EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0627(06)

Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2023/C 224/11

C/2023/4097

IO C 224, 27.6.2023, p. 43–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/43


Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 224/11)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Bairrada’

PDO-PT-A1537-AM01

Dáta cur i bhfeidhm: 2.3.2017

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.° 1308/2013 – Modhnú nach mion

2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

2.1.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna - tabhairt cothrom le dáta

Tuairisc:

Athraíodh an chatagóir táirge ‘Fíon súilíneach’ go ‘Fíon súilíneach ar ardchaighdeán’.

Cúiseanna:

Cuirtear an chatagóir táirge in oiriúint don tréimhse a bunaíodh sa reachtaíocht.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) Tá feidhm ag na tagairtí uile don chatagóir táirge ‘Fíon súilíneach’ roimhe seo maidir leis an gcatagóir reatha ‘Fíon súilíneach ar ardchaighdeán’.

Sonraíocht (ranna athraithe) Tá feidhm ag na tagairtí uile don chatagóir táirge ‘Fíon súilíneach’ roimhe seo maidir leis an gcatagóir reatha ‘Fíon súilíneach ar ardchaighdeán’.

2.2.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna – catagóir nua táirge fíniúna

Tuairisc:

Cuirtear an chatagóir ‘Fíon licéir’ leis.

Cúiseanna:

Cuidiú chun luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana a mhéadú, trí aitheantas a thabhairt dó mar ainmniúchán tionscnaimh.

Tá an cineál táirge sin á dhéanamh cheana ag táirgeoirí i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta atá in úsáid sa réigiún, agus tá cáilíocht shainiúil agus saintréithe tipiciúla aige. Ar an mbealach sin is aitheantas ar a thábhacht agus ar a cháilíocht agus ar a luach breise dá tháirgeoirí an táirge nua seo a chuimsiú in ATFC ‘Bairrada’.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Catagóirí táirgí fíniúna’, Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.3.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta – catagóirí fíona agus catagóirí fíona súilínigh ar ardchaighdeán

Tuairisc:

Tá an tuairisc ar na catagóirí fíona agus catagóirí fíona súilínigh ar ardchaighdeán feabhsaithe agus oiriúnaithe.

Cúiseanna:

Sainaithníodh gur tuairisc ghinearálta a bhí sa tuairisc a bhí ann roimhe agus nach raibh sí sonrach go leor, mar sin oiriúnaíodh í chun na saintréithe atá comhlachaithe le táirgí a chumhdaítear le ATFC ‘Bairrada’ a áireamh. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an doiciméad aonair agus an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta – catagóirí fíona agus catagóirí fíona súilínigh ar ardchaighdeán’

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta – catagóirí fíona agus catagóirí fíona súilínigh ar ardchaighdeán’

2.4.   Uastáirgeacht - Fíon agus fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Tuairisc:

 

Leasú ar na huastáirgeachtaí le haghaidh:

 

Fíon geal agus rosé: 100 hl

 

Fíon dearg: 80 hl

 

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán: 120 hl

Cúiseanna:

Méadaíodh an uastáirgeacht chun na luachanna sin a thabhairt ar aon dul leis na leibhéil táirgeachta iarbhír sa réigiún, gan cur isteach ar a saintréithe sainiúla.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’

2.5.   Príomhchineálacha fíonchaoire – cineálacha nua

Tuairisc:

Leasú/tabhairt cothrom le dáta ar liosta na gcineálacha. Tá an cineál Viognier tugtha isteach.

Cúiseanna:

An gá atá ann na cineálacha atá sainithe do tháirgeadh fíonta sa réigiún a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta do chreat dlíthiúil nua an liosta náisiúnta de chineálacha atá oiriúnach do tháirgeadh fíona sa Phortaingéil, lena n-áirítear cineál nua atá ábhartha do shaintréithriú fíonta an réigiúin. Tá an cineál seo mar chuid de léarscáil cineálacha traidisiúnta an limistéir gheografaigh, agus mar sin baintear amach barrfheabhsú seachas athrú ar shaintréithe sainiúla fhíonta ATFC ‘Bairrada’ lena chuimsiú.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’

2.6.   Nasc leis an limistéar geografach

Tuairisc:

Rinneadh oiriúnú ar an tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach agus feabhsaíodh í. Rinneadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis faoin limistéar geografach, sonraí an táirge agus a nasc cúisíoch, i leith na gcatagóirí táirgí a bhí ann cheana agus na gcatagóirí táirgí nua araon.

