid de théacs a athrú. Féadfaidh sé a bheith dírithe ar fhocail nó ar fhigiúirí a scriosadh nó ar fhocail bhreise nó ar fhigiúirí breise a chur isteach, nó ar fhocail nó ar fhigiúirí nua a chur in ionad focail nó figiúirí áirithe.

Sa Riail seo agus i Riail 181, ciallaíonn an téarma “téacs” an tairiscint iomlán i gcomhair rúin/i gcomhair dréachtrún reachtach, nó togra iomlán i gcomhair cinnidh nó togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí.

3.

Socróidh an tUachtarán teorainn ama le haghaidh leasuithe a chur síos.

4.

Féadfaidh údar an leasaithe nó aon Fheisire eile arna cheapadh nó arna ceapadh ag an údar chun a ionad nó a hionad a ghlacadh leasú a thíolacadh le linn na díospóireachta.

5.

I gcás ina dtarraingíonn an t-údar a leasú siar, titfidh sé ar lár mura rud é go nglacfaidh Feisire eile ar láimh láithreach é.

6.

Ní dhéanfar vótáil ar leasuithe go dtí go mbeidh siad curtha ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir, mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt. Ní fhéadfaidh an Pharlaimint a mhalairt a chinneadh má dhéanann 40 Feisire a laghad agóid ina aghaidh sin. Seachnóidh an Pharlaimint cinntí a d’fhágfadh go mbeadh Feisirí a úsáideann teanga áirithe faoi mhíbhuntáiste go feadh méid neamh-inghlactha.

I gcás inar lú ná 100 an líon Feisirí atá i láthair, ní fhéadfaidh an Pharlaimint a mhalairt a chinneadh más rud é go ndéanann an deichiú cuid ar a laghad de na Feisirí atá i láthair agóid ina aghaidh sin.

Ar thogra ón Uachtarán, déileálfar le leasú ó bhéal, nó le haon mhodhnú ó bhéal eile ar an tslí chéanna le leasú nach gcuirtear ar fáil i ngach teanga oifigiúil. Má chineann an tUachtarán an togra a bheith inghlactha faoi Riail 181(3), agus déanfar vótáil air i gcomhréir leis an ord vótála arna bhunú ach amháin i gcás agóide faoi Riail 180(6).

Sa choiste, bunaítear líon na vótaí is gá chun agóid a dhéanamh i gcoinne leasú den sórt sin nó i gcoinne modhnú den sórt sin ar bhonn Riail 219 go comhréireach leis an líon is infheidhme sa suí iomlánach arna slánú suas nuair is gá go dtí an uimhir iomlán is cóngaraí.

Riail 181

Inghlacthacht na leasuithe (35)

1.

Gan dochar do na coinníollacha breise a leagtar síos i Riail 54(2) maidir le tuarascálacha féintionscnaimh agus i Riail 68(2) maidir le leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, ní bheidh aon leasú inghlactha más rud é:

(a)

nach mbaineann sé go díreach leis an téacs a bhféachtar lena leasú leis;

(b)

go bhféachann sé le téacs iomlán a scriosadh nó le téacs nua a chur in ionad téacs iomláin;

(c)

go bhféachann sé le níos mó ná ceann amháin de na hairteagail nó na míreanna aonair den téacs lena mbaineann sé a leasú cé is moite de leasuithe comhréitigh agus de leasuithe a fhéachann le hathruithe comhionanna a dhéanamh ar leagan áirithe focal ar fud an téacs;

(d)

go bhféachann sé le togra maidir le códú reachtaíochta Aontais a leasú; beidh feidhm mutatis mutandis, áfach, ag an dara fomhír de Riail 109(3);

(e)

go bhféachann sé leis na codanna sin de thogra lena n-athmhúnlaítear reachtaíocht Aontais, a fhanann gan athrú i dtogra den sórt sin, a leasú; beidh feidhm mutatis mutandis, áfach, ag an dara fomhír de Riail 110(2) agus ag an tríú fomhír de Riail 110(3);

(f)

is é amháin a bhféachann sé leis ná cirte na teanga a áirithiú nó dul i ngleic le comhleanúnachas téarmaíochta sa téacs sa teanga ina bhfuil an leasú arna cur síos; sa chás sin, lorgóidh an tUachtarán réiteach oiriúnach teanga i gcomhar leis na daoine lena mbaineann.

2.

Cinnfidh an tUachtarán an bhfuil leasuithe inghlactha.

Ní dhéanann an tUachtarán a chinneadh faoi mhír 3 maidir le hinghlacthacht leasuithe a bhunú go heisiach ar fhorálacha mhír 1 den Riail seo ach bunaíonn sé é ar fhorálacha na Rialacha i gcoitinne.

3.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint mhalartach i gcomhair rúin a chur síos lena cur in ionad tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach atá i dtuarascáil ó choiste.

I gcás den sórt sin, ní fhéadfaidh an grúpa ná na Feisirí lena mbaineann leasuithe a chur síos ar an tairiscint i gcomhair rúin ón gcoiste freagrach. Ní fhéadfaidh an tairiscint mhalartach i gcomhair rúin a bheith níos faide ná tairiscint an choiste i gcomhair rúin. Déanfar vótáil aonair uirthi sa Pharlaimint gan leasú.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(4) agus (5) maidir le comhthairiscintí i gcomhair rún.

4.

Féadfar leasuithe a chur síos ar bhonn eisceachtúil, i gcomhaontú leis an Uachtarán, tar éis dheireadh na teorann ama do leasuithe más leasuithe comhréitigh iad, nó má tá fadhbanna teicniúla ann. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le hinghlacthacht na leasuithe sin. Gheobhaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte déanamh amhlaidh roimh vótáil a dhéanamh ar leasuithe.

Féadfar na critéir ghinearálta seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le leasuithe comhréitigh:

mar riail ghinearálta, baineann na leasuithe comhréitigh le codanna den téacs a raibh leasú curtha síos ina leith roimh dheireadh an sprioc-ama le haghaidh leasuithe a chur síos;

mar riail ghinearálta, bíonn na leasuithe comhréitigh curtha síos ag grúpaí polaitiúla arb ionann iad agus tromlach sa Pharlaimint, Cathaoirligh nó rapóirtéirí na gcoistí lena mbaineann nó údair leasuithe eile;

mar riail ghinearálta, tá sé intuigthe go ndéanfar leasuithe eile ar an sliocht céanna a tharraingt siar nuair a chuirtear síos na leasuithe comhréitigh.

Is é an tUachtarán amháin a fhéadfaidh a mholadh go mbreithneofar leasú comhréitigh. Ionas go bhféadfar vótáil a dhéanamh ar leasú comhréitigh, ní mór don Uachtarán comhaontú na Parlaiminte a fháil trína fhiafraí an bhfuil aon agóid in aghaidh vótáil den sórt sin á déanamh. Má dhéantar agóid, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an ábhar trí thromlach na vótaí a chaitear.

Riail 182

An nós imeachta vótála (36)

1.

Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sna Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas maidir le téacsanna a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte:

(a)

ar dtús, i gcás inarb infheidhme, vótáil ar aon leasuithe ar an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí,

(b)

ansin, i gcás inarb infheidhme, vótáil ar an togra sin ina iomláine, cibé acu arna leasú nó a mhalairt,

Mura bhfaigheann an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, arna leasú nó a mhalairt, tromlach na vótaí a caitheadh sa choiste, molfaidh an coiste don Pharlaimint go ndiúltaítear don togra.

(c)

ina dhiaidh sin, vótáil ar aon leasuithe ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachtrún reachtach,

(d)

agus ar deireadh, vótáil ar an tairiscint i gcomhair rún ina hiomláine (an vótáil chríochnaitheach).

Ní dhéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar aon ráiteas míniúcháin atá i dtuarascáil.

2.

Le linn vótáil a dhéanamh ar thograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus ar thairiscintí i gcomhair rúin neamhreachtacha, déanfar an vótáil maidir leis na codanna substaintiúla ar dtús agus, ina dhiaidh sin, déanfar an vótáil maidir leis na luanna agus na haithrisí.

3.

Titfidh leasú ar lár má tá sé ar neamhréir le cinntí a glacadh roimhe sin ar an téacs i rith na vótála céanna.

4.

Is é nó í an rapóirtéir an t-aon Fheisire amháin a mbeidh cead labhartha aige nó aici le linn na vótála, nó, ina ionad nó ina hionad, is ag Cathaoirleach an choiste a bheidh an cead labhartha sin. Beidh deis aige nó aici tuairimí an choiste fhreagraigh ar na leasuithe a ndéantar vótáil orthu a chur in iúl go hachomair.

Riail 183

An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe (37)

1.

Beidh tosaíocht ag leasuithe ar an téacs lena mbaineann siad agus déanfar vótáil orthu sula ndéantar vótáil ar an téacs sin.

2.

Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán lena chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, beidh tosaíocht ag an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh agus déanfar vótáil ar an leasú sin ar dtús. Má ghlactar an leasú sin measfar go bhfuil diúltaithe do na leasuithe eile; má dhiúltaítear dó, déanfar vótáil ar an gcéad leasú eile san ord tosaíochta agus déanfar an nós imeachta céanna i gcás gach ceann de na leasuithe atá fágtha. I gcás amhras faoin ord tosaíochta, is é an tUachtarán a dhéanfaidh cinneadh ina leith. Má dhiúltaítear do na leasuithe go léir, measfar an téacs bunaidh a bheith arna ghlacadh mura rud é go n-iarrtar vótáil ar leithligh laistigh den teorainn ama shonraithe.

3.

I gcás ina measann an tUachtarán, áfach, go n-éascóidh sé seo an vótáil, féadfaidh sé a chur faoi deara go ndéanfar vótáil ar an téacs bunaidh ar dtús, nó go ndéanfar vótáil ar leasú atá níos gaire don téacs bunaidh roimh an leasú is faide a imíonn ón téacs bunaidh.

Má fhaigheann ceachtar rogha díobh sin tromlach, titfidh gach leasú eile a cuireadh síos ar an gcuid chéanna den téacs ar lár.

4.

I gcás ina ndéantar vótáil ar leasuithe comhréitigh, tabharfar tosaíocht vótála dóibh.

5.

Ní bheidh vótáil dheighilte inghlactha i gcás vótáil ar leasú comhréitigh.

6.

I gcás ina bhfuil sraith leasuithe ar an téacs lena mbaineann an tuarascáil curtha síos ag an gcoiste freagrach, cuirfidh an tUachtarán faoi deara go ndéanfar vótáil chomhchoiteann orthu, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad go ndéanfar vótáil ar leithligh nó vótáil dheighilte, ar phointí áirithe, nó mura rud é go mbeifear tar éis leasuithe coimhlinteacha eile a chur síos.

7.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar leasuithe eile i gcás inar leasuithe comhlántacha iad, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad go ndéanfar vótáil ar leithligh nó vótáil dheighilte. Féadfaidh údair leasuithe vótálacha comhchoiteanna a mholadh freisin ar a gcuid leasuithe.

8.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, tar éis leasú ar leith a ghlacadh nó tar éis diúltú dó, go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar roinnt leasuithe eile a bhfuil ábhar comhchosúil iontu nó a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu. Féadfaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte a lorg sula ndéanfaidh sé amhlaidh.

Féadfaidh sraith leasuithe den sórt sin a bheith bainteach le codanna éagsúla den téacs bunaidh.

9.

I gcás dhá leasú nó níos mó atá comhionann le chéile a bheith curtha síos ag údair éagsúla, déanfar vótáil orthu mar aon leasú amháin.

10.

I gcás leasuithe a n-iarrtar vótáil le glaoch rolla ina leith, déanfar vótáil ar leithligh ó leasuithe eile orthu.

Riail 184

Coiste do scagadh leasuithe de chuid suí iomlánaigh

I gcás ina ndéantar níos mó ná 50 leasú nó iarraidh ar vótáil dheighilte nó ar vótáil ar leithligh a bhaineann le téacs arna chur síos ag coiste a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an choiste fhreagraigh, a iarraidh ar an gcoiste sin teacht le chéile chun vótáil ar gach ceann de na leasuithe sin nó na hiarrataí sin. Ní dhéanfar vótáil sa Pharlaimint ar aon leasú ná ar aon iarraidh ar vótáil dheighilte nó ar vótáil ar leithligh nach bhfaigheann vótaí fabhracha an tráth sin ón tríú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste.

Riail 185

Vótáil dheighilte (38)

1.

I gcás ina bhfuil dhá fhoráil nó níos mó, nó tagairtí do dhá phointe nó níos mó, san áireamh sa téacs a bhfuil vótáil le déanamh air nó gur féidir an téacs a roinnt ina dhá chuid nó níos mó, agus brí shainiúil agus/nó luach normatach acu, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad vótáil dheighilte a iarraidh.

2.

Déanfar an iarraidh ar a dhéanaí an tráthnóna roimh an vótáil mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh ar an iarraidh.

Riail 186

Ceart chun vóta a chaitheamh (39)

Is ceart pearsanta é an ceart chun vóta a chaitheamh.

Caithfidh na Feisirí a gcuid vótaí ar a gconlán féin agus i bpearsa.

Meastar aon sárú ar an Riail seo a bheith ina shárú tromchúiseach ar Riail 10(3).

Riail 187

Vótáil (40)

1.

Mar riail ghinearálta, vótálfaidh an Pharlaimint le taispeáint lámh.

Féadfaidh an tUachtarán, aon tráth, a chinneadh, áfach, go ndéanfar na hoibríochtaí vótála a chur i gcrích tríd an gcóras vótála leictreonach.

2.

Dearbhóidh an tUachtarán vótálacha a bheith arna n-oscailt nó arna gcríochnú.

A luaithe a dhearbhóidh an tUachtarán go bhfuil vótáil arna hoscailt, ní bheidh cead ag aon duine seachas an tUachtarán labhairt go dtí go ndearbhaítear go bhfuil an vótáil arna críochnú.

3.

Le linn an ríomh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil glactha le téacs nó ar diúltaíodh dó, ní chuirfear san áireamh ach na vótaí a caitheadh i bhfabhar an téacs agus na vótaí a caitheadh ina choinne, ach i gcás ina bhfuil tromlach sonrach leagtha síos sna Conarthaí.

4.

Má chinneann an tUachtarán go bhfuil amhras ann faoi thoradh vótála le taispeáint lámh, déanfar vótáil eile trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach agus, mura bhfuil an córas sin ag feidhmiú, trí shuí agus seasamh.

5.

Suífidh an tUachtarán toradh na vótála agus fógróidh sé é.

6.

Déanfar toradh na vótála a thaifeadadh.

Riail 188

Vótáil chríochnaitheach

Le linn di cinneadh a dhéanamh ar bhonn tuarascála, déanfaidh an Pharlaimint aon vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach le glaoch rolla i gcomhréir le Riail 190(3).

Níl feidhm ag Riail 188 a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(4), (7) agus (9) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.

Riail 189

Comhionannas vótaí (41)

1.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí faoi Riail 182(1)(b) nó (d), tarchuirfear an téacs ina iomláine ar ais chuig an gcoiste. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le vótálacha faoi Riail 3 agus faoi Riail 9.

2.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí maidir le téacs a raibh vótáil dheighilte le déanamh air, faoi Riail 185, measfar an téacs a bheith arna ghlacadh.

3.

I ngach cás eile ina dtarlaíonn comhionannas vótaí, measfar an téacs nó an togra a bheith diúltaithe, ach sin gan dochar do na Rialacha sin a éilíonn tromlach cáilithe.

I gcás ina bhfuil comhionannas vótaí ann i ndáil le dréachtmholadh faoi Riail 149(4) gan idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá Riail 189(3) le léirmhíniú ar bhealach nach gciallaíonn comhionannas den sórt sin go bhfuil moladh glactha ar dá réir gur cheart don Pharlaimint idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí sin. I gcás den sórt sin, measfar nach mbeidh aon mholadh curtha in iúl ag an gcoiste freagrach.

Féadfaidh an tUachtarán vótáil, ach ní bheidh vóta réitigh aige.

Riail 190

Vótáil le glaoch rolla (42)

1.

De bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha seo, déanfar an vótáil le glaoch rolla má iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad amhlaidh ar a dhéanaí an tráthnóna roimh an vótáil, mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile.

Níl feidhm ag forálacha Riail 190 a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(3), (6) agus (8) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.

2.

Ní fhéadfaidh aon ghrúpa polaitiúil níos mó ná céad iarraidh ar vótáil le glaoch rolla a chur síos in aghaidh an pháirtseisiúin.

3.

Déanfar an vótáil le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

I gcás nach féidir an córas sin a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfar an rolla a ghlaoch in ord aibítre, ag tosú le hainm Feisire a tharraingeofar trí chrannchur. Is é an tUachtarán an duine deiridh a ghlaofar chun vóta a chaitheamh. Is ó bhéal a dhéanfar an vótáil agus déanfar é sin trí na focail “Tá”, “Níl”, nó “Staonaim” a rá.

4.

Déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí, agus léireofar an tslí ar vótáil siad.

Riail 191

Vótáil le ballóid rúnda (43)

1.

I gcás ceapachán, déanfar an vótáil le ballóid rúnda, ach sin gan dochar do Riail 15(1) agus Riail 213(2), an dara fomhír.

Nuair a bheidh an líon vótaí a caitheadh a ríomh, ní chuirfear san áireamh ach na páipéir bhallóide ar a bhfuil ainmneacha na n-iarrthóirí a ainmníodh.

2.

Déanfar an vótáil le ballóid rúnda freisin má iarrann Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad amhlaidh. Ní mór iarrataí den sórt sin a dhéanamh sula dtosaíonn an vótáil.

3.

Maidir le hiarraidh ar bhallóid rúnda, beidh tosaíocht aici ar iarraidh ar vótáil le glaoch rolla.

4.

Déanfaidh idir beirt agus ochtar Feisirí, arna roghnú trí chrannchur, na vótaí a chaitear i mballóid rúnda a chomhaireamh mura rud é go ndéantar vótáil leictreonach.

I gcás vótálacha faoi mhír 1, ní ghníomhóidh iarrthóirí mar áiritheoirí.

Déanfar ainmneacha na bhFeisirí a ghlac páirt i mballóid rúnda a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí ar lena linn a seoladh an bhallóid.

Riail 192

Úsáid a bhaint as córas vótála leictreonach (44)

1.

Déanfar na socruithe teicniúla maidir le húsáid an chórais vótála leictreonaigh a rialú le treoracha ón mBiúró.

2.

I gcás ina ndéantar vótáil leictreonach, mura rud é go mbaineann sé le vótáil le glaoch rolla, is é toradh uimhriúil na vótála, agus an méid sin amháin, a thaifeadfar.

3.

Féadfaidh an tUachtarán, aon tráth, a chinneadh úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach chun tairseach a sheiceáil.

Riail 193

Díospóidí maidir leis an vótáil (45)

1.

Féadfar pointí oird maidir le bailíocht vótála a ardú tar éis don Uachtarán a dhearbhú go bhfuil an vótáil sin críochnaithe.

2.

Tar éis toradh vótála le taispeáint lámh a fhógairt, féadfaidh Feisire a iarraidh go seiceálfar an toradh sin trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

3.

Déanfaidh an tUachtarán cinneadh i dtaobh an bhfuil an toradh a fógraíodh bailí. Cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin.

Riail 194

Mínithe ar vótáil

1.

A luaithe a chuirtear deireadh leis an seisiún vótála, féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach a rinneadh ar aon mhír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin. Féadfaidh gach Feisire uasmhéid de thrí mhíniú ó bhéal ar an vótáil a thabhairt in aghaidh an pháirtseisiúin.

Ar vóta den sórt sin, féadfaidh aon Fheisire míniú i scríbhinn ar an vótáil a thabhairt isteach nach faide ná 200 focal agus cuirfear an ráiteas sin san áireamh ar leathanach an Fheisire ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

Féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil míniú nach mairfidh níos faide ná dhá nóiméad a thabhairt ar an vótáil.

A luaithe atá tús curtha leis an gcéad mhíniú ar vótáil ar an gcéad mhír, ní ghlacfar le haon iarraidh eile ar mhínithe a thabhairt ar vótáil.

Tá mínithe ar vótáil inghlactha don vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach ar aon mhír a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte. Chun críocha na Rialach seo, ní thagraíonn an téarma “vótáil chríochnaitheach” don chineál vótála, ach ciallaíonn sé an vótáil deiridh ar aon mhír.

2.

Ní bheidh mínithe ar vótáil inghlactha i gcás vótáil le ballóid rúnda nó vótáil ar ábhair nós imeachta.

