Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2014:313:FULL

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 313, 31 Deireadh_Fómhair 2014


    Display all documents published in this Official Journal
     

    ISSN 1977-0839

    Iris Oifigiúill

    an Aontais Eorpaigh

    Eagrán Speisialta ( 1 )

    European flag  

    An t-eagrán Gaeilge

    Reachtaíocht

    57
    31 Deireadh Fómhair 2014


    Clár

     

    I   Gníomhartha reachtacha

    Leathanach

     

     

    RIALACHÁIN

     

    *

    Rialachán (AE) Uimh. 1150/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur

    1

     


     

    (1)   Faoin tagairt L 313 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

    GA


    I Gníomhartha reachtacha

    RIALACHÁIN

    31.10.2014   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1150/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Deireadh Fómhair 2014

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tír chomhpháirtíochta tosaíochta is ea an Úcráin i mBeartas Comharsanachta na hEorpa agus i gComhpháirtíocht an Oirthir. Tá caidreamh níos dlúithe leis an Úcráin á lorg ag an Aontas Eorpach i bhfianaise chomhlachas polaitiúil agus chomhtháthú eacnamaíoch na hÚcráine leis an Aontas. Chuige sin, idir 2007 agus 2011, rinne an tAontas agus an Úcráin an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, (an Comhaontú Comhlachais) (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST), a chaibidliú, ar chuir an dá pháirtí síniú leis an 27 Meitheamh 2014. De réir fhorálacha LDCST, tá an tAontas agus an Úcráin le limistéar saorthrádála a bhunú thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais, i gcomhréir le hAirteagal XXIV de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil.

    (2)

    I bhfianaise na ndúshlán mór slándála, polaitiúil agus eacnamaíoch atá roimh an Úcráin amach, agus chun tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre sin, cinneadh gníomhú roimh an Sceideal lamháltas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a chur chun feidhme trí bhíthin na bhfabhar uathrialaitheach dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). I bhfianaise na ndúshlán atá fós roimh an Úcráin amach, ba cheart cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015. Chun críche na réamhphleanála, ba cheart na dleachtanna custaim agus rochtain ar tharaif-chuótaí a fhágáil mar a bhí in 2014 don tréimhse fhadaithe.

    (3)

    Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais go mbeidh urraim do phrionsabail an daonlathais, cearta an duine agus na bunsaoirsí, agus prionsabal an smachta reachta ina mbuneilimintí sa Chomhaontú sin. Foráiltear leis freisin gur buneilimintí sa Chomhaontú sin cur chun cinn urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, na dosháraitheachta teorann agus an neamhspleáchais, mar aon le dul i ngleic le leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar gaolmhar agus na modhanna lena seachadtar iad. Na fabhair uathrialaitheacha dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 374/2014, ba cheart iad a bheith faoi réir urraim na bprionsabal céanna sin ag an Úcráin. Chun Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 a ailíniú le cleachtas an Aontais agus le hionstraimí beartas trádála eile de chuid AE, is iomchuí an fhéidearthacht go gcuirfí na fabhair ar fionraí ar bhonn sealadach a thabhairt isteach i gcás ina mainneodh an Úcráin bunphrionsabail chearta an duine, an daonlathais nó an smachta reachta a urramú.

    (4)

    I bhfianaise a phráinne atá an t-ábhar, tá sé tábhachtach eisceacht a dhéanamh maidir leis an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (UE) Uimh. 374/2014 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    Socruithe fabhracha

    Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Nuair a dhéantar tagairt in Iarscríbhinn I do chatagóirí céimnithe, déanfar ráta bunúsach na ndleachtanna do 2014 agus do 2015 a dhíchur i gcás catagóir céimnithe 0 agus déanfar laghdú 25 % air i gcás chatagóir céimnithe 3, laghdú 16,7 % air i gcás chatagóir céimnithe 5 agus laghdú 12,5 % air i gcás chatagóir céimnithe 7”

    ;

    (2)

    In Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(e)

    urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus na bunsaoirsí agus urraim do phrionsabal an smachta reachta dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais (*).

