EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0979

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 979/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le Breithiúna sealadacha de chuid an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

IO L 303, 31.10.2012, p. 83–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/07/2016; Arna aisghairm le 32016R1192

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/979/oj

31.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/83


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 979/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

a bhaineann le Breithiúna sealadacha de chuid an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 257 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62c de agus Airteagal 2(2) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 62c de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Reacht”) agus le hAirteagal 2(2) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal sin, is gá na coinníollacha faoina bhfuil Breithiúna sealadacha le ceapadh ar Bhinse Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (“Binse na Seirbhíse Sibhialta”), agus na cearta a bheidh acu agus na dualgais a bheidh orthu, agus na rialacha mionsonraithe lena rialófar comhlíonadh a ndualgas agus na himthosca ina scoirfidh siad de chomhlíonadh na ndualgas sin, a leagan síos.

(2)

Ba cheart Breithiúna sealadacha a roghnú as measc daoine atá in ann dualgais Bhreithimh ag Binse na Seirbhíse Sibhialta a chomhlíonadh láithreach. D'fhéadfaí comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú dá gceapfaí iarchomhaltaí de chuid na Cúirte Breithiúnais, de chuid na Cúirte Ginearálta nó de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta.

(3)

I bhfianaise na n-imthosca faoina gceapfaí Breithiúna sealadacha, ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht riachtanach ann maidir leis an bpróiseas. Chuige sin, ba cheart don Chomhairle a bheith freagrach as liosta a tharraingt suas ar a mbeadh triúr a ceapadh mar Bhreithiúna sealadacha. Dá mba ghá, ar bhonn sealadach, go ngabhfadh Breitheamh ionad Breithimh a gcoisctear air gníomhú, ar fhorais liachta, dhéanfadh Binse na Seirbhíse Sibhialta cinneadh leas a bhaint as cúnamh Bhreithimh shealadaigh. De bhun an chinnidh sin, d'iarrfadh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar dhuine de na Breithiúna sealadacha a ainmníodh ar an liosta a ghlac an Chomhairle, san ord a leagtar síos sa liosta sin, a dhualgais a chomhlíonadh.

(4)

Ba cheart foráil a dhéanamh, freisin, don bhealach a n-íocfar luach saothair leis na Breithiúna sealadacha, agus don éifeacht atá ag a ndualgais agus ag an luach saothair sin ar na héadálacha a bhfuil siad ina dteideal ina gcáil mar iarchomhaltaí de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(5)

Tá sé tábhachtach, ar deireadh, foráil a dhéanamh maidir leis na Breithiúna sealadacha do scor dá ndualgais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ar thogra ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, liosta a tharraingt suas de thriúr a ceapadh mar Bhreithiúna sealadacha de réir bhrí na dara míre d'Airteagal 62c den Reacht. Socrófar leis an liosta sin an t-ord ina bhfuiltear chun a iarraidh ar Bhreithiúna sealadacha a ndualgais a chomhlíonadh, de réir na dara fomhíre de mhír 2 den Airteagal seo.

Roghnófar na Breithiúna sealadacha as measc iarchomhaltaí de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheidh in ann a bheith ar fáil do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta.

Ceapfar Breithiúna sealadacha ar feadh tréimhse ceithre bliana agus féadfar iad a athcheapadh.

2.   Féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a chinneadh leas a bhaint as cúnamh Bhreithimh shealadaigh i gcás ina gcinneann sé go gcoisctear, nó go gcoiscfear, ar Bhreitheamh, ar fhorais liachta, a bheith páirteach i gcásanna a thriail agus go leanfaidh an staid sin, nó gur dóigh go leanfaidh an staid sin, ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad, agus i gcás ina bhfuil an Binse den tuairim, dá ainneoin sin, nach bhfuil míchumas a mheastar gur míchumas iomlán é ag baint don Bhreitheamh sin.

De bhun an chinnidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, iarrfaidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar Bhreitheamh sealadach san ord a leagtar síos sa liosta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 dualgais Bhreithimh shealadaigh a chomhlíonadh. Cuirfidh sé Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ar an eolas dá réir.