3.

I gcás ina mbeidh mír gan leasuithe nó gan díospóireacht san áireamh ar chlár oibre na Parlaiminte, ní fhéadfaidh Feisirí ach mínithe i scríbhinn ar vótáil a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.

Ní mór baint dhíreach a bheith ag mínithe ar vótáil, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, leis an mír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte.

CAIBIDIL 6

Pointí oird agus tairiscintí nós imeachta

Riail 195

Pointí oird (46)

1.

Féadfar cead a thabhairt d’Fheisirí labhairt chun aird an Uachtaráin a tharraingt ar aon mhainneachtain Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chomhlíonadh. Déanfaidh siad an Riail a bhfuil tagairt á déanamh acu di a shonrú ar dtús.

2.

Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú ar gach iarraidh eile chun labhairt nó ar thairiscintí nós imeachtaí.

3.

Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

4.

Glacfaidh an tUachtarán cinneadh láithreach ar phointí oird i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh sé an cinneadh láithreach tar éis an pointe oird a ardú. Ní dhéanfar aon vótáil maidir le cinneadh an Uachtaráin.

5.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an tUachtarán a lua go bhfógróidh sé an cinneadh ag tráth níos déanaí, ach ní dhéanfaidh sé sin níos mó ná 24 huair an chloig tar éis an pointe oird a ardú. Ní chuirfear an díospóireacht ar atráth mar gheall ar rialú a chur siar. Féadfaidh an tUachtarán an t- ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Ní mór iarraidh ar phointe oird a ardú a bheith bainteach leis an mír den chlár oibre atá á plé. Féadfaidh an tUachtarán glacadh le pointe oird maidir le hábhar eile ag tráth iomchuí, e.g. tar éis na díospóireachta ar an mír den chlár oibre atá i dtrácht nó sula gcuirtear an suí ar fionraí.

Riail 196

Tairiscintí nós imeachta

1.

Maidir le hiarrataí ar thairiscint nós imeachta a mholadh, eadhon:

(a)

neamh-inghlacthacht ábhair (Riail 197);

(b)

tarchur ar ais chuig coiste (Riail 198);

(c)

díospóireacht a chríochnú (Riail 199);

(d)

díospóireacht agus vótáil a chur ar atráth (Riail 200); nó

(e)

suí a chur ar fionraí nó a chríochnú (Riail 201)

beidh tosaíocht acu ar iarrataí eile chun labhairt.

De bhreis ar an té a dhéanfaidh an tairiscint, is iad seo a leanas amháin a gheobhaidh éisteacht ar na tairiscintí sin: cainteoir amháin i gcoinne na tairisceana mar aon le Cathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh.

2.

Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

Riail 197

Tairiscintí ina n-iarrfar go ndearbhófai ábhar a bheith neamh-inghlactha

1.

Ag tús na díospóireachta faoi mhír shonrach ar an gclár oibre, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint a thíolacadh ag iarraidh go ndearbhófaí an mhír sin bheith neamh-inghlactha. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn tairiscint maidir le neamh-inghlacthacht a thíolacadh agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Má éiríonn leis an tairiscint, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh láithreach go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre.

Riail 198

Tarchur ar ais chuig coiste

1.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh go ndéanfar tarchur ar ais chuig coiste nuair atá an clár oibre socraithe nó sula dtosaíonn an díospóireacht.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn tairiscint a thíolacadh ag iarraidh tarchur ar ais chuig coiste agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Ina theannta sin, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairscint a thíolacadh ag iarraidh tarchur ar ais chuig coiste roimh an vótáil nó le linn na vótála. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

3.

Ní fhéadfar tairiscint den sórt sin a dhéanamh ach uair amháin ag gach ceann de na céimeanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

4.

Cuirfear an breithniú na míre ar fionraí nuair a tharchuirtear ar ais chuig coiste í.

5.

Féadfaidh an Pharlaimint teorainn ama a shocrú don choiste le tuairisc a thabhairt ar a chuid conclúidí.

Riail 199

Díospóireacht a chríochnú

1.

Féadfar díospóireacht, ar thogra ón Uachtarán nó ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, a chríochnú sula mbeidh an liosta de na cainteoirí ídithe. Déanfar vótáil láithreach ar thogra den sórt sin.

2.

Má éiríonn leis an togra nó leis an iarraidh, ní bheidh cead labhartha ach amháin ag Feisire amháin ó gach grúpa polaitiúil nár chuir cainteoir ar fáil go dtí sin sa díospóireacht sin.

3.

Tar éis na n-óráidí dá dtagraítear i mír 2, críochnófar an díospóireacht agus vótálfaidh an Pharlaimint ar an ábhar a bhfuil díospóireacht ar siúl ina leith, ach amháin i gcás ina ndearnadh an tráth don vótáil a shocrú roimh ré.

4.

Má dhiúltaítear don togra nó don iarraidh, ní fhéadfaidh aon duine seachas an tUachtarán é nó í a chur síos arís le linn na díospóireachta céanna.

Riail 200

Díospóireacht nó vótáil a chur ar atráth (47)

1.

Ag tús díospóireachta faoi mhír ar an gclár oibre, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a thairiscint go gcuirfear an díospóireacht ar atráth go dtí dáta agus am sonrach. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn atráth a thairiscint. Cuirfidh an tUachtarán aon fógra in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Má éiríonn leis an tairiscint, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre. Maidir leis an díospóireacht a cuireadh ar atráth, athchromfar uirthi ar an dáta agus ag an am sonraithe.

3.

Má dhiúltaítear don tairiscint, ní fhéadfar í a chur síos arís i rith an pháirtseisiúin chéanna.

4.

Roimh vótáil, nó le linn vótála, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint a thíolacadh go gcuirfear an vótáil ar atráth. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Riail 201

An suí a chur ar fionraí nó a chríochnú (48)

Féadfar an suí a chur ar fionraí nó a chríochnú i rith díospóireachta nó vótála má chinneann an Pharlaimint amhlaidh ar thogra ón Uachtarán nó ar iarraidh ó Fheisirí nó ó ghrúpa polaitiúil nó ghrúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad. Déanfar vótáil láithreach ar thogra nó ar iarraidh den sórt sin.

Má thíolactar iarraidh chun an suí a chur ar fionraí nó a chríochnú, cuirtear tús leis an nós imeachta chun vótáil ar an iarraidh sin gan moill mhíchuí. Ba cheart úsáid a bhaint as an ngnáthmhodh chun vótaí i suí iomlánach a fhógairt agus, i gcomhréir leis an gcleachtas atá ann cheana, ba cheart am cuí a thabhairt ionas go mbeidh Feisirí in ann an Seomra a bhaint amach.

Dála mar is amhlaidh i gcás Riail 158(2), más rud é gur diúltaíodh d’iarraidh den sórt sin, ní féidir iarraidh chomhchosúil a chur síos arís le linn an lae chéanna. I gcomhréir le Riail 174, tá sé de cheart ag an Uachtarán deireadh a chur le húsáid iomarcach iarrataí a thíolactar faoin Riail seo.

CAIBIDIL 7

Taifead poiblí ar na himeachtaí

Riail 202

Miontuairiscí

1.

Déanfar miontuairiscí gach suí, ina dtugtar mionsonraí ar imeachtaí, ar ainmneacha na gcainteoirí agus ar chinntí na Parlaiminte, lena n-áirítear toradh aon vótála maidir le haon leasú, a chur ar fáil leathuair an chloig ar a laghad sula dtosóidh tréimhse iarnóin an chéad suí eile ina dhiaidh sin.

2.

Déanfar liosta doiciméid arb iad is bonn do dhíospóireachtaí agus do chinntí na Parlaiminte a fhoilsiú sna miontuairiscí.

3.

Ag tús na tréimhse iarnóin de gach suí, cuirfidh an tUachtarán miontuairiscí an tsuí roimhe sin os comhair na Parlaiminte lena bhformheas.

4.

Má ardaítear aon agóidí i leith na miontuairiscí, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh, más gá, i dtaobh an ceart na hathruithe a iarradh a chur san áireamh. Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar an ábhar ar feadh tréimhse is faide ná aon nóiméad amháin.

5.

Síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí na miontuairiscí agus caomhnófar i dtaifid naParlaiminte iad. Foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 203

Téacsanna a ghlactar

1.

Déanfar téacsanna a ghlacann an Pharlaimint a fhoilsiú láithreach i ndiaidh na vótála. Cuirfear os comhair na Parlaiminte iad in éineacht le miontuairiscí an tsuí ábhartha agus caomhnófar i dtaifid na Parlaiminte iad.

2.

Maidir le téacsanna a ghlacann an Pharlaimint déanfar bailchríoch dhlítheangeolaíoch a chur orthu faoi fhreagracht an Uachtaráin. I gcás ina nglactar téacsanna den sórt sin ar bhonn comhaontaithe idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, déanfaidh an dá institiúid sin an bhailchríoch sin a chur i gcrích agus iad ag gníomhú i ndlúthchomhar lena chéile agus trí chomhaontú frithpháirteach.

3.

Chun comhleanúnachas agus cáilíocht an téacs a áirithiú i gcomhréir le toil na Parlaiminte, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos i Riail 241 i gcás inar gá oiriúnuithe sa bhreis ar cheartúcháin ar earráidí cló nó ar cheartúcháin atá riachtanach chun comhchordacht na leaganacha teanga go léir, mar aon le cirte na teanga agus comhréireacht téarmaíochta sna leaganacha sin, a áirithiú.

4.

Is i bhfoirm téacs comhdhlúite a bheidh na seasaimh a ghlacann an Pharlaimint faoin ngnáthnós imeachta reachtach. I gcás nach bhfuil an vótáil sa Pharlaimint bunaithe ar chomhaontú leis an gComhairle, déanfar aon leasuithe a glacadh a shainaithint sa téacs comhdhlúite.

5.

Tar éis bailchríoch a chur ar na téacsanna a ghlactar, síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí iad agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Riail 204

Tuarascálacha focal ar fhocal (49)

1.

Déanfar tuarascáil focal ar fhocal d’imeachtaí gach suí a tharraingt suas mar dhoiciméad ilteangach ina mbeidh na hionchuir ó bhéal uile ar fáil sa teanga oifigiúil bhunaidh.

2.

Gan dochar dá chuid cumhachtaí araíonachta eile, féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar óráidí Feisirí nár glaodh orthu chun labhairt nó a leanann orthu de bheith ag labhairt tar éis an ama atá tugtha dóibh a scriosadh as tuarascálacha focal ar fhocal.

3.

Féadfaidh na cainteoirí ceartúcháin a dhéanamh ar chlóscríbhinní a n-ionchur ó bhéal laistigh de 5 lá oibre. Déanfar na ceartúcháin a chur chuig an Ardrúnaíocht laistigh den sprioc-am sin.

4.

Foilseofar an tuarascáil ilteangach focal ar fhocal mar iarscríbhinn a ghabhann le hIris

5.

Déanfar aon sliocht as an tuarascáil focal ar fhocal a aistriú go teanga oifigiúil ar bith má iarrann Feisire amhlaidh. Más gá, déanfar an t-aistriúchán a chur ar fáil ar gearrfhógra.

Riail 205

Taifead closamhairc ar na himeachtaí

1.

Déanfar imeachtaí na Parlaiminte sna teangacha ina seoltar iad, mar aon leis an bhfuaimrian ilteangach ó na bothanna ateangaireachta gníomhacha go léir, a chraoladh i bhfíor-am ar a suíomh gréasáin.

2.

Díreach tar éis an tsuí, déanfar taifead closamhairc innéacsaithe ar na himeachtaí sna teangacha inar seoladh na himeachtaí, chomh maith leis an bhfuaimrian ilteangach ó na bothanna ateangaireachta gníomhacha go léir, a ullmhú agus cuirfear ar fáil ar shuíomh idirlín na Parlaiminte iad don chuid eile den téarma parlaiminteach agus le linn an chéad téarma pharlaimintigh eile, agus caomhnófar ina dhiaidh sin i dtaifid na Parlaiminte é. Déanfar nasc a chruthú idir an taifead closamhairc agus tuarascálacha ilteangacha focal ar fhocal na n-imeachtaí chomh luath agus a bheidh siad ar fáil.

TEIDEAL VIII

COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ

CAIBIDIL 1

Coistí

Riail 206

Buanchoistí a chur ar bun

Déanfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. buanchoistí a chur ar bun. Déanfar a gcuid freagrachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (50). Glacfar an Iarscríbhinn sin le tromlach na vótaí a chaitear. Ceapfar a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte.

Is féidir freagrachtaí buanchoistí a athshainiú ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.

Riail 207

Coistí speisialta

1.

Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint, aon tráth, coistí speisialta a chur ar bun, a ndéanfar a gcuid freagrachtaí, a líon comhaltaí agus a dtéarma oifige a shainiú ag an am céanna a dhéantar an cinneadh chun iad a chur ar bun.

2.

Ní fhéadfaidh téarma oifige na gcoistí speisialta dul thar 12 mhí, ach amháin i gcás ina bhfadaíonn an Pharlaimint an téarma roimh dó dul in éag. Mura rud é go gcinntear a mhalairt i gcinneadh na Parlaiminte chun an coiste speisialta a chur ar bun, tosóidh a théarma oifige ó dháta a chruinnithe tionscnaimh.

3.

Ní bheidh an ceart ag coistí speisialta tuairimí a thabhairt do choistí eile.

Riail 208

Coistí fiosrúcháin

1.

I gcomhréir le hAirteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 de Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (51), féadfaidh Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin ag an gceathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe nó ar dhrochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, ar nithe iad ar dealraitheach iad a bheith ina ngníomh de chuid institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh, nó de chuid chomhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a bhfuil an chumhacht acu, faoi dhlí an Aontais, chun an dlí sin a chur chun feidhme.

Ní fhéadfar leasú a dhéanamh ar ábhar an fhiosrúcháin arna shainiú ag an gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ná ar an tréimhse a leagtar síos i mír 11.

2.

Maidir leis an gcinneadh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é laistigh de 1 mhí amháin dá dhéanamh.

3.

Rialófar modus operandi coiste fiosrúcháin leis na forálacha de na Rialacha a bhaineann le coistí, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Riail seo agus agus i gCinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC.

4.

Maidir leis an iarraidh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, ní mór ábhar an fhiosrúcháin a shonrú go beacht inti agus ní mór ráiteas mionsonraithe ar na forais is bun leis an bhfiosrúchán a bheith san áireamh inti. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh i dtaobh an gcuirfear coiste ar bun agus, más chinneann amhlaidh, a líon comhaltaí.

5.

Ní bheidh sé an ceart ag coistí fiosrúcháin tuairimí a thabhairt do choistí eile.

6.

Ag céim ar bith le linn a imeachtaí, ní fhéadfaidh ach lánchomhaltaí amháin nó, i gcás iad a bheith as láthair, comhaltaí ionaid vótáil i gcoiste fiosrúcháin.

7.

Toghfaidh coiste fiosrúcháin a Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh féin agus ceapfaidh sé rapóirtéir amháin nó níos mó. Féadfaidh an coiste, freisin, freagrachtaí, dualgais nó cúraimí sonracha a shannadh dá chomhaltaí agus ní mór do na comhaltaí sin tuairisc mhionsonraithe ina leith sin a thabhairt don choiste ina dhiaidh sin.

8.

Sa tréimhse idir cruinniú amháin agus ceann eile, déanfaidh comhordaitheoirí an choiste, i gcásanna práinne nó riachtanais, cumhachtaí an choiste a fheidhmiú, ach sin faoi réir daingnithe ag an gcoiste sin ag a chéad chruinniú eile.

9.

Maidir leis na teangacha a úsáidfear, cuirfidh coiste fiosrúcháin forálacha Riail 167 i bhfeidhm. Mar sin féin:

féadfaidh biúró an choiste ateangaireacht a shrianadh do theangacha oifigiúla chomhaltaí an choiste a bheidh páirteach sa phlé, má mheasann sé gur gá sin ar chúiseanna rúndachta,

déanfaidh biúró an choiste cinneadh faoi aistriúchán ar na doiciméid a fhaightear a sholáthar ar shlí ina n-áiritheofar gur féidir leis an gcoiste a phlé a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa, agus ina n-áiritheofar go n-urramaítear an tsicréideacht agus an rúndacht is gá.

10.

In áit ina dtugann sáruithe líomhnaithe nó drochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais le fios go bhféadfadh comhlacht nó údarás de Bhallstát a bheith freagrach, féadfaidh an coiste fiosrúcháin a iarraidh ar pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann comhoibriú leis an bhfiosrúchán.

11.

Tabharfaidh coiste fiosrúcháin a chuid oibre chun críche trí thuarascáil maidir le torthaí a chuid oibre a chur os comhair na Parlaiminte laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí óna chruinniú tionscnaimh. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh dhá uair an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhse 3 mhí. Más iomchuí, féadfar seasaimh mhionlaigh a bheith sa tuarascáil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Riail 55. Déanfar an tuarascáil a fhoilsiú.

Ar iarraidh a fháil ón gcoiste fiosrúcháin, seolfaidh an Pharlaimint díospóireacht ar an tuarascáil ag an bpáirtseisiún tar éis an tuarascáil a thíolacadh.

12.

Féadfaidh an coiste dréachtmholadh arna dhíriú chuig institiúidí nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh nó chuig na Ballstáit a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin.

13.

Treoróidh an tUachtarán don choiste freagrach, faoi Iarscríbhinn VI, faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a dhéantar i leith thorthaí obair an choiste fiosrúcháin agus, más iomchuí, tuairisc a thabhairt air sin. Déanfaidh an tUachtarán aon bhearta breise a mheastar is cuí lena chinntiú go ndéantar gníomh praiticiúil i ndáil le conclúidí an fhiosrúcháin.

Riail 209

Comhdhéanamh na gcoistí (52)

1.

Ceapfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte comhaltaí coistí, coistí speisialta agus coistí fiosrúcháin.

Socróidh Comhdháil na nUachtarán spriocdháta faoina ndéanfaidh grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte a gceapacháin a chur in iúl don Uachtarán, agus fogróidh seisean don Pharlaimint iad.

2.

Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte. Maidir le dáileadh shuíocháin na gcoistí i measc na ngrúpaí polaitiúla, ní mór don líon a bheith comhionann leis an tslánuimhir is gaire os cionn an ríomha chomhréirigh nó leis an tslánuimhir is gaire faoin ríomh comhréireach.

I gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a ualach comhréireach laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh.

3.

Má chineann grúpa polaitiúil gan suíocháin a thógáil ar choiste, nó má mhainníonn sé a chomhaltaí a cheapadh laistigh den spriocdháta a leagann Comhdháil na nUachtarán síos, fanfaidh na suíocháin faoi chaibidil folamh. Ní cheadaítear malartú suíochán idir grúpaí polaitiúla.

4.

I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar athrú grúpa polaitiúil ag Feisire go gcuirtear isteach ar dháileadh comhréireach na suíochán coiste mar atá sainmhínithe i mír 2, agus nach bhfuil aon chomhaontú idir grúpaí polaitiúla le comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach ann a chinntiú, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán na cinntí is gá.

5.

Cuirfear aon mhodhnuithe a chinneann na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte sna ceapacháin in iúl don Uachtarán, a fhógróidh iad don Pharlaimint ag tús an chéad suí eile ar a dhéanaí. Tiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm ó lá an fhógra sin.

6.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte líon áirithe comhaltaí ionaid a cheapadh le haghaidh gach coiste agus ní bheidh an líon sin níos mó ná líon na lánchomhaltaí a bhfuil an grúpa polaitiúil nó na Feisirí neamhcheangailte i dteideal a cheapadh sa choiste. Cuirfear an tUachtarán ar an eolas dá réir sin. Beidh na hionadaithe seo i dteideal freastal agus labhairt ag cruinnithe coiste agus, má tá an comhalta iomlán as láthair, páirt a ghlacadh sa vótáil.

7.

gcás nach bhfuil an lánchomhalta i láthair agus i gcás nár ceapadh ionadaithe nó má tá siad as láthair, féadfaidh an lánchomhalta a shocrú go ndéanfaidh ball eile den ghrúpa polaitiúil céanna ionadaíocht air nó uirthi ag cruinnithe, nó, i gcás gur Feisire neamhcheangailte an comhalta, go ndéanfaidh Feisire neamhcheangailte eile, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh, ionadaíocht air nó uirthi. Cuirfear Cathaoirleach an choiste ar an eolas faoi thús an tseisiúin vótála ar a dhéanaí.