Cúiseanna:

Ós rud é, ar thaobh amháin, gur measadh gur tuairisc ghinearálta a bhí sa tuairisc a bhí ann roimhe seo ar an nasc agus nach raibh sé sonrach go leor agus, ar an taobh eile, gur ghá tuairisc ar an nasc a chur leis don chatagóir táirge nua (fíon licéir), athbhreithníodh ábhar an phointe seo chun na catagóirí táirgí uile a chur san áireamh. Fágann sé sin go bhfuil an t-ábhar níos oibiachtúla, toisc go bhfuil feidhm ag an nasc a bunaíodh leis an limistéar geografach thar gach catagóir.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Nasc leis an limistéar geografach’

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Nasc leis an limistéar geografach’

2.7.   Fíonta - ainmniúchán ‘Clássico’

Tuairisc:

Ceanglais a thabhairt isteach maidir le húsáid an ainmniúcháin ‘Clássico’ ar an lipéadú.

Cúiseanna:

An gá atá ann na coinníollacha agus na ceanglais a leagan síos maidir le húsáid an ainmniúcháin ‘Clássico’ ar lipéadú na bhfíonta.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) ‘Coinníollacha breise - Forálacha breise a bhaineann le lipéadú’

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Coinníollacha breise - Forálacha breise a bhaineann le lipéadú’

2.8.   Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir

Tuairisc:

Faisnéis maidir leis an iarratasóir a thabhairt cothrom le dáta

Cúiseanna:

Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Faisnéis eile’ – Sonraí an iarratasóra’

2.9.   Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara

Tuairisc:

Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara a scriosadh.

Cúiseanna:

Mar gheall ar mhíthuiscint, iontráladh sonraí an iarratasóra sa réimse sin trí bhotún. Tá an fhaisnéis sin scriosta anois. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Faisnéis eile - Sonraí na bpáirtithe leasmhara’

2.10.   Faisnéis a bhaineann leis na comhlachtaí rialála

Tuairisc:

Faisnéis a bhaineann leis na comhlachtaí rialála a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna:

Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Faisnéis eile – Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála’

2.11.   Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis mhaoirseachta inniúla

Tuairisc:

Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis mhaoirseachta inniúla a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna:

Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Doiciméad aonair (ranna athraithe) Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

Sonraíocht (ranna athraithe) ‘Faisnéis eile – Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis mhaoirseachta inniúla’

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Bairrada

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

4.1.   Fíon (geal, dearg agus rosé)

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta bána: Bíonn blas úr acu agus dath citrín meathbhán orthu ar a bhfuil toin scothghlasa nó beagán órga ó am go chéile nuair a choiptear iad i mbairillí adhmaid nua. Bíonn dea-bholaithe fíneáilte bláthacha agus/nó torthaíocha acu a ghlacann blasanna trópaiceacha agus ime níos déine uaireanta. Is fíonta struchtúrtha iad seo a bhfuil cothromaíocht mhaith nádúrtha acu idir aigéadacht agus alcól agus úire den scoth.

Fíonta dearga: Dath dian dearg orthu, ina mbíonn daithíní gormacha ó am go chéile, dea-bholaithe torthaíocha sméara dubha, beirgeamat agus spíosraí; struchtúr tainneach soladach agus aigéadacht. Nuair a bhíonn siad in aois, forbraíonn siad dea-bholaithe treasacha caora fiáine, roisíní, spíosraí, mil agus dea-bholaithe deataithe, agus struchtúr maith, a ráthaítear le dea-chothromaíocht alcóil, aigéid agus tainniní, rud a léiríonn fad saoil iontach.

