Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2023/262/02

    Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2023/C 262/02

    PUB/2023/809

    IO C 262, 25.7.2023, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 262/2


    Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

    (2023/C 262/02)

    Image 1

    Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFionlainn

    Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

    Tír is eisitheoir: an Fhionlainn

    Ábhar an chomórtha: Seirbhísí sóisialta agus sláinte

    Tuairisc ar an dearadh: Is éard atá sa dearadh seo léarscáil stílithe den Fhionlainn. Ar thaobh na láimhe clé tá an litreoireacht ‘FOLLÁINE’ san Fhionlainnis agus sa tSualainnis. Tá bliain na heisiúna ‘2023’ beagán ar thaobh na láimhe clé i lár an bhoinn. Ag an mbun tá tásc na tíre is eisitheoir ‘FI’. Ar thaobh na láimhe deise tá marc mionta Mhionta na Fionlainne.

    Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

    An líon measta bonn atá le heisiúint: 400 000

    Dáta eisiúna: Fómhar 2023


    (1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

    (2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


    Top