Ní foláir an réamhfhógra dá bhforáiltear san abairt dheireanach de mhír 7 a thabhairt roimh dheireadh na díospóireachta nó roimh an vóta a oscailt ar an mír nó ar na míreanna a bhfuil ionadú á dhéanamh ar an lánchomhalta ina leith.

I gcomhréir leis an Riail seo:

beidh stádas lánchomhalta nó ionadaí de choiste ag brath go heisiach ar bhallraíocht i ngrúpa polaitiúil áirithe;

más rud é go n-athraíonn líon comhaltaí iomlán an ghrúpa pholaitiúil i gcoiste, déanfaidh an líon uasta d’ionadaithe buan a fhéadfaidh sé a cheapadh don choiste sin athrú dá réir sin;

Feisirí a n-athraíonn a ngrúpa polaitiúil, ní fhéadfaidh siad stádas lánchomhalta coiste nó stádas ionadaí coiste a raibh acu mar bhaill dá ngrúpa bunaidh a choinneáil;

ní fhéadfaidh comhalta coiste faoi aon imthosca a bheith ina ionad do chomhghleacaí a bhaineann le grúpa polaitiúil eile.

Riail 210

Dualgais na gcoistí

1.

Scrúdóidh buanchoistí ceisteanna a tharchuireann an Pharlaimint chucu nó, le linn an seisiún a bheith ar atráth, ceisteanna a tharchuireann an tUachtarán chucu thar ceann Chomhdháil na nUachtarán.

2.

Más rud é go bhfuil dhá bhuanchoiste nó níos mó inniúil chun déileáil le ceist, ainmneofar coiste amháin mar an coiste freagrach agus ainmneofar na coistí eile mar choistí a n-iarrfar tuairimí orthu.

Ach ní dhéanfar ceist a tharchur go comhuaineach chuig níos mó ná trí choiste, mura rud é go ndéantar cinneadh imeacht ón riail seo faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1.

3.

Féadfaidh aon dá choiste nó níos mó nó aon dá fhochoiste nó níos mó nithe a thagann faoi réim a n-inniúlachta a bhreithniú go comhpháirteach, ach ní fhéadfaidh siad cinneadh a ghlacadh go comhpháirteach ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Riail 58.

4.

Féadfaidh aon choiste, le comhaontú ó chomhlachtaí ábhartha na Parlaiminte, treoir a thabhairt do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí tabhairt faoi staidéar nó faoi mhisean aimsithe fíoras.

Riail 211

Ceisteanna inniúlachta

1.

Más rud é go ndearbhaíonn buanchoiste ina leith féin nach bhfuil sé inniúil ar mhír áirithe a bhreithniú, nó más rud é go dtagann coinbhleacht chun cinn maidir le hinniúlacht dhá bhuanchoiste nó níos mó, tíolacfar ceist na hinniúlachta chuig Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí laistigh de 4 seachtaine ón tráth a dhéantar an tarchur chuig coiste a fhógairt sa Pharlaimint.

2.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de 6 seachtaine tar éis thíolacadh na ceiste ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó, mura dtagann moladh den sórt sin ón gComhdháil sin, ar bhonn molta ó chathaoirleach na Comhdhála sin. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an moladh formheasta.

3.

Féadfaidh Cathaoirligh coistí comhaontú a dhéanamh le Cathaoirligh coistí eile maidir le mír a shannadh do choiste ar leith, ach sin faoi réir nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a údarú faoi Riail 57, más gá sin.

Riail 212

Fochoistí

1.

Féadtar fochoistí a chur ar bun i gcomhréir le Riail 206. Freisin, féadfaidh buanchoiste nó coiste speisialta, ar mhaithe lena chuid oibre agus faoi réir údarú roimh ré ó Chomhdháil na nUachtarán, fochoiste amháin nó níos mó a cheapadh agus, ag an am céanna, ceapfaidh sé comhdhéanamh an fhochoiste nó na bhfochoistí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar síos i Riail 209, chomh maith lena réimsí freagrachta, ar réimsí iad a chaithfidh teacht faoi réimsí freagrachta an mháthairchoiste. Déanfaidh fochoistí den sórt sin tuairisciú chuig a máthairchoiste.

2.

Mura sonraítear a mhalairt sna Rialacha seo, beidh an nós imeachta d’fhochoistí mar a chéile leis an nós imeachta do choistí.

3.

Roghnófar na lánchomhaltaí go léir de chuid fochoiste as measc chomhaltaí an mháthairchoiste.

4.

Beidh cead ag comhaltaí ionaid a bheith ar fhochoistí faoi na coinníollacha céanna le comhaltaí ionaid ar choistí.

5.

Féadfaidh Cathaoirleach an mháthairchoiste Cathaoirligh na bhfochoistí a dhéanamh páirteach in obair na gcomhordaitheoirí nó féadfaidh sé ceadú dóibh feidhmiú mar chathaoirleach le linn díospóireachtaí ar shaincheisteanna a bhfuil na fochoistí i dtrácht ag déileáil go sonrach leo, ar choinníoll go ndéantar an modh oibre sin a chuir faoi bhráid bhiúró an choiste le go mbreithneoidh agus go bhformheasfaidh sé é.

Riail 213

Biúrónna na gcoistí

1.

Ag an gcéad chruinniú de chuid coiste tar éis cheapadh chomhaltaí an choiste de bhun Riail 209, agus arís 2 bhliain go leith ina dhiaidh sin, toghfaidh an coiste biúró a bheidh comhdhéanta de Chathaoirleach agus de Leas-Chathaoirligh as measc a lánchomhaltaí i mballóidí ar leithligh. Ar bhonn togra ó Chomhdháil na nUachtarán, cinnfidh an Pharlaimint líon na Leas-Chathaoirleach a bheidh le toghadh. Ní mór go léireodh comhdhéanamh bhiúró gach coiste éagsúlacht na Parlaiminte; ní bheidh sé incheadaithe biúró a bheith ann ar fir nó ar mná iad na comhaltaí uile nó gur ón mBallstát céanna na Leas-Chathaoirligh uile.

2.

I gcás an líon ainmniúchán a bheith comhionann leis an líon suíochán atá le líonadh, déanfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir. Má tá níos mó ná iarrthóir amháin ar bhallóid áirithe, áfach, nó má lorgaíonn comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste vóta, déanfar an toghchán le ballóid rúnda.

Mura bhfuil ach aon iarrthóir amháin ann, gnóthófar an toghchán le tromlach glan de na vótaí a chaitear agus áirítear sna vótaí sin na vótaí a chaitear i bhfabhar an iarrthóra agus na vótaí a chaitear i gcoinne an iarrthóra.

Má tá níos mó ná aon iarrthóir amháin ann, toghfar an t-iarrthóir a fhaigheann tromlach glan de na vótaí a chaitear sa chéad bhallóid. Ag an dara ballóid, is é an t-iarrthóir a fhaigheann an líon is airde vótaí a thoghfar. I gcás comhionannas vótaí a bheith ann, toghfar an t-iarrthóir is sine.

3.

Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag na Rialacha seo a leanas a bhaineann le hOifigigh na Parlaiminte: Riail 14 (Cathaoirleach sealadach), Riail 15 (Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta), Riail 16 (Toghadh an Uachtaráin — aitheasc tosaigh), Riail 19 (Téarma oifige na nOifigeach) agus Riail 20 (Folúntais).

Riail 214

Comhordaitheoirí coiste

1.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla duine dá gcuid comhaltaí a ainmniú i ngach coiste mar chomhordaitheoir.

2.

Déanfaidh Cathaoirleach an choiste cruinniú de chuid gcomhordaitheoirí coistí a thionóil, más gá, chun cinntí a bheidh le déanamh ag an gcoiste a ullmhú, go háirithe cinntí maidir leis an nós imeachta agus maidir le ceapadh na rapóirtéirí. Féadfaidh an coiste an chumhacht chun cinntí áirithe a dhéanamh a tharmligean chuig na comhordaitheoirí, cé is moite de chinntí a bhaineann le tuarascálacha, tairiscintí i gcomhair rún, tuairimí nó leasuithe a ghlacadh.

Féadfar a iarraidh ar na Leas-Chathaoirligh a bheith páirteach i gcruinnithe na gcomhordaitheoirí coiste agus ról comhairleach a bheith acu ag na cruinnithe sin.

Nuair nach féidir comhthoil a bhaint amach, ní fhéadfaidh na comhordaitheoirí gníomhú ach amháin le tromlach a sheasann go soiléir do thromlach mór den choiste, ag féachaint do mhéid na ngrúpaí polaitiúla éagsúla faoi seach.

Fógróidh an Cathaoirleach cinntí agus moltaí uile na gcomhordaitheoirí sa choiste, agus measfar iad a bheith glactha mura gcuirtear ina gcoinne. Luafar go cuí iad i miontuairiscí chruinniú an choiste.

Ní grúpa polaitiúil iad Feisirí Neamhcheangailte de réir bhrí Riail 33 agus, dá bhrí sin, ní féidir leo comhordaitheoirí a ainmniú agus is iad na Feisirí is comhordaitheoirí, agus iad sin amháin, atá i dteideal freastal ar chruinnithe comhordaitheoirí.

I ngach cás, ní mór rochtain ar fhaisnéis a ráthú do na Feisirí neamhcheangailte, i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, trí fhaisnéis a sholáthar agus trí dhuine de rúnaíocht na bhFeisirí neamhcheangailte a bheith i láthair ag cruinnithe comhordaitheoirí.

Riail 215

Scáth-rapóirtéirí

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla scáth-rapóirtéir a ainmniú le haghaidh gach tuarascála chun dul chun cinn na tuarascála ábhartha a leanúint agus chun teacht ar chomhréitigh laistigh den choiste thar ceann an ghrúpa. Cuirfear a n-ainmneacha in iúl do Chathaoirleach an choiste.

Riail 216

Cruinnithe coiste

1.

Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán.

Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre. Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe.

2.

Féadfaidh an Coimisiún, an Chomhairle agus institiúidí eile de chuid an Aontais labhairt i gcruinnithe coiste má iarrann Cathaoirleach coiste orthu, thar ceann an choiste, déanamh amhlaidh.

Le cinneadh de chuid coiste, féadfar a iarraidh ar aon duine eile freastal ar chruinniú agus labhairt lena linn.

Féadfaidh an coiste freagrach, faoi réir formheas a fháil ón mBiúró, éisteacht saineolaithe a eagrú má mheasann sé go bhfuil éisteacht den sórt sin riachtanach chun a chuid oibre ar ábhar áirithe a sheoladh go héifeachtach.

3.

Gan dochar do Riail 56(6) agus mura rud é go gcinnfidh an coiste atá i gceist a mhalairt, ní fhéadfaidh Feisirí a fhreastalaíonn ar chruinnithe coistí nach comhaltaí díobh iad páirt a ghlacadh ina bpléití.

Féadfaidh an coiste cead a thabhairt dóibh, áfach, páirt a ghlacadh sna cruinnithe i gcáil chomhairleach.

4.

Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2) maidir le leithdháileadh ama labhartha.

5.

I gcás ina ndéantar tuarascáil focal ar fhocal a tharraingt suas, beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 204 (2), (3) agus (5).

Riail 217

Miontuairiscí cruinnithe coiste

Déanfar miontuairiscí do gach cruinniú coiste a chur ar fáil dá chuid comhaltaí go léir agus cuirfear faoi bhráid an choiste iad ag a chéad chruinniú eile le formheas an choiste a fháil ina Leith.

Riail 218

Vótáil i gcoiste

1.

Gan dochar do Riail 65(4) maidir leis an dara léamh, síneoidh lánchomhalta nó comhalta ionaid den choiste lena mbaineann i gcónaí leasuithe ar dhréacht-tograí i gcomhair diúltú a cuireadh síos lena mbreithniú sa choiste, nó comhshíneoidh ar a laghad comhalta amháin den sórt sin iad.

2.

Féadfaidh coiste vótáil a dhéanamh go bailí nuair atá an ceathrú cuid dá chomhaltaí i láthair go hiarbhír. Má iarrann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste é, áfach, sula gcuirtear tús leis an vótáil, ní bheidh an vótáil bailí ach amháin má tá tromlach a chomhaltaí páirteach inti..

3.

Déanfar aon vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach i gcoiste ar thuarascáil nó ar thuairim le glaoch rolla i gcomhréir le Riail 190(3) agus (4). Is le taispeáint lámh a dhéanfar an vótáil ar leasuithe nó vótáil eile, mura rud é go gcinneann an Cathaoirleach dul ar aghaidh le vótáil leictreonach nó mura rud é go n-iarrann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste vótáil le glaoch rolla.

Níl feidhm ag Riail 218(3) a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(4), (7) agus (9) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.

4.

I bhfianaise na leasuithe a chuirtear síos, féadfaidh an coiste, seachas dul ar aghaidh leis an vótáil, a iarraidh ar an rapóirtéir dréacht nua a chur faoina bhráid agus an oiread sin de na leasuithe is féidir á gcur san áireamh. Socrófar teorainn ama nua ansin i gcomhair leasuithe.

Riail 219

Forálacha a bhaineann le suíonna iomlánacha agus is infheidhme i gcoiste

Beidh feidhm mutatis muntandis maidir le coistí ag na Rialacha seo a leanas a bhaineann le vótáil, pointí oird agus tairiscintí nós imeachta: Riail 174 (Bac a chosc), Riail 179 (Tairseacha), Riail 180 (Leasuithe a chur síos agus a thíolacadh), Riail 181 (Inghlacthacht na leasuithe), Riail 182 (An nós imeachta vótála), Riail 183 (An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe), Riail 185 (1) (Vótáil dheighilte), Riail 186 (Ceart chun vóta a chaitheamh), Riail 187 (Vótáil), Riail 189 (Comhionannas vótaí), Riail 190 (3) agus (4) (Vótáil le glaoch rolla), Riail 191 (Vótáil le ballóid rúnda), Riail 192 (Úsáid a bhaint as córas vótála leictreonach), Riail 193 (Díospóidí maidir leis an vótáil), Riail 195 (Pointí oird), Riail 200 (Díospóireacht nó vótáil a chur ar atráth) agus Riail 201 (An suí a chur ar fionraí nó a chríochnú).

Riail 220

Tráth na gCeisteanna i gcoiste

Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh i gcoiste má chinneann coiste amhlaidh. Cinnfidh gach coiste a chuid rialacha féin maidir le seoladh Thráth na gCeisteanna.

Riail 221

Nós imeachta do chomhairliúchán coiste i ndáil le faisnéis rúnda i gcruinniú coiste i seomra iata

1.

I gcás ina bhfuil an Pharlaimint faoi oibleagáid dhlíthiúil déileáil le faisnéis a fuarthas mar fhaisnéis rúnda, cuirfidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh an nós imeachta rúndachta a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm go huathoibríoch.

2.

Gan dochar do mhír 1, in éagmais aon oibleagáid dhlíthiúil déileáil leis an bhfaisnéis a fuarthas mar fhaisnéis rúnda, féadfaidh aon choiste an nós imeachta rúndachta a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm ar a thairiscint féin i dtaca le píosa faisnéise nó le doiciméad arna sonrú ag duine dá chomhaltaí in iarraidh i scríbhinn nó in iarraidh ó bhéal. Beidh tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i láthair ag teastáil i gcomhair cinnidh a ghlacadh chun an nós imeachta rúndachta a chur i bhfeidhm i gcás den sórt sin.

3.

A luaithe a dhearbhaíonn cathaoirleach an choiste go bhfuil an nós imeachta rúndachta le cur i bhfeidhm, beidh an cruinniú i seomra iata, agus ní fhéadfaidh a bheith i láthair ag an gcruinniú ach amháin comhaltaí an choiste, lena n-áirítear comhaltaí ionaid. Féadfaidh an coiste a chinneadh, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil idirinstitiúideach is infheidhme, go bhféadfaidh Feisirí eile freastal ar an gcruinniú de bhun Riail 216(3). Féadfaidh na daoine sin a d’ainmnigh an Cathaoirleach roimh ré mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas a bheith i láthair ag an gcruinniú freisin, agus urraim chuí á tabhairt d’aon srianta atá ag eascairt ó na rialacha infheidhme lena rialaítear an chaoi a ndéileálann an Pharlaimint le faisnéis rúnda. Maidir leis an gcomhairliúchán ar fhaisnéis rúnaicmithe ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus os a chionn, nó i gcás teorainneacha sonracha rochtana a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil idirinstitiúideach, féadfaidh feidhm a bheith ag srianta breise.

Déanfar na doiciméid a dháileadh ag tús an chruinnithe agus baileofar arís iad ag an deireadh. Beidh siad uimhrithe. Ní fhéadfar aon nótaí a ghlacadh ná aon fhótachóip a dhéanamh.

Ní dhéanfar an plé ar an mír a pléadh faoin nós imeachta rúndachta a lua i miontuairiscí an chruinnithe. Ní fhéadfar ach an cinneadh ábhartha, más ann, a thaifeadadh.

4.

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sárú rúndachta i gcoitinne, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste a mbeidh nós imeachta rúndachta curtha i bhfeidhm aige a iarraidh go mbreithneofar sárú rúndachta. Féadfar an iarraidh sin a chur ar an gclár oibre den chéad chruinniú eile den choiste. Le tromlach dá chomhaltaí, féadfaidh an coiste cinneadh a dhéanamh an t-ábhar a chur faoi bhráid an Uachtaráin lena bhreithniú tuilleadh faoi Rialacha 10 agus 176.

Beidh feidhm ag an Riail seo sa mhéid agus a sholáthraíonn an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le cóireáil faisnéise rúnda don fhéidearthacht an fhaisnéis rúnda a cheadú ag cruinniú i gceamara lasmuigh de na saoráidí slána.

Riail 222

Éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí maidir leis na tionscnaimh ó na saoránaigh

1.

I gcás ina mbeidh tionscnamh ó na saoránaigh foilsithe ag an gCoimisiún sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53), déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ó Chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, an méid seo a leanas:

(a)

a chur de chúram ar an gcoiste atá freagrach as an ábhar de réir Iarscríbhinn VI eagrú a dhéanamh ar an éisteacht phoiblí dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011; beidh an coiste atá freagrach as achainíocha comhlachaithe go huathoibríoch faoi Riail 57;

(b)

féadfaidh sé, más rud é maidir le dhá thionscnamh ó na saoránaigh nó níos mó, arna bhfoilsiú sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a bhfuil ábhar comhchosúil acu, a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na heagraithe, go bhfuil éisteacht phoiblí chomhpháirteach le heagrú ina ndéileálfar leis na tionscnaimh go léir ó na saoránaigh ar bhonn cothrom.

2.

Maidir leis an gcoiste atá freagrach as an ábhar:

(a)

déanfaidh sé a fhíorú an raibh cruinniú ag an gCoimisiún leis na heagraithe ag leibhéal iomchuí i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011;

(b)

a áirithiú, más gá sin, le tacaíocht Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, go mbeidh an Coimisiún páirteach go cuí in eagrú na héisteachta poiblí agus go mbeidh ionadaíocht ag leibhéal iomchuí aige san éisteacht.

3.

Déanfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar an éisteacht phoiblí a chomóradh ag dáta iomchuí laistigh de 3 mhí ón tionscnamh a thíolacadh chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011.

4.

Eagróidh an coiste freagrach an éisteacht phoiblí sa Pharlaimint, i gcomhréir le cibé institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais ar mian leo a bheith páirteach inti, más iomchuí. Féadfaidh sé a iarraidh ar gheallsealbhóirí eile a bheith i láthair.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cuireadh a thabhairt do ghrúpa ionadaíoch de na heagraithe, lena n-áirítear duine amháin ar a laghad de na daoine teagmhála dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, an tionscnamh a chur i láthair ag an éisteacht.

5.

Déanfaidh an Biúró, i gcomhréir leis na socruithe atá comhaontaithe leis an gCoimisiún, rialacha a ghlacadh maidir leis na costais a bheidh tabhaithe a aisíoc.

6.

Féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte agus Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí a gcumhachtaí faoin Riail seo a tharmligean chuig Leas-Uachtarán agus chuig cathaoirleach eile faoi seach.

7.

Má bhíonn na coinníollacha a leagtar síos i Riail 57 nó i Riail 58 á gcomhlíonadh, beidh feidhm freisin ag na coinníollacha sin, le coistí eile. Beidh feidhm freisin ag Rialacha 210 agus 211.

Ní bheidh feidhm ag Riail 25(9) maidir le héisteachtaí poiblí i ndáil le tionscnaimh ó na saoránaigh.

8.

