EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0627(02)

Liosta na mBallstát agus a n-údarás inniúil i dtaca le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne 2023/C 224/06

PUB/2023/662

IO C 224, 27.6.2023, p. 10–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/10


Liosta na mBallstát agus a n-údarás inniúil i dtaca le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne

(2023/C 224/06)

Tá foilsiú an liosta seo i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (1).. Tugadh fógra do na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na hairteagail seo a leanas den Rialachán sin:

ROINN IV

ÚDARAIS INNIÚLA AGUS COMHAR

Airteagal 12 (2)

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

a.

orduithe baint anuas a eisiúint de bhun Airteagal 3;

b.

grinnscrúdú a dhéanamh ar orduithe baint anuas de bhun Airteagal 4;

c.

maoirseacht a dhéanamh ar bhearta sonracha a chur chun feidhme de bhun Airteagal 5;

d.

pionóis a fhorfheidhmiú de bhun Airteagal 18.

3.   Faoin 7 Meitheamh 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin údarás inniúil nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon mhodhnuithe air. Foilseoidh an Coimisiún an fógra agus aon mhodhnuithe orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ballstát

Údaráis inniúla

an Ostair

 

an Bheilg

Seirbhís ionchúisimh fheidearálach (Federaal parket/parquet federal) (Airteagal 12(1)(a) agus (b)),

i gceisteanna práinne I2-IRU Stiúrthóireacht Rannóige um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe a Chomhrac (DJSOC) (Airteagal 12(1)(a))

an Bhulgáir

An Aireacht Gnóthaí Baile - An Ard-Stiúrthóireacht um Choireacht Eagraithe a Chomhrac (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))

an Chróit

An Aireacht Gnóthaí Inmheánacha (Ministarstvo unutarnjih poslova) (Airteagal 12(1)(a) agus (b))

Údarás Rialála na Cróite um Thionscail Líonra (Hrvatska regulatorna agencija za mrežne djelatnosti) (Airteagal 12(1)(c))

Cúirt Oilghnímh Bhardasach i Ságrab (Općinski prekršajni sud u Zagrebu) (Airteagal 12(1)(d))

an Chipir

Póilíní na Cipire (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))

an tSeicia

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Frithsceimhlitheoireachta, Antoisceachais agus Cibearchoireachta, an tSeirbhís Póilíneachta Coiriúla agus Imscrúdaithe, Póilíní Phoblacht na Seice (Airteagal 12(1)(a))

Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seice (Airteagal 12(1)(b))

Oifig Theileachumarsáide na Seicia (Airteagal 12(1)(c) and (d))

an Danmhairg

Póilíní Náisiúnta na Danmhairge agus Cúirteanna na Danmhairge (Airteagal 12(1)(a))

Póilíní Náisiúnta na Danmhairge (Airteagal 12(1)(b) and (c))

Seirbhís Ionchúisimh agus Cúirteanna na Danmhairge (Airteagal 12(1)(d))

an Eastóin

Seirbhís Slándála Inmheánaí na hEastóine (Airteagal 12(1)(a) agus (b))

Údarás Faireachais Theicniúil na hEastóine (Airteagal 12(1)(c) agus (d))

an Fhionlainn

An Biúró Náisiúnta Imscrúdaithe (Airteagal 12(1)(a) agus (b))

Gníomhaireacht Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne Traficom (Airteagal 12(1)(c))

An Bord Smachtbhannaí ag Bord Náisiúnta Póilíneachta na Fionlainne (Airteagal 12(1)(d))

an Fhrainc

An Lároifig um Choireacht Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide a Chomhrac (L’Office central de lutte contre la criminalité liée aux technologies de l'information et de la communication) (OCLCTIC) (Airteagal 12(1)(a))

An tÚdarás Rialála um Chumarsáid Chlosamhairc agus Dhigiteach (L’Autorité de régulation de la communication audiovisuelle et numérique) (ARCOM), personnalite-qualifiee@arcom.fr (Airteagal 12(1)(b) agus (c))

Gnáthchúirt (Le juge judiciaire) le haghaidh smachtbhannaí pionósacha agus an tÚdarás Rialála um Chumarsáid Chlosamhairc agus Dhigiteach (l'Autorité de régulation de la communication audiovisuelle et numérique) (ARCOM) maidir le smachtbhannaí riaracháin (Airteagal 12(1)(d))

an Ghearmáin

An Oifig Póilíní Coiriúla Cónaidhme (Bundeskriminalamt) (Airteagal 12(1)(a) agus (b))

An Ghníomhaireacht Líonra Chónaidhme (Bundesnetzagentur) (Airteagal 12(1)(c) agus (d))

an Ghréig

 

an Ungáir

An tÚdarás Náisiúnta um na Meáin agus Cumarsáide Faisnéise (Nemzeti Média- és Hírközlési Hatóság) (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))

Éire

An Garda Síochána (Airteagal 12(1)(a))

an Iodáil

 

an Laitvia

Seirbhís Slándála an Stáit (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))

an Liotuáin

 

Lucsamburg

Póilíní Ard-Diúchachta – An Aireacht Slándála Inmheánaí (Police grand-ducale - Ministère de la Sécurité intérieure) (Airteagal 12(1)(a) agus (b))

An tArd-Choimisiún um Chosaint Náisiúnta – An Ghníomhaireacht Náisiúnta Chibearshlándála (Haut-Commissariat à la Protection nationale - Agence nationale de la sécurité des systèmes d'information) (Airteagal 12(1)(c))

Málta

An Chúirt Bhreithiúnais ina Cúirt Bhreithiúnais Choiriúil (Airteagal 12(1)(a), (b), agus (d))

Na Póilíní ag gníomhú dóibh ar chomhairle ón Aonad um Bonneagar Faisnéise Criticiúil a Chosaint (Airteagal 12(1)(c))

an Ísiltír

 

an Pholainn

 

an Phortaingéil

 

an Rómáin

Autoritatea Națională pentru Administrare și Reglementare în Comunicații (ANCOM) (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))

Tacaíonn Serviciul Român de Informații (Airteagal 12(c), le ANCOM maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beart sonrach de bhun Airteagal 5 den Rialachán)

Aireul Afacerilor Interne - Inspectoratul General al Poliției Române (arna iarraidh sin do ANCOM, bíonn sé rannpháirteach i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 3(3), Airteagal 4(2) agus Airteagal 6 den Rialachán ag na soláthraithe óstála a fhíorú)

an tSlóvaic

Fórsa Póilíneachta Phoblacht na Slóvaice (Airteagal 12 (1)(a) agus (b))

An Chomhairle um Sheirbhís na Meán (Airteagal 12(1)(c) agus (d))

an tSlóivéin

 

an Spáinn

An Lárionad um Fhaisnéis i gcoinne na Sceimhlitheoireachta agus na Coireachta Eagraithe (CITCO), an Rúnaíocht Stáit um Shlándáil san Aireacht Gnóthaí Baile (Airteagal 12(1)(a), (b) agus (c))

An Státrúnaí um Shlándáil atá inniúil chun pionóis a fhorchur i leith mionsáruithe agus sáruithe tromchúiseacha, agus an tAire Gnóthaí Baile atá inniúil chun smachtbhannaí a fhorchur i leith cionta an-tromchúiseach, (Airteagal 12(1)(d))

an tSualainn

Údarás Póilíneachta na Sualainne (Polismyndigheten) (Airteagal 12(1)(a), (b), (c) agus (d))


(1)  IO L 172, 17.5.2021, lch. 79.

(2)  Le haghaidh théacs iomlán Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/784 féach IO L 172, 17.5.2021, lch. 79.


Top