I gcás ina bhfuil sé intuartha go gcoiscfear ar Bhreitheamh gníomhú, agus ina ndéanann Binse na Seirbhíse Sibhialta cinneadh a bhaineann leis an todhchaí, ní fhéadfaidh an Breitheamh sealadach dul i mbun a dhualgas ná bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail go dtí go gcoiscfear ar an mBreitheamh sin a bhfuil sé lena ionad a ghabháil gníomhú iarbhír.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 2 go hAirteagal 6 agus ag Airteagal 18 den Reacht maidir le Breithiúna sealadacha. Glacfaidh an Breitheamh sealadach an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht nuair a rachaidh sé i mbun a dhualgas den chéad uair.

Airteagal 2

Maidir le breithiúna sealadacha a n-iarrtar orthu a ndualgais a chomhlíonadh, feidhmeoidh siad sainchumais Bhreithimh chun na cásanna a shanntar dóibh a thriail, agus chuige sin amháin.

Beidh seirbhísí Bhinse na Seirbhíse Sibhialta de chúnamh acu.

Airteagal 3

1.   Gheobhaidh Breithiúna sealadacha luach saothair atá cothrom le haon tríochadú cuid den bhuntuarastal míosúil a chionroinntear ar Bhreithiúna faoi Airteagal 21c(2) de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom ón gComhairle an 25 Iúil 1967 lena gcinntear éadálacha Uachtarán agus Comhaltaí an Choimisiúin, Uachtarán, Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, Uachtarán, Comhaltaí agus Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta agus Uachtarán, Comhaltaí agus Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta (2) do gach lá, arna thaifeadadh go cuí ag Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, ar lena linn a fheidhmeoidh siad a ndualgais.

Beidh feidhm ag pointe (a) agus ag pointe (b) d'Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom maidir le Breithiúna sealadacha a chaithfidh taisteal óna n-áit chónaithe lena ndualgas a chomhlíonadh.

2.   Maidir leis an méid a théann an luach saothair dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 in éineacht leis an bpinsean dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom thar an luach saothair a bhí á fháil ag an mBreitheamh sealadach ina cháil mar chomhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh roimh cáin a bhaint, déanfar é a asbhaint as an bpinsean sin. Cuirfear san áireamh freisin an luach saothair dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 7(3) den Rialachán sin.

Ní bheidh Breithiúna sealadacha, sa cháil sin, i dteideal liúntais idirthréimhsigh ná pinsin faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom.

Beidh feidhm ag Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom maidir leis an luach saothair dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Ní bheidh Breithiúna sealadacha, sa cháil sin, i dteideal tairbhiú faoin scéim slándála sóisialta dá bhforáiltear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Ní dhéileálfar le comhlíonadh dualgas Bhreithimh shealadaigh mar fhostaíocht shochrach chun críocha Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom.

3.   Beidh an luach saothair dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 faoi réir na cánach dá bhforáiltear i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir leis an gcáin a chur i bhfeidhm chun tairbhe na gComhphobal Eorpach (3).

Airteagal 4

Bainfear ainm Bhreithimh shealadaigh den liosta dá bhforáiltear sa chéad fomhír d'Airteagal 1(1) ar é d'fháil bháis nó ar é d'éirí as oifig, nó le breith a oifig a bhaint de dá bhforáiltear sa chéad mhír agus sa dara mír d'Airteagal 6 den Reacht.

Cuirfear ionadaí in ionad aon bhreithimh shealadaigh a mbaintear a ainm den liosta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) i gcomhréir leis an nós imeachta faoin bhforáil sin, go ceann a bhfuil fágtha de thréimhse bailíochta an liosta sin.

Airteagal 5

Tiocfaidh deireadh le dualgais Bhreithimh shealadaigh nuair nach gcoiscfear a thuilleadh ar an mBreitheamh a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige dó gníomhú. Leanfaidh an Breitheamh sealadach dá dhualgais a chomhlíonadh, áfach, go dtí go ndéanfar na cásanna a shanntar dó a thriail.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Martin SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012.

(2)  IO 187, 8.8.1967, lch. 1.

(3)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 8.


Top