Beidh díospóireacht ag an bParlaimint ar thionscnamh ó na saoránaigh arna fhoilsiú sa chlár ábhartha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ag páirtseisiún tar éis na héisteachta poiblí agus, déanfaidh sí, nuair a bheidh an díospóireacht á cur ar a clár oibre, a chinneadh i dtaobh cibé acu ba cheart nó nár cheart an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún. Ní dhéanfaidh sí an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún má tá tuarascáil ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhchosúil sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(3) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

9.

Tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún lena leagfar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir le tionscnamh ar leith ó na saoránaigh, déanfaidh an Pharlaimint measúnú ar na gníomhartha a ghlac an Coimisiún de thoradh na teachtaireachta sin. I gcás ina mainníonn an Coimisiún togra iomchuí a chur isteach maidir le tionscnamh ó na saoránaigh, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar éisteacht a eagrú i gcomhairliúchán le heagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh. Thairis sin, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh i dtaobh ar cheart díospóireacht sa suí iomlánach a reáchtáil agus ar cheart an díospóireacht sin a thabhairt chun críche le rún. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 8. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh freisin an ceart a thugtar di le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus an nós imeachta a leagtar síos i Riail 47 á ghníomhachtú ar an gcaoi sin.

CAIBIDIL 2

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha

Riail 223

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin

1.

Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, cuirfidh an Pharlaimint buantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha ar bun agus déanfaidh sí a gcineál agus líon a gcomhaltaí a chinneadh i bhfianaise na ndualgas a bheidh orthu. Ceapfaidh na grúpaí polaitiúla nó na Feisirí neamhcheangailte na comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin nó an dara páirtseisiún tar éis atoghadh na Parlaiminte agus toghfar iad go ceann ré an téarma pharlaimintigh.

2.

Áiritheoidh na grúpaí polaitiúla a mhéid is féidir go mbeidh ionadaíocht chothrom ar Bhallstáit, ar thuairimí polaitiúla agus ar inscne. Ní fhéadfar go mbeidh an náisiúntacht chéanna ag níos mó ná an tríú cuid de chomhaltaí toscaireachta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 209.

3.

Déanfar biúrónna na dtoscaireachtaí a chomhdhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos do na buanchoistí i Riail 213.

4.

Cinnfidh an Pharlaimint cumhachtaí ginearálta gach toscaireachta aonair. Féadfaidh sí a chinneadh, aon tráth, na cumhachtaí sin a mhéadú nó a shrianadh.

5.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, ar thogra ó Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí, na forálacha cur chun feidhme a ghlacadh is gá chun a chumasú do na toscaireachtaí a gcuid oibre a dhéanamh.

6.

Tuairisceoidh Cathaoirleach toscaireachta ar ais go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí na toscaireachta don choiste atá freagrach as gnóthaí eachtracha.

7.

Tabharfar deis do Chathaoirleach toscaireachta éisteacht a fháil os comhair coiste más rud é go mbaineann mír ar an gclár oibre le réimse freagrachta na toscaireachta sin. Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna i leith Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste sin i gcás cruinnithe de chuid na toscaireachta.

Riail 224

Coistí parlaiminteacha comhpháirteacha

1.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa coistí parlaiminteacha comhpháirteacha a chur ar bun i gcomhar le parlaimintí de chuid Stát atá i gcomhlachas leis an Aontas nó le parlaimintí de chuid Stát a bhfuil caibidlíocht aontachais tosaithe ag an Aontas leo.

Féadfaidh coistí den sórt sin moltaí a fhoirmiú do na parlaimintí lena mbaineann. I gcás Pharlaimint na hEorpa, déanfar na moltaí sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus cuirfidh an coiste sin tograí ar aghaidh maidir leis an ngníomh a bheidh le déanamh.

2.

Saineoidh Parlaimint na hEorpa freagrachtaí ginearálta na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha éagsúla, i gcomhréir leis na comhaontuithe leis na tríú tíortha.

3.

Déanfar na coistí parlaiminteacha comhpháirteacha a rialú leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa chomhaontú iomchuí. Beidh na nósanna imeachta sin bunaithe ar phrionsabal na cothroime amhail idir toscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus toscaireacht na parlaiminte lena mbaineann.

4.

Tarraingeoidh coistí parlaiminteacha comhpháirteacha suas a gcuid rialacha nós imeachta féin agus tíolacfaidh siad iad lena bhformheas laistigh de Pharlaimint na hEorpa dá biúró, agus laistigh de pharlaimint an tríú tír lena mbaineann do chomhlacht ábhartha na parlaiminte sin.

5.

Déanfar ceapadh chomhaltaí thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa chuig coistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus comhdhéanamh bhiúrónna na dtoscaireachtaí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le haghaidh toscaireachtaí idirpharlaiminteacha.

Riail 225

Comhar le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

1.

Comhoibreoidh comhlachtaí na Parlaiminte, agus go háirithe na coistí, lena gcomhlachtaí macasamhla i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa i réimsí leasa fhrithpháirtigh, agus an aidhm acu go háirithe feabhas a chur ar éifeachtúlacht a gcuid oibre agus dúblú iarrachta a sheachaint.

2.

Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, na socruithe a chinneadh i gcomhair an chomhoibrithe sin. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, i gcomhaontú le húdaráis inniúla Thionól

TEIDEAL IX

ACHAINÍOCHA

Riail 226

Ceart achainí

1.

I gcomhréir le hAirteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe aige nó aici i mBallstát, ar a chonlán féin nó ar a conlán féin, nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart chun achainí a chur os comhair na Parlaiminte ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann go díreach leis nó léi.

2.

Beidh ainm agus seoladh buan gach achainígh ar taispeáint ar achainíocha chun na Parlaiminte.

3.

Ní chlárófar mar achainíocha aighneachtaí chuig an bParlaimint ar follasach nach bhfuil siad ceaptha a bheith ina n-achainíocha; ina ionad sin, cuirfear ar aghaidh chuig an tseirbhís chuí iad gan mhoill chun déileáil leo tuilleadh.

4.

I gcás achainí a bheith sínithe ag roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ainmneoidh na sínitheoirí ionadaí agus leas-ionadaí agus measfar gurb iadsan na hachainígh chun críocha chur chun feidhme an Teidil seo.

I gcás nach n-ainmnítear aon ionadaí den sórt sin, measfar gurb é nó í an chéad sínitheoir an t-achainíoch nó gur duine cuí eile a bheidh ina achainíoch.

5.

Féadfaidh gach achainíoch a shíniú nó a síniú a tharraingt siar tráth ar bith.

Má tharraingíonn na hachainígh uile a sínithe siar, beidh an achainí ar neamhní.

6.

Ní mór achainíocha a bheith scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ní bhreithneofar achainíocha atá scríofa in aon teanga eile ach amháin i gcás ina ndéanann an t-achainíoch aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gceangal léi. Déanfar an teanga oifigiúil ina mbeidh an t-aistriúchán tarraingthe suas a úsáid i gcomhfhreagras na Parlaiminte leis an achainíoch.

Féadfaidh an Biúró cinneadh a dhéanamh go bhféadfar achainíocha agus comhfhreagras le hachainígh a dhréachtú i dteangacha eile a bhfuil, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát lena mbaineann, stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid di.

7.

Féadfar achainíocha a thíolacadh tríd an bpost nó trí Thairseach na nAchainíocha a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte agus a thabharfaidh treoir don achainíoch faoin gcaoi le hachainí a chur le chéile ar bhealach atá ag teacht le mír 1 agus mír 2.

8.

I gcás ina bhfaightear roinnt achainíocha a bhfuil ábhar comhchosúil acu, féadfar go ndéileálfaí le chéile leo.

9.

Déanfar na hachainíocha a thaifeadadh i gclár san ord ina bhfaightear iad má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 2. Déanfar na hachainíocha nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a chomhdú, agus cuirfear na cúiseanna ina leith sin in iúl don achainíoch.

10.

Cuirfidh an tUachtarán achainíocha a thaifeadfar sa chlár ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as achaíonacha, agus suífidh an coiste sin ar dtús inghlacthacht na hachainí i gcomhréir le hAirteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Mura dtagann an coiste ar chomhthoil maidir le hinghlacthacht na hachainí, dearbhófar go bhfuil an achainí inghlactha má iarrann an tríú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

11.

Déanfar na hachainíocha a dhearbhóidh an coiste a bheith neamh-inghlactha a chomhdú. Cuirfear an cinneadh agus na cúiseanna i leith an chinnidh sin in iúl don achainíoch. Nuair is féidir, féadfar bealach eile sásaimh a mholadh.

12.

Is doiciméid phoiblí a bheidh sna hachainíocha ón tráth a gcláraítear iad agus féadfaidh an Pharlaimint, ar chúiseanna trédhearcachta, ainm an achainígh, comh-achainígh fhéideartha agus lucht tacaíochta féideartha, agus gach a bhfuil san achainí a fhoilsiú. Cuirfear an méid sin in iúl don achainíoch, do na comh-achainígh agus don lucht tacaíochta dá réir sin.

13.

D’ainneoin mhír 9, féadfaidh an t-achainíoch, comh-achainíoch nó duine den lucht tacaíochta a iarraidh go gcoinneofar siar a ainm nó a hainm chun a phríobháideacht nó a príobháideacht a chosaint, agus sa chás sin comhlíonfaidh an Pharlaimint an iarraidh.

Más rud é nach féidir gearán an achainígh a imscrúdú mar go bhfuil an t-achainí curtha i ndíth ainm, rachfar i gcomhairle leis an achainíoch maidir leis na bearta eile a bheidh le glacadh.

14.

D’fhonn cearta na dtríú páirtithe a chosaint, féadfaidh an Pharlaimint, ar a conlán féin nó arna iarraidh sin ón tríú páirtí lena mbaineann, achainí agus/nó sonraí atá inti a chur i ndíth ainm, má mheasann an Pharlaimint gur cheart é sin a dhéanamh.

15.

Déanfar achainíocha arna ndíriú chuig an bParlaimint ag daoine nádúrtha nó ag daoine dlítheanacha nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad nó nach bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó nach bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát a chlárú agus a chomhdú ar leithligh ó achainíocha eile. Déanfaidh an tUachtarán taifead míosúil de na hachainíocha sin a fhaigheann sé i rith na míosa roimhe sin, ar taifead é ina léireofar ábhar na n-achainíocha, a sheoladh chuig an gcoiste. Féadfaidh an coiste sin na hachainíocha ar mian leis breithniú a dhéanamh orthu a iarraidh.

Riail 227

Achainíocha a scrúdú

1.

Déanfaidh an coiste freagrach achainíocha inghlactha a bhreithniú i gcúrsa a ghnáthghníomhaíochtaí, trí phlé a dhéanamh ag cruinniú rialta nó trí nós imeachta i scríbhinn. Féadfar a iarraidh ar achainígh páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an choiste má tá plé le déanamh ar a n-achainí, nó féadfaidh na hachainígh a iarraidh a bheith i láthair. Is faoi rogha an Chathaoirligh a bheidh sé ceart labhartha a thabhairt d’achainígh.

2.

Maidir le hachainí inghlactha, féadfaidh an coiste a chinneadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint, ar choinníoll go gcuirtear Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ar an eolas roimh ré agus nach bhfuil aon agóid ina aghaidh sin ag Comhdháil na nUachtarán. Cuirfear tairiscintí i gcomhair rún den sórt sin ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a thionólfar tráth nach déanaí ná 8 seachtaine tar éis ghlacadh na dtairiscintí i gcomhair rúin sin. Déanfar vótáil aonair orthu. Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh Riail 160 a chur i bhfeidhm, agus mura ndéantar é sin cuirfearr na tairiscintí i gcomhair rúin chun vóta gan díospóireacht.

3.

gcás ina mbeartaíonn an coiste tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas faoi Riail 54(1) i ndáil le hachainí inghlactha agus a dhéileálann, go háirithe, le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais, nó go moltar athruithe inti ar an dlí láithreach, déanfar an coiste atá freagrach as an ábhar a chomhlachú i gcomhréir le Riail 56 agus Riail 57. Glacfaidh an coiste freagrach, gan vóta, le moltaí maidir le codanna den tairiscint i gcomhair rúin a fhaightear ón gcoiste atá freagrach as an ábhar agus a dhéileálann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais nó a dhéileálann le hathruithe sa dlí láithreach. Más rud é nach nglacfaidh an coiste freagrach le moltaí den sórt sin, féadfaidh an coiste comhlachaithe iad a chur síos go díreach i suí iomlánach.

4.

Féadfaidh sínitheoirí tacaíocht a thabhairt d’achainí atá inghlactha, nó féadfaidh siad an tacaíocht sin a tharraingt siar, ar Thairseach na nAchainíocha. Cuirfear an tairseach sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

5.

Féadfaidh an coiste cúnamh a iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe i bhfoirm faisnéise ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó ar chomhlíonadh an dlí sin, agus i bhfoirm faisnéise nó doiciméid a bhaineann leis an achainí. Iarrfar ar ionadaithe an Choimisiúin freastal ar chruinnithe de chuid an choiste.

6.

Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an Uachtarán tuairim nó moladh an choiste a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle nó chuig údarás an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhair gníomhaíochta nó freagra.

7.

Déanfaidh an coiste tuairisciú go bliantúil don Pharlaimint ar thoradh a chuid pléití agus, i gcás inarb iomchuí, ar na bearta a bheidh glactha ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún maidir le hachainíocha arna dtarchur ag an bParlaimint chucu.

Nuair a thabharfar an breithniú ar achainí inghlactha chun críche, dearbhófar go bhfuil sé arna chríochnú le cinneadh ón gcoiste.

8.

Déanfar na cinntí ábhartha uile a ghlacfaidh an coiste agus na cúiseanna leo a chur in iúl don achainíoch.

9.

Féadfar achainí a athoscailt le cinneadh ón gcoiste, má chuirtear fíorais ábhartha nua a bhaineann leis an achainí in iúl dó agus go n-iarrann an t-achainíoch amhlaidh.

10.

Déanfaidh an coiste, le tromlach a chomhaltaí, treoirlínte maidir le déileáil le hachainíocha a ghlacadh i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

Riail 228

Cuairteanna faisnéise

1.

Le linn achainíocha a imscrúdú, fíorais a shuíomh nó réitigh a lorg, féadfaidh an coiste cuairteanna faisnéise a eagrú chuig an mBallstát nó chuig an réigiún lena mbaineann achainíocha inghlactha a ndearnadh díospóireacht orthu sa choiste cheana. Mar riail ghinearálta, clúdóidh cuairteanna faisnéise saincheisteanna a ardaíodh i roinnt achainíocha. Beidh feidhm ag Rialacha an Bhiúró lena rialaítear toscaireachtaí coiste laistigh den Aontas Eorpach.

2.

Ní bheidh Feisirí, ar toghadh sa Bhallstát cinn scríbe iad, páirteach sa toscaireacht. Féadfar cead a thabhairt dóibh an toscaireacht atá ar chuairt faisnéise a thionlacan i gcáil ex officio.

3.

Tar éis gach cuairte, déanfaidh comhaltaí oifigiúla na toscaireachta tuarascáil mhisin a dhréachtú. Déanfaidh Ceann na toscaireachta comhordú ar dhréachtú na tuarascála agus féachfaidh le comhthoil a lorg i measc na gcomhaltaí oifigiúla ar bhonn cothrom maidir lena bhfuil le cur sa tuarascáil. D’éagmais comhthola den sórt sin, déanfar na measúnuithe eisréimneacha a leagan amach sa tuarascáil.

Ní bheidh comhaltaí atá ag glacadh páirt sa toscaireacht ar bhonn ex officio páirteach i ndréachtú na tuarascála.

4.

Déanfar an tuarascáil mhisin, lena n-áirítear moltaí féideartha, a chur faoi bhráid an choiste. Féadfaidh comhaltaí leasuithe maidir leis na moltaí a chur síos, ach ní fhéadfaidh siad leasuithe a chur síos maidir leis na fíorais a bheidh suite ag an toscaireacht.

Ar dtús, vótálfaidh an coiste ar na leasuithe ar na moltaí, más ann dóibh, ansin vótálfaidh sé ar an tuarascáil mhisin ina hiomláine.

Má fhormheastar an tuarascáil mhisin, déanfar í a chur ar aghaidh mar eolas chuig an Uachtarán.

Riail 229

Fógra maidir le hachainíocha

1.

Tabharfar fógra sa Pharlaimint maidir leis na hachainíocha a thaifeadtar sa chlár dá dtagraítear i Riail 226(6) agus maidir leis na príomhchinntí ar an nós imeachta atá le leanúint i ndáil le hachainíocha sonracha. Taifeadfar na fógraí sin i miontuairiscí na n-imeachtaí.

2.

Déanfar teideal agus achoimre téacsanna achainíocha arna dtaifeadadh sa chlár, mar aon le téacsanna na dtuairimí agus na gcinntí is tábhachtaí a cuireadh ar aghaidh i dtaca le scrúdú na n-achainíocha, a chur ar fáil don phobal ar Thairseach na nAchainíocha ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

Riail 230

Tionscnamh ó na saoránaigh

1.

Nuair a chuirtear in iúl don Pharlaimint gur iarradh ar an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh faoi Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, déanfaidh an coiste atá freagrach as achainíocha fíorú i dtaobh an dóigh go ndéanfaidh sé sin difear dá obair agus, más gá, cuirfidh sé an méid sin in iúl do shaoránaigh a mbeidh achainí tíolactha acu ar ábhair ghaolmhara.

2.

Maidir le tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, ar tionscnaimh iad a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, ach nach féidir a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán sin ós rud é nár comhlíonadh na nósanna imeachta ábhartha uile ná na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach ann, féadfaidh an coiste atá freagrach as achainíocha na tionscnaimh sin a scrúdú má mheasann sé gurb iomchuí scrúdú leantach a dhéanamh. Beidh feidhm ag Rialacha 226, 227, 228 agus 229 mutatis mutandis.

TEIDEAL X

OMBUDSMAN

Riail 231

Toghadh an Ombudsman

1.

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, nó i gcás ina bhfaigheann an tOmbudsman bás, ina n-éiríonn sé as oifig nó ina gcuirtear as oifig é, iarrfaidh an tUachtarán ainmniúcháin i gcomhair oifig an Ombudsman agus socróidh sé teorainn ama leis na hainmniúcháin sin a thíolacadh. Déanfar fógra ina n-iarrfar ainmniúcháin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.

Maidir le hainmniúcháin, ní mór tacaíocht a bheith acu ó 40 Feisire ar a laghad agus náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad a bheith ina measc.

Ní fhéadfaidh aon Fheisire tacú le níos mó ná ainmniúchán amháin.

Déanfar na doiciméid tacaíochta go léir is gá lena léiriú go críochnaitheach go gcomhlíonann an t-ainmnitheach na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (54).

3.

Tarchuirfear na hainmniúcháin sin chuig an gcoiste freagrach. Déanfar liosta iomlán de na Feisirí a bhfuil tacaíocht tugtha acu do na hainmnithigh a chur ar fáil don phobal in am trátha.

4.

Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh éisteacht a thabhairt do na hainmnithigh. Beidh éisteachtaí den sórt sin oscailte do na Feisirí go léir.

5.

Déanfar vótáil ansin sa Pharlaimint ar liosta ainmniúchán inghlactha in ord aibítre.

6.

Déanfar an tOmbudsman a thoghadh de réir thromlach na vótaí a chaitear.

Más rud é nach dtoghtar aon iarrthóir tar éis an chéad dá bhallóid, ní fhéadfaidh ach an dá iarrthóir a gheobhaidh an líon is mó vótaí sa dara ballóid fanacht san iomaíocht.

I gcás comhionannais vótaí, ceapfar an t-iarrthóir is sine.

7.

Sula gcuirtear tús leis an vótáil, cinnteoidh an tUachtarán go bhfuil an leathchuid ar a laghad de líon na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair.

8.

Feidhmeoidh an tOmbudsman a chuid nó a cuid dualgas go dtí go rachaidh a chomharba nó a comharba i mbun oifige, ach amháin i gcás ina bhfaigheann sé nó sí bás nó ina gcuirtear as oifig é nó í.

Riail 232

Gníomhaíochtaí an Ombudsman

1.

Déanfaidh an coiste freagrach cásanna drochriaracháin ar chuir an tOmbudsman ar an eolas é fúthu de bhun Airteagal 3(6) agus (7) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom agus féadfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54.

Déanfaidh an coiste freagrach an tuarascáil a chuirfidh an tOmbudsman isteach ag deireadh gach seisiúin bhliantúil maidir le torthaí a chuid nó a cuid fiosrúchán a scrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom agus féadfaidh sé tairiscint i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh i ndáil le haon ghné den tuarascáil sin.

2.

Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis a sholáthar don choiste freagrach freisin nuair a iarrann an coiste sin amhlaidh nó, féadfaidh an tOmbudsman éisteacht a fháil ón gcoiste sin, arna iarraidh sin ag an Ombudsman.

Riail 233

An tOmbudsman a chur as oifig

1.

Féadfaidh an deichiú cuid den líon Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a iarraidh go gcuirfear an tOmbudsman as oifig más rud é nach gcomhallann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh nó má tá sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach. I gcás ina ndearnadh vótáil ar iarraidh chun an tOmbudsman a chur as oifig i rith an 2 mhí roimhe sin, ní fhéadfar iarraidh nua a chur síos ach amháin má dhéanann an cúigiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint amhlaidh.

2.

Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an Ombudsman agus chuig an gcoiste freagrach, agus má chinneann an coiste freagrach trí thromlach a chomhaltaí go bhfuil foras ar fónamh leis na cúiseanna cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte. Má iarrann an tOmbudsman amhlaidh, tabharfar éisteacht dó nó di sula ndéanfar vótáil ar an tuarascáil. Tar éis díospóireachta, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le ballóid rúnda.

3.

Sula gcuirtear tús leis an vótáil, áiritheoidh an tUachtarán go bhfuil an leathchuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair.

4.

Má tá an vótáil i bhfabhar an tOmbudsman a chur as oifig agus i gcás nach n-éiríonn sé nó sí as oifig dá réir sin, déanfaidh an tUachtarán, ar a dhéanaí faoin bpáirtseisiún i ndiaidh an chinn ar lena linn a seoladh an vótáil, iarratas a chur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun an tOmbudsman a chur as oifig agus iarrfaidh sé go ndéanfar rialú gan mhoill.

Beidh deireadh leis an nós imeachta nuair a éiríonn an tOmbudsman as oifig.

TEIDEAL XI

ARDRÚNAÍOCHT NA PARLAIMINTE

Riail 234

Ardrúnaíocht na Parlaiminte

1.

Tabharfaidh Ardrúnaí arna cheapadh ag an mBiúró cúnamh don Pharlaimint.

Tabharfaidh an tArdrúnaí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé a chuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon.

2.

Beidh an tArdrúnaí i gceannas ar Ardrúnaíocht a gcinnfidh an Biúró a comhdhéanamh agus a heagrúchán.

3.

Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta Ardrúnaíocht na Parlaiminte agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n_oifigeach agus na seirbhíseach eile.

Cuirfidh Uachtarán na Parlaiminte institiúidí cuí an Aontais Eorpaigh ar an eolas dá réir sin.

TEIDEAL XII

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ A BHAINEANN LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS FONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA

Riail 235

Cumhachtaí agus freagrachtaí a bhaineann le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (55)

1.

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 65(1) den Rialachán Airgeadais, go gcinneann an Pharlaimint an ceart caiteachas a údarú a fhorchoimeád chuici féin, gníomhóidh sí trína Biúró.

Ar an mbonn seo, beidh an Biúró inniúil ar chinntí a ghlacadh faoi Airteagail 17, 18, 24, 27(3) agus 30 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56).

Déanfaidh an tUachtarán cinntí aonair a ghlacann an Biúró ar bhonn na míre seo a shíniú thar a cheann agus cuirfear an cinneadh in iúl don iarratasóir nó don tairbhí i gcomhréir le hAirteagal 297 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sonrófar sna cinntí aonair na réasúin is bun leo i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 296 den Chonradh sin.

Féadfaidh an Biúró, aon tráth, dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán.

2.

Ar iarraidh a fháil ón gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad ina measc, déanfaidh an Pharlaimint vótáil ar an gcinneadh a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.1141/2014, ar an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cláraithe ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) agus pointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

3.

Ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 10(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, féadfaidh grúpa de 50 saoránach ar a laghad iarraidh réasúnaithe a chur isteach ag iarraidh ar an bParlaimint an fíorú a luaitear i mír 2 a iarraidh. Ní dhéanfaidh na Feisirí an iarraidh réasúnaithe sin a sheoladh ná a shíniú. Áireofar inti fianaise fhíorasach shubstaintiúil lena léirítear nach gcomhlíonann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach atá i gceist na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh an tUachtarán iarrataí inghlactha ó ghrúpaí de shaoránaigh ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach chun iad a scrúdú tuilleadh.

Tar éis an scrúdaithe sin, ar cheart dó tarlú laistigh de 4 mhí ón tarchur ón Uachtarán, féadfaidh an coiste freagrach, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann é agus a dhéanann ionadaíocht ar thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad, togra a chur isteach chun obair leantach a dhéanamh ar an iarraidh agus an tUachtarán a chur ar an eolas faoi.

Cuirfear an grúpa de shaoránaigh ar an eolas faoi thoradh scrúdú an choiste.

Tar éis an togra ón gcoiste a bheith faighte ag an Uachtarán, cuirfidh sé an iarraidh in iúl don Pharlaimint.

Tar éis an chumarsáid sin a fháil, déanfaidh an Pharlaimint, trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, a chinneadh cibé acu ba cheart nó nár cheart iarraidh a thaisceadh leis an Údaráis um Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha.

Glacfaidh an coiste treoirlínte chun deileáil le hiarrataí den sórt sin ó ghrúpaí de shaoránaigh.

4.

Ar iarraidh a fháil ón gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad ina measc, déanfaidh an Pharlaimint vótáil ar thogra le haghaidh cinneadh réasúnaithe cur in aghaidh, de bhun Airteagal 10(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, chinneadh an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha go ndéanfaí páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú laistigh de 3 mhí ó chur in iúl an chinnidh.

Déanfaidh an coiste freagrach togra a thíolacadh i gcomhair cinneadh réasúnaithe. Má dhiúltaítear don togra seo, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.

5.

Ar bhonn togra ón gcoiste freagrach, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán beirt chomhaltaí de chuid an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce a cheapadh de bhun Airteagal 11 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

TEIDEAL XIII

NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ

Riail 236

Na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm

1.

Más rud é go bhfuil aon amhras ann faoi chur i bhfeidhm nó léirmhíniú na Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach le scrúdú a dhéanamh ina Leith.

Féadfaidh Cathaoirligh na gcoistí an rud céanna a dhéanamh nuair a thagann amhras den sórt sin chun cinn le linn obair an choiste agus go mbaineann an t-amhras leis an obair sin.

2.

Déanfaidh an coiste cinneadh i dtaobh an gá leasú ar na Rialacha Nós Imeachta a mholadh. Más amhlaidh an cás, feidhmeoidh sé i gcomhréir le Riail 237.

3.

Más rud é go gcinneann an coiste gur leor léirmhíniú ar na Rialacha láithreacha, cuirfidh sé a léirmhíniú ar aghaidh chuig an Uachtarán agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint ag an gcéad pháirtseisiún eile.

4.

Más rud é go ndéanann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i gcoinne léirmhíniú an choiste laistigh de thréimhse 24 huair an chloig tar éis a fhógartha, déanfar vótáil ar an ábhar sa Pharlaimint. Glacfar leis an téacs le tromlach na vótaí a chaitear, ar choinníoll go bhfuil an tríú cuid ar a laghad de líon na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair. I gcás diúltaithe, tarchuirfear an t-ábhar ar ais chuig an gcoiste.

5.

Déanfar léirmhínithe neamhagóidithe agus léirmhínithe arna nglacadh ag an bParlaimint a chur i gceangal leis an Riail iomchuí nó leis na Rialacha iomchuí, agus beidh na léirmhínithe sin i gcló iodálach mar nótaí míniúcháin.

6.

Beidh léirmhínithe ina bhfasaigh i gcomhair fheidhmiú agus léirmhíniú na Rialacha lena mbaineann as sin amach.

7.

Déanfaidh an coiste freagrach na Rialacha Nós Imeachta agus na léirmhínithe a athbhreithniú go rialta.

8.

I gcás ina dtugann na Rialacha seo cearta do líon sonrach Feisirí, déanfar an líon sin a choigeartú go huathoibríoch go dtí an tslánuimhir is gaire a sheasann don chéatadán céanna de chomhaltas na Parlaiminte aon uair a mhodhnaítear méid iomlán na Parlaiminte, go háirithe tar éis méaduithe ar an Aontas Eorpach.

Riail 237

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

1.

Féadfaidh aon Fheisire leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leo a mholadh agus, i gcás inarb iomchuí, réasúnuithe gearra a chur in éineacht leo.

Scrúdóidh an coiste freagrach iad agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an gcuirfear faoi bhráid na Parlaiminte iad.

Chun Riail 180, Riail 181 agus Riail 183 a chur i bhfeidhm maidir le breithniú ar leasuithe beartaithe den sórt sin sa Pharlaimint, measfar, maidir le tagairtí a dhéantar sna Rialacha sin do “téacs bunaidh” nó don togra do ghníomh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, gur tagairtí iad don fhoráil atá i bhfeidhm an tráth áirithe sin.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfar leasuithe ar na Rialacha seo má fhaigheann siad vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus sa chás sin amháin.

3.

Mura rud é go sonraítear a mhalairt nuair a dhéantar an vótáil, tiocfaidh leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní atá ag gabháil leo i bhfeidhm ar an gcéad lá den pháirtseisiún tar éis a nglactha.

TEIDEAL XIV

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Riail 238

Siombailí an Aontais

1.

Aithneoidh agus glacfaidh an Pharlaimint na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais:

an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal ina bhfuil dháréag réalta órga ar chúlra gorm;

an roscamhrán atá bunaithe ar an “Óid don Aoibhneas” ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven;

an mana “Aontaithe san éagsúlacht”.

2.

Ceiliúrfaidh an Pharlaimint Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine.

3.

Cuirfear an bhratach ar foluain ag gach áitreabh de chuid na Parlaiminte agus tráth ócáidí oifigiúla. Úsáidfear an bhratach i ngach seomra cruinnithe de chuid na Parlaiminte.

4.

Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach suí bunaithe agus ag suíonna sollúnta eile, go háirithe iad siúd chun fáilte a chur roimh cheannairí Stáit nó rialtais nó chun fáilte a chur roimh Bhallstáit nua tar éis méaduithe.

5.

Déanfar an mana a atáirgeadh ar dhoiciméid oifigiúla na Parlaiminte.

6.

Scrúdóidh an Biúró úsáidí eile le haghaidh na siombailí laistigh den Pharlaimint. Leagfaidh an Biúró síos forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na Rialach seo.

Riail 239

Príomhshruthú inscne

Glacfaidh an Biúró plean gníomhaíochta inscne a bhfuil sé mar aidhm aige dearcadh inscne a ionchorprú i ngach gníomhaíocht de chuid na Parlaiminte, ar gach leibhéal agus ag gach céim. Déanfar faireachán ar an bplean gníomhaíochta inscne dhá uair sa bhliain agus déanfar athbhreithniú air gach 5 bliana ar a laghad.

Riail 240

Gnó gan chríochnú

Ag deireadh an pháirtseisiúin deiridh roimh thoghcháin, measfar go mbeidh gnó uile na Parlaiminte nach mbeidh críochnaithe tar éis titim ar lár, ach sin faoi réir fhorálacha an dara mír.

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ar iarrataí réasúnaithe a fháil ó choistí parlaiminteacha agus ó institiúidí eile go n-athchromfar ar bhreithniú na n-ábhar sin nó go leanfar de bhreithniú gnó gan chríochnú den sórt sin.

Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le hachainíocha, tionscnaimh ó na saoránaigh agus cumarsáidí nach gá cinneadh a dhéanamh ina leith.

Riail 241

Ceartúcháin

1.

Más rud é go sainaithnítear earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán, i gcás inarb iomchuí, dréachtcheartúchán a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.

Más rud é go bhfeictear go bhfuil earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint agus arna chomhaontú leis na hinstitiúidí eile, lorgóidh an tUachtarán comhaontú na n-institiúidí sin maidir leis na ceartúcháin is gá sula leantar ar aghaidh i gcomhréir le mír 1.

3.

Scrúdóidh an coiste freagrach an dréachtcheartúchán agus cuirfidh sé faoi bhráid na Parlaiminte é más deimhin leis gur tharla earráid is féidir a cheartú ar an tslí atá molta.

4.

Fógrófar an ceartúchán ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin. Measfar an ceartúchán sin a bheith formheasta mura rud é, tráth nach déanaí ná 24 huair an chloig tar éis é a fhógairt, go n- iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad go ndéanfar vótáil air. Mura bhformheastar an ceartúchán, tarchuirfear ar ais chuig an gcoiste freagrach é. Féadfaidh an coiste freagrach ceartúchán leasaithe a mholadh nó an nós imeachta a thabhairt chun críche.

5.

Foilseofar ceartúcháin fhormheasta ar an tslí chéanna leis an téacs lena mbaineann siad. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 79.

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(2)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (IO C 298, 30.11.2002, lch. 1).

Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil acu i ndáil le hábhair seachas na hábhair sin i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (IO C 95, 1.4.2014, lch. 1).

An Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil acu i ndáil le hábhair seachas na hábhair sin i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (IO C 95, 1.4.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2002 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh lena rialaítear rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (IO C 298, 30.11.2002, lch. 4).

Cinneadh ón mBiúró an 15 Aibreán 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear an tslí ina ndéileálann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (IO C 96, 1.4.2014, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  Féach Iarscríbhinn I.

(6)  Comhaontú an 16 Aibreán 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gClár Trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartas AE (IO L 277, 19.9.2014, lch. 11).

(7)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 15).

(8)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Samhain 1999 maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha i gcomhair imscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach a dhéanann dochar do leasanna an Chomhphobail a chosc.

(9)  Tá feidhm ag Riail 14 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 213(3)).

(10)  Tá feidhm ag Riail 15 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 213(3)).

(11)  Tá feidhm ag Riail 16 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 213(3)).

(12)  Tá feidhm ag Riail 19 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 213(3)).

(13)  Tá feidhm ag Riail 20 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 213(3)).

(14)  Féach Iarscríbhinn I.

(15)  Creat-Chomhaontú an 20. Deireadh Fómhair.2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (IO L 304, 20.11.2010, lch. 47).

(16)  Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(17)  Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, mír 25.

(18)  Féach an cinneadh ábhartha ó Chomhdháil na nUachtarán.

(19)  Cód Iompair maidir le caibidlíocht i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

(20)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(22)  Féach Iarscríbhinn V.

(23)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, Modh oibre brostaithe maidir le códú oifigiúil téacsanna reachtacha, pointe 4 (IO C 102, 4.4.1996, lch. 2).

(24)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha (IO C 77, 28.3.2002, lch. 1), pointe 9.

(25)  Rialachán 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún(IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(26)  Scriosfar Riail 112(4) ó na Rialacha Nós Imeachta a luaithe a bhainfear go hiomlán an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú den reachtaíocht atá ann.

(27)  Féach Iarscríbhinn VII.

(28)  Féach Iarscríbhinn III.

(29)  Féach Iarscríbhinn III.

(30)  Arna fhadú le cinneadh ón bParlaimint an 12 Márta 2019.

(31)  Tá feidhm ag Riail 171(2) mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 216(4)).

(32)  Tá feidhm ag Riail 174 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(33)  Tá feidhm ag Riail 179 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(34)  Tá feidhm ag Riail 180 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(35)  Tá feidhm ag Riail 181 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(36)  Tá feidhm ag Riail 182 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(37)  Tá feidhm ag Riail 183 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(38)  Tá feidhm ag Riail 185(1) mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(39)  Tá feidhm ag Riail 186 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(40)  Tá feidhm ag Riail 187 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(41)  Tá feidhm ag Riail 189 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(42)  Tá feidhm ag Riail 190(3) agus (4) mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(43)  Tá feidhm ag Riail 201 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(44)  Tá feidhm ag Riail 192 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(45)  Tá feidhm ag Riail 193 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(46)  Tá feidhm ag Riail 195 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(47)  Tá feidhm ag Riail 200 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(48)  Tá feidhm ag Riail 201 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 219).

(49)  Tá feidhm ag Riail 204(2), (3) agus (5) mutatis mutandis maidir le coistí i gcás ina ndéantar tuarascáil focal ar fhocal a tharraingt suas (féach Riail 216(5)).

(50)  Féach Iarscríbhinn VI.

(51)  Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir le forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (IO L 113, 19.5.1995, lch. 1).

(52)  An leagan de Riail 199 a mbeidh feidhm aige ó oscailt pháirtseisiúin Iúil 2019, tá sé ar fáil fresin san Aguisín a ghabhann leis an eagrán seo de na Rialacha Nós Imeachta.

(53)  Rialachán (AE) Uimh. 211/20111 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnaimh ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011, p. 1).

(54)  Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15).

(55)  Ní bheidh feidhm ag Riail 235 ach amháin maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha de réir bhrí Airteagal 2 (3) and (4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(56)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA

Airteagal 1

Treoirphrionsabail

Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú, ní mór d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa:

(a)

a bheith á dtreorú ag na prionsabail ghinearálta iompair seo a leanas: neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas cuntasacht agus meas ar chlú na Parlaiminte, agus déanann siad na prionsabail sin a urramú.

(b)

gníomhú ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus staonadh ó aon sochar airgeadais díreach nó indíreach nó luaíocht eile a fháil, agus ó fhéachaint leis na nithe sin a fháil.

Airteagal 2

Príomhdhualgais na bhFeisirí

Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú ní dhéanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa:

(a)

comhaontú chun gníomhú nó vótáil ar son aon duine eile dlítheanach nó nádúrtha ar comhaontú é lena gcuirfí as dá saoirse vótála, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus Airteagal 2 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

(b)

aon sochar nó luaíocht eile díreach nó indíreach a lorg, a ghlacadh nó a fháil, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, mar mhalairt ar iompraíocht shonrach mar a bhaineann le raon oibre parlaimintí an Fheisire, agus féachfaidh siad go comhfhiosach le haon staid a d’fhéadfadh breabaireacht, éilliú nó tionchar míchuí a thabhairt le tuiscint a sheachaint.

(c)

a ghabháil do ghníomhaíochtaí stocaireachta gairmiúla íoctha, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais.

Airteagal 3

Coinbhleachtaí leasa

1.

Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina bhfuil leas pearsanta ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa a d’fhéadfadh tionchar míchuí a bheith aige ar chomhlíonadh a dhualgas/a dualgas Ní ann do choinbhleacht leasa i gcás nach dtairbhíonn Feisire ach amháin mar chomhalta den phobal i gcoitinne nó d’aicme leathan daoine.

2.

Maidir le haon Fheisire ar dóigh leis nó léi go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici déanfaidh sé nó sí láithreach na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt air, i gcomhréir le prionsabail agus forálacha an Chóid Iompair seo. Más rud é nach bhfuil an Feisire in ann an choinbhleacht leasa sin a réiteach, déanfaidh sé nó sí é sin a thuairisciú i scríbhinn don Uachtarán. I gcásanna débhríochta, féadfaidh an Feisire comhairle faoi rún a iarraidh ón gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí, arna bhunú faoi Airteagal 7.

3.

Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Feisirí, roimh labhairt nó vótáil dóibh i suí iomlánach nó i gceann de chomhlachtaí na Parlaiminte, nó má mholtar iad mar rapóirtéir, aon choinbhleacht leasa iarbhír nó aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an ábhar atá á mheas a nochtadh, sa chás nach léir an choinbhleacht sin ón bhfaisnéis arna dearbhú de bhun Airteagal 4. Déanfar an nochtadh sin i scríbhinn nó ó bhéal don chathaoirleach le linn na n-imeachtaí parlaiminte i dtrácht.

Airteagal 4

Dearbhú ó na Feisirí

1.

Ar chúiseanna trédhearcachta, beidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa freagrach go pearsanta as dearbhú maidir le leasanna airgeadais a thíolacadh don Uachtarán faoi dheireadh an chéad pháirtseisiúin tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith ann (nó laistigh de 30 lá ó dhul i mbun oifig leis an bParlaimint dóibh le linn téarma parlaiminteach), i gcomhréir le foirm a bheidh le glacadh ag an mBiúró de bhun Airteagal 9. Tabharfaidh siad fógra don Uachtarán maidir le haon athruithe a bhfuil tionchar acu ar a ndearbhú faoi dheireadh na míosa tar éis do gach athrú tarlú.

2.

Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le leasanna airgeadais, ar faisnéis í a thabharfar ar shlí bheacht:

(a)

slí bheatha nó slite beatha an Fheisire le linn na tréimhse 3 bliana sula ndeachaigh sé nó sí i mbun oifig leis an bParlaimint, agus a chomhaltas/a comhaltas le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú sa dlí;

(b)

aon tuarastal a fhaigheann an Feisire chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile;

(c)

aon ghníomhaíocht rialta a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith is gníomhaíocht a ghabhann sé nó sí air nó uirthi féin agus a oifig/a hoifig á comhlíonadh aige nó aici, bíodh sé mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe;

(d)

comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó aon comhlachtaí eile arna mbunú le dlí, nó d’aon ghníomhaíocht sheachtrach ábhartha eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin, bíodh luach saothair ag dul leis nó ná bíodh;

(e)

aon ghníomhaíocht sheachtrach ócáideach ar luach saothair (lena n-áirítear scríbhneoireacht, léachtóireacht nó saineolas a sholáthar) má théann iomlán an luach saothair ar ghníomhaíochtaí seachtracha ócáideacha uile an Fheisire thar EUR 5 000 i mbliain féilire áirithe;

(f)

aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartais phoiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann;

(g)

aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh;

(h)

aon leasanna eile airgeadais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire.

D’fhonn aon ítim a dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh na Feisirí, i gcás inarb iomchuí, a léiriú an bhfuil nó nach bhfuil luach saothair ag dul leis nó nach bhfuil; maidir le hítimí (a), (c), (d), (e) agus (f), déanfaidh na Feisirí ceann amháin de na catagóirí ioncaim seo a leanas a léiriú freisin:

Gan luach saothair;

EUR 1 go EUR 499 in aghaidh na míosa;

EUR 500 go EUR 1 000 in aghaidh na míosa;

EUR 1 001 go EUR 5 000 in aghaidh na míosa;

EUR 5 001 go EUR 10-000 in aghaidh na míosa;

Os cionn EUR 10 000 in aghaidh na míosa, le léiriú ar an méid EUR 10 000 is gaire.

Maidir le haon ioncam eile a fhaigheann Feisirí i dtaca le gach ítim, ar ioncam é arna dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach nach ioncam é a fhaightear ar bhonn rialta, déanfar é a ríomh ar bhonn bliantúil, arna roinnt ar dhó dhéag agus curtha i gceann de na catagóirí a leagtar amach sa dara fomhír.

3.

Maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar don Uachtarán i gcomhréir leis an Airteagal seo, foilseofar í ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht ar an bhfaisnéis go héasca.

4.

Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de chuid cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh a ndearbhú leasanna airgeadais curtha isteach acu.

5.

Má fhaigheann an tUachtarán faisnéis, a thugann le fios dó go bhfuil dearbhú leasanna airgeadais Feisire éigin go suntasach míchruinn nó as dáta, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairleach dá bhforáiltear in Airteagal 7. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhalta a dhearbhú nó a deabhrú a cheartú laistigh de 10 lá. Féadfaidh an Biúró cinneadh a ghlacadh lena ndéantar mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le Feisirí nach gcomhlíonann iarraidh ón Uachtarán ar cheartúchán.

6.

Is féidir le rapóirtéirí liosta a dhéanamh go deonach i ráiteas míniúcháin a dtuarascála ina mbeidh a gcuid leasanna seachtracha a ndeachthas i gcomhairle leo ar chúrsaí a bhaineann le hábhar na tuarascála. (1)

Airteagal 5

Bronntanais nó sochair chomhchosúla

1.

Le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, staonadh ó bhronntanais nó de shochair chomhchosúla a ghlacadh, seachas na bronntanais agus na sochair a bhfuil garluach is lú ná EUR 150 acu agus arna dtabhairt i gcomhréir leis an úsáid chúirtéise nó na bronntanais nó na sochair a thugtar dóibh nuair a dhéanann Feisirí ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil.

2.

Maidir le haon bhronntanais a thugtar d’Fheisirí, i gcomhréir le mír 1, nuair a dhéanann siad ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil, tabharfar don Uachtarán iad agus déileálfar leo i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.

3.

Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 maidir le haisíoc chostais taistil, chóiríochta agus chothaithe na bhFeisirí, ná le costais den sórt sin a a íocann tríú páirtithe go díreach, nuair a fhreastalaíonn Feisirí, de bhun cuireadh a fháil agus le linn dóibh a ndualgas a chomhlíonadh, aon imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe.

Sonrófar raon feidhme na míre seo, agus go háirithe na rialacha atá ceaptha chun trédhearcacht a áirithiú, sna bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí iarFheisirí

Maidir le hiar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh an Pharlaimint a chur ar an eolas ina thaobh sin agus ní fhéadfaidh siad, le linn na tréimhse ar lena linn a bhfuil siad ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, tairbhe a bhaint as na saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí faoi na rialacha atá leagtha síos ag an mBiúró chuigesin (2).

Airteagal 7

An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí

1.

Bunaítear leis seo an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí (“an Coiste Comhairleach”.

2.

Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de chúigear comhaltaí, arna gceapadh ag an Uachtarán ag tús a théarma nó a téarma oifige as measc an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, agus aird chuí á tabhairt ar thaithí na bhFeisirí agus ar an gcothromaíocht pholaitiúil.

Feidhmeoidh gach comhalta den Choiste Comhairleach mar chathaoirleach ar feadh 6 mhí ar bhonn uainíochta.

3.

Ag tús a oifige nó a hoifige, déanfaidh an tUachtarán comhaltaí cúltaca a cheapadh don Choiste Comhairleach chomh maith, comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach.

I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta de ghrúpa polaitiúil ar an gCód iompair seo, ar ghrúpa polaitiúil é nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach, feidhmeoidh an comhalta cúltaca ábhartha mar shéú comhalta iomlán an Choiste Chomhairligh ar mhaithe le himscrúdú a dhéanamh ar an sárú líomhnaithe sin.

4.

Arna iarraidh sin ag Feisire, tabharfaidh an Coiste Comhairleach treoir dó nó di, ar treoir í a bheidh faoi rún agus a bheidh tugtha laistigh de 30 lá féilire, maidir le léirmhíniú agus le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Iompair seo. Beidh an Feisire lena mbaineann i dteideal dul ar iontaoibh treorach den sórt sin.

Arna iarraidh sin don Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don tUachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh.

5.

Féadfaidh an Coiste Comhairleach, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, comhairle a lorg ó shaineolaithe seachtracha.

6.

Foilseoidh an Coiste tuarascáil bhliantúil maidir lena chuid oibre.

Airteagal 8

An nós imeachta i gcás sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an gCód Iompair

1.

I gcás ina bhfuil cúis lena mheas go bhféadfadh an Cód Iompair a bheith sáraithe ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh, seachas i gcásanna cráiteacha soiléire.

2.

Scrúdóidh an Coiste Comhairleach imthosca an tsáraithe líomhnaithe agus féadfaidh sé éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann. Bunaithe ar thátail a thorthaí, déanfaidh sé moladh don Uachtarán maidir le cinneadh féideartha.

I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag buanchomhalta nó ag comhalta cúltaca den Choiste Comhairleach ar an gCód iompair seo, staonfaidh an comhalta nó comhalta cúltaca ábhartha ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an sárú líomhnaithe sin

3.

Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh aige agus tar éis dó cuireadh a thabhairt don Chomhalta lena mbaineann a chuid barúlacha i scríbhinn a thíolacadh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair sáraithe ag an bhFeisire lena mbaineann, déanfaidh sé, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena leagfar síos pionós. Cuirfidh an tUachtarán fógra i leith an chinnidh réasúnaithe don Fheisire sin.

D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpionós ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 176(4) go (6) de na Rialacha Nós Imeachta.

4.

Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 177 de na Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 9

Cur chun feidhme

Leagfaidh an Biúró síos na bearta cur chun feidhme don Chód Iompair seo, lena n-áirítear nós imeachta faireacháin, agus tabharfaidh sé na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 cothrom le dáta, nuair is gá sin.

Féadfaidh an Biúró tograí a mholadh chun an Cód Iompair seo a athbhreithniú.


(1)  Féach Cinneadh ón mBiúró an 12 Meán Fómhair 2016 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir leis an gClár Trédhearcachta

(2)  Cinneadh ón mBiúró an 12 Aibreán 1999 maidir le saoráidí arna ndeonú d’iarFheisirí Pharlaimint na hEorpa.


IARSCRÍBHINN II

CÓD IOMPAIR IOMCHUÍ DO NA FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS A gCÚRAIMÍ Á bhFEIDHMIÚ ACU

1.   

Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, caithfidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le gach aon duine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa le dínit, cúirtéis agus meas agus gan réamhchlaonadh nó idirdhealú.

2.   

Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, déanfaidh na Feisirí iad féin a iompar ar bhealach proifisiúnta agus ní mór dóibh staonadh, ina gcaidreamh leis an bhfoireann, go háirithe, ó theanga atá maslach, tarcaisneach, gránna nó idirdhealaitheach nó aon ghníomhaíochtaí eile atá mí-eiticiúil, dímheasúil nó neamhdhleathach.

3.   

Maidir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, rialacha inmheánacha na Parlaiminte nó an Cód seo, ní fhéadfaidh na Feisirí, trína ngníomhaíochtaí, an fhoireann a ghríosú nó a spreagadh chun iad a shárú, dul timpeall orthu nó neamhaird a dhéanamh díobh, ná ní ghlacfaidh siad le hiompar den sórt sin ó thaobh na foirne a bhfuil siad freagrach astu.

4.   

Agus é mar aidhm acu go bhfeidhmeoidh Parlaimint na hEorpa go héifeachtach, déanfaidh Feisirí a ndícheall a áirithiú, agus discréid iomchuí á feidhmiú acu, go ndéileálfar le haon easaontú nó coimhlint lena mbeidh baint ag an bhfoireann a bhfuil siad freagrach astu go pras, go cothrom agus go héifeachtach.

5.   

I gcás inar gá, comhoibreoidh Feisirí go pras agus go hiomlán leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear freagairt go pras d’aon líomhaintí maidir le ciapadh. Ba cheart d’Fheisirí páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna speisialaithe a eagraítear dóibh a phléann le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus le dea-bhainistiú oifige.

6.   

Déanfaidh na Feisirí dearbhú a shíniú lena ndeimhneofar a dtiomantas an Cód seo a chomhlíonadh. Foilseofar gach dearbhú, is cuma má shínítear é nó mura sínítear, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

7.   

Ní fhéadfar Feisirí nár shínigh an dearbhú a bhaineann leis an gCód seo a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte nó dá cuid comhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir ná ní fhéadfaidh siad a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idir-institiúideacha.


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR MAIDIR LE CEISTEANNA I gCOMHAIR FREAGRA I SCRÍBHINN FAOI RIALACHA 138, 140 AGUS 141

1.   

I ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn:

sonrófar iontu go soiléir an seolaí chuig a bhfuil siad le tarchur trí na gnáthbhealaí idirinstitiúideacha;

tiocfaidh siad go heisiach faoi réim theorainneacha inniúlachtaí an tseolaí, mar a leagtar síos sna Conarthaí ábhartha nó i ngníomhartha reachtacha Aontais, nó faoina réim gníomhaíochta;

beidh leas ginearálta ag baint leo;

beidh siad gonta agus beidh ceist intuigthe iontu;

ní bheidh siad níos faide ná 200 focal;

ní bheidh aon chaint mhaslach iontu;

ní bhainfidh siad le nithe atá go hiomlán pearsanta.

ní bheidh níos mó ná trí fhocheist iontu.

2.   

Ní fhéadfaidh ceisteanna chuig an gComhairle déileáil le hábhar atá idir lámha faoin ngnáthnós imeachta reachtach ná le feidhmeanna buiséadacha na Comhairle.

3.   

Arna iarraidh sin uirthi, tabharfaidh an Ardrúnaíocht comhairle do na húdair i dtaobh conas, i gcás ar leith, na critéir a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   

Más rud é go ndearnadh ceist chomhionann nó ceist chomhchosúil a chur síos agus a fhreagairt i rith na 6 mhí roimhe sin, nó a mhéid nach n-iarrtar aon ní le ceist seachas faisnéis faoin méid atá déanta mar fhreagairt ar rún sonrach ón bParlaimint agus de chineál a sholáthair an Coimisiún cheana féin i gcumarsáid i scríbhinn faoin méid atá déanta i rith na 6 mhí roimhe sin, cuirfidh an Rúnaíocht cóip den cheist agus den fhreagra roimhe sin nó aon chumarsáid iardain chuig an údar. Ní chuirfear an cheist athnuaite ar aghaidh chuig an seolaí mura rud é go gcinneann an tUachtarán déanamh amhlaidh i bhfianaise forbairtí nua suntasacha agus mar fhreagairt ar iarraidh réasúnaithe ón údar.

5.   

Más faisnéis fhíorasach nó faisnéis staitistiúil atá á lorg le ceist agus go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin do sheirbhísí taighde na Parlaiminte, cuirfear ar aghaidh chuig na seirbhísí sin é seachas chuig an seoltaí, ach amháin má chineann an tUachtarán a mhalairt arna iarraidh sin ag an údar.

6.   

Féadfar ceisteanna a bhaineann le nithe gaolmhara a fhreagairt le chéile.


IARSCRÍBHINN IV

TREOIRLÍNTE AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA ATÁ LE LEANÚINT NUAIR ATÁ ÁBHAIR Á ROGHNÚ LENA gCUR AR AN gCLÁR OIBRE LE hAGHAIDH DÍOSPÓIREACHT AR CHÁSANNA A BHAINEANN LE SÁRUITHE AR CHEARTA AN DUINE, AR AN DAONLATHAS AGUS AR AN SMACHT REACHTA AGUS DÁ bhFORÁILTEAR FAOI RIAIL 144

Prionsabail bhunúsacha

1.

Tabharfar tosaíocht, roimh ócáid ar leith, do thairiscintí i gcomhair rún a bhfuil sé beartaithe ina leith go leanfaidh vótáil sa Pharlaimint astu, ar tairiscintí iad atá dírithe ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar thríú tíortha nó ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll gurb é an páirtseisiún reatha an t-aon pháirtseisiún de Pharlaimint na hEorpa ag a bhféadfar an vótáil a dhéanamh in am.

2.

Ní rachaidh tairiscintí i gcomhair rún thar 500 focal.

3.

Tabharfar tosaíocht d’ábhair a bhaineann le freagrachtaí an Aontais Eorpaigh faoi mar atá leagtha síos sna Conarthaí, ar choinníoll go bhfuil tábhacht mhór leo.

4.

Maidir leis an líon ábhar a roghnófar, is líon é a cheadóidh díospóireacht a dhéanamh atá i gcomhréir le tábhacht na n-ábhar sin agus níor cheart go rachfaí thar thrí cinn, agus na fochaibidlí san áireamh.

Mionsonraí praiticiúla

5.

Déanfar na prionsabail bhunúsacha a chuirfear i bhfeidhm le linn cinneadh a dhéanamh faoin rogha ábhar a bheidh le cur san áireamh i ndíospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta a chur in iúl don Pharlaimint agus do na grúpaí polaitiúla.

Teorannú agus leithroinnt ama labhartha

6.

Chun úsáid níos fearr a bhaint as an am a bheidh ar fáil, déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla, comhaontú a chur i gcrích leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún maidir le teorannú an ama labhartha dá gcuid ráiteas faoi seach, más ann, sa díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

Sprioc-am chun leasuithe a chur síos

7.

Tabharfaidh an spriocam chun leasuithe a chur síos dóthain ama idir an t-am a dháiltear iad sna teangacha oifigiúla agus an t-am a bheidh socruithe don díospóireacht ar na tairiscintí i gcomhair rún ionas go mbeidh ar chumas na bhFeisirí agus na ngrúpaí polaitiúla iad a bhreithniú go cuí.

IARSCRÍBHINN V

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE BREITHNIÚ AGUS GLACADH CINNTÍ CHUN URSCAOILEADH A DHEONÚ

Airteagal 1

Doiciméid

1.

Déanfar na doiciméid seo a leanas a chló agus a dháileadh:

(a)

an cuntas ioncaim agus caiteachais, an anailís airgeadais agus an clár comhardaithe arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún;

(b)

an Tuarascáil Bhliantúil agus tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, i dteannta le freagraí na nInstitiúidí;

(c)

an ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuireann an Chúirt Iniúchóirí ar fáil de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(d)

an moladh ón gComhairle.

2.

Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.

3.

Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.

Airteagal 2

Tuarascáil a bhreithniú

1.

Breithneoidh an Pharlaimint tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh faoin 30 Aibreán sa bhliain tar éis ghlacadh Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí faoi mar a éilítear leis an Rialachán Airgeadais.

2.

Beidh feidhm ag Rialacha na Parlaiminte i ndáil le leasuithe agus vótáil mura rud é bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo.

Airteagal 3

Inneachar na Tuarascála

1.

Is é a beidh sa tuarascáil maidir le hurscaoileadh arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach ná:

(a)

togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun cinneadh ar urscaoileadh a chur siar (vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin) nó togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú d’urscaoileadh a dheonú (vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair);

(b)

togra i gcomhair cinnidh chun na cuntais a bhaineann le hioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais uile an Aontais a dhúnadh;

(c)

tairiscint i gcomhair rúin ina bhfuil tuairimí a ghabhann leis an togra i gcomhair cinnidh dá dtagraítear i bpointe (a) lena n-áirítear measúnú ar bhainistiú buiséadach an Choimisiúin thar an mbliain airgeadais agus barúlacha i ndáil le cur chun feidhme an chaiteachais don todhchaí;

(d)

mar Iarscríbhinn, liosta de na doiciméid a fuarthas ón gCoimisiún agus de na doiciméid a iarradh ach nach bhfuarthas;

(e)

tuairimí na gcoistí lena mbaineann.

2.

Má bheartaíonn an coiste freagrach an cinneadh ar urscaoileadh a chur siar, déanfar an méid seo a leanas, inter alia, a leagan amach freisin sa tairiscint iomchuí i gcomhair rúin:

(a)

na cúiseanna lena chur siar;

(b)

an gníomh breise a bhfuiltear ag súil leis go nglacfaidh an Coimisiún é agus na spriocamanna chun déanamh amhlaidh;

(c)

na doiciméid a bheidh ag teastáil le go bhféadfaidh an Pharlaimint cinneadh feasach a ghlacadh.

Airteagal 4

Breithniú agus vótáil sa Pharlaimint

1.

Déanfar aon tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh a chur san áireamh i gclár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis í a chur síos.

2.

Ní bheidh inghlactha ach leasuithe ar thairiscint i gcomhair rúin arna cur síos i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c).

3.

Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 5, beidh an vótáil ar na tograí i gcomhair cinnidh agus ar an tairiscint i gcomhair rúin san ord atá leagtha amach in Airteagal 3.

4.

I gcomhréir le hAirteagal 231 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear.

Airteagal 5

Malairtí don nós imeachta

1.

Vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin

Ar an gcéad ásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó a chur siar.

(a)

Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar an t-urscaoileadh bheith curtha siar agus cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de 6 mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú.

(b)

Má ghlactar togra chun urscaoileadh a chur siar, cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de 6 mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú. Sa chás sin, cuirfear dúnadh na gcuntas siar freisin agus cuirfear síos athuair é in éineacht leis an tuarascáil nua.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a chur siar tromlach, measfar go bhfuil an t-urscaoileadh deonta. Sa chás seo, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

2.

Vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair

Ar an dara hásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó go ndiúltófar urscaoileadh a dheonú.

(a)

Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar go bhfuil diúltaithe don urscaoileadh. Ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin, tíolacfar togra foirmiúil chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

(b)

Má fhaigheann togra chun diúltú d’urscaoileadh tromlach, tíolacfar togra foirmiúil ag páirtseisiún ina dhiaidh sin ar togra é chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun diúltú d’urscaoileadh tromlach, measfar go bhfuil an t- urscaoileadh deonta. Sa chás sin, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

3.

I gcás ina bhfuil forálacha a bhréagnaíonn vótáil na Parlaiminte ar urscaoileadh san áireamh sa tairiscint i gcomhair rúin nó sa togra maidir le dúnadh, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an choiste fhreagraigh, an vótáil a chur siar agus spriocam nua a shocrú chun leasuithe a chur síos.

Airteagal 6

Cinntí ar urscaoileadh a chur chun feidhme

1.

Déanfaidh an tUachtarán aon chinneadh nó rún Parlaiminte de bhun Airteagal 3 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig gach ceann de na hinstitiúidí eile agus déanfaidh sé socrú chun iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa tsraith is iomchuí do ghníomhartha de chineál reachtach.

2.