    (*)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.”"

    ;

    (3)

    In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    “Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2015.”

    ;

    (4)

    Cuirtear an téacs a leagtar amach faoi seach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 2 Samhain 2014.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    S. GOZI


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2014.

    (2)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur (IO L 118, 22.4.2014, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    “IARSCRÍBHINN II

    D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí agus is iad na cóid den AC, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, a chinnfidh raon feidhme na scéime fabhraí de réir mar atá na cóid sin an 23 Aibreán 2014.

    Uimh. an Ordaithe

    Cód AC

    Tuairisc ar na hearraí

    Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 23.4.2014 go dtí an 31.12.2014

    (i dtonnaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt)

    Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 1.1.2015 go dtí an 31.12.2015

    (i dtonnaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt)

    09.3050

    0204 22 50

    0204 22 90

    Cosa caorach, gearrthacha eile ar an gcnámh (seachas conablaigh agus leathchonablaigh, ceathrúna tosaigh gearra, dromlaigh agus/nó racaí), iad úr nó fuaraithe

    1 500

    1 500

    0204 23

    Feoil ó chaoirigh gan chnámha, úr nó fuaraithe

    0204 42 30

    0204 42 50

    0204 42 90

    Gearrthacha reoite caorach, ar an gcnámh (seachas conablaigh, leathchonablaigh agus ceathrúna tosaigh gearra)

    0204 43 10

    Feoil ó uain reoite, gan chnámha

    0204 43 90

    Feoil ó chaoirigh reoite, gan chnámha

    09.3051

    0409

    Mil nádúrtha

    5 000

    5 000

    09.3052

    1701 12

    Siúcra amh biatais nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis

    20 070

    20 070

    1701 91

    1701 99

    Siúcra eile seachas siúcra amh

    1702 20 10

    Siúcra mailpe i bhfoirm sholadach, nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis

    1702 90 30

    Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, a bhfuil 50 % d'fhruchtós ann de réir meáchain i staid thirim

    1702 90 50

    Maltaideistrin i bhfoirm sholadach, a bhfuil 50 % d'fhruchtós (tirim) inti de réir meáchain (i staid thirim)

    1702 90 71

    1702 90 75

    1702 90 79

    Caramal

    1702 90 80

    Síoróip ionúiline

    1702 90 95

    Siúcraí eile, lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe agus siúcra eile agus cumaisc síoróipe siúcra a bhfuil 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim

    09.3053

    1702 30

    1702 40

    Glúcós agus síoróip ghlúcóis, gan fruchtós nó a bhfuil níos lú ná 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim, seachas siúcra inbhéartaithe

    10 000

    10 000

    1702 60

    Fruchtós agus síoróip fruchtóis eile, a bhfuil níos lú ná 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim, gan siúcra inbhéartaithe a áireamh

    09.3054

    2106 90 30

    Síoróipí iseaglúcóis blaistithe nó daite

    2 000

    2 000

    2106 90 55

    Síoróip ghlúcóis bhlaistithe nó dhaite agus síoróip mhaltaideistrine

    2106 90 59

    Síoróipí siúcra blaistithe nó daite (seachas iseaglúcós, lachtós, glúcós agus síoróip mhaltaideistrine)

    09.3055

    ex 1103 19 20

    Piocuaran eorna

    6 300

    6 300

    1103 19 90

    Piocuaran gránach agus cineálacha mine gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna)

    1103 20 90

    Millíní gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna)

    1104 19 10

    Gránaigh chruithneachta rollta nó chalógacha

    1104 19 50

    Gránaigh arbhair Indiaigh rollta nó chalógacha

    1104 19 61

    Gránaigh eorna rollta

    1104 19 69

    Gránaigh eorna chalógacha

    1104 29

    Gránaigh oibrithe (mar shampla, scilligthe, péarlaithe, slisnithe nó garbhmheilte), seachas gránaigh ó choirce, ó sheagal nó ó arbhar Indiach