Fíonta rosé: Bíonn dath idir oráiste agus dearg orthu, agus bíonn dea-bholaithe torthaíocha torthaí dearga acu. Ar an gcarball bíonn aigéadacht measartha ard acu agus bíonn siad an-úr sa bhéal.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na luachanna a leagtar síos sa reachtaíocht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.2.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán (geal, dearg agus rosé)

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta bána: dath citrín meathbhán ina mbíonn toin beagán órga. Bíonn na dea-bholaithe bláthacha agus torthaíocha, agus bíonn dea-bholaithe torthaí bia geal acu freisin. Bíonn dea-bholaithe diana agus tóstáilte ag na fíonta geala is aosta. Bíonn blas dian air, agus toirt béil chomhchuí agus úire aige agus mús den scoth ar an gcarball.

Fíonta dearga: Bíonn dath scothdhearg orthu, uaireanta de dhéine áirithe, agus úire agus mús den scoth ar an gcarball. Bíonn na dea-bholaithe bláthacha agus torthaíocha. Bíonn dea-bholaithe diana agus tóstáilte ag na fíonta geala is aosta. Sa bhéal bíonn siad tathagach mar gheall ar na tainniní, cothrom, agus boilgeoga mínte agus leanúnacha iontu.

Fíonta rosé: Bíonn dath oráiste nó bándearg orthu. Bíonn dea-bholaithe bláthacha agus torthaíocha acu, agus dea-bholaithe torthaí dearga (amhail silíní, sméara dubha agus sútha talún), nó dea-bholaithe tóstáilte agus diana ag na cinn níos aosta. Sa bhéal bíonn siad fíneáilte, agus aigéadacht chothromaithe acu, agus bíonn úire agus mús den scoth ar an gcarball.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na luachanna a leagtar síos sa reachtaíocht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.3.   Fíon licéir (geal agus dearg)

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta bána: Bíonn dath beagáinín órga orthu, chomh maith le toin ar dhath castáin uaireanta agus is é sin an éifeacht a bhíonn ag an aosú san adhmad. Uaireanta bíonn dea-bholadh torthaí citris uathu agus blasanna cnónna orthu agus beagáinín ocsaídiú le brath. Tá an blas measartha milis agus alcól inbhraite ann. Tá sé struchtúrtha, agus tagann úire as an aigéadacht dhaingean, agus, ar an iomlán, is í sin is mó a théann i gcion.

Fíonta dearga: Is féidir leis an dath a bheith éagsúil ó mheasartha scothdhearg go dearg níos doimhne agus d’fhéadfadh toin bhuí, oráiste agus ar dhath castáin a bheith orthu freisin mar gheall ar aosú san adhmad. Is de thorthaí triomaithe agus torthaí searbha dearga an-úra amhail silíní géara a bhíonn na dea-bholaithe, agus bíonn ocsaídiú le brath freisin. D’fhéadfadh blasanna beaga meala agus/nó fige a bheith ann freisin. Tá blas struchtúrtha ar fhíonta licéir dearga, agus aigéadacht dhaingean acu, a thugann úire, atá chun tosaigh ar an bhforiomlán, cé go bhfuil a mbinneas measartha soiléir freisin. D’fhéadfadh slaodacht áirithe a bheith sa bhraite blais nuair a bheidh na fíonta aibí i gcascaí darach.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na luachanna a leagtar síos sa reachtaíocht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

16

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.1.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán - modh

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Agus fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán atá i dteideal an ATFC ‘Bairrada’ á ndéanamh, is í an teicneolaíocht atá le húsáid ná an modh clasaiceach coipthe i mbuidéil, lena gcomhlíontar forálacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm.

5.2.   Fíon, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus fíon licéir - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte a bheith ag an úrfhíon a úsáidtear chun táirgí fíona ATFC ‘Bairrada’ a tháirgeadh:

Fíon geal, dearg agus rosé - toirt 11 %;

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán - toirt 9,5 %;

Fíon licéir - toirt 12 %

5.3.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán - aosú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ceanglaítear ar fhíon súilíneach ar ardchaighdeán atá i dteideal an ATFC ‘Bairrada’ fanacht ar áitreabh an bhuidéalóra ar feadh 9 mí ar a laghad tar éis dháta a bhuidéalaithe lena chur ar an margadh.