Tuairisceoidh an coiste freagrach don Pharlaimint uair amháin ar a laghad sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlacann na hinstitiúidí mar fhreagra ar na barúlacha a bheidh in éineacht leis na cinntí ar urscaoileadh agus ar na barúlacha eile a bheidh i rúin Pharlaiminte maidir le cur chun feidhme an chaiteachais.

3.

Ar bhonn tuarascála ón gcoiste atá freagrach as rialú buiséadach, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dó thar ceann na Parlaiminte, caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh na hinstitiúide lena mbaineann, de bhun Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chineann ó na barúlacha atá in éineacht leis an gcinneadh ar urscaoileadh nó na rúin eile a bhaineann le cur chun feidhme an chaiteachais.

IARSCRÍBHINN VI

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA mBUANCHOISTÍ (1)

I.   An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha

Tá an coiste freagrach as beartas eachtrach an Aontais a chur chun cinn, a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh air maidir leis an méid seo a leanas:

1.

an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC); sa chomhthéacs seo tugann fochoiste um shlándáil agus um chosaint cúnamh don choiste;

2.

caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an AE, le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tionóil idirpharlaiminteacha maidir le nithe a thagann faoina chúram;

3.

formhaoirseacht ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

4.

neartú an chaidrimh pholaitiúil le tríú tíortha trí chláir chuimsitheacha chomhair agus chúnaimh nó trí chomhaontuithe idirnáisiúnta ar nós comhaontuithe comhlachais agus comhpháirtíochta;

5.

caibidlíocht maidir le haontachas Stát Eorpach leis an Aontas a oscailt, faireachán a dhéanamh ar an gcaibidlíocht sin agus í a thabhairt chun críche;

6.

an reachtaíocht uile, na cláir uile agus grinnscrúdú uile ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine, faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, faoin Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin agus faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht maidir le comhar le tríú tíortha; agus na bearta atá mar bhonn agus mar thaca acu;

7.

faireachán agus bearta leantacha a dhéanamh ar, inter alia, Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), go háirithe maidir le Tuarascálacha Bliantúla de chuid BCE faoi Dhul Chun Cinn;

8.

saincheisteanna a bhaineann leis an daonlathas, an smacht dlíthiúil, cearta an duine, lena n-áirítear cearta mionlach, i dtríú tíortha agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta; sa chomhthéacs seo, tugann fochoiste um chearta an duine cúnamh don choiste, rud ba cheart a áirithiú go bhfuil comhtháthú idir beartais sheachtracha uile de chuid an Aontais agus a bheartas um chearta an duine; gan dochar do na rialacha iomchuí, iarrfar ar chomhaltaí ó choistí agus ó chomhlachtaí eile a bhfuil freagrachtaí sa réimse seo orthu freastal ar chruinnithe de chuid an fhochoiste;

9.

rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is iomchuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na gcoistí um chomhar parlaiminteach chomh maith le hobair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí agus cuireann sé formhaoirseacht pholaitiúil ar fáil dóibh.

II.   An Coiste um Fhorbairt

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

cur chun cinn, cur chun feidhme agus faireachán i ndáil le beartas forbartha agus comhair an Aontais, go háirithe:

(a)

comhagallamh polaitíochta le tíortha atá i mbéal forbartha, go déthaobhach agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna fóraim idirpharlaiminteacha iomchuí;

(b)

cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha agus comhaontuithe comhair leo, go háirithe formhaoirseacht ar mhaoiniú éifeachtach cabhrach agus measúnú ar aschur, lena n-áirítear maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú;

(c)

faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh idir beartais na mBallstát agus na beartais sin a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais;

(d)

luachanna daonlathacha, dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha;

(e)

comhleanúnachas beartais a chur chun feidhme, a chur ar aghaidh agus faireachán a dhéanamh air maidir le beartas forbartha;

2.

an reachtaíocht uile, na cláir uile agus an grinnscrúdú uile ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (ICF), faoin gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) — i ndlúthchomhar le parlaimintí náisiúnta — agus faoin Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil, mar aon leis na nithe uile a bhaineann le cabhair dhaonnúil i dtíortha i mbéal forbartha agus na beartais is bonn leo;

3.

nithe a bhaineann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus caidreamh leis na comhlachtaí iomchuí;

4.

nithe a bhaineann le Tíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna);

5.

rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is cuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí.

III.   An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Tá an coiste freagrach as nithe a bhaineann le comhbheartas tráchtála an Aontais agus a chaidreamh eacnamaíoch seachtrach a bhunú agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe na nithe seo a leanas:

1.

caidreamh airgeadais, eacnamaíoch agus trádála le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha;

2.

an chomhtharaif sheachtrach agus éascú trádála mar aon le gnéithe seachtracha d’fhorálacha agus bainistíocht custaim;

3.

comhaontuithe déthaobhacha, iltaobhacha agus ilpháirtithe lena rialaítear caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha a oscailt, faireachán a dhéanamh orthu, iad a thabhairt i gcrích agus bearta leantacha a dhéanamh orthu;

4.

bearta a bhaineann le comhchuibhiú teicniúil nó caighdeánú sna réimsí atá clúdaithe in ionstraimí dlí idirnáisiúnta;

5.

caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí agus le fóraim idirnáisiúnta maidir le nithe a bhaineann le trádáil, agus le heagraíochtaí a chuireann lánpháirtiú réigiúnach eacnamaíoch agus tráchtála chun cinn lasmuigh den Aontas;

6.

caidreamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear a gné pharlaiminteach.

Déanann an coiste idirchaidreamh leis na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus ad hoc iomchuí a phléann leis na gnéithe eacnamaíocha agus trádála den chaidreamh le tríú tíortha.

IV.   An Coiste um Buiséid

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

an creat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh ioncam agus chaiteachas an Aontais agus córas acmhainní dílse an Aontais;

2.

sainchumais bhuiséadacha na Parlaiminte, eadhon buiséad an Aontais chomh maith le caibidlíocht agus cur chun feidhme i ndáil le comhaontuithe idirinstitiúideacha sa réimse seo;

3.

meastacháin na Parlaiminte de réir an nós imeachta atá sainithe sna Rialacha;

4.

buiséad na gcomhlachtaí díláraithe;

5.

gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nach cuid de rialachas eacnamaíoch na hEorpa iad;

6.

buiséadú Chiste Forbraíochta na hEorpa, gan dochar do chumhachtaí an choiste atá freagrach as Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE;

7.

impleachtaí airgeadais agus comhréireacht le creat airgeadais ilbhliantúil na ngníomhartha Aontais go léir, gan dochar do chumhachtaí na gcoistí iomchuí;

8.

breithniú leanúnach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid reatha d’ainneoin Riail 98(1), aistrithe leithreasaí, nósanna imeachta a bhaineann leis na pleananna bunaíochta, leithreasaí riaracháin agus tuairimí i dtaca le tionscadail a bhaineann le foirgnimh agus a bhfuil impleachtaí suntasacha airgeadais ag gabháil leo;

9.

an Rialachán Airgeadais, gan nithe a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid a áireamh.

V.   An Coiste um Rialú Buiséadach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

rialú agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus Chiste Forbraíochta na hEorpa, agus na cinntí ar urscaoileadh atá le glacadh ag an bParlaimint, lena n-áirítear an nós imeachta urscaoilte inmheánach agus gach beart eile a ghabhann leis na cinntí sin nó lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme;

2.

dúnadh, tíolacadh agus iniúchadh chuntais agus chláir chomhardaithe an Aontais, a chuid institiúidí agus aon chomhlachtaí a ndéanann sé maoiniú orthu, lena n-áirítear leithreasaí a bhunú atá le tabhairt ar aghaidh agus réiteach na gcomharduithe;

3.

rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;

4.

faireachán a dhéanamh ar chost-éifeachtacht na gcineálacha éagsúla maoinithe Aontais le linn beartais an Aontais a chur chun feidhme, ina bhfuil baint, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, leis na sainchoistí agus ag gníomhú dó, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, i gcomhar leis na sainchoistí le haghaidh scrúdú ar thuarascálacha speisialta de chuid na Cúirte Iniúchóirí;

5.

caidreamh leis an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF), breithniú a dhéanamh ar chalaois agus ar mhírialtachtaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, bearta atá dírithe ar chásanna den sórt sin a chosc agus a ionchúiseamh, leasanna airgeadais an Aontais agus na gníomhartha ábhartha de chuid an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa réimse seo a chosaint go dian;

6.

caidreamh leis an gCúirt Iniúchóirí, ceapadh a cuid comhaltaí agus breithniú a dhéanamh ar a cuid tuarascálacha;

7.

an Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid.

VI.   An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartais eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais, feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chóras airgeadaíochta agus airgeadais na hEorpa (lena n-áirítear caidreamh leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí iomchuí);

2.

saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí (íocaíochtaí trasteorann, limistéar íocaíochta aonair, comhardú íocaíochtaí, gluaiseachtaí caipitil agus an beartas maidir le hairgead a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht, rialú gluaiseachtaí caipitil de thionscnamh tríú tíortha, bearta chun onnmhairiú chaipiteal an Aontais a spreagadh);

3.

an córas airgeadaíochta agus airgeadais idirnáisiúnta (lena n-áirítear caidreamh le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí airgeadais agus airgeadaíochta);

4.

rialacha ar iomaíocht agus ar chabhair Stáit nó ar chabhair phoiblí;

5.

forálacha cánach;

6.

rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí airgeadais, ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais lena n-áirítear tuairisciú airgeadais, iniúchadh, rialacha cuntasaíochta, rialachas corparáideach agus nithe eile dlí cuideachtaí a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais;

7.

gníomhaíochtaí airgeadais ábhartha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta mar chuid de rialachas eacnamaíoch na hEorpa i limistéar an euro.

VII.   An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas fostaíochta agus gach gné den bheartas sóisialta lena n-áirítear coinníollacha oibre, slándáil shóisialta, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta;

2.

cearta oibrithe;

3.

bearta sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre;

4.

Ciste Sóisialta na hEorpa;

5.

beartas gairmoiliúna, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla;

6.

saorghluaiseacht oibrithe agus pinsinéirí;

7.

an comhagallamh sóisialta;

8.

gach cineál idirdhealaithe san ionad oibre agus sa mhargadh saothair ach amháin na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas;

9.

caidreamh leo seo a leanas:

an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop),

an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú,

Fondúireacht Oiliúna na hEorpa,

an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;

chomh maith le caidreamh le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

VIII.   An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas comhshaoil agus bearta cosanta comhshaoil, go háirithe beartais agus bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

an t-athrú aeráide,

(b)

truailliú aeir, ithreach agus uisce, bainistiú agus athchúrsáil dramhaíola, substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, leibhéil torainn agus cosaint na bithéagsúlachta,

(c)

forbairt inbhuanaithe,

(d)

bearta agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil,

(e)

damáiste comhshaoil a dheisiú,

(f)

cosaint shibhialta,

(g)

an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach,

(h)

an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

2.

sláinte phoiblí, go háirithe:

(a)

cláir agus gníomhartha sonracha i réimse na sláinte poiblí,

(b)

táirgí cógaisíochta agus táirgí cosmaideacha,

(c)

gnéithe sláinte den bhithsceimhlitheoireacht,

(d)

an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar;

3.

saincheisteanna sábháilteachta bia, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

lipéadú agus sábháilteacht earraí bia,

(b)

reachtaíocht tréidliachta maidir le cosaint in aghaidh rioscaí do shláinte an duine; seiceálacha sláinte poiblí ar earraí bia agus ar chórais táirgthe bia,

(c)

Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa.

IX.   An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas tionsclaíochta an Aontais agus agus bearta lena gaolmhara, agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear bearta a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide;

2.

beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais, lena n-áirítear eolaíocht agus teicneolaíocht mar aon le scaipeadh agus saothrú torthaí taighde;

3.

beartas Eorpach spáis;

4.

gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, na Comhairle Eorpaí um Thaighde, na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus na hInstitiúide Ábhar Tagartha agus Tomhas, chomh maith le JET, ITER agus tionscadail eile sa réimse céanna;

5.

bearta an Aontais a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh i gcoitinne agus i gcomhthéacs bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena náirítear bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas;

(a)

slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilt fuinnimh a chur chun cinn agus cineálacha nua fuinnimh agus cineálacha in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt;

(c)

idirnascadh gréasán fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn lena n-áirítear gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair fuinnimh;

6.

Conradh Euratom agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom; sábháilteacht núicléach, díchoimisiúnú agus diúscairt dramhaíola san earnáil núicléach;

7.

sochaí na faisnéise, teicneolaíocht na faisnéise agus gréasáin agus seirbhísí cumarsáide, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus gnéithe slándála agus gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair teileachumarsáide mar aon le gníomhaíochtaí de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA).

X.   An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

ar leibhéal an Aontais, comhordú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais custaim, go háirithe:

(a)

saorghluaiseacht earraí, lena n-áirítear comhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil,

(b)

ceart bunaíochta,

(c)

an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ach amháin sna hearnálacha airgeadais agus poist;

2.

feidhmiú an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear bearta atá dírithe ar chonstaicí a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear an Margadh Aonair Digiteach, a aithint agus deireadh a chur leis na constaicí sin;

3.

leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint, seachas saincheisteanna sláinte poiblí agus sábháilteachta bia;

4.

beartas agus reachtaíocht a bhaineann le forfheidhmiú rialacha de chuid an Mhargaidh Aonair agus chearta na dtomhaltóirí.

XI.   An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

nithe a bhaineann le forbairt comhbheartais um iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus aeriompar, go háirithe:

(a)

comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar laistigh den Aontas Eorpach;

(b)

gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimse an bhonneagair iompair;

(c)

soláthar seirbhísí iompair agus caidrimh le tríú tíortha i réimse an iompair;

(d)

sábháilteacht iompair;

(e)

caidreamh le comhlachtaí agus eagraíochtaí iompair idirnáisiúnta;

(f)

an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnród, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus Comhghnóthas SESAR;

2.

seirbhísí poist;

3.

turasóireacht.

XII.   An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

beartas réigiúnach agus comhtháthaithe, go háirithe:

1.

oibriú agus forbairtbheartas forbartha réigiúnaigh agus comhtháthaithe an Aontais, mar a bunaíodh sna Conarthaí;

2.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus ionstraimí eile de chuid bheartas réigiúnach an Aontais;

3.

measúnú ar thionchar bheartais eile an Aontais ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta;

4.

comhordú ar ionstraimí struchtúracha an Aontais;

5.

gné uirbeach an bheartais chomhtháthaithe;

6.

na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí chomh maith le comhar trasteorann agus idir-réigiúnach;

7.

caidreamh le Coiste na Réigiún, le heagraíochtaí comhair idir-réigiúnaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

XIII.   An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

oibriú agus forbairt an chomhbheartais talmhaíochta;

2.

forbairt na tuaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na n-ionstraimí airgeadais iomchuí;

3.

reachtaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ábhair a bhaineann le tréidliacht agus folláine plandaí agus ábhair bheatha d’ainmhithe ar choinníoll nach bhfuil cosaint ar rioscaí do shláinte an duine i gceist le bearta den sórt sin,

(b)

fearachas agus leas ainmhithe;

4.

feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht táirgí talmhaíochta;

5.

soláthairtí amhábhar talmhaíochta;

6.

Oifig an Chomhphobail maidir le Cineálacha Plandaí;

7.

foraoiseacht agus agrafhoraoiseacht.

XIV.   An Coiste um Iascach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

oibriú agus forbairt an chomhbheartais iascaigh agus bainistiú an chomhbheartais sin;

2.

caomhnú na n-acmhainní iascaigh, bainistiú an iascaigh agus na gcabhlach a shaothraíonn acmhainní den sórt sin agus taighde mara agus iascaigh fheidhmigh;

3.

comheagrú an mhargaidh i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus próiseáil agus margaíocht díobh sin;

4.

an beartas struchtúrach sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear na hionstraimí airgeadais agus na cistí le haghaidh treoraíochta iascaigh chun tacaíocht a thabhairt do ha hearnálacha seo;

5.

beartas muirí comhtháite maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta;

6.

comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh agus cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta i réimse an iascaigh.

XV.   An Coiste um Chultúr agus um Oideachas

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

gnéithe cultúrtha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe:

(a)

feabhas a chur ar an eolas ar chultúr agus ar scaipeadh an chultúir,

(b)

éagsúlacht chultúrtha agus éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn,

(c)

an oidhreacht chultúrtha, malartuithe cultúrtha agus cruthaíocht ealaíonta a chaomhnú agus a choimirciú;

2.

beartas oideachais an Aontais, lena n-áirítear réimse ardoideachais na hEorpa mar aon le córas na scoileanna Eorpacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

3.

an beartas closamhairc agus gnéithe cultúrtha agus oideachais de shochaí na faisnéise;

4.

beartas óige;

5.

beartas spóirt agus áineasa a fhorbairt;

6.

beartas faisnéise agus meán;

7.

comhar le tríú tíortha i réimsí an chultúir agus an oideachais agus caidreamh leis na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta iomchuí.

XVI.   An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus faireachán a dhéanamh air agus comhlíonadh an dlí phríomha i dtaca le gníomhartha an Aontais de, go háirithe rogha na mbunús dlí agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus do phrionsabal na comhréireachta;

2.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;

3.

reachtóireacht níos fearr agus simpliú dhlí an Aontais;

4.

cosaint dhlíthiúil chearta agus shainchumais na Parlaiminte, lena n-áirítear rannpháirtíocht na Parlaiminte i gcaingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

5.

gníomhartha an Aontais lena ndéantar difear d’ord dlíthiúil na mBallstát, eadhon sna réimsí seo a leanas:

(a)

an dlí sibhialta agus tráchtála,

(b)

an dlí cuideachtaí,

(c)

dlí na maoine intleachtúla,

(d)

an dlí nós imeachta;

6.

bearta a bhaineann le comhar breithiúnach agus riaracháin in ábhair shibhialta;

7.

dliteanas agus smachtbhannaí comhshaoil in aghaidh coireachta comhshaoil;

8.

ceisteanna eitice a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na coistí iomchuí;

9.

Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh;

10.

pribhléidí agus díolúintí chomh maith le fíorú dhintiúir na bhFeisirí;

11.

eagrúchán agus reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

12.

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

XVII.   An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

cearta na saoránach, cearta an duine agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint do mhionlaigh, mar atá leagtha síos sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chosaint laistigh de chríoch an Aontais;

2.

na bearta is gá chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, seachas na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas nó a tharlaíonn san ionad oibre agus sa mhargadh saothair;

3.

reachtaíocht i réimse na trédhearcachta agus i réimse na cosanta daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

4.

limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú agus a fhorbairt agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú, go háirithe:

(a)

bearta a bhaineann le hiontráil agus gluaiseacht daoine, le tearmann agus le himirce,

(b)

bearta a bhaineann le bainistiú lánpháirtithe na gcomhtheorainneacha,

(c)

bearta a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus bearta substainteacha agus nós imeachta a bhaineann le cur chuige Aontais níos comhtháite a fhorbairt maidir leis an dlí coiriúil;

5.

an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Europol, Eurojust, Cepol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile sa réimse céanna;

6.

cinneadh a dhéanamh i dtaca le baol soiléir a bheith ann go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit.

XVIII.   An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

na gnéithe institiúideacha de phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le hullmhú, tionscnamh agus imeachtaí gnáthnósanna imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí agus nósanna imeachta simplithe um athbhreithniú ar na Conarthaí;

2.

cur chun feidhme na gConarthaí agus measúnú a dhéanamh ar a n-oibriú;

3.

na hiarmhairtí institiúideacha a ghabhann le caibidlíocht ar mhéadú an Aontais nó le tarraingt siar ón Aontas;

4.

caidreamh idirinstitiúideach, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha de bhun Riail 148(2) de na Rialacha Nós Imeachta, d’fhonn iad a fhormheas ag an bParlaimint;

5.

nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach;

6.

páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach, gan dochar d’inniúlachtaí an Bhiúró;

7.

cinneadh a dhéanamh maidir le sárú leanúnach tromchúiseach a bheith déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit;

8.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta agus tograí i gcomhair leasuithe orthu.

XIX.   An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

sainmhíniú, cur chun cinn agus cosaint chearta na mban san Aontas agus bearta gaolmhara de chuid an Aontais;

2.

cearta na mban a chur chun cinn i dtríú tíortha;

3.

beartas comhdheiseanna, lena n-áirítear comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le deiseanna sa mhargadh saothair agus le cóir chomhionann ag an obair;

4.

deireadh a chur le gach cineál foréigin agus idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas;

5.

príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh sna hearnálacha beartais go léir;

6.

obair leantach ar chomhaontuithe agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta na mban agus iad a chur chun feidhme;

7.

spreagadh feasachta maidir le cearta ban.