    1104 30

    Ginidín gránach, iomlán, rollta, calógach nó meilte

    09.3056

    1107

    Braich, rósta nó neamhrósta

    7 000

    7 000

    1109

    Glútan cruithneachta, pé acu tirim nó úr

    09.3057

    1108 11

    Stáirse cruithneachta

    10 000

    10 000

    1108 12

    Stáirse arbhair Indiaigh

    1108 13

    Stáirse prátaí

    09.3058

    3505 10 10

    3505 10 90

    Deistriní agus stáirsí modhnaithe eile (seachas stáirsí eistearaithe nó éitearaithe)

    1 000

    1 000

    3505 20 30

    3505 20 50

    3505 20 90

    Gliúnna ina bhfuil, de réir meáchain, 25 % nó níos mó de stáirsí nó de dheistriní nó de stáirsí modhnaithe eile iontu

    09.3059

    2302 10

    2302 30

    2302 40 10

    2302 40 90

    Bran, meánaigh agus iarmhair eile, pé acu an bhfuil siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, arna ndíorthú ó ghránaigh a chriathrú, a mheilt nó a oibriú ar bhealach eile (seachas iarmhair ó rís)

    16 000

    16 000

    2303 10 11

    Iarmhair ó mhonarú stáirse ó arbhar Indiach (seachas licéir thiubhaithe atá curtha ar maos), a bhfuil cion próitéine iontu, arna ríomh ar bhonn an táirge thirim, ar mó ná 40 % de réir meáchain é

    09.3060

    0711 51

    Beacáin den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach (mar shampla, ag gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh díreach sa staid sin

    500

    500

    2003 10

    Beacáin den ghéineas Agaricus, ullmhaithe nó leasaithe ar shlí eile seachas ag fínéagar nó le haigéad aicéiteach

    09.3061

    0711 51

    Beacáin den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach (mar shampla, ag gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh díreach sa staid sin

    500

    500

    09.3062

    2002

    Trátaí ullmhaithe nó leasaithe ar shlí eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

    10 000

    10 000

    09.3063

    2009 61 90

    Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix nach mó ná 30, de luach níos mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan

    10 000

    10 000

    2009 69 11

    Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix nach mó ná 67, de luach nach mó ná EUR 22 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan

    2009 69 71

    2009 69 79

    2009 69 90

    Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix níos mó ná 30 ach nach mó ná 67 é, de luach nach mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan é

    2009 71

    2009 79

    Sú úill

    09.3064

    0403 10 51

    0403 10 53

    0403 10 59

    0403 10 91

    0403 10 93

    0403 10 99

    0403 90 71

    0403 90 73

    0403 90 79

    0403 90 91

    0403 90 93

    0403 90 99

    Bláthach, bainne gruthach agus uachtar gruthach, iógart, ceifír, agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe de chineál eile, iad blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leo

    2 000

    2 000

    09.3065

    0405 20 10

    0405 20 30

    Leatháin déiríochta ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, 39 % nó níos mó, ach nach mó ná 75 % é

    250

    250

    09.3066

    0710 40

    0711 90 30

    2001 90 30

    2004 90 10

    2005 80

    Arbhar milis

    1 500

    1 500

    09.3067

    1702 50

    Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

    2 000

    2 000

    1702 90 10

    Maltós íon ó thaobh ceimice de

    ex 1704 90 99

    Milseogra siúcra eile, nach bhfuil cócó iontu, inaa bhfuil 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain

    1806 10 30

    1806 10 90

    Púdar cócó a bhfuil 65 % nó níos mó de shiúcrós nó d'iseaglúcós arna shloinneadh mar shiúcrós ann de réir meáchain

    ex 1806 20 95

    Ullmhóidí eile i mbloic, leaca nó barraí ina bhfuil meáchan níos mó ná 2 kg nó i leacht, taos, púdar, gráinneach nó ar mhórchóir eile i gcoimeádáin nó neasphacálacha, a bhfuil níos mó ná 2 kg iontu, ina bhfuil níos lú ná 18 % d'im cócó de réir meáchain agus 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain

    ex 1901 90 99

    Ullmhóidí bia de phlúr, de phiocuaran, de mhin, de stáirse nó d'eastócán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 40 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhonn díshaillte go hiomlán, ina bhfuil 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain

    2101 12 98

    2101 20 98

    Ullmhóidí de bhunús caifé, tae nó maité

    3302 10 29

    Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear i dtionscail na ndeochanna, ina bhfuil gach oibreán blaistithe atá ina shaintréith de dheoch, le neart alcóil iarbhír de réir toirte nach mó ná 0.5 %

    09.3068

    1903

    Taipióca agus a ionadaigh déanta as stáirse, i bhfoirm calóg, gráinní, péarlaí, fuíoll criathair nó foirmeacha comhchosúla

    2 000

    2 000

    1904 30

    Bulgar

    09.3069

    1806 20 70

    Grabhróga bainne seacláide

    300

    300

    2106 10 80

    Tiúchain próitéine eile agus substaintí próitéine uigithe

    2202 90 99

    Deochanna neamhalcólacha eile seachas uiscí, ina bhfuil 2 % nó níos mó saille de réir meáchain arna fáil ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404

    09.3070

    2106 90 98

    Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

    2 000

    2 000

    09.3071

    2207 10

    2208 90 91

    2208 90 99

    Alcóil eitile dínádúraithe

    27 000

    27 000

    2207 20

    Alcóil eitile agus biotáillí eile, dínádúraithe, de gach neart alcóil

    09.3072

    2402 10

    Todóga, seiriúit agus todóigíní, ina bhfuil tobac

    2 500

    2 500

    2402 20 90

    Toitíní ina bhfuil tobac, nach bhfuil clóibh iontu

    09.3073

    2905 43

    Mainníotól

    100

    100

    2905 44

    D-glúicíotól (soirbíotól)

    3824 60

    Soirbíotól seachas é sin faoi fho-cheannteideal 2905 44

    09.3074

    3809 10 10

    3809 10 30

    3809 10 50

    3809 10 90

    Oibreáin bhailchríche, iompróirí ruaime chun dlús a chur le ruaimniú nó fosú ábhar ruaimnithe agus táirgí agus ullmhóidí eile (mar shampla, treiscíní agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear i dtionscail na teicstíle, an pháipéir, an leathair nó i dtionscail chomhchosúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, ina bhfuil bunús substaintí amáláiseacha

    2 000

    2 000

    09.3075

    0703 20

    Gairleog, úr nó fuaraithe

    500

    500

    09.3076

    1004

    Coirce

    4 000

    4 000 ”


    IARSCRÍBHINN II

    “IARSCRÍBHINN III

    Cuótaí ráta taraife do tháirgí talmhaíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

    Táirge

    Rangú earraí de réir taraife

    Cainníocht do thréimhse an chuóta ó 23.4.2014 go dtí 31.12.2014

    Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015

    Mairteoil

    0201.10. (00 )

    0201.20. (20 -30 -50 -90 )

    0201.30. (00 )

    0202.10. (00 )

    0202.20. (10 -30 -50 -90 )

    0202.30. (10 -50 -90 )

    12 000

    tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan

    12 000

    tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan

    Muiceoil

    0203.11. (10 )

    0203.12. (11 -19 )

    0203.19. (11 -13 -15 -55 -59 )

    0203.21. (10 )

    0203.22. (11 -19 )

    0203.29. (11 -13 -15 -55 -59 )

    20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    + 20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh na gcód AC 0203.11. (10 ) 0203.12. (19 ) 0203.19. (11 -15 -59 ) 0203.21. (10 ) 0203.22. (19 ) 0203.29. (11 -15 -59 ))