5.4.   Fíon licéir - táirgeadh

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Tá an fíon licéir atá i dteideal an ATFC ‘Bairrada’ déanta as úrfhíonta ó fhíonchaora atá oiriúnach chun táirgí ATFC ‘Bairrada’ a dhéanamh, ag céim luath an choipthe, lena gcuirtear driogáit fíona a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % agus nach mó ná 86 % de réir toirte aici, ar choinníoll go n-urramaítear na saintréithe a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme.

5.5.   Fíonta, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus fíonta licéir - modhanna saothraithe, oiliúint fíniúna agus ithreacha

Modhanna saothraithe

Na modhanna saothraithe i bhfíonghoirt atá beartaithe le haghaidh táirgeadh táirgí fíona atá i dteideal an ATFC ‘Bairrada’, ní mór iad a bheith ina modhanna saothraithe atá traidisiúnta sa réigiún nó atá molta ag an gcomhlacht deimhniúcháin.

Ní mór na fíniúnacha a bheith oilte go leath-saor nó le haghaidh tródam, agus ní mór an dlús plandaithe a bheith níos mó ná 3 000 planda/ha.

I gcás fíniúnacha a bheartaítear chun táirgí fíona a dhéanamh atá i dteideal an ATFC ‘Bairrada’ a úsáid, ní mór iad a chur nó a bheith ag fás cheana féin in ithreacha a bhfuil na saintréithe seo a leanas acu:

a)

ithreacha cailcreacha donna nó dearga;

b)

siostaí liotalacha húmasacha nó neamh-húmasacha

c)

podsail d’ábhair ghainmheacha neamhdhlúite.

Uastáirgeacht

1.

Fíon (fíonta geala agus rosé)

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíon (dearg)

80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Fíon licéir

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar geografach atá i gceist leis an ainmniúchán tionscnaimh ‘Bairrada’ comhdhéanta de:

a)

bardais Anadia, Mealhada agus Oliveira do Bairro;

b)

i mbardas Águeda, União das freguesias de Recardães e Espinhel, a União das freguesias de Águeda e Borralha, a União das freguesias de Barrô e Aguada de Baixo, in União das freguesias de Travassô e Óis da Ribeiras, paróiste Óis da Ribeira amháin, in União das freguesias de Belazaima do Chão, Castanheira do Vouga e Agadão, paróiste Belazaima do Chão, agus paróistí Aguada de Cima, Fermentelos agus Valongo do Vouga amháin;

c)

i mbardas Aveiro, in União das freguesias de Requeixo, Nossa Senhora de Fátima e Nariz, paróiste Nariz amháin;

d)

i mbardas Cantanhede, an União das freguesias de Sepins e Bolhoa, União das freguesias de Vilamar e Corticeiro de Cima, an União das freguesias de Covões e Camarneira, an União das freguesias de Portunhos e Outil, an União das freguesias de Portunhos e Outil, an União das freguesias de Cantanhede e Pocariça, agus paróistí Ançã, Cadima, Cordinhã, Febres, Murtede, Ourentã, Sanguinheira agus São Caetano;

e)

i mbardas Coimbra, União das freguesias de Souselas e Botão, União das freguesias de Trouxemil e Torre de Vilela, in União das freguesias de Antuzede e Vil de Matos, paróiste Vil de Matos amháin;

f)

i mbardas Vagos, in União das freguesias de Fonte de Angeão e Covão do Lobo, paróiste Covão do Lobo amháin, in União das freguesias de Ponte de Vagos e Santa Catarina, paróiste Santa Catarina amháin, agus paróistí Ouca agus Sosa.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Alfrocheiro - Tinta-Bastardinha

 

Aragonez - Tinta-Roriz; Tempranillo

 

Arinto - Pedernã

 

Baga

 

Bastardo - Graciosa

 

Bical - Borrado-das-Moscas

 

Cabernet-Sauvignon

 

Camarate

 

Castelão - João-de-Santarém(1); Periquita

 

Cercial - Cercial-da-Bairrada

 

Chardonnay

 

Fernão-Pires - Maria-Gomes

 

Jaen - Mencía

 

Merlot

 

Petit-Verdot

 

Pinot-Blanc

 

Pinot-Noir

 

Rabo-de-Ovelha

 

Rufete - Tinta-Pinheira

 

Sauvignon - Sauvignon-Blanc

 

Sercialinho

 

Syrah - Shiraz

 

Tinta -Barroca

 

Tinto-Cão

 

Touriga-Franca

 

Touriga-Nacional

 

Verdelho

 

Viognier

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Fíon, fíon súilíneach ar ardchaighdeán agus fíon licéir

Mionsonraí faoin limistéar geografach is ábhartha maidir leis an nasc

Tosca nádúrtha: Tá teorainn ag an limistéar geografach ó thuaidh le habhainn an Vouga agus ó dheas le habhainn an Mondego, soir le sliabhraonta Bussaco agus Caramulo, agus siar leis an Aigéan Atlantach.