XX.   An Coiste um Achainíocha

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

achainíocha;

2.

éisteachtaí poiblí a eagrú maidir le tionscnaimh saoránach de bhun Riail 222;

3.

caidreamh leis an Ombudsman Eorpach.


(1)  Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.


IARSCRÍBHINN VII

FORMHEAS AN CHOIMISIÚIN AGUS FAIREACHÁN AR GHEALLTANAIS A RINNEADH I RITH NA nÉISTEACHTAÍ

Cuid I Toiliú na Parlaiminte i ndáil le coláiste iomlán an Choimisiúin

Airteagal 1

An bunús don mheasúnacht

1.

Déanfaidh an Pharlaimint meastóireacht ar na Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar a n-inniúlachta ginearálta, a dtiomantais i leith na hEorpa agus a neamhspleáchais phearsanta. Déanfaidh sí measúnú ar a n-eolas faoina réimse freagrachta ionchasach agus ar a gcuid scileanna cumarsáide.

2.

Tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar chóimheá inscne. Féadfaidh sí a barúil a thabhairt faoi na cúraimí a leithdháilfidh an tUachtarán toghaí i ndáil leis na réimsí éagsúla freagrachta.

3.

Féadfaidh an Pharlaimint aon fhaisnéis a lorg atá ábhartha maidir le teacht ar chinneadh faoi inniúlacht na gCoimisinéirí ainmnithe. Beidh sí ag súil go ndéanfar nochtadh iomlán faisnéise i ndáil lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar dearbhuithe leasanna na gCoimisinéirí ainmnithe a chur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun grinnscrúdú a dhéanamh orthu.

Airteagal 2

Scrúdú a dhéanamh ar dhearbhú leasanna airgeadais

1.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla scrúdú ar dhearbhuithe leasanna airgeadais agus measúnú maidir le cibé a bhfuil inneachar an dearbhaithe a rinne coimisinéir ainmnithe cruinn agus iomlán agus cibé a féidir coinbhleacht leasa a ghlacadh mar thátal.

2.

Is réamhchoinníoll riachtanach maidir le hhéisteacht a thionól ag an gcoiste atá freagrach as an ábhar é go bhfaighfear deimhniú ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla á rá nach ann d’aon choinbhleacht leasa. In éagmais deimhniú den sórt sin, cuirfear an nós imeachta do cheapadh an Choimisinéara ainmnithe ar fionraí fad is a leantar den nós imeachta a leagtar síos i mír 3(c).

3.

Cuirfear na treoirlínte seo a leanas i bhfeidhm nuair a dhéanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla grinnscrúdú ar na dearbhuithe leasanna airgeadais:

(a)

más rud é, agus grinnscrúdú á dhéanamh ar dhearbhú leasanna airgeadais, go measann an Coiste, ar bhonn na ndoiciméad a bheidh tíolactha, go bhfuil an dearbhú beacht agus iomlán agus nach bhfuil aon rud ann a léiríonn coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha maidir le cúram an Choimisinéara ainmnithe, déanfaidh Cathaoirleach an choiste litir ag deimhniú an toraidh a sheoladh chuig na coistí atá freagrach as an éisteacht nó chuig na coistí bainteacha más rud é go dtarlaíonn nós imeachta i rith théarma oifige Coimisinéara;

(b)

má mheasann an Coiste go bhfuil faisnéis i ndearbhú leasanna Coimisinéara ainmnithe atá neamhiomlán nó frithráiteach, nó go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise, déanfaidh sé, de bhun an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, a iarraidh ar an gCoimisinéir ainmnithe faisnéis fhorlíontach a chur ar fáil gan moill mhíchuí agus déanfaidh sé an fhaisnéis a mheas agus déanfaidh sé anailís uirthi go cuí sula ndéanfaidh sé cinneadh. féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, cuireadh chun cainte a thabhairt don Choimisinéara ainmnithe;

(c)

má shainaithníonn an Coiste coinbhleacht leasa bunaithe ar an dearbhú leasanna airgeadais nó ar an bhfaisnéis fhorlíontach arna soláthar ag an gCoimisinéir ainmnithe, déanfaidh sé moltaí a tharraingt suas a mbeidh sé mar aidhm leo an choinbhleacht leasa a réiteach; féadfaidh tréigean na leasanna airgeadais atá i gceist nó go ndéanfadh Uachtarán an Choimisiúin athruithe ar chúram an Choimisinéara ainmnithe a bheith san áireamh sna moltaí; i gcásanna níos tromchúisí, mura n-aimsítear aon réiteach ar an gcoinbhleacht leasa, agus mar rogha dheiridh, féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla teacht ar an tátal nach bhfuil an Coimisinéir ainmnithe in ann a chuid nó a cuid feidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gCód Iompair; fiafróidh Uachtarán na Parlaiminte ansin ar Uachtarán an Choimisiúin cad iad na céimeanna breise atá i gceist aige a thógáil.

Airteagal 3

Éisteachtaí

1.

Iarrfar ar gach Coimisinéir ainmnithe láithriú os comhair an choiste iomchuí nó na gcoistí iomchuí le haghaidh éisteacht aonair.

2.

Ar mholadh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, eagróidh Comhdháil na nUachtarán agus na héisteachtaí. Beidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí gach coiste ar leith freagrach as na socruithe mionsonraithe. Féadfar rapóirtéirí a cheapadh.

3.

Déanfar socruithe iomchuí chun na coistí ábhartha a bheith rannpháirteach freisin i gcás réimsí freagrachta measctha a bheith ann. Tá trí rogha ann:

(a)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta aon choiste amháin, is é an coiste sin amháin (an coiste atá freagrach) a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe;

(b)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe go cothrom, a bheag nó a mhór, faoi réimse freagrachta níos mó ná coiste amháin, is iad na coistí sin (coistí comhpháirteacha) a thabharfaidh éisteacht go comhpháirteach don Choimisinéir ainmnithe; agus

(c)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta coiste amháin den chuid is mó agus nach dtagann ach cuid bheag den chúram faoi réimse freagrachta coiste amháin eile ar a laghad, is é an coiste is mó freagracht a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe déanfar é sin i gcomhlachas leis an gcoiste eile nó leis na coistí eile (coistí comhlachaithe)

4.

Rachfar i gcomhairle go hiomlán le hUachtarán toghaí an Choimisiúin faoi na socruithe.

5.

Cuirfidh na coistí ceisteanna i scríbhinn faoi bhráid na gCoimisinéirí ainmnithe in am trátha roimh na héisteachtaí. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí dhá cheist chomhchoiteanna a dhréachtú do gach Coimisinéir ainmnithe, saincheisteanna inniúlachta ginearálta, tiomantas don Eoraip agus neamhspleáchas pearsanta a bheidh i gceist sa chéad cheann, agus bainistiú an chúraim agus comhar leis an bParlaimint a bheidh i gceist sa dara ceann. Déanfaidh an coiste freagrach cúig cheist eile a thíolacadh; ní cheadófar fo-cheisteanna. I gcás coistí comhpháirteacha, tabharfar de cheart do gach ceann acu trí cheist a thíolacadh.

Foilseofar curriculum vitae na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gcuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte roimh an éisteacht.

6.

Leagfar amach go mairfidh gach éisteacht trí huaire an chloig. Seolfar na héisteachtaí faoi chúinsí agus faoi choinníollacha ina mbeidh deis chomhionann agus chothrom ag na Coimisinéirí ainmnithe iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí a chur i láthair.

7.

Iarrfar ar na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas tosaigh ó bhéal a dhéanamh nach mairfidh níos faide ná 15 nóiméad. Déanfar suas le 25 ceist, grúpáilte le chéile de réir téama aon uair is féidir sin, a chur i rith na héisteachta. Féadfar ceist leantach amháin a chur láithreach laistigh den tréimhse ama leithdháilte. Déanfar formhór an ama labhartha a leithdháileadh ar ghrúpaí polaitiúla, mutatis mutandis i gcomhréir le Riail 171. Is é a bheidh mar aidhm ag na héisteachtaí ná comhrá polaitiúil iolraíoch a fhorbairt idir na Coimisinéirí ainmnithe agus na Feisirí. Roimh dheireadh na héisteachta, tabharfar an deis do na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas deiridh gairid a dhéanamh.

8.

Beidh tarchur closamhairc beo ann do na héisteachtaí a chuifear ar fáil saor in aisce don phobal agus do na meáin. Déanfar taifeadadh innéacsaithe de na héisteachtaí a chur ar fáil don phobal laistigh de 24 huaire an chloig.

Airteagal 4

Meastóireacht

1.

Tiocfaidh an Cathaoirleach agus na comhordaitheoirí le chéile gan mhoill tar éis na héisteachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na Coimisinéirí ainmnithe ar leithligh. Seolfar na cruinnithe sin i seomra iata. Iarrfar ar na comhordaitheoirí a rá, dar leo, an bhfuil na Coimisinéirí ainmnithe cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí den choláiste agus chun na dualgais áirithe atá sannta dóibh a chomhlíonadh. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí múnla pro forma a dhearadh chun cabhrú leis an meastóireacht.

2.

I gcás coistí comhpháirteacha, gníomhóidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí na gcoistí lena mbaineann go comhpháirteach i rith an nós imeachta.

3.

Beidh litir mheastóireachta aonair ann do gach Coimisinéir ainmnithe. Cuirfear san áireamh tuairimí na gcoistí uile a mbeidh baint acu leis an éisteacht.

4.

Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir le meastóireacht na gcomhordaitheoirí:

(a)

Má fhormheasann na comhordaitheoirí Coimisinéir ainmnithe d’aon ghuth, déanfaidh an Cathaoirleach litir fhormheasa a chur isteach thar a gceann.

(b)

Má dhiúltaíonn na comhordaitheoirí Coimisinéir ainmnithe d’aon ghuth, déanfaidh an Cathaoirleach litir dhiúltaithe a chur isteach thar a gceann.

(c)

Má fhormheasann comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, Coimisinéir ainmnithe, déanfaidh an Cathaoirleach litir a chur isteach thar a gceann ina luaitear go bhformheasann tromlach mór an Coimisinéir ainmnithe. Déanfar tuairimí mionlaigh a lua arna iarraidh sin.

(d)

Mura n-éiríonn le comhordaitheoirí tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste a fháil chun an t-iarrthóir a fhormheas, déanfaidh siad

faisnéis bhreise a iarraidh ar dtús trí cheisteanna i scríbhinn breise;

más rud é go bhfuil comhordaitheoirí míshásta i gcónaí, a iarraidh go mbeidh éisteacht atosaithe de 1,5 uair an chloig ann faoi réir fhormheas Chomhdháil na nUachtarán;

(e)

Más rud é, tar éis pointe (d) a chur i bhfeidhm, go bhformheasann comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, Coimisinéir ainmnithe, déanfaidh an Cathaoirleach litir a chur isteach thar a gceann ina luaitear go bhformheasann tromlach mór an Coimisinéir ainmnithe. Déanfar tuairimí mionlaigh a lua arna iarraidh sin.

(f)

Más rud é, tar éis pointe (d) a chur i bhfeidhm, nach bhfuil tromlach comhordaitheoirí, arb ionann iad agus tromlach de dhá thrian ar a laghad de chomhaltas an choiste, fós ann chun an Coimisinéir ainmnithe a fhormheas, déanfaidh an Cathaoirleach cruinniú coiste a chomóradh agus déanfar an dá cheist a luaitear in Airteagail 3(1) a chur faoi vóta. Cuirfidh an Cathaoirleach litir isteach ina luaitear meastóireacht an choiste.

5.

Déanfar litreacha meastóireachta na gcoistí a tharchur laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh an phróisis meastóireachta a thabhairt chun críche. Scrúdóidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí na litreacha agus, ina dhiaidh sin, seolfar chuig Comhdháil na nUachtarán iad. Mura rud é go gcinneann sí tuilleadh faisnéise a lorg, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, tar éis tuairimí a mhalartú, a dhearbhú go bhfuil deireadh leis na héisteachtaí agus údaróidh sé foilsiú na litreacha meastóireachta go léir.

Airteagal 5

Tíolacadh an choláiste

1.

Tabharfar cuireadh d’Uachtarán nuathofa an Choimisiúin Coláiste iomlán na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gclár a thíolacadh ag suí den Pharlaimint agus tabharfar cuireadh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus d’Uachtarán na Comhairle a bheith i láthair ag an suí sin. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an tíolactha. Chun an díospóireacht a thabhairt chun críche, féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 123(3) go (5b).

2.

Tar éis na vótála ar an tairiscint i gcomhair rúin, déanfaidh an Pharlaimint vótáil i dtaobh an dtugann sí, nó nach dtugann sí, a toiliú le ceapadh an Uachtaráin thoghaí agus na gCoimisinéirí ainmnithe mar chomhlacht. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear, trí ghlaoch rolla. Féadfaidh sí an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

Airteagal 6

Faireachán ar ghealltanais a rinneadh i rith na n-éisteachtaí

Déanfaidh an coiste freagrach na tiomantais a thug Coimisinéirí ainmnithe agus na tosaíochtaí ar a ndearna siad trácht i rith na n-éisteachtaí a athbhreithniú i rith a shainordú nó a sainordú, i gcomhthéacs an idirphlé struchtúrtha bliantúil leis an gCoimisiún a dhéantar i gcomhréir le mír 1 d’Iarscríbhinn 4 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.

Cuid II — Athrú substaintiúil ar chúraimí nó athrú ar chomhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí le linn a théarma oifige

Airteagal 7

Folúntas

Nuair atá folúntas a tharlaíonn mar gheall ar éirí as oifig, scor éigeantach nó bás le líonadh, déanfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le dithneas, a iarraidh ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna atá leagtha síos i mír 1.

Airteagal 8

Aontachas Ballstáit nua

I gcás aontachas Ballstáit nua, iarrfaidh an Pharlaimint ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos i gCuid 1.

Airteagal 9

Athrú substaintiúil ar chúraimí

I gcás ina dtarlaíonn athrú substaintiúil ar chúraimí le linn théarma oifige an Choimisiúin, iarrfar ar na Coimisinéirí lena mbaineann páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos i gCuid 1 sula dtugann siad faoina bhfreagrachtaí nua.

Airteagal 10

Vótáil i suí iomlánach

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos i Riail 125(7), an t-ochtú fomhír, nuair a bhainfidh an vóta sa suí iomlánach le ceapadh Coimisinéara aonair, is le ballóid rúnda a dhéanfar an vótáil.


IARSCRÍBHINN VIII

RIACHTANAIS MAIDIR LE DRÉACHTÚ GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH I gCOMHRÉIR LEIS AN nGNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH

1.   

Léireoidh gníomhartha an cineál gnímh atá i gceist agus ina dhiaidh sin an uimhir thagartha, ainmneacha an dá institiúid a ghlac iad, dáta a sínithe agus léiriú ar a n-ábhar.

2.   

Beidh an méid seo a leanas sna gníomhartha:

(a)

“Tá Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh”;

(b)

tagairt do na forálacha faoina nglactar an gníomh, agus na focail “Ag féachaint do” roimh an tagairt sin;

(c)

lua ina bhfuil tagairt do na tograí a tíolacadh, do na tuairimí a fuarthas agus do na comhairliúcháin a seoladh;

(d)

ráiteas ar na cúiseanna ar a bhfuil an gníomh bunaithe, ag tosú leis na focail “De bharr an méid seo a leanas”;

(e)

abairt ar nós “tar éis an Rialachán seo a ghlacadh” nó “tar éis an Treoir seo a ghlacadh” nó “tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh”, agus corp an ghnímh ina dhiaidh sin.

3.   

Beidh gníomhartha roinnte ina n-airteagail agus, más cuí, beidh na hairteagail grúpáilte ina gcodanna, ina dteidil, ina gcaibidlí agus ina ranna.

4.   

Déanfar an dáta a thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm a shonrú san airteagal deireanach den ghníomh, i gcás ina bhfuil an dáta sin roimh nó i ndiaidh an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe.

5.   

Beidh an méid seo a leanas i ndiaidh an airteagail dheireanaigh de ghníomh:

an fhoclaíocht chuí, de réir fhorálacha iomchuí na gConarthaí, maidir lena infheidhmeacht;

“Arna dhéanamh i/in/sa …” agus an dáta ar síníodh an gníomh ina dhiaidh sin;

“Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán”, “Thar ceann na Comhairle An tUachtarán”, agus, ina dhiaidh sin, ainm Uachtarán na Parlaiminte agus ainm Uachtarán in Oifig na Comhairle an tráth ar síníodh an gníomh.


Ceartúcháin

22.11.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/129


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 170 Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Meitheamh 2019 )

1.

Ar an leathanach clúdaigh, an teideal:

in ionad:

“… maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh …”,

léitear:

“… maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh …”.

2.

Ar leathanach 1, an teideal:

in ionad:

“… maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh …”,

léitear:

“… maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh …”.

3.

Ar leathanach 13, Airteagal 2, pointe (8):

in ionad:

“(8)

ciallaíonn ‘% de réir maise’ ciallaíonn ‘% de réir maise’ céatadán de mhais an táirge leasacháin AE ina iomláine san fhoirm ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é;”,

léitear:

“(8)

ciallaíonn ‘% de réir maise’ céatadán de mhais an táirge leasacháin AE ina iomláine san fhoirm ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é;”.

4.

Ar leathanach 13, Airteagal 2, pointe (11):

in ionad:

“(11)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge leasacháin AE nó a ndéantar táirge leasacháin AE a dhearadh nó a mhonarú thar ceann an mhonaróra sin, agus a dhéanann an táirge leasacháin sin a mhargú faoi ainm nó faoi thrádmharc an mhonaróra sin;”,

léitear:

“(11)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge leasacháin AE nó a chuireann faoi deara táirge leasacháin AE a dhearadh nó a mhonarú, agus a dhéanann an táirge leasacháin AE sin a mhargú faoina ainm nó a hainm nó faoina thrádmharc nó a trádmharc;”.

5.

Ar leathanach 84, Iarscríbhinn III, Cuid III an Tábla “PFC 3: FEABHSAITHEOIR ITHREACH”, an chéad líne:

in ionad:

“Foirmeacha den chothaitheach dearbhaithe agus paraiméadair eile a dearbhaíodh

Na lamháltais incheadaithe maidir leis an bparaiméadar dearbhaithe

pH

± 1,0 % den luach dearbhaithe

…”,

léitear:

“Foirmeacha den chothaitheach dearbhaithe agus paraiméadair eile a dearbhaíodh

Na lamháltais incheadaithe maidir leis an bparaiméadar dearbhaithe

pH

± 1,0 den luach dearbhaithe

…”.

6.

Ar leathanach 85, Iarscríbhinn III, Cuid III an Tábla PFC 4: PFC 4: “MEÁN FÁIS”, an dara líne:

in ionad:

“Foirmeacha den chothaitheach dearbhaithe agus paraiméadair eile a dearbhaíodh

Na lamháltais incheadaithe maidir leis an bparaiméadar dearbhaithe

pH

± 1,0 % den luach dearbhaithe

…”,

léitear:

“Foirmeacha den chothaitheach dearbhaithe agus paraiméadair eile a dearbhaíodh

Na lamháltais incheadaithe maidir leis an bparaiméadar dearbhaithe

pH

± 1,0 den luach dearbhaithe

…”.


22.11.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/131


Ceartúchán ar Rialachán Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Bealtaine 2014 )

Ar leathanach 150, i bpointe (g) d’Airteagal 2:

in ionad:

“(g)

ciallaíonn ‘cuid de theorainneacha seachtracha’ iomlán nó cuid de theorainn sheachtrach […] nó mar a chinneann an lárionad comhordaithe náisiúnta nó aon údarás náisiúnta eile […].”,

léitear:

“(g)

ciallaíonn ‘cuid de theorainneacha seachtracha’ iomlán nó cuid de theorainn sheachtrach […] nó mar a chinneann an lárionad náisiúnta comhordúcháin nó aon údarás náisiúnta eile […].”.

Ar leathanach 167, i bpointe (b)(iv) d’Iarscríbhinn IV:

in ionad:

“—

Lárionaid Chomhordaithe Náisiúnta,

Lárionaid Chomhordaithe Réigiúnacha,

Lárionaid Chomhordaithe Áitiúla,

cineálacha eile lárionad comhordaithe.”,

léitear:

“—

Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin,

Lárionaid Réigiúnacha Chomhordúcháin,

Lárionaid Áitiúla Chomhordúcháin,

cineálacha eile lárionad comhordúcháin.”.


Top