    20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    + 20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh na gcód AC 0203.11. (10 ) 0203.12. (19 ) 0203.19. (11 -15 -59 ) 0203.21. (10 ) 0203.22. (19 ) 0203.29. (11 -15 -59 ))

    Éineoil agus ullmhóidí éineola

    0207.11. (30 -90 )

    0207.12. (10 -90 )

    0207.13. (10 -20 -30 -50 -60 -99 )

    0207.14. (10 -20 -30 -50 -60 -99 )

    0207.24. (10 -90 )

    0207.25. (10 -90 )

    0207.26. (10 -20 -30 -50 -60 -70 -80 -99 )

    0207.27. (10 -20 -30 -50 -60 -70 -80 -99 )

    0207.32. (15 -19 -51 -59 -90 )

    0207.33. (11 -19 -59 -90 )

    0207.35. (11 -15 -21 -23 -25 -31 -41 -51 -53 -61 -63 -71 -79 -99 )

    0207.36. (11 -15 -21 -23 -31 -41 -51 -53 -61 -63 -79 -90 )

    0210.99. (39 )

    1602.31. (11 -19 -30 -90 )

    1602.32. (11 -19 -30 -90 )

    1602.39. (21 )

    16 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    + 20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh an chóid AC 0207.12. (10 -90 ))

    16 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    + 20 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh an chóid AC 0207.12. (10 -90 ))

    Bainne, uachtar, bainne comhdhlúite agus iógairt

    0401.10. (10 -90 )

    0401.20. (11 -19 -91 -99 )

    0401.30. (11 -19 -31 -39 -91 -99 )

    0402.91. (10 -30 -51 -59 -91 -99 )

    0402.99. (10 -31 -39 -91 -99 )

    0403.10. (11 -13 -19 -31 -33 -39 )

    0403.90. (51 -53 -59 -61 -63 -69 )

    8 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    8 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    Púdar bainne

    0402.10. (11 -19 -91 -99 )

    0402.21. (11 -17 -19 -91 -99 )

    0402.29. (11 -15 -19 -91 -99 )

    0403.90. (11 -13 -19 -31 -33 -39 )

    0404.90. (21 -23 -29 -81 -83 -89 )

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    Im agus leatháin déiríochta

    0405.10. (11 -19 -30 -50 -90 )

    0405.20. (90 )

    0405.90. (10 -90 )

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    Uibheacha agus albaimíní

    0407.00. (30 )

    0408.11. (80 )

    0408.19. (81 -89 )

    0408.91. (80 )

    0408.99. (80 )

    3502.11. (90 )

    3502.19. (90 )

    3502.20. (91 -99 )

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar choibhéis ubh-sa-bhlaosc

    + 3 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh an chóid AC 0407.00. (30 ))

    1 500 tonna in aghaidh na bliana

    mar choibhéis ubh-sa-bhlaosc

    + 3 000 tonna in aghaidh na bliana

    mar ghlanmheáchan

    (le haghaidh an chóid AC 0407.00. (30 ))

    Cruithneacht bhog, plúir, agus millíní

    1001.90. (99 )

    1101.00. (15 -90 )

    1102.90. (90 )

    1103.11. (90 )

    1103.20. (60 )

    950 000 tonna in aghaidh na bliana

    950 000 tonna in aghaidh na bliana

    Eorna, plúr agus millíní

    1003.00. (90 )

    1102.90. (10 )

    1103.20. (20 )

    250 000 tonna in aghaidh na bliana

    250 000 tonna in aghaidh na bliana

    Arbhar Indiach, plúr agus millíní

    1005.90. (00 )

    1102.20. (10 -90 )

    1103.13. (10 -90 )

    1103.20. (40 )

    1104.23. (10 -30 -90 -99 )

    400 000 tonna in aghaidh na bliana

    400 000 tonna in aghaidh na bliana”


    Top