Is réigiún réidh den chuid is mó é ina bhfuil cnoic réchnocacha, ag airde nach sáraíonn 250 m os cionn leibhéal na mara ach i gcorráit.

Tá limistéar ATFC ‘Bairrada’ leata thar mhachaire nó ardchlár, agus é suite ar fad i ngar don Aigéan Atlantach, a fheidhmíonn tionchar láidir ar aeráid an réigiúin.

Tá an aeráid Mheánmhara faoi thionchar láidir an Atlantaigh, agus geimhrí fada fionnuara a dtarlaíonn meánteochtaí cineálta ach a dtiteann neart báistí lena linn. Maolaítear na samhraí teo le gaotha an Atlantaigh. Is teo iad na laethanta, agus is fionnuar iad na hoícheanta, agus feictear raon suntasach sna teochtaí dá réir.

Is ithreacha mianracha atá ann, a foirmíodh i réanna difriúla na geolaíochta. Is drochthalamh den chuid is mó atá ann, idir ithreacha gainmheacha agus créúla, agus roinnt dúrabhán gainmheach ann freisin. Is sna hithreacha créúla agus cré-aolchloiche den chuid is mó a fhástar na fíniúnacha.

Tosca daonna: Tá an fíonsaothrúchán i réigiún Bairrada tar éis ról a fheidhmiú i bhforbairt eacnamaíoch an réigiúin ó na Meánaoiseanna i leith.

Bhíodh clú ar fhíonta an réigiúin cheana féin, agus thugtaí aitheantas dá gcáilíocht siar sa 19ú céad, nuair a aithníodh acmhainneacht an réigiúin chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh. Ba sa réigiún sin thiar in 1890 a céadtáirgeadh na fíonta súilíneacha ar bhonn tráchtála sa Phortaingéil.

Baineann saintréithe sonracha na dtáirgí leis an limistéar geografach:

Tá na saintréithe suaithinseacha céanna ag fíonta ATFC ‘Bairrada’, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus fíonta licéir. Is iad a ndoimhneacht aramatach agus a n-úire threisithe atá mar shaintréithe acu, agus dea-struchtúr agus aigéadacht chothrom agus shuntasach mar a gcomhartha sóirt (is léiriú é sin ar aigéadacht bhuan láidir).

Nasc leis an limistéar geografach:

Is iad na príomhthosca is cúis leis an titim ard báistí dá bhfuil aithne ar an réigiún an airde mheasartha agus tionchar láidir an Atlantaigh. Is leis na saintréithe sin a shaothraítear fíonchaora ag a bhfuil aibíocht chothrom, rud óna dtáirgtear fíonta ag a bhfuil aigéadacht shuntasach agus atá ar mhórán réamhtheachtaithe aramatacha.

Is é tionchar an Atlantaigh, ar díol suntais ar fud an limistéir gheografaigh é, in éineacht leis an méid ard báistí, a chuireann freisin leis an úire atá inaitheanta ina fhíonta. Tagann sé sin go bunúsach ó aigéadacht nádúrtha na bhfíonchaor a fhástar de réir na ndálaí sin.

Is ó charraigeacha dríodair a thagann ithreacha an limistéir gheografaigh ó bhunús. Fástar fíniúnacha ar shuíomhanna ina bhfuil ithreacha cailcreacha ón Tréimhse Iúrasach, gaineamhchlocha ón Tréimhse Thriasach nó comhcheirtleáin ón Tréimhse Chailceach.

Cuirtear dálaí den scoth ar fáil sa limistéar geografach do shaothrú na bhfíniúnacha dá réir sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht an uisce sna hithreacha sin agus lena saintréithe tréscaoilteachta agus coinneála uisce le linn na míonna is mó báistí. Cuireann sé sin go mór le saintréithe na bhfíonta ó na fíonchaora a tháirgtear abhus, go háirithe a mhéid a bhaineann lena n-aigéadacht bhuan láidir, rud atá fíor-riachtanach d’úire na bhfíonta.

Baineann tábhacht chinntitheach leis na tosca daonna, lena gcaomhnaítear cleachtais agus traidisiúin agus a léirítear i roghnú na gcineálacha is fearr atá oiriúnaithe do na dálaí laistigh den limistéar geografach, chun fíonchaora a tháirgeadh lena dtugtar a saintréithe suaithinseacha d’fhíonta ATFC ‘Bairrada’, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus fíonta licéir.

Na cleachtais agus roghanna teicniúla (i dtéarmaí buainte, coipthe, maothaithe agus aosaithe), atá fréamhaithe sna tosca daonna a bhaineann go dlúth le traidisiún an réigiúin; téann siad i bhfeidhm ar shaintréithe ginearálta na dtáirgí fíona ATFC ‘Bairrada’ freisin.

Is de bharr an cheangail idir an ithir agus na tosca aeráideacha, cineálacha fíniúnacha an réigiúin agus saineolas traidisiúnta an réigiúin a thagann fíonta ag a bhfuil saintréithe suaithinseacha, arb iad mianracht, aigéadacht agus úire na dtáirgí fíona a gcomharthaí sóirt, atá i dteideal an téarma ATFC ‘Bairrada’ a bheith orthu.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Fíon, fíon súilíneach ar ardchaighdeán agus fíon licéir

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Measúnú ar lipéadú roimh chur ar an margadh.

Léiriú éigeantach ar an lipéad atá sa mharc.

Fíon - úsáid an ainmniúcháin ‘Clássico’

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Chun an t-ainmniúcháin ‘Clássico’ a úsáid ar lipéadú na bhfíonta ar a bhfuil ATFC ‘Bairrada’, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

As an liosta cineálacha sa réigiún, féadfar na cinn seo a úsáid chun fíonta a dhéanamh atá i dteideal an téarma ‘Clássico’ a bheith orthu:

 

Arinto (Pedernã)

 

Bical (Borrado-das-Moscas)

 

Cercial (Cercial-da-Bairrada)

 

Fernão-Pires (Maria-Gomes)

 

Rabo-de-Ovelha

 

Alfrocheiro (Tinta-Bastardinha)

 

Baga

 

Camarate

 

Castelão

 

Jaen (Mencia)

 

Touriga-Nacional

b)

Is é 55 heictilítear in aghaidh an heicteáir an uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir sna fíonghoirt atá beartaithe do tháirgeadh fíonta a bheidh i dteideal an téarma ‘Clássico’ a bheith orthu.

c)

Na fíonta atá i dteideal a tuairisc ‘Clássico’ a bheith orthu, ní mór an t-íosneart alcóil iarbhír de réir toirte seo a leanas a bheith acu:

 

Fíon geal - 12 % de réir toirte.

 

Fíon dearg – 12,5 % de réir toirte.

d)

Na húrfhíonta atá beartaithe le fíonta a tháirgeadh a bheidh i dteideal an tuairisc ‘Clássico’ a bheith orthu, ní mór an t-íosneart alcóil iarbhír seo a leanas a bheith acu:

 

Fíon geal - 12 % de réir toirte.

 

Fíon dearg – 12,5 % de réir toirte.

e)

Is mar a leanas na híostréimhsí aosúcháin le haghaidh fíonta atá i dteideal an téarma ‘Clássico’ a bheith orthu:

 

Fíon dearg - ní fhéadfar é a bhuidéalú ach amháin tar éis íostréimhse aosúcháin 30 mí, nach mór 12 mhí díobh a bheith sa bhuidéal.

 

Fíon geal - ní fhéadfar é a bhuidéalú ach amháin tar éis íostréimhse aosúcháin 12 mhí, nach mór 6 mhí díobh a bheith sa bhuidéal.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.ivv.gov.pt/np4/8617.html